Committee Reports::Report No. 30 - Protection of Employees in the Event of Insolvency of their Employer::06 December, 1978::Report

TUARASCÁIL

Réamhrá

1. Tá an Comhchoiste tar éis scrúdú a dhéanamh ar thogra an Choimisiúin le haghaidh Treoir ón gComhairle ar Chomhfhogasú dlíthe Ballstát maidir le cosaint fostaithe i gcás dócmhainneacht a bhfostóra [R/859/78 (soc 101)].


2. Tá tograí an Choimisiúin bunaithe ar Airteagal 100 de Chonradh CEE a cheanglaíonn comhfhogasú dlíthe náisiúnta a bhaineann go díreach le bunú nó feidhmiú an chómhargaidh. De thoradh mionfhiosruithe ag an gCoimisiún i dtaobh dlí agus cleachtadh sna Ballstáit tá sé tagtha ar an mbarúil nach bhfuil leorchosaint ar éilimh fostaithe de dhroim a gconarthaí fostaíochta i gcás féimheacht nó dócmhainneacht a bhfostóirí.


3. Tá sé curtha in iúl don Chomhchoiste nach dtosófar ar an togra seo a bhreithniú ar leibhéal Comhphobail go dtí 1979.


Inneachair an Togra

4. Chuirfeadh an Treoir bheartaithe d’oibleagáid ar Ballstáit institiúidí a bhunú chun éilimh neamhchomhlíonta ó fhostaithe, a d’éirigh sular bhain dócmhainneacht don fhostóir, a shásamh maidir le


(a) luach saothair nó íocaíochtaí a d’éirigh ó ghaol oiliúna (a bhain le trí mhí ar a laghad);


(b) sochair airgid nó sochair chomhionanna i ndáil le breoiteacht, laethanta saoire nó foirceannadh fostaíochta, nó aiscí nó bónais nó slánaíochtaí (a bhain le dhá mhí dhéag ar a laghad).


5. Ní cead gur ó ranníocaí fostaithe agus uathu sin amháin a mhaoineofaí an institiúid ráthúcháin agus ní foláir a sócmhainní a bheith slán glan ó imeachtaí féimheachta. Caithfidh sé freastal ar éilimh neamhdhíospóidithe nó fódaithe ar iarratas béil an fhostaí agus ní foláir íoc a dhéanamh cibé acu atá nó nach bhfuil a chuid oibleagáidí don institiúid comhlíonta ag an bhfostóir atá i gceist. Ní foláir glacadh le hiarratais ó fhostaithe ó thráth na dócmhainneachta amach agus laistigh de shé mhí dá éis sin.


6. Chuirfeadh an Treoir bheartaithe d’oibleagáid ar Bhallstáit féachaint chuige nach mbainfeadh aon chaill do theideal sochair fhostaí mar gheall ar an fhostóir do mhainniú ranníocaí slándála sóisialta a íoc roimh dócmhainneacht a tharlú dó. Chuirfeadh sé de cheangal ar na Ballstáit freisin cosaint a thabhairt do chearta pinsin fostaithe agus seanfhostaithe atá lasmuigh de chóras slándála sóisialta an Stáit féin.


Mar atá in Éirinn

7. De réir dlí na hÉireann tá seasamh tosaíochta in imeachtaí féimheachta agus foirceannta ag fiacha áirithe atá ag dul d’fhostaithe. Is íocaíochtaí tosaíochta i bhféimheacht de bhua an Preferential Payments in Bankruptcy (Ireland) Act, 1889, pá nó tuarastal cléirigh nó seirbhísigh in aghaidh cheithre mhí, suas go £50 ar a mhéid, agus pá saothraí nó fir oibre in aghaidh dhá mhí, suas go £25 ar a mhéid. Tá foráil roinnt cosúil leis sin i dtaobh forceannadh cuideachtaí teoranta, lena n-áirítear cumainn tionscail agus coigiltis, in Acht na gCuideachtaí, 1963, arna leasú, ach amháin gur ceithre mhí an tréimhse, cibé acu “cléireach nó seirbhíseach” nó “fear oibre nó saothraí” an fostaí, agus gan dul thar £300.


8. Ní bhaineann reachtaíocht saothair mar atá sé á riaradh ag an Roinn Saothair le cosaint a thabhairt d’oibrithe i bhféimheacht—cé go bhfuil Achtanna áirithe ann e.g., an tAcht um Dhífhostú Éagórach, 1977 agus an tAcht um Fhógra Íosta agus Téarmaí Fostaíochta, 1973, a fhorálann go ndéanfar airgead áirithe a bhíonn dlite faoi na hAchtanna sin a áireamh mar íocaíochtaí tosaíochta i bhféimheacht agus i ndócmhainneacht cuideachtaí. Áirítear luach saothair faibhrithe saoire mar íocaíocht tosaíochta de bhua Acht na gCuideachtaí, 1963 i bhfoirceannadh cuideachta ach de réir dealraimh ní áirítear mar sin é in imeachtaí féimheachta nuair nach cuideachta an gnóthas.


9. Maidir le cnapshuimeanna iomarcaíochta, forálann na hAchtanna um Íocaíochtaí Iomarcaíochta go bhféadfaidh an fostaí, nuair is dócmhainneach don fhostóir, íocaíocht a iarraidh ar an Aire Saothair agus i gcás an tAire a bheith sásta go bhfuil sé ina theideal, ní foláir an chnapshuim a íoc leis an bhfostaí as an gCiste Iomarcaíochta.


10. Chuirfeadh Airteagal 6 den Treoir de cheangal ar Bhallstáit bearta a ghlacadh ag cosaint teideal fostaithe chun íocaíochtaí slándála sóisialta nuair a mhainníonn fostóirí dócmhainneacha ranníocaí slándála sóisialta a íoc. Faoin reachtaíocht mar atá sí tá cumhacht ann ranníocaí neamhíoctha a áireamh mar ranníocaí a íocadh nuair nach mar gheall ar aon toiliú, cúlcheadú nó mainniú ar thaobh an fhostaí a tharla gan na ranníocaí a bheith íoctha. Dá bhrí sin, tá lánchosaint ann don fhostaí i gcoinne aon mhainniú nó faillí ar thaobh a fhostóra.


11. Chuirfeadh Airteagal 7 den Treoir d’oibleagáid ar Bhallstáit bearta a ghlacadh do chosaint leasanna fostaithe faoi scéimeanna pinsean ceirde i gcás gnó d’éirí dócmhainneach. I láthair na huaire níl aon fhreagracht díreach sa scéal ag an Roinn Leasa Shóisialaigh. Ach sa Pháipéar Uaine “Scéim Pinsean Ioncam-Choibhneasa Náisiúnta” a foilsíodh mí Deireadh Fómhair 1976 tagraíodh mar ábhar le haghaidh pléite don riachtanas a bhí le cosaint a áirithiú do chearta pinsean ceirde i gcás dúnadh. Tá an Páipéar Uaine faoi bhreithniú go fóill.


Barúlacha Ginearálta an Chomhchoiste

12. Aontaíonn an Comhchoiste i bprionsabal gur cheart ráthaíocht a bheith ag fostaithe go bhfaighidh siad íocaíochtaí atá dlite dóibh nuair a bhainfidh dócmhainneacht dá bhfostóirí agus glacann sé leis nach leor de chosaint gan ach stádas tosaíochta a thabhairt i bhféimheacht agus in imeachtaí foirceannta. Is dóigh leis an gCoiste gurb í an phríomhfhadhb a bhainfidh leis an Treoir a chur i ngníomh, má ghlacfar léi, conas ráthaíocht mar sin a mhaoiniú, rud a fhágann an dréacht-Treoir faoi na Ballstáit féin go formhór. Mar a chuir Cumann Cónaidhme na bhFostóirí in iúl don Choiste, tá baol dáiríre ann go bhféadfaí leachtuithe agus glacadóireachtaí a mhoilliú agus sócmhainní a ídiú níos mó ná mar a dhéantar faoi láthair más eol go ndéanfaidh an Stát fiacha áirithe a ráthú. Cé nach miste an méid sin a chur san áireamh, ní leor de chúis é ann féin le gan cosaint níos fearr a thabhairt d’fhostaithe nuair a thagann a bhfostóirí chun bheith dócmhainneach.


Luach Saothair agus Íocaíochtaí Gaolmhara

13. Is léir go bhfuiltear ag súil sa Treoir bheartaithe go n-íocfaidh institiúidí stáit luach saothair neamhíoctha agus fiacha eile a thig ó chonradh seirbhíse sula dtabharfar imeachtaí féimheachta agus foirceannta chun críche. Is cosúil, chun críche na n-imeachtaí sin, go mbeadh na hinstitiúidí stáit faoi fheidhm ag cearta na bhfostaithe. Forálann Alt 285 (b) d’Acht na gCuideachtaí, 1963, go mbeidh ceart tosaíochta i bhfoirceannadh cuideachta ag airleacain a rinne an chuideachta le haghaidh pá agus íocaíocht fhaibhrithe shaoire más rud é go mbeadh an pá agus an luach saothair saoire a íocadh amhlaidh cáilithe chun na tosaíochta sin. Níor mhór reachtaíocht, áfach, chun tosaíocht dá shamhail sin a thabhairt d’íocaíochtaí ag an institiúid stáit bheartaithe. Ar mhaithe le tíos b’fhéidir nár mhiste stádas tosaíochta a thabhairt d’fhiacha den sórt sin. Má ghlactar leis an Treoir, dá bhrí sin, níor mhór an dóchúlacht sin a chur i gcuntas le linn breithniú a bheith á dhéanamh ar an moladh a rinne an Coiste um Dhlí Féimheachta ina thuarascáil faoi dháta 1 Deireadh Fómhair 1973 gur cheart deireadh a chur le híocaíochtaí tosaíochta de gach uile shórt.


14. Tuigeann an Comhchoiste ón taithí ghinearálta i ndócmhainneachtaí gur dóichí (agus nach minic ansin féin) a bhaineann fiacha a bhíonn ag dul do fhostaí ar dhócmhainneacht an fhostóra le pá saoire agus le híocaíochtaí ar chuntar seachas pá nó tuarastal. Ach níl aon eolas ag an gCoiste ar fhairsinge na bhfiacha sin agus nuair nach bhfuil meastachán dearbh aige ar na costais a bheadh i gceist, níor mhaith leis moladh a thabhairt ar conas mar a mhaoineofaí an scéim atá i bhfís sa Treoir. Creideann Cumann Cónaidhme na bhFostóirí nach foláir a iarraidh ar fhostaithe ranníoc a dhéanamh le haon chiste a bhunófar ar an ábhar go mbíonn baol agus freagracht leachtaithe á roinnt go hanmhinic idir fostaithe agus lucht bainistí araon. Ar an leith eile, tá Comhar Ceardchumann na hÉireann á áiteamh gur as ranníocaí fostóirí amháin ba cheart aon chiste a mhaoiniú mar nach mbíonn á fháil ag fostaithe ach rud atá tuillte acu cheana féin. Ní cheanglaíonn an dréacht-Treoir ach amháin nach maoineofar ciste mar sin as ranníocaí ó fhostaithe amháin agus creideann an Comhchoiste gur chóir glacadh leis an bhforáil sin.


Pinsin agus Cearta Pinsin

15. Cheanglódh an Treoir ar Bhallstáit na bearta is gá a ghacadh chun cearta fostaithe a chosaint faoi scéimeanna pinsean ceirde príobháideacha i gcás dócmhainneacht an fhostóra. De réir an Pháipéir Uaine a bhí i dtrácht roimhe seo, tá formhór na scéimeanna pinsean ceirde san earnáil phríobháideach sa tír seo maoinithe cheana féin agus tá dearbhú ag an bhfostaí go bhfuil airgead curtha de leataoibh chun a phinsean a chinntiú agus go mbeidh íocaíocht ag dul dó is cuma cad a bhainfidh don ghnóthas ag a bhfuil sé fostaithe. Tá an Coiste cinnte de, áfach, fiú amháin i gcás scéimeanna a bhíonn maoinithe roimh ré, go bhféadfadh fadhbanna tarlú ar dhócmhainneacht an fhostóra nuair a bhí oibleagáid ann an ciste a chomhlánú ach nach ndearnadh sin roimh dhócmhainneacht nó i gcás an fostóir a bheith i bhfiacha leis an gciste ar shlí eile. Thairis sin, tá an cheist ann i dtaobh an fhostaí do choinneáil a chearta pinsin i bhfeidhm ar ghlacadh le fostaíocht nua. Aithníonn an Páipéar Uaine nach bhfuil cosaint iomlán ag cearta pinsin faoi scéimeanna pinsean ceirde san earnáil phríobháideach i gcás cumasc, táthcheangal, athruithe úinéireachta, dúnadh, agus iomarcaíochta agus admhaíonn sé nach bhfuil aon soláthar dóthanach ann le haghaidh pinsin a bheith inaistrithe nó cearta pinsean a shlánchoimeád i gcásanna athraithe fostaíochta. Creideann an Coiste nár chóir a bheith ag lorg réiteach na faidhbe sin mar rud aonair ach nach foláir é a fháil i gcomhthéacs cibé sórt Scéim Pinsean Ioncam-Choibhneasa Náisiúnta a thiocfaidh i gcruth sa deireadh thiar.


Buíochas

16. Ag bheithniú an togra seo dó fuair an Comhchoiste mórchuid cúnaimh ó Chomhar Ceardchumann na hÉireann agus ó Chumann Cónaidhme na bhFostóirí. Ba mhaith leis a bhuíochas croí a ghabháil leis an dá eagraíocht sin.


(Sínithe) MARCUS MAC GIOLLA FHIONNTÁIN,


Cathaoirleach an Chomhchoiste.


6 Nollaig 1978.