Committee Reports::Report No. 10 - Youth Employment::03 May, 1978::Report

TUARASCÁIL

Réamhrá

1. Tar éis a chruinnithe an 28 agus 29 Meitheamh 1977 d’íarr Comhairle na hEorpa ar an gComhairle Gnóthaí Sóisialta breithniú féachaint cén comharbheartaíocht ba ghá le plé le fadhb na dífhostaíochta struchtúrtha i gcás daoine óga. D’eisigh an Coimisiún Cumarsáid [R/2480/77 (Soc 262)] an 20 Deireadh Fómhair 1977 mar fhoras do chaibidil na faidhbe ag an gComhairle agus tá sé sin á breithniú ag an gComhchoiste le tamall.


2. Rinne an Chomhairle caibidil tosaigh ar an gceist ar chruinniú an 28 Deireadh Fómhair 1977 agus d’iarr sí ar an gCoimisiún tograí mionchruinne a chur i láthair. Ar an 10 Aibreán 1978, mar chéad fhreagra ar an iarratas sin, chuir an Coimisiún tograí foirmeáilte isteach le haghaidh (a) Rialachán ón gComhairle maidir le cúnamh nua ó Chiste Sóisialach na hEorpa a bhunú i leith daoine óga agus (b) Cinneadh ón gComhairle ag Leasú Cinneadh 75/459/CEE, arna leasú le Cinneadh 77/802/CEE, ar ghníomh ag Ciste Sóisialach na hEorpa ar son daoine a bhfuil deacraí fostaíochta ag luí orthu.


Fairsinge na Faidhbe sa Chomhphobal

3. Dúshlán ollmhór ar Chomhphobal na hEorpa is ea an méadú atá tagtha ar dhífhostaíocht na n-óg. Gach bliain ó 1969 (ach bliain amháin) tháinig méadú sa Chomhphobal go huile ar mhéid na ndaoine óga faoi bhun 25 bliana atá dífhostaithe agus ar chionúireacht na ndaoine óga sin imeasc líon iomlán na ndaoine dífhostaithe. Mhéadaigh líon na ndaoine óga dífhostaithe sa tréimhse sin ó 400,000 go dtí dhá mhilliún agus tá an chionúireacht daoine óga imeasc na ndaoine dífhostaithe tar éis méadú ó 24% go dtí 37% cé nach bhfuil iontu ach 17% den daonra oibre. Tá ráta dífhostaíochta na ndaoine óga faoi bhun 20 tuairim trí oiread níos airde ná an meán foriomlán agus í gcás daoine idir 20 agus 25 bliana is airde an ráta de dhá oiread beagnach ná an meán foriomlán.


4. Thaispeánfadh an taifeach a rinne an Coimisiún ar na cúiseanna atá le dífhostaíocht na n-óg, ar leithligh ó fhadhb chomhchoiteann an chúlaithe, go ndearnadh an scéal níos measa mar gheall ar an mbreis ban óg atá ag glacadh fostaíochta agus líonmhaireacht na nglún óg atá ag teacht ar an margadh saothair. Is é tuar an Choimisiúin don Chomhphobal go huile go mbeidh líon na ndaoine óga a shroichfidh 16 bliana d’aois ag dul i méid go rialta suas go dtí 1980 agus go mbeidh sé ag dul i laghad go mall ó 1983 amach.


Dífhostaíocht na nÓg in Éirinn

5. Thaispeáin suirbhéireacht fórsa saothair CEE samplach a rinneadh in Éirinn i 1975 go raibh beagnach 50% den daonra iomlán faoi bhun 25. B’ionann dífhostaíocht san aoisghrúpa seo agus 43.6% den dífhostaíocht iomlán cé nach raibh iontu ach 30% den fhórsa saothair. Ní maith an chomparáid é sin le meán 37% an Chomhphobail atá ina ábhar imní chomh mór sin sna Ballstáit uile. Tuigtear don Chomhchoiste ó shuirbhéithe ar lucht fágála scoile atá á ndéanamh ag an Roinn Saothair ó 1975 nach bhfuil aon athrú an-mhór tagtha ó shin ar an gcionúireacht daoine dífhostaithe faoi bhun 25 bliana d’aois i measc iomlán na ndaoine dífhostaithe.


6. Dá bhrí sin tá cheana féin cor níos measa go mór ar dhífhostaíocht na n-óg in Éirinn ná mar atá sa chuid eile den Chomhphobal. Ar an bhfianaise atá ann faoi láthair is measa go mór an tuar anseo ná i mBallstáit eile. I dtíortha ar nós na Fraince agus na Gearmáine is féidir a rá gurbh é tús agus tionscnamh na géarchéime na daoine sin a theacht ar an margadh saothair a saolaíodh tráth a bhí na breithrátaí ard sna blianta tar éis an chogaidh san am céanna a bhí an dream sin ag scor a saolaíodh i rith an Chéad Chogaidh Dhomhanda tráth a bhí na breithrátaí i bhfad níba ísle ná mar ba ghnách. Mar atá luaite cheana is é tuar an Choimisiúin go dtiocfaidh laghdú ar an líon daoine a shroichfidh 16 sa Chomhphobal go huile ó 1983 amach. Tá sé curtha in iúl don Chomhchoiste go dtugann bunghnéithe daonghrafacha le fios anseo go mbeidh fás níos tacúla ar dhaonra gníomhach na hÉireann, á ghlacadh leis nach n-atosóidh an mhór-imirce. Táthar in ionchas, ón imeacht atá ar rudaí faoi láthair, go mbeidh sé fiche bliain sula mbeidh an méid daoine a bheidh ag scor ón bhfórsa saothair ar cothrom leis an méid a bheidh ag dul isteach ann. Dá dhroim sin ní hamháin go bhfuil an fhadhb in Éirinn níos géire ach go mairfidh sí níos faide ann ná sa chuid eile den Chomhphobal.


Cúnamh Comhphobail Láithreach

7. Lasmuigh de dheontais le haghaidh gairmoiliúna ní fhaightí go dtí seo cúnamh airgid ó Chiste Sóisialach na hEorpa go sonrach mar chabhair chun daoine óga a fhostú. Sa Chumarsáid uaidh foilsíonn an Coimisiún go bhfuil an Ciste tar éis breis agus 280 milliún A.C. a dháileadh ó 1975 mar chabhair le haghaidh cláir ghairmoiliúna do dhaoine óga dífhostaithe. Sa tréimhse chéanna, áfach, fuarthas iarratais ar chúnamh a rachadh san iomlán thar 600 milliún A.C. Toisc nach bhfuil go leor airgid ann níl deontais á dtabhairt ach amháin (i) le haghaidh cláir oiliúna do dhaoine óga atá ag lorg a bpost tosaigh agus (ii) i 1977 le haghaidh cláir ullmhúcháin ghairmoideachais do dhaoine óga nach bhfuil aon cháilíochtaí oideachais acu nó le haghaidh cláir oiliúna i gceirdeanna sonraithe ina bhfuil ganntanas oibrithe.


Beart ag Ballstáit

8. Le blianta beaga anuas tá beart díreach éigin déanta ag na Ballstáit go léir ar mhodhanna éagsúla agus i gcéimeanna éagsúla chun fostaíocht daoine óga a spreagadh. De réir an Choimisiúin rinneadh an beart sin ar dhá mhodh, eadhon:—


(a)préimheanna earcaíochta i bhfoirm íocaíochtaí díreacha le fostóirí nó laghdú ar ranníocaí slándála sóisialaí, agus an phréimh a dheonú i leith tréimhse theoranta (sé mhí de ghnáth) i gcás gach oibrí breise a hearcaíodh,


(b)fóirdheontais le haghaidh clár ar cuid díobh daoine óga a earcú le haghaidh postanna nua i gcomhthéacs gníomhaíochtaí nó seirbhísí ar mhaithe leis an bpobal.


9. Taispeánann an meastachán sealadach is déanaí a tharraing an Coimisiún suas gurbh ionann na bearta náisiúnta sin agus tuairim 350 milliún A.C. a chaitheamh go bliantúil ag cabhrú le tuairim 220,000 daoine óga a fhostú.


Moltaí an Choimisiúin

10. Sa chumarsáid uaidh faoi dháta 20 Deireadh Fómhair, 1977 rinne an Coimisiún ceithre mholadh áirithe le haghaidh tuilleadh birt ag an gComhphobal do chabhrú le dífhostaíocht na n-óg a réiteach. Is iad sin (a) cúnamh airgid ón gComhphobal chun poist nua a chur ar fáil trí bhíthin gnóthais san earnáil phríobháideach, (b) páirtíocht airgeadais i gcláir chun poist a bhunú san earnáil phoiblí, (c) dlús a chur le cúnamh Comhphobail d’oiliúint iarscoile agus (d) tacaíocht Chomhphobail le hinstitiúidí margadh saothair a fhorbairt. D’fhág an Coimisiúin gan chinneadh an cheist i dtaobh ar tríd an gCiste Sóisialach nó ar bhealach eile ba cheart an cúnamh a mhaoiniú. Sa bhreithniú tosaigh a rinne an Chomhairle ar an ábhar, áfach, tháinig sí ar an tuairim go mba mhaith an rud foirm chúnaimh nua a bhunú laistigh de ghréasán an Chiste Shóisialaigh.


Tograí Reachtaíochta an Choimisiúin

11. De réir na dtograí a rinne an Coimisiún mí Aibreáin 1978 níor mhór cabhair ó Chiste Sóisialach na hEorpa a leathnú chun baint le caiteachas (i) ar fhóirdheontais fostaíochta i leith daoine óga faoi bhun 25 a bheidh gnóthais san earnáil táirgeachta tar éis a earcú agus (ii) maidir le páchostais do dhaoine óga faoi bhun 25 i ndáil le cláir nua-bhunaithe ar mhaithe leis an bpobal. Bheadh an caiteachas cáilitheach le haghaidh cúnaimh faoi theorainn na n-uasmhéideanna seo a leanas:—


Préimheanna earcaíochta—30 ACE (£20.25) an duine sa tseachtain ar feadh 26 sheachtain.


Cláir fhostaíochta—60 ACE (£40.50) an duine sa tseachtain ar feadh 52 sheachtain.


Is é an ranníoc uasta a híocfaí as an gCiste faoi chomhair an chaiteachais seo 55% i gcás na hÉireann, Tuaisceart Éireann, na Graonlainne, Roinne na Fraince Thar Lear agus Mezzogiorno agus 50% i gcás na coda eile den Chomhphobal. De réir luach reatha an ACE is é an cúnamh uasta a bheadh ar fáil d’Éirinn ón gCiste—


Préimheanna Earcaíochta—tuairim £11 an duine as tseachtain ar feadh 26 sheachtain ar a mhéid.


Cláir fhostaíochta—tuairim £22 an duine sa tseachtain ar feadh 52 sheachtain ar a mhéid.


12. Tá na rialacha a dhéanann rialú ar chúnamh ó Chiste Sóisialach na hEorpa leagtha amach san Fhoscríbhinn a ghabhann leis an Tuarascáil seo. Molann an Coimisiún go bhféadfar an cúnamh nua le haghaidh poist a chur ar fáil faoi Airteagal 4 nó Airteagal 5 de Chinneadh 71/66/CEE, arna leasú le Cinneadh 77/801/CEE. Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún é a chinntiú, i gcomhar leis na Ballstáit, go roinnfear tionscadail idir dhá limistéar idirghabhála maille le haird chuí a thabhairt ar chúinsí buiséadachta.


13. Is é léargas an Choimisiúin nach dtabharfaí cabhair ach amháin i leith réigiún inar airde dífhostaíocht na n-óg ná meán an Chomhphobail di agus i leith réigiún ina bhfuil ráta dífhostaíochta na n-óg cuid mhaith níos airde ná an meán náisiúnta. Measann sé dá réir sin, ar a shon go bhféadfaí a rá go bhfuil tuairim leath an 1 mhilliún daoine óga dífhostaithe atá sa Chomhphobal cáilithe le haghaidh cúnaimh, nach bhfaigheadh a thairbhe ach timpeall le deich faoin gcéad.


An Costas

14. Measann an Coimisiún gur 110, 165 agus 225 milliún ACE na gealltanais bhuiséid a bheidh ann i 1979, i 1980 agus 1981 faoi seach. Is é a thuairim go mbeadh suas le 40, 100, 170 agus 190 milliún ACE le híoc i 1979, i 1980, i 1981 agus i 1982 agus blianta dá éis sin faoi seach. Roinnfí leathreasaí buiséid go cothrom idir an dá earnáil lena mbaineann Airteagal 4 agus Airteagal 5 de Chinneadh 71/66/CEE.


Tuairimí an Chomhchoiste

15. Dhealródh sé ón iarratas uaithi ar thograí mhionsonraithe go nglacann an Chomhairle le prionsabal cúnaimh i gcomhréir leis an méid atá sa chumarsáid ón gCoimisiún an 20 Deireadh Fómhair 1977. Is é tuairim an Chomhchoiste faoi ghealltanas an Chomhphobail i ndáil le prionsabal an chúnaimh le haghaidh fóirdheontais pá le fostaíocht a chur ar aghaidh gur leagan fíor-thábhachtach nua é ar an scéal ar maith go mór leis an gComhchoiste é. Ach measann sé nach leor na leathreasaí buiséid tosaigh a moladh. Nuair a chuimhnítear go bhfuil na Ballstáit ag caitheamh 350 milliún ACE sa bhliain cheana féin ní dóigh gur ar éigin a réiteoidh an ranníoc atá beartaithe a d’íocfadh an Comhphobal an fhadhb, cé gur maith ann é.


16. B’fhearr leis an gComhchoiste dá ndéanfaí an cúnamh atá molta a sholáthar faoi cheannteideal speisialta i gCiste Sóisialach na hEorpa agus gan é bheith le meas é bheith faoi bhrí Airteagal 4 ná Airteagal 5 de Chinneadh 71/66, arna leasú. Ach mura féidir glacadh leis sin, tá súil ag an gComhchoiste nach laghdófar cúnaimh láithreacha, go háirithe iad sin in earnáil Airteagal 5.


17. Creideann an Comhchoiste go bhféadfaí dálaí fostaíochta daoine óg a fheabhsú dá bhféadfaí cóir níos fearr a chur ar chúrsaí gluaiseachta lucht saothair a mhéid a bhaineann le dreamanna faoi 35 bliana d’aois de dhaoine a bhfuil cáilíochtaí teicnice agus gairme agus taithí acu. Ba cheart go mbeadh tothlú ar fáil a thabharfadh ugach do dhaoine den sórt sin éirí as fostaíocht chinnte agus gnóthais nua a bhunú. Bheadh na poist a fhágfaí folamb ar an gcuma sin ar fáil ag daoine óga cuí-oilte a bheadh tar éis teacht ar mhargadh an tsaothair. Ina theannta sin, chuirfeadh na daoine sin féin tuilleadh fostaíochta ar fáil sna gnóthais a bhunóidís. Is é cuspóir togra an Choimisiún fostaíocht a fhairsingiú tríd an dream ard-cháilithe sin a ghríosadh chun tionscantais, treallúis agus nua-chruthúnais. Is é tuairim an Chomhchoiste gur cheart go gcuirfeadh an Comhphobal cúnamh den sórt sin ar fáil le haghaidh fiontar nua den sórt sin tríd an gCiste Réigiúnach agus go mbeadh cúnamh le fáil ón gCoiste Sóisialach le cúiteamh a dhéanamh in aon chearta pinsean a chaillfí de bharr na gluaiseachta saothair sin.


Clár Oiliúna

18. Tá, freisin, i gcumarsáid an Choimisiúin, togra go neartófaí cúnamh an Chomhphobail do chláir oiliúna iarscoile le haghaidh daoine óga. Tá an sórt sin cúnaimh á chur ar fáil cheana féin faoi Rialacháin an Chiste Shóisialaigh agus níor ghá aon ghníomh reachtach ag an gComhphobal lena mhéadú. Is é tuairim an Choimisiúin gur cheart tosaíocht speisialta a thabhairt d’oiliúint iarscoile, agus taithí oibre ar feadh tréimhse a bheith mar chuid di, le linn acmhainní an Chiste Shóisialaigh a bheith á ndáil agus gur cheart acmhainní breise a sholáthar don Chiste le haghaidh na hoiliúna sin. Tá glactha ag an gComhairle le prionsabal thogra an Choimisiúin agus tá iarrtha aici air bearta a cheapadh, laistigh de réim Chiste Shóisialaigh na hEorpa, le neartú leis an gceangal idir oiliúint iarscoile agus fostú daoine óga. Ach níor ghabh sí uirthi féin acmhainní breise a sholáthar faoi chomhair na mbeart sin.


19. Glacann an Comhchoiste go hiomlán lena thábhachtaí atá cláir oiliúna iarscoile le daoine óga a ullmhú le haghaidh fostaíochta agus tacaíonn sé leis an tuairim faoi thuilleadh chúnaimh ón gComhphobal le haghaidh clár den sórt sin. Mar sin féin measann sé nár mhór an mhaith é dá mba lú de mhéid an chúnaimh a thabharfaí le haghaidh na gclár sin an méid cúnaimh a thabharfaí le haghaidh clár eile ar mhaithe le daoine óga agus measann sé nach mór roinnt mhór acmhainne breise a chur ar fáil don Chiste Sóisialach.


Institiúidí Margaí Saothair a Fhorbairt

20. Tugann an Comhchoiste dá aire go molann an Coimisiún go spreagfaí na Ballstáit chun na hinstitiúidí sin dá gcuid atá freagrach i mbainistí margaí saothair, is é sin, seirbhísí oiliúna agus fruilchuir, a neartú, Tá molta ag an gComhairle don Choimisiún aon ghníomh a dhéanamh chuige sin is féidir a dhéanamh agus comhar a chothú idir na hinstitiúidí margaí saothair sna Ballstáit.


21. Ba mhaith go mór leis an gComhchoiste dá leathnófaí na seirbhísí oiliúna agus fruilchuir ionas gur fearr a d’fhéadfaí déileáil le fadhb fostaíochta daoine óga agus ba mhéanar leis comhar níos fearr a bheith idir na hinstitiúidí sin sna Ballstáit. Is feasach é, gan amhras, forás mór leanúnach a bheith faoi fheidhm na hoiliúna, go háirithe in Éirinn, agus go bhfuil dlús curtha lena cumas oiliúna dírí a mhéadú tuilleadh i mbliana, de thuairim is 20 faoin gcéad thar mar bhí i 1977. Tá gealltanas sa Pháipéar Bán a foilsíodh tá scathamh gearr ó shin, go leanfar, suas go dtí 1980, de na saoráidí oiliúna a mhéadú.


22. De réir a mar thuigeann an Comhchoiste, mhoilligh an bang a bhí, le roinnt bheag blianta, ar phoist nua a bhunú sa tseirbhís phoiblí forbairt na feidhme fruilchuir atá á hoibriú ag an tSeirbhís Náisiúnta Daonchumhachta. Tá curtha in iúl dó gur baineadh an bhacainn sin i lár na bliana 1977 agus go bhfuil dlús curtha le foireann bhreise a earcú. Ina theannta sin, tá curtha i bhfios dó go bhfuil pleananna ceaptha freisin le méadú ar an tSeirbhís sin in imeacht na tréimhse suas go dtí 1980.


23. Maidir le comhar idir na hinstitiúidí margaí saothair sna Ballstáit, tá curtha in iúl don Chomhchoiste go bhfuil caibidlíocht ar siúl le scathamh idir ionadaithe ó sheirbhísí fruilchuir na mBallstát agus an Coimisiún de rún feabhsuithe a dhéanamh. Tá curtha in iúl ag an gCoimisiún go bhfuil, laistigh de réim SEDOC (an córas Eorpach imréitigh idirnáisiúnta folúntas agus iarratas ar fhostaíocht), clárlann gníomhaíochta gairme agus gairmeacha ullmhaithe le haghaidh úsáide na seirbhísí náisiúnta fruilchuir. Tá tosaithe ag an gCoimisiún ag cur chórais SEDOC i ngníomh le cabhair ó na córais náisiúnta fruilchuir le gluaiseacht lucht saothair ar fud tíortha an Chomhphobail a éascú.


Díospóireachtaí sna Tithe

24. Creideann an Comhchoiste gur tograí rí-thábhachtacha maidir le hÉirinn tograí an Choimisiúin maidir le cabhair ón gComhphobal le fóirdheontais a thabhairt i ndáil le pá mar nach é amháin gur dócúla fadhb fostaíochta na ndaoine óga in Éirinn ach gur cosúla dó bheith níos buaine ann ná in aon áit eile ar fud an Chomhphobail. Is é a thuairim gurbh iomchuí do na Tithe go n-athscrúdóidís, mar gheall ar na tograí sin ón gCoimisiún, na bearta éagsúla atá á ndéanamh faoi láthair sa tír seo le tuilleadh deiseanna fostaíochta a chur ar fáil. Dá réir sin, molann sé go dtabharfaí deis go luath do gach Teach an t-ábhar a phlé agus lena dtuairimí a thabhairt ar thograí an Choimisiúin.


Admháil

25. Le linn don Chomhchoiste a bheith ag breithniú cumarsáid an Choimisiúin faoi fhostaíocht do dhaoine óga fuair sé cúnamh an-mhór ar fad ó Chumann Oibrithe Iompair agus Iltsaothair na hÉireann agus ó Chónaidhm Thionscail na hÉireann agus ba mhaith leis fíorbhuíochas a ghabháil leis an dá chomhlacht sin.


26. Thrácht comhaltaí an Chomhchoiste freisin ar thograí an Choimisiúin leis an Dr. Breandán Breathnach, an Institiúid Taighde Eacnamaíoch agus Sóisialach. Ba mhaith leis an gComhchoiste a chur in iúl go bhfuil sé an-bhuíoch faoin gcomaoin a chuir an Dr Breathnach air ag cur torthaí a thaighde ar fáil láithreach mar a chuir sé.


27. Tá le haithris, freisin, gur ghlac na comhaltaí den Chomhchoiste a chuaigh don Bhruiséil, ar chuireadh ón gCoimisiúin, ón 19 go dtí an 21 Márta, 1978, leis an deis a bheith acu trácht ar an ábhar le hoifigeach de chuid an Choimisiúin. Ba mhaith leis an gComhchoiste buíochas a ghabháil leis an gCoimisiún as ucht na faisnéise fíor-eolasaí a fuair sé.


(Sínithe) MARCUS MAC GIOLLA FHIONNTÁIN,


Cathaoirleach an Chomhchoiste.


3 Bealtaine, 1978.