Committee Reports::Interim and Final Report - Appropriation Accounts 1975::02 February, 1978::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

Proceedings of the Committee

Déardaoin, 2 Feabhra, 1978.

Thursday, 2nd February, 1978.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Ó Tuathail (i gCeannas), na Teachtaí Mac Aindriú, Béalatún, Ó Brádaigh, de Valera, Ó Cinnfhaolaidh, Ó Ciaragáin, Ó Murghaile, Ó Murchú, Ó Briain agus Mac Giolla Choille.


3. Rinne an Coiste breithniú.


4. Breithniú na gCuntas Leithreasa 1975


Athchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa don tréimhse 1 Eanáir 1975 go 31 Nollaig 1975. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:—


An Dánlann Náisiúnta, Oifig an Aire Oideachais, Bunoideachais, Meánoideachas, Gairmoideachas, Teaghlaigh Chónaithe agus Scoileanna Speisialta, Ardoideachas.


5. Finnéithe a Ceistíodh


Ceistíodh an Dochtúir S. de Faoite (Stiúrthóir, An Dánlann Náisiúnta), D. Ó Laoghaire (Rúnaí, An Roinn Oideachais), C. Mac Craith (An Roinn Airgeadais) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


6. Athlá


Chuaigh an Coiste ar athló ar 12.45 p.m. go dtí 11 a.m. Déardaoin seo chugainn.