|
TUARASCÁILRéamhrá1. Ghlac Comhairle na nAirí ar an 13 Nollaig 1976 leis an Dara Treoir ar Dhlí Cuideachtaí a bhaineann le cuideachtaí teoranta poiblí a fhoirmiú agus a gcaipiteal a chothabháil agus a athrú. Thug réamhtheachtaí an Chomhchoiste tuarascáil ar an Treoir ina dréacht sa Dóú Tuarascáil is Daichead uaidh faoi dáta 30 Meitheamh 1976 (Prl. 5598). Cur i nGníomh2. Tá sé ceangailte ar Bhallstáit formhór forálacha na Treorach a chorprú ina gcuid dlíthe náisiúnta laistigh de dhá bhliain ó dháta a curtha in iúl dóibh ach féadfaidh siad a fhoráil nach nglacfaidh na forálacha éifeacht go ceann 18 mí eile tar éis a gcorpraithe sa dlí náisiúnta. Aontaíonn an Comhchoiste lena réamhtheachtaí gur le reacht ag leasú Acht na gCuideachtaí, 1963, ba cheart é sin a dhéanamh in Éirinn. 3. Bhí caoi ag an gComhchoiste cur i ngníomh na Treorach a phlé le Coiste Teicníochta CEE de Choiste Comhairleach na gComhlachtaí Cuntasaíochta-Éire (CCCC—É). De thoradh an phlé sin ba mhaith leis roinnt pointí a lua a gceapann sé gur cheart aird a thabhairt orthu nuair a bheidh breithniú á dhéanamh ar leasú beartaithe Acht na gCuideachtaí, 1963. Miniú ar Chuideachta Phoiblí4. Níl míniú in Acht na gCuideachtaí, 1963, ar an abairt, cuideachta phoiblí, ach úsáidtear í de ghnáth do shonrú cuideachta nach cuideachta phríobháideach. D’fhonn cáiliú mar chuideachta phríobháideach faoin Acht ní foláir do chuideachta scairchaipiteal a bheith aici agus trína hairteagail chomhlachais srian a chur leis an gceart chun a scaireanna a aistriú, teorainn 50 a chur le líon a comhaltaí agus toirmeasc a chur le haon chuireadh don phobal suibscríobh le haghaidh a scaireanna nó a bintiúirí. 5. Baineann an Treoir le dhá aicme cuideachtaí in Éirinn, eadhon, cuideachta phoiblí (a) atá faoi theorainn scaireanna nó (b) atá faoi theorainn ráthaíochta agus a bhfuil scairchaipteal aici. Ní bhaineann sé le cuideachtaí neamhtheoranta ná le cuideachtaí faoi theorainn ráthaíochta nach bhfuil scairchaipiteal acu. Tá molta ag CCCC—É go n-athrófaí dlí na hÉireann chun cuideachta phoiblí a mhíniú mar chuideachta lena mbaineann an Treoir agus gach uile cheann eile a aicmiú mar chuideachta phríobháideach. 6. Aontaíonn an Comhchoiste lena réamhtheachtaí go bhféadfadh iarsmaí fíor-thromaí leanúint as chuid de shrianta na Treorach dá dtiocfadh go gcuirfí i bhfeidhm iad maidir le cuideachtaí príobháideacha. Creideann sé gur lú an chosúlacht atá ann go ndéanfar aon iarracht na forálacha a leathnú chun baint le comhlachtaí príobháideacha má choinnítear an míniú ar chuideachta phríobháideach atá in Acht na gCuideachtaí, 1963. Tá sé curtha in iúl dó nach dteastaíonn chor ar bith ó CCCC—É staid láithreach na cuideachta príobháidí a athrú. Díbhinní7. In Airteagal 15 den Treoir tá roinnt forálacha a bhaineann le díbhinní agus ní foláir dá ndroim athruithe a dhéanamh ar an dlí Éireannach mar atá sé. Molann CCCC-É, d’fhonn deireadh a chur leis an éiginnteacht atá ann mar gheall ar an dlí cáis atá ann faoi láthair, gur chóir míniú reachtúil a bheith ann ar bhrabúis indáilte agus nár cheart an dlí maidir le brabúis den sórt sin a athrú ach a mhéid is gá de réir Treoracha CEE. Molann sé freisin gur cheart reachtaíocht na hÉireann a úsáid chun an scéal a léiriú maidir le suimeanna a chuirfear i gcúltaca sa mhéid go ndealraíonn sé go bhfuil neamhréireacht idir Airteagal 15 (1) (c) agus Airteagal 15 (2) (b) den Treoir. Tá súil ag an gComhchoiste go ndéanfar breithniú cúramach ar na pointí sin nuair a bheidh tograí á gceapadh le haghaidh reachtaíocht leasaithe. 8. Dhealródh sé go bhfuil sé á cheangal ag Airteagal 15 (1) (c) go gcaithfí caillteanais a tugadh ar aghaidh a asbhaint as brabúis roimh iad a dháileadh. Cuireann an fhoráil sin roinnt imní ar an gComhchoiste toisc gur dóigh dó bac a chur ar iarrachtaí tarrthála a dhéanamh ar chuideachtaí a bhíonn i ngreim deacrachtaí. Molann an Comhchoiste go scrúdófaí an scéal féachaint an bhféadfaí, laistigh de théarmaí na Treorach, caillteanais a bhain do chuideachtaí a bhí ar marthain roimh an Treoir a theacht i ngníomh a fhágail as áireamh. Cuideachtaí Poiblí a Ainmniú.9. Ag féachaint don Treoir dhealródh sé gur gá a fhoráil go bhféadfar cuideachtaí teoranta poiblí a idirdhealú ina dteideal ó chuideachtaí teoranta príobháideachta. Tá sé á mholadh ag CCCC-É go bhféadfaí é sin a dhéanamh trína cheangal ar chuideachtaí teoranta poiblí na ceannlitreacha “C.T.P.” (i.e. cuideachta theoranta poiblí) a bheith sa teideal acu. Tá an Comhchoiste ar aon aigne leis an moladh sin. Íocaíocht ar Scaireanna10. Ceanglaíonn an Treoir go ndéanfaí 25 faoin gcéad ar a laghad den luach ainmniúil a íoc tráth an chorpraithe nó roimh thosach gnó. Measann CCCC-É gur cheart a fhoráil freisin go gcaithfí 25 faoin gcéad d’aon phréimh a íoc freisin. Aontaíonn an Comhchoiste go mba chiallmhar an fhoráil í sin. 11. Más rud seachas airgead aon chuid den chomaoin ceanglaíonn an Treoir an chomaoin a aistriú go hiomlán chun na cuideachta laistigh de chúig bliana. Glacann an Comhchoiste leis go lamhálfadh sé sin an t-aistriú a dhéanamh laistigh den tréimhse chúig bliana mar atá á mholadh ag CCCC-É. Luacháil Saineolai12. Ceanglaíonn an Treoir go ndéanfadh saineolaí neamhspleách nó saineolaithe neamhspleácha tuarascáil ar aon chomaoin seachas airgead a tharraingt suas ach ceadaíonn sé do Bhallstáit díolúintí áirithe ó na ceanglais a cheadú. Ceanglaíonn sé freisin go bhfaighfí tuarascáil ó shaineolaí, lasmuigh de chásanna áirithe, nuair a fhaightear sócmhainn ar chomaoin seachas airgead ó shuibscríobhaí tosaigh laistigh de dhá bhliain ón gcorprú agus féadfaidh Ballstáit an ceanglas sin a leathnú chun go mbainfidh sé le scairshealbhóirí nó daoine eile. 13. Tá an Comhchoiste ar aon aigne le CCCC-É gur cheart iniúchóir na cuideachta a ainmniú mar shaineolaí chun na críche sin. Mar gheall ar chúrsaí costais creideann sé nár cheart tuarascálacha saineolaithe a lorg ach amháin nuair a chuirfidh an Treoir d’oibleagaid go sainráiteach iad a thabhairt. Caillteanas Caipitil14. Ceanglaíonn Airteagal 17 den Treoir cruinniú ginearálta scairshealbhóirí a chur ar siúl dá dtarlódh mórchaillteanas caipitil lena chinneadh ar cheart an chuideachta a fhoirceannadh nó bearta eile a dhéanamh. Féadfaidh an dlí náisiúnta a chinneadh cé mhéid de chaillteanas nár mhór chuige sin ach ní foláir gan é a bheith níos mó ná 50 faoin gcéad den chaipiteal suibscríofa. Tugann an Comhchoiste dá aire nach raibh a réamhtheachtaí i bhfabhar na forála seo in aon chor toisc go mb’eagal leis go luathódh sé an tubaist a bhí ceaptha dó a chosc. Tá an t-amhras céanna ar an gComhchoiste agus molann sé go gcinnfí an caillteanas caipitil a bheith ina suim nach rachadh thar 50 faoin gcéad den chaipiteal suibscríofa. Cuideachta do ghlacadh lena Scaireanna féin mar Urrús15. Forálann Airteagal 24 (1), má ghlacann Cuideachta lena cuid scaireanna féin mar urrús, go n-áireofar é sin mar fáil ar a cuid scaireanna féin chun críocha na n-airteagal eile. Féadfaidh Ballstáit díolúine a cheadú i gcás idirbhearta a rinne bainc agus institiúidí airgeadais eile i ngnáthchúrsa gnó. Tá an Comhchoiste ar aon aigne le CCCC-É gur cheart leas a bhaint as an díolúine sin a bheadh de réir alt 60 d’Acht na gCuideachtaí, 1963. Cearta Réamhcheannaigh16. I gcás méadú ar chaipiteal ceanglaíonn an Treoir go gcaithfear scaireanna a eiseofar ar airgead a thairiscint ar dtús do scairshealbhóirí láithreacha i gcoibhneas leis an gcaipiteal atá á ionadú ag á gcuid scaireanna. Dealraíonn sé go lamhálfadh an Treoir do Bhallstát an ceart a choinneáil ar leithligh do scairshealbhóirí cothromais agus nuair atá aicmí éagsúla scairshealbhóirí cothromais ann a cheadú go mbeadh an teideal comhionann céanna chun an chirt ag an scairshealbhóirí sin go léir. Molann an Comhchoiste go mbeadh foráil mar sin i ndlí na hÉireann. 17. Is dóigh le CCCC-É gur ró-ghairid mar íostréimhse 14 lá do shealbhóirí atá ag baint feidhm as a rogha agus molann siad go mb’fhearr 30 lá. Dar leis an gComhchoiste gur réasúnach an moladh é sin. 18. Ceadaíonn Airteagal 29 (5) den Treoir do Bhallstáit go lamhálfadh cruinniú ginearálta, a chumhachtaíonn do chuideachta a caipiteal suibscríofa a mhéadú, a údarú do na stiúrthóirí an ceart réamhcheannaigh a shrianadh nó a tharraingt siar ar feadh tréimhse. Molann CCCC-É go n-achtófaí foráil mar sin i ndlí na hÉireann agus níl aon rud ina choinne sin ag an gComhchoiste. Maolú do Scairshealbháin Fostaithe.19. Faoi Airteagal 41 (1) féadfaidh Ballstáit, mhéid is gá chun scairshealbhú ag fostaithe a spreagadh, maolú a dhéanamh ar na rialacha maidir le 25 faoin gcéad den luach ainmniúil móide, i gcás méadú caipitil, iomlán aon phréimhe a íoc, ar chorprú nó ar thosach gnó agus ina dhiaidh sin. Tá an Comhchoiste ar aon fhocal le CCCC-É gur cheart leas a bhaint as an maolú sin ar mhaithe le fostaithe, lena n-áirítear stiúrthóirí atá fostaithe ar tuarastal sa chuideachta. Buíochas20. Tá an Comhchoiste fíorbhuích mar gheall ar an trioblóid mhór a ghlac CCCC-É air féin ag plé leis an ábhar seo agus ba mhaith leis a bhuíochas croí a ghabháil leis an gcomhlacht sin. (Sínithe) MARCUS MAC GIOLLA FHIONNTÁIN, Cathaoirleach an Chomhchoiste. 3 Bealtaine, 1978. |
||||||||||||