Committee Reports::Interim and Final Report - Appropriation Accounts 1975::09 March, 1978::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

Proceedings of the Committee

Déardaoin, 9 Márta, 1978.

Thursday, 9th March, 1978.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Ó Tuathail (i gCeannas), na Teachtaí U. Ó Brádaigh, V. de Valera, Ó Ciaragáin, Ó Murghaile, C. Ó Murchú, agus Mac Giolla Choille.


3. Rinne an Coiste breithniú.


4. Breithniú na gCuntas Leithreasa 1975


Athchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa don tréimhse 1 Eanáir 1975 go 31 Nollaig 1975. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:—


Tithe an Oireachtais, Luacháil agus Suirbhéireacht an Ordanáis, Rátaí ar Mhaoin Rialtais, Oibreacha agus Foirgnimh Phoiblí, Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim.


5. Finnéithe a Ceistíodh


Ceistíodh M. Ó hÉalaithe (Cléireach na Dála), D. Ó Riain (Coimisinéir Luachála), S. S. Mac Cárthaigh (Cathaoirleach, Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí), S. Mac Risteáird (Cathaoirleach, Na Coimisinéirí Ioncaim) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


6. Athlá


Chuaigh an Coiste ar athló ar 12.50 p.m. go dtí 11 a.m. Déardaoin seo chugainn.