Committee Reports::Report No. 11 - Group Accounts, Joint Committee on Secondary Legislation of the European Communities::03 May, 1978::Report

TUARASCÁIL

Réamhrá

1. Tá an Comhchoiste tar éis scrúdú a dhéanamh ar dhréacht an tSeachtú Treoir ar Dhlí Cuideachtaí a bhaineann le grúpchuntais [R/1129/76 (ES 40)].


2. Sé tá é bheartú leis an togra seo go mbainfeadh caighdeáin iosta le grúpchuntais is caighdeáin a bheadh ina gcomhlánadh orthu sin atá i ndréacht an Cheathrú Treoir a bhaineann le cuntais chuideachtaí ar leithligh. Phléigh an Comhchoiste faoi Reachtaíocht Thánaisteach na gComhphobal Eorpach a bhí ann cheana dréacht an Cheathrú Treoir sa seachtú tuarascáil is daichead uaidh (Prl. 5938) dar dáta 9 Nollaig 1976.


3. Cosúil leis na tograí eile Comhphobail maidir le dlí cuideachtaí tá dréacht an tSeachtú Treoir bunaithe ar Airteagal 54 (3)(g) de Chonradh na Róimhe agus tá de chuspóir leis srianta ar shaoirse bhunaíochta a dhíothú.


Réim an Togra

4. Tá sé mar phrionsabal i reachtaíocht roinnt Ballstát agus Éire ina measc, gur cheart a cheangal ar chuideachtaí atá i gcomhlachas le chéile mar ghrúpa grúpchuntais nó cuntais chomhdhlúite a thabhairt ar aird. Is é cuspóir na Treorach beartaithe córas rialacha Comhphobail a bhunú i leith cuntais den sórt sin a gcaithfidh reachtaíocht na mBallstát gabháil dá réir. Baineann príomh-fhorálacha an togra le (1) grúpa a shainmhíniú, (2) feidhm maidir le comhpháirtíochtaí agus trádálaithe aonair, (3) feidhm maidir le bainc agus cuideachtaí árachais, (4) cuntais foghrúpaí atá le cuideachtaí ceannais (a) laistigh agus (b) lasmuigh den Chomhphobal agus (5) modhanna chun grúpchuntais a tharraingt suas.


Grúpaí lena mbainfeadh an Treoir

5. Maidir leis na modhanna agus na teicníochtaí chun cuntais a chomhdhlúthú, cé go bhfuil siad ábhar dólubtha b’fhéidir, níl difear bunúsach idir iad féin agus iad sin a bhíonn á gcur i bhfeidhm in Éirinn faoi láthair. Ach sa mhíniú atá inti ar cad is grúpa ann agus cén sórt fiontair ar chóir dóibh grúpchuntais a thabhairt ar aird, thabharfadh an Treoir bheartaithe coincheap isteach atá nua ar fad sa mhéid a bhaineann le hÉirinn.


6. Faoi Acht na gCuideachtaí, 1963 tá sé de cheangal ar chuideachta shealbhaíochta grúpchuntais a ullmhú a dhéileálfaidh le staid chúrsaí agus le brabús nó caillteanas na cuideachta agus a fochuideachtaí (alt 150). De réir chleachtadh na hÉireann féachtar ar a ghrúpchuntais mar leathnú ar chuntais na cuideachta sealbhaíochta—coincheap dá ngairtear “coincheap leathnúcháin na máthairchuideachta”. Sa mhéid a bhaineann le dlí na hÉireann agus an Ríochta Aontaithe is é an caighdeán faoi cad is grúpa ann cumhacht rialaithe agus is cuma an ndéanann nó nach ndéanann an chuideachta shealbhaíochta é a ghlacadh de rogha feidhm ghníomhach a bhaint as an gcumhacht rialaithe sin. Tá cumhacht rialaithe ann má shealbhaíonn cuideachta shealbhaíochta níos mó ná leath scairchaipitil chothromais chuideachta eile nó má shealbhaíonn sí níos mó ná leath luach ainmniúil na scaireanna a iompraíonn cearta vótála nó má tá urlámh aici ar chomhdhéanamh an bhoird stiúrthóirí ar aon bhealach eile. Má bhíonn cuideachta shealbhaíochta í féin ina fochuideachta ag cuideachta eile agus ar lán-úinéireacht aici is leis an gcuideachta eile sin an chumhacht rialaithe. Sin é an caighdeán rialaithe a leantar sa Chaighdeán Cuntasaíochta Idirnáisiúnta ar Chuntais Chomhdhlúite.


7. Chun críocha na Treorach beartaithe tá grúpa bunaithe nuair atá uasghnóthas ann agus gnóthas nó dhó eile ag brath air atá faoi bhainistíocht aige ar fhoras bainistíochta láir aontaithe nó nuair atá bainistíocht den sórt sin ann gan aon cheangal spleáchais. Bheadh toimhde infhrisnéise ann go bhfuil uasghnóthas ar marthain nuair atá scairshealbhán tromlaigh aige, nó cumhacht vótála tromlaigh nó cumhacht chun níos mó ná leath na stiúrthóirí nó na mbainisteoirí i gcuideachta spleách a cheapadh. Is é an smaoineamh atá ann an fhíric gheilleagair nó an t-aonad geilleagair a aithint a bhíonn laistiar de rud a dhealraíonn a bheith ina chruinniú gnóthas atá neamhspleách de réir dlí. Is é cuspóir atá leis na grúpchuntais, ní amháin léargas fíorcheart a thabhairt ar an máthairchuideachta ach thairis sin fós eolas a thabhairt i dtaobh an ghrúpa i gcoitinne do dhaoine a bheadh bainteach nó leasmhar in imeachtaí chomhghnóthais laistigh den ghrúpa.


8. Tá sé curtha in iúl don Chomhchoiste go mbeadh sé ina chúis mhórdheacrachta in Éirinn dá ndéanfaí, sa chuntasaíocht, coincheap eintitis gheilleagair na Treorach beartaithe a chur in ionad choincheap leathnúcháin na máthairchuideachta atá cumhdaithe in Acht na gCuideachtaí, 1963. Tugann an Comhchoiste dá aire nach ndearnadh, d’aontoisc, aon iarracht sa Treoir bheartaithe chun míniú a thabhairt ar choincheap na bainistíochta láir aontaithe, toisc go mb’fhearr leis an gCoimisiún, de réir dealraimh, míniú geilleagrach ná míniú dlíthiúil. Tá imní ar an gCoiste go dtiocfaidh de sin go mbeidh éiginnteacht ann á chinneadh cad iad na cuntais atá le comhdhlúthú. I ndáil leis sin tugann sé dá aire go bhfuil toimhdí, a mbeadh marthain ghrúpa ag brath orthu, go bhfuil siad infhrisnéise agus chítear don Choiste go mb’fheidir go dtógfadh sé cuid mhaith dlíthíochta sula bhfeicfí cén fhianaise infhrisnéise ba leor.


9. Is dóigh leis an gComhchoiste go bhfuil coincheap leathnúcháin na máthairchuideachta simplí, oibiachtúil agus follasach. Tá sé curtha in iúl dó go bhfuil glacadh idirnáisiúnta níos fairsinge leis an gcoincheap sin ná mar atá le coincheap an eintitis gheilleagair, rud nach bhfuil ach aitheantas teoranta bainte amach aige i roinnt tíortha CEE. Dá bhrí sin creideann an Comhchoiste go mb’fhearr de fhoras é ná coincheap an eintitis gheilleagair chun an dlí maidir le grúpchuntais a chomhordú sa Chomhphobal agus molann an Comhchoiste nár chóir é a chur de leataobh go héasca.


Comhpháirtíocht agus Trádálaithe Aonair

10. Tá sé curtha in iúl don Chomhchoiste go bhféadfadh grúpa, chun críocha na Treorach beartaithe, a bheith comhdhéanta de ghnóthais seachas comhlachtaí corpraithe agus go bhféadfadh daoine nádúrtha a bheith ar áireamh orthu, ar choinníoll gur cuideachta theoranta aon chomhalta áirithe den ghrúpa. Níl aon fhoráil i ndlí na hÉireann á cheangal ar thrádálaithe ar leithligh nó ar ghnóthais neamhchorpraithe cuntais bhliantúla a ullmhú agus a fhoilsiú cé nach foláir do Chara-Chumann, nach comhlacht corpraithe, tuairisceáin airgeadais a thabhairt do Chláraitheoir na gCara-Chumann a bhíonn ar fáil le haghaidh a n-iniúchta ag an bpobal. Molann an Comhchoiste go bhfágfaí é faoi dhlí náisiúnta gach Ballstáit a chinneadh ar cheart trádálaí aonair nó comhpháirtíocht a áireamh mar ghnóthas chun críche na Treorach beartaithe.


Fochuideachtaí ar úinéireacht iomlán

11. Ceanglaíonn Airteagal 6(2) den dréacht-Treoir go gcaithfidh ní amháin grúpaí ach foghrúpaí freisin cuntais chomhdhlúite a thabhairt nuair a bhíonn grúpa eagraithe ar leibhéil éagsúla agus nuair a bhíonn uascheannas ar ghrúpaí eile trí idirmheán grúpa spleáigh. D’fhéadfadh sé sin a bheith ina oibleagáid rí-throm i gcúinsí áirithe nuair nach léir cén gá a bheadh leis. In Éirinn ní gá grúpchuntais a thabhairt nuair is fochuideachta ar úinéireacht iomlán de chuid comhlachta Éireannaí eile an chuideachta shealbhaíochta. Measann an Comhchoiste gur cheart go lamhálfadh an Treoir go leanfaí den díolúine sin.


Cáilmheas

12. Cheanglódh an dréacht-Treoir go gcaithfí aon cháilmheas ginearálta, nach mbaineann le haon sócmhainn áirithe, a dhíscríobh laistigh de chúig bliana nuair a bheadh grúpchuntais á dtarraingt suas. Fuair réamhtheachtaí an Chomhchoiste sa seachtú tuarascáil is daichead uaidh (Prl. 5938) den 9 Nollaig 1976, fuair sé locht ar fhoráil cosúil leis sin sa dréacht den Cheathrú Treoir. Tuigtear dó go n-aontaíonn an Coimisiún leis an togra deiridh sin a leasú chun go lamhálfaí cáilmheas a dhíscríobh thar tréimhse a ré geilleagair agus molann sé go leasófaí amhlaidh dréacht an tSeachtú Treoir.


Dualgais Iniúchóra

13. Cheanglódh an Treoir Bheartaithe orthu sin atá freagrach in iniúchadh grúpchuntas a fhíorú go gcaithfidh tuarascáil bhliantúil an ghrúpa sonraí a thabhairt, inter alia, i dtaobh na forbartha ba dhócha a thiocfadh faoin ngrúpa san am le teacht. Tá sé curtha in iúl don Chomhchoiste nach bhféadfadh gairm na hiniúchóireachta sa tír seo glacadh leis an gceanglas go gcaithfeadh iniúchóirí tuarascáil a thabhairt ar réamhaisnéis. Aontaíonn an Comhchoiste leis an seasamh sin agus molann sé go leasófaí go hoiriúnach an Treoir bheartaithe chun a chinntiú nach nglacfaidh iniúchóirí freagracht ar bith maidir le réamhaisnéisí.


Buíochas

14. Le linn don Chomhchoiste a bheith ag breithniú dréacht an tSeachtú Treoir bhí sé de bhuntáiste aige comhairle a fháil, ó bhéal agus i scríbhinn, ó Chomhairlí comhchomhaltais Choiste Comhairleach na gComhlachtaí Cuntasaíochta, is iadsan le rá, Institiúid na gCuntasóirí Cairte in Éirinn, Comhlachas na gCuntasóirí Deimhnithe agus Institiúid na gCuntasóirí Costas agus Bainistíochta. Fuair sé mórchúnamh freisin as meabhrán ó Chomhlachas na Mionghnólachtaí (laistigh de Chónaidhm Thionscail na hÉireann). Ba mhaith leis a bhuíochas croí a ghabháil leis na comhlachtaí sin.


(Sínithe) MARCUS MAC GIOLLA FHIONNTÁIN.


Chathaoirleach an Chomhchoiste.


3 Bealtaine, 1978.