Committee Reports::Report No. 31 - Approval of Persons Responsible for Carrying Out Statutory Audits of Limited Companies::06 December, 1978::Report

TUARASCÁIL

Réamhrá

1. Scrúdaigh an Comhchoiste togra an Choimisiúin le haghaidh an Ochtú Treoir ón gComhairle ar dhlí cuideachtaí. Rinneadh an togra de bhun Airteagal 54 (3) (g) de Chonradh CEE agus baineann sé le ceadú daoine atá freagrach as iniúchadh reachtúil a dhéanamh ar chuntais bhliantúla chuideachtaí faoi dhliteanas teoranta [R/979/78 (ES 43)].


2. Baineann an dréacht-Treoir le bearta áirithe a moladh nó a aontaíodh i ndáil le dlí cuideachtaí d’fhonn go mb’fhusa do chuideachtaí nó do ghnólachtaí ceart bunaíochta a fheidhmiú. I gcuid de na bearta eile sin tá forálacha a bhaineann le hiniúchadh cuntas ag daoine atá cáilithe go hoiriúnach agus leagann an tOchtú Treoir síos na cáilíochtaí íosta a ba chóir a bheith ag daoine atá i dteideal iniúchadh a dhéanamh.


3. Tugadh le fios don Chomhchoiste nach dtosófar ag mionscrúdú na Treorach atá beartaithe, ó thaobh an Chomhphobail de, go dtí am éigin i 1979.


Ábhar an Togra

4. Baineann dréacht an Ochtú Treoir le cáilíochtaí daoine a dhéanann iniúchadh ar chuntais chuideachtaí teoranta. Ach ní gá go mbainfeadh sé le hiniúchóirí gach uile chuideachta theoranta; faoi Airteagal 51 den Cheathrú Treoir (a aontaíodh le déanaí), a bhaineann le cuntais chuideachtaí, thig leis na Ballstáit cuideachtaí beaga (mar a mhínítear in Airteagal 11 den Treoir) a shaoradh ón oibleagáid atá orthu go mbeadh ar dhaoine atá údaraithe ag an dlí náisiúnta a gcuid cuntas a iniúchadh. Toisc baint a bheith ag an Ochtú Treoir le cuideachtaí teoranta, ní gá ceanglais na Treorach a chur i bhfeidhm ar chuideachtaí neamhtheoranta ná ar chineálacha eile comhlachtaí corpraithe ná ar chomhlachtaí neamhchorpraithe ar nós comhpháirtíochtaí.


5. Chuirfeadh an tOchtú Treoir atá beartaithe de cheangal ar Bhallstáit glacadh le cuideachta reachtúil a bheith á hiniúchadh ag daoine nádúrtha le cáilíochtaí sonraithe nó ag gnólachtaí, corpraithe nó neamhchorpraithe, ar choinníoll gur daoine cáilithe sa chomhlacht, agus iadsan amháin, a dhéanfadh an t-iniúchadh. Bhainfí an cháilíocht riachtanach amach trí scrúdú a ghnóthú, d’éis cúrsa ardoiliúna, ar leibhéal céime nó ar chomhleibhéal a bheadh ceaptha chun a áirithiú go mbainfear amach leibhéal maith d’eolas teoiriciúil agus an cumas chun é a chur i ngníomh. Tá leibhéal agus réim an scrúdaithe leagtha amach go mion.


6. Tá roinnt forálacha cumhalda eile sa dréacht-Treoir. Faoi Airteagal 6 thig le Ballstáit ligean do dhaoine a bhfuil taithí fhada phraiticiúil acu cur isteach ar scrúdú chun inniúlacht ghairmiúil a bhaint amach gan an leibhéal staidéir is gá a bheith sroichte acu. Baineann Airteagail 3 agus 11 le neamhspleáchas an iniúchóra. Molann Airteagal 7 leas iniúchóirí cleachtacha a chosaint i gcás nach bhfreagraíonn a gcáilíochtaí do cheanglais na Treorach tráth an Treoir a theacht i bhfeidhm. Cuireann Airteagal 8 ar chumas mac léinn a mbeidh tosaithe acu ar a gcúrsaí staidéir nuair a thiocfaidh an Treoir i bhfeidhm, cáilíocht a bhaint amach trí scrúdú a sheasamh sa tsean-siollabas fiú mura mbeidh an siollabas sin de réir na Treorach. Baineann Airteagal 10 le haitheantas do dhaoine a bhainfidh cáilíochtaí dá samhail amach i dtíortha eile agus cuireann Airteagal 12 de cheangal ar Bhallstáit liosta d’iniúchóirí ceadaithe a fhoilsiú gach bliain.


7. Ní mór aird a thabhairt ar dhá phointe ghinearálta. Ar an gcéad dul síos, níl sé ceaptha don Treoir go dtabharfaí aitheantas cómhalartach do dhioplómaí nó do chéimeanna ná go ndéanfaí éascaíocht ar an gceart bunaíochta nó ar an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar a bheadh ag lucht gairme na hiniúchóireachta. Aithnítear mar sin féin go bhfuil bealach á réiteach ag an dréacht-Treoir don fhorbairt sin amach anseo. Ar an dara dul síos, ní dhéanann an Treoir aon tagairt do chomhlachtaí gairmiúla ar nós comhlachtaí cuntasaíochta agus ní fhéachann sí le cáilíochtaí gairme áirithe a chomhchuibhiú. Deir an meabhrán míniúcháin gurb é an fáth atá leis sin ná go dtig le gairmeacha éagsúla iniúchadh a dhéanamh i gcuid de na Ballstáit. Dá thairbhe sin, is é leibhéal agus réim an scrúdaithe i dtaobh inniúlacht ghairmiúil atá i gceist sa Treoir.


Forálacha Reachtúla na hÉireann

8. Faoi alt 162 (1) d’Acht na gCuideachtaí, 1963, ní bheidh duine cáilithe lena cheapadh mar iniúchóir ar chuideachta mura rud é (a) gur comhalta é de chomhlacht cuntasóirí atá aitheanta ag an Aire Tionscail, Tráchtála agus Fuinnimh nó (b) go bhfuil údaraithe ag an Aire é a cheapadh amhlaidh ar an ábhar gur duine é a ghnóthaigh cáilíochtaí comhionanna ar dhóigh seachas ó chomhlacht den sórt sin nó gur duine é a shaothraigh eolas agus taithí leormhaith roimh an 1 Aibreán, 1964, i gcúrsa a fhostaíochta ag comhalta de cheann de na comhlachtaí cuntasóirí atá aitheanta nó gur duine é a bhí ag cleachtadh sa Stát mar chuntasóir roimh an 1 Aibreán, 1964. I gcás comhlacht a cheapadh faoi ainm an ghnólachta chun bheith ina n-iniúchóirí ar chuideachta forálann alt 160 (9) d’Acht 1963 go measfar “gurb amhlaidh a ceapadh na daoine arb iad ó am go ham, le linn ré an cheapacháin, na comhpháirtithe sa ghnólacht sin amhail mar a bheidh sé comhdhéanta ó am go ham agus ar daoine iad atá cáilithe chun bheith ina n-iniúchóirí ar an gcuideachta sin.” Toirmisceann alt 162 (3 (c) comhlacht corpraithe a cheapadh.


9. Is iad seo a leanas na comhlachtaí cuntasaíochta atá ceaptha de thuras na huaire ag an Aire chun críche alt 162 (1) d’Acht na gCuideachtaí, 1963:—


Institiúid na gCuntasóirí Cairte in Éirinn;


Institiúid na gCuntasóirí Poiblí Deimhnithe in Éirinn;


Comhlachas na gCuntasóirí Deimhnithe;


Institiúid na gCuntasóirí Cairte i Sasana agus sa Bhreatain Bheag;


agus


Institiúid Chuntasóirí Cairte na hAlban.


Réim na Treorach atá Beartaithe

10. I gcuid de na Ballstáit tugtar cead do ghairmeacha éagsúla iniúchadh reachtúil a dhéanamh. Dá dhroim sin, ceapadh an Treoir chun déileáil le cáilíochtaí daoine atá freagrach as cuntais chuideachtaí a iniúchadh in ionad déileáil le cáilíochtaí na n-iniúchóirí mar iniúchói rí. In Éirinn, ní thig le haon duine ach le cuntasóirí gairmiúla an t-iniúchadh sin a dhéanamh. Measann an Comhchoiste gur chóir go mbainfeadh cibé cáilíochtaí a cheadófar sa Treoir le hiniúchóirí i gcoitinne in Éirinn agus nach le hiniúchóirí cuntas cuideachta agus leo sin amháin. a bhainfeadh siad. D’fhéadfaí an méid sin a fhoráil sa reachtaíocht náisiúnta lena ndéanfar an Treoir a fhorghníomhú. Thairis sin, nuair a bheidh glactha leis an Treoir atá beartaithe, d’fhéadfaí leas a bhaint aisti do Threoir eile chun cáilíochtaí a aithint go cómhalartach. Ba mhaith an rud é, dá bhrí sin, go mbeadh cibé cáilíochtaí a cheadófar anois ag baint le gach uile iniúchóir gairmiúil agus go gcuirfí an méid sin i gcuntas nuair a bheadh an togra á phlé ar leibhéal Comhphobail.


11. In Éirinn, tá comhaltaí comhlachtaí cuntasaíochta aitheanta i dteideal cuntais chuideachtaí a iniúchadh. Cuireadh an iúl don Chomhchoiste nach bhfuil sé ceaptha don Treoir cur isteach ar an gcóras sin. Bheadh sé de dhualgas, ar ndóigh, ar an údarás inniúil sa Stát féachaint chuige go mbeadh na caighdeáin oideachais do chomhlachtaí cuntasaíochta aitheanta ag luí leis an Treoir.


Glacadh le Cuideachtaí nó Comhlachtaí mar Iniúchóirí

12. Chuirfeadh an Treoir de dhualgas ar Bhallstáit cuideachtaí nó comhlachtaí agus daoine aonair a cheadú mar iniúchóirí faoi réir an choinníll gur pearsanra a bheadh cáilithe go gairmiúil, agus iadsan amháin, a dhéanfadh an t-iniúchadh agus ar an gcoinníoll nach mbeadh fáil ag pearsanra neamhcháilithe ar na doiciméid iomchuí ná údarás acu iniúchóirí a cheapadh nó a bhriseadh ná teagasc a thabhairt maidir le hiniúchadh. Thairis sin, níl sé ceadaithe do dhaoine neamhghairmiúla tromlach an chaipitil a shealbhú i ngnólachtaí a fhoirmeofar tar éis feidhmiú na Treorach.


13. Cuireadh in iúl go láidir don Chomhchoiste gur chóir d’Éirinn cur in aghaidh na forála a cheadódh do dhreamanna eile seachas gnólachtaí de chuntasóirí cáilithe gairmiúla iniúchadh a dhéanamh. Tugadh le fios don Choiste, áfach, gur chun freastal don chor i bPoblacht Chónaidhme na Gearmáine faoi láthair a ceapadh an fhoráil. Is é dearcadh an Choiste go gceanglaíonn Airteagal 54 (3) (g) de Chonradh CEE coimircí “a chomhionannú” agus nach gceanglaíonn sé coimircí a chomhshamhlú, ar fud an Chomhphobail agus measann sé nár chóir go gcuirfeadh Treoracha faoi Airteagal 54 (3) (g) isteach ar chleachtas atá i bhfeidhm i mBallstát má tá coimircí leordhóthanacha ag baint leis. Ach bheadh an Coiste i bhfabhar an Treoir a leasú chun go bhféadfadh Ballstáit gnólachtaí den sórt sin a cheadú nó a dhícheadú mar iniúchóirí. D’fhéadfaí an méid sin a bhreithniú arís nuair a bheidh an Treoir faoi cheart bunaíochta á plé.


14. Feictear don Chomhchoiste gur chun freastal don chleachtas dá dtagraítear sa mhír sin roimhe seo—cleachtas neamhbheartaithe a bhí ró-leathan ansin féin—a dréachtaíodh na sriantachtaí a chuirtear ar dhaoine neamhcháilithe maidir le hiniúchadh a dhéanamh nó a dtionchar a imirt ar an iniúchadh sin agus na ceanglais i dtaobh rúndacht, a fhoráiltear in Airteagal 2 (2) (a) den dréacht-Treoir. Tá sé de chlaonadh ag gnólachtaí cuntasaíochta san am i láthair comhpháirtithe a fhostú nach bhfuil cáilithe mar iniúchóirí ach a bhfuil saineolas acu, mar shampla, ar an dlí cánach, nó ar ríomhairí (taifeadtar roinnt cuntasaíochta anois ar ríomhairí). Deir meabhrán míniúcháin an Choimisiúin nach é atá ar intinn go mbainfeadh na sriantachtaí áirithe seo a chuirtear ar dhaoine neamhcháilithe le daoine atá ag comhlíonadh dualgas faoi mhaoirsiú iniúchóra. Creideann an Coiste, mar sin féin, nach leor é sin mar go mbunaíonn an tAirteagal amhras i dtaobh fáil a bheith ag saineolaithe nach iniúchóirí ar na cuntais. Má ghlactar leis an Airteagal mar atá sé leagtha amach d’fhéadfadh sé toirmeasc a chur ar iniúchóir cuideachta shealbhaíochta i mBallstát amháin fáil a bheith aige ar chuntais fhochuideachta i mBallstát eile dá mbeadh sé gan údarás mar iniúchóir a bheith aige sa Bhallstát sin eile. Molann an Coiste, dá bhrí sin, gur gá an fhoráil sin a leasú.


Neamhspleáchas agus Dea-Cháil

15. Chuirfeadh an Treoir faoi deara do Bhallstáit gan aitheantas mar iniúchóirí a thabhairt ach amháin do dhaoine a mbaineann dea-cháil agus neamhspleáchas leo. Is faoi na Ballstáit féin a gcritéir féin a bhunú chun dea-cháil a chinneadh ach i gcás neamhspleáchas, tugtar roinnt critéar in Airteagal 11 den dréacht. Ní ceadmhach don iniúchóir sochair a ghlacadh go díreach nó go neamhdhíreach ón gcuideachta ná ó chomhaltaí na cuideachta agus ní ceadmhach dó leas a bheith aige sa chaipiteal. Más ó chliant a fhaigheann sé breis agus 10 faoin gcéad dá láimhdeachas, beidh ar na húdaráis araíonachta a chinneadh an bhfuil teorannú déanta ar a neamhspleáchas.


16. Tá Coiste Comhairleach na gComhlachtaí Cuntasaíochta—Éire go láidir den bharúil gur d’iniúchóirí amháin a ba chóir don Treoir reachtú agus gurb é cód béascna na gairme amháin a rialódh ceist an neamhspleáchais. Tugadh le fios don Chomhchoiste, áfach, nach bhfuiltear dall ar fad i gcleachtas na hÉireann ar na critéir atá leagtha amach sa dréacht-Treoir. Mar shampla, sa treoir bhéascna do chomhaltaí Institiúid na gCuntasóirí Cairte in Éirinn moltar do chomhaltaí féachaint chuige nach mbeidh na táillí ó chliant amháin ná ó ghrúpa de chliaint chomhlachaithe níos mó ná 15 faoin gcéad de mhóriomlán na dtáillí nó de mhóriomlán an ioncaim ghairmiúil. Iarrtar ar chomhaltaí freisin gan leasanna tairbhiúla a bheith acu i scaireanna cliantchuideachtaí agus iarrtar orthu, má bhíonn scaireanna den sórt sin acu, scaradh leo a luaithe is féidir. Thairis sin, tugann an Coiste dá aire gur féidir leis na Ballstáit neamhspleáchas iniúchóirí a áirithiú a mhaoirsiú trí araíonacht ghairmiúil. Dá réir sin, d’fhéadfadh Éire ligean do ghnólachtaí cuntasaíochta iomchuí iompar iniúchóirí chun a áirithiú go gcoimeádfar na critéir neamhspleáchais i réim.


17. Tugann an Comhchoiste dá aire nach bhfuil an sórt critéar a shonraítear in alt 162 (3) (a) agus (b) agus (4) d’Acht na gCuideachtaí, 1963, luaite sa dréacht-Treoir. Toirmisceann an t-alt sin ar dhuine gníomhú mar iniúchóir cuideachta má tharlaíonn dó, mar shampla, a bheith ina oifigeach nó ina sheirbhíseach ag an gcuideachta sin nó ag cuideachta shealbhaíochta nó ag fochuideachta de chuid na cuideachta sin nó ag comhfhochuideachta dá cuid. Tharlódh an méid sin a bheith fágtha ar lár toisc an sórt sin critéar i dtaobh neamhspleáchas an iniúchóra a bheith luaite cheana in Airteagal 53 den Chúigiú Dréacht-Treoir agus in Airteagail 203 (a) agus 203 (b) den DréachtReacht do Chuideachtaí Eorpacha. Measann an Coiste, áfach, gur chuibhiúla go gcuirfí na forálacha i dtaobh neamhspleáchas iniúchóirí le chéile san Ochtú Treoir in ionad iad a bheith scaipthe thart ar fhorálacha éagsúla an Chomhphobail a dhéileálann le dlí cuideachtaí.


Oiliúint agus Scrúdú

18. Tá foráil sa Dréacht-Treoir do chúrsa ardoiliúna a mbeadh leibhéal iontrála ollscoile riachtanach dó agus scrúdú le gnóthú ann ar leibhéal céimí nó ar a chomhleibhéal in ábhair shonraithe. Leagtar béim ar leith ar an eolas praiticiúil chomh maith leis an eolas teoiriciúil. Cuireadh in iúl don Chomhchoiste go bhfuil an leibhéal oideachais atá ag teastáil le cur isteach ar chúrsa oiliúna cuntasaíochta in Éirinn ar aon dul beagnach leis an leibhéal chun dul isteach san Ollscoil. Tugadh le fios dó freisin, cé nach gnách aon tástálacha i scrúduithe cuntasaíochta a shonrú mar thástálacha in eolas praiticiúil, go mbaineann a lán de na tásálacha scríofa in ábhair ar nós Cánachas, Iniúchóireacht agus Cuntasaíocht, le fadhbanna praiticiúla laethúla. Creideann an Chomhchoiste, dá thairbhe sin, go bhfreagraíonn an córas Éireannach chun cuntasóirí a oiliúint do cheanglais na Treorach cé gur mhaith an rud é, b’fhéidir, roinnt oiriúnuithe a dhéanamh ar na hábhair atá forordaithe.


19. Cuireadh in iúl don Chomhchoiste go bhféadfadh deacracht tarlú in Éirinn toisc go ndeirtear sa Treoir gur chóir iniúchadh reachtúil ar chuntais bhliantúla chuideachta a bheith i gceist go príomha in oiliúint phraiticiúil na mac léinn. Maidir le mic léinn phrintíseachta i ngnólachtaí beaga, d’fhéadfadh sé gur le hobair chuntasaíochta i gcoitinne a bheidis ag plé formhór an ama nó b’fhéidir ag iniúchadh gnó trádálaí aonair agus gnó gnólachtaí eile nach cuideachtaí. Tharlódh nár leor an taithí sin chun freagairt do cheanglais na Treorach. Cé go bhfuil comhbhá aige le gnólachtaí beaga a rachaidh sé rite leo cloí leis na ceanglais atá beartaithe, measann an Coiste go gcaithfear leas an phobail a chur i dtús áite agus, dá bharr sin, go gcaithfear oiliúint a thabhairt don mhac léinn ar gach gné den chuntasaíocht.


20. Cheadódh an Treoir do Bhallstáit ligean do dhaoine a bhfuil mórthaithí phraiticiúil acu ar airgeadas, ar dhlí agus ar chuntasaíocht cur isteach ar an scrúdú i dtaobh inniúlacht ghairmiúil fiú gan an leibhéal staidéir a éilítear faoi Airteagal 4 a bheith bainte amach acu. Tuigtear don Chomhchoiste go bhfuil éascaíocht go leor ag baint le rialacha Institiúid na gCuntasóirí Cairte in Éirinn chun sin a cheadú cé nach bhforáiltear sin go speisialta sna rialacha. Tugann Institiúid na gCuntasóirí Poiblí Deimhnithe in Éirinn cead do dhaoine nach bhfuil an leibhéal oideachais is gá acu, chun bheith ina mic léinn, dul i mbun stáidéir do scrúdú na hInstitiúide má bhíonn 25 bliana ar a laghad d’aois slánaithe acu agus 7 mbliana ar a laghad de thaithí acu ag gabháil d’obair chuntasaíochta atá chun sástacht na Comhairle.


21. Measann an Comhchoiste go bhfuil bonn réasúnach leis na forálacha a thugann cosaint dóibh sin atá cáilithe cheana féin nó atá i mbun staidéir faoi láthair le bheith ina gcuntasóirí.


Buíochas

22. Is main leis an gComhchoiste a bhuíochas a chur in iúl d’Institiúid na gCuntasóirí Poiblí Deimhnithe in Éirinn agus do Choiste Comhairleach na gComhlachtaí Cuntasaíochta—Éire ar a bhfuil ionadaithe ag Institiúid na gCuntasóirí Cairte in Éirinn, ag Comhlachas na gCuntasóirí Deimhnithe agus ag Institiúid na gCuntasóirí Costála agus Bainistí. Thugadar cúnamh éachtach don Chomchoiste nuair a bhí an togra á scrúdú aige.


(Sínithe) MARCUS MAC GIOLLA FHIONNTÁIN,


Cathaoirleach an Chomhchoiste.


6 Nollaig, 1978.