Committee Reports::Report No. 06 - Fixing of Representative Conversion Rates in Agriculture and Use of the European Unit of Account in Common Agricultural Policy::19 April, 1978::Appendix

FOSCRÍBHINN III

MODH AN ATHRAITHE ANONN

Bhreithnigh an Coimisiún trí mhodh ina bhféadfaí an t-athrú anonn a dhéanamh agus a d’fhéadfadh oibriú amach mar a leanas ar fhoras luachanna airgeadra i mí Eanáir, 1978:


(i) Athrú ar fhoras 1 ACE=AC. Chuirfeadh na rátaí uaine atá ann in áirithe go leanfadh praghsanna in airgeadraí náisiúnta gan athrú. (D’fhanfadh praghsanna in airgeadraí náisiúnta gan athrú faoi (ii) agus (iii) ina dhiaidh sin freisin ach níor mhór rátaí uaine a choigeartú chun é sin a chur in áirithe). Bheadh leibhéal an chomhphraghais (i.e. an leibhéal a bhfuil an Comhphobal ag comhfhogasú chuige, le coigeartuithe tréimhsiúla ráta uaine) bheadh sé 17.4% níos ísle ná mar atá faoi láthair. Bheadh an comhleibhéal praghsanna arna shonrú in ACE 8.4% níos ísle ná meán meáite na bpraghsanna náisiúnta láithreacha. D’athrófaí ó fhréimh dáileadh SCA. Bheadh SCA dearfacha ag formhór na mBallstát (i.e. muirir ar allmhairí agus fóirdheontais ar onnmhairí) agus bheadh an titim i SCA na Fraince, na hIodáile agus na Ríochta Aontaithe á chothromú le harduithe sna SCA eile go léir.


(ii) Athrú anonn ar fhoras 1 AC=1.21 ACE. D’fhágfadh sin leibhéal ainmniúil na gcomhphraghsanna 21% níos airde gan aon athrú a theacht ar an leibhéal fíor (i.e. bheadh an t-ordú ar luach ainmniúil an ACE ag feidhmiú in aghaidh an titim a thiocfadh, mura mbeadh sin, as luach an ACE a bheith 17.4% níos lú ná luach an AC).


Bheadh comhleibhéal na bpraghsanna in ACE 11.9% níos airde ná meán meáite na bpraghsanna náisiúnta láithreacha. Is ar éigin a thiocfadh athrú ar bith ar dháileadh na SCA.


(iii) Athrú anonn ar fhoras 1 AC= 1.1091 ACE. D’ardódh luach ainmniúil an leibhéil chomhphraghais ach thitfeadh an luach fíor 9.8%. Ba mhar a chéile an comhleibhéal praghsanna in ACE agus meán meáite na bpraghsanna náisiúnta láithreacha. D’athrófaí dáileadh na SCA ach ní dhéanfaí chomh bunúsach é agus dhéanfaí faoi (i).


Déantar comparáid sa tábla seo a leanas idir éifeachtaí SCA na dtrí rogha thuas agus leibhéal na SCA atá i bhfeidhm an 16 Eanáir.


 

SCA an 16 Eanáir 1978

Cás Barúlach

Cás Barúlach

Cás Barúlach

 

 

(1)

(ii)

(iii)

An Ghearmáin

..

+ 7.5%

+23.7%

+ 7.7%

+16.8%

An Bheilg/Luc

..

+ 1.4%

+18.3%

+ 1.1%

+10.9%

An Ísiltír

..

..

+ 1.4%

+18.1%

+ 0.9%

+10.6%

An Danmhairg

..

+ 0

+17%

-0.4%

+ 9.5%

Éire

..

..

- 2.1%

+14.4%

- 3.6%

+ 6.6%

An Fhrainc

..

-19.4%

+ 0.5%

-20.3%

- 8.6%

An Iodáil

..

..

-24.4%

- 3.2%

-24.9%

-12.6%

R.A.

..

..

-29.2%

- 8%

-30.7%

-17.8%

Faoi rogha (i) agus rogha (ii) mar atá leagtha amach thuas mhéadódh uimhir agus méid SCA dearfacha. Cé nach mbeadh aon éifeacht láithreach leis sin, dhéanfadh sé níos deacra fiú ná mar atá faoi láthair na SCA a chur ar ceal ar deireadh thiar toisc gur mó a ghoilleann coigeartuithe na SCA déarfacha ar na Ballstáit lena mbaineann mar gurb é a thagann astu laghdú ar phraghsanna táirgtheoirí. Ó thaobh na hÉireann de bheifí ag cur tathant orainn ár gcuid SCA a chéimniú as tri laghdú ar phraghsanna (nó trí mhéaduithe praghais níos lú in aghaidh na bliana) arb é a gcomhiomlán 14.4% faoi (i) agus 6.6% faoi (iii). Faoi (ii) ní bheadh aon athrú láithreach i ndáileadh na SCA.


I gcás praghsanna is í an phríomh-éifeacht a bheadh ag roghanna (i) agus (iii) laghdú a thabhairt láithreach ar leibhéal na bpraghsanna [de 17.4% faoi (i) agus de 9.8% faoi (iii) a bhfuil an Comhphobal ag comhfhogasú ina three. I gcás na hÉireann, faoi na socruithe AC láithreacha, dá gcuirfí SCA ar ceal thiocfadh dá chionn laghdú beag ar phraghsanna tacaíochta feirme (2% nó mar sin). Faoi chóras ACE le hathrú anonn ar raonta roghanna (i) nó (iii) thiocfadh, de chionn SCA a chur ar ceal, laghduithe ar phraghsanna tacaíochta de 14.4% (i) nó de 6.6% (iii). Faoi athrú anonn ar raon (ii) ní bheadh aon athrú láithreach ar an bpraghas-leibhéal fíor a bhfuiltear ag comhfhogasú na bpraghsanna ina threo. Á chur san áireamh go n-úsáidtear na hairgeadraí Comhphobail go léir ag ríomh an ACE, bheadh an praghas-leibhéal fadtéarmach fiú faoi (ii) níba ísle ná bheadh dá mba rud é gur in AC arna mbunú ar na hairgeadraí nathrach amháin a sonrófaí é.