Committee Reports::Report No. 10 - Youth Employment::03 May, 1978::Appendix

FOSCRÍBHINN

CÚNAMH Ó CHISTE SÓISIALACH NA hEORPA

1. Ciste Sóisialach na hEorpa

Bunaíodh Ciste Sóisialach na hEorpa faoi Airteagal 123 de Chonradh na Róimhe “chun go bhfeabhsófar na deiseanna ar fhostaíocht d’oibrithe sa Chómhargadh agus chun go gcuideofar amhlaidh leis an gcaighdeán maireachtála a ardú”. Cuireadh de chúram air “fostú oibrithe a éascú agus méadú a thabhairt ar a soghluaiseacht ó áit go chéile agus ó phost go chéile sa Chomhphobal.” Go gearr sular aontaigh Éire le CEE, tharla go ndearnadh athbhreithniú ar an gCiste. De thoradh an athbhreithnithe sin cuireadh Ciste athleasaithe ar bun faoi Chinneadh 71/66 (CEE) ón gComhairle, an 1 Feabhra 1971. Bhí sé i gceist go mbeadh i bhfad níos mó fuinnimh san ionstraim nua, is é sin, an Ciste Sóisialach nua mar a tugadh air, thar mar a bhí sa sean-Chiste agus go mbeadh tábhacht i bhfad ní ba mhó ag baint leis ag feidhmiú beartas fostaíochta sa Chomhphobal agus réimse i bhfad níos leithne aige. Tháinig an Ciste nua i ngníomh le héifeacht ón 1 Bealtaine 1972. Sin seacht mí roimh dháta aontachas na hÉireann leis an gComhphobal.


2. An Roinn Buiséadachta den Chiste

Is faoi réir bhuiséid sheasta a ghníomhaíonn an Ciste Sóisialach nua nó, le bheith níos cruinne, faoi thrí bhuiséad a chinntear roimh ré mar chuid de shocruithe buiséadachta an Chomhphobail go ginearálta gach bliain. Faoi réim na dtrí bhuiséad faoin gCiste nua tá na trí phríomhchineálacha tionscadal a tugadh isteach faoi Chinneadh na Comhairle 1971. Baineann dhá cheannteideal den bhuiséad le tionscadail de chuid Airteagal 4 agus Airteagal 5. Ainmnítear na tionscadail amhlaidh toisc gurb iad Airteagail Chinneadh 1971 a chuir tús leo. An cothrom idir leithreasaí faoi chomhair beartaíochta faoi Airteagal 4 agus faoi Airteagal 5 bíonn sé socruithe roimh ré leis an riail atá in Airteagal 9(2) de Chinneadh 71/66/CEE arna leasú le Cinneadh 77/801/CEE. Foráiltear leis an riail sin nach mbeidh an céatadán leithreasaí i leith idirghabhálacha maidir le hoibríochtaí faoi Airteagal 5(1) a chuirfear i gcrích i réigiúin dá dtagraítear in Airteagal 5(1)(a), níos lú in aon bhliain ar leith ná 50% de na leithreasaí uile a bheidh ar fáil. Leis an tríú ceannteideal buiséadachta nach bhfuil ann ach cuid i bhfad níos lú d’acmhainn uile an Ciste Shóisialaigh, tá sé beartaithe cuidiú le réamhstaidéir agus treoirscéimeanna. Tá feidhm fós ag an bpríomh-roinn sin ina thrí earnáil a dhéantar ar an gCiste. Mínítear sna míreanna seo a leanas na cineálacha oibríochtaí a áirítear i ngach earnáil.


3. Airteagal 4—Forálacha

Gheofar cúnamh ón gCiste i gcás go gcuirfear isteach, nó gur dóichí go gcuirfear isteach, ar staid na fostaíochta toisc gur ghlac an Chomhairle le bearta sonracha faoi chuimsiú beartais Chomhphobail nó mar gheall ar ghníomh ar a gcinnfear de thoradh comhaontaithe chun dlús a chur le cuspóirí an Chomhphobail a bhaint amach nó i gcaás go n-éilítear, sna dálaí fostaíochta, comhghníomh ar leith chun feabhas a chur ar staid soláthair agus éilimh oibre sa Chomhphobal. Ní mór na hearnálacha a bheidh cáilithe le aghaidh cúnaimh faoi Airteagal 4 a bheith ainmnithe go speisialta ag an gComhairle. Is féidir a rá, ar mhodh níos simplí, ach b’fhéidir le heaspa fíorchruinnis, go bhfónann Airteagal 4 d’fhadhbanna áirithe fostaíochta a éiríonn de dheasca beartas nó beartais éigin lena nglacann an Comhphobal, nó d’fhadhbanna atá forleathan ar fud an Chomhphobail.


4. Earnálacha a Ainmnítear faoi Airteagal 4

Faoi láthair, faoi Airteagal 4, tá cúig earnáil ainmnithe ag an gComhairle mar earnálacha atá cáilithe chun cúnamh a fháil ón gCiste. Seo mar a leanas, go hachomair, na hearnálacha agus na príomh-oibríochtaí a fhaigheann cúnamh ón gCiste faoi gach Cinneadh:


(i)Daoine sna tionscail teicstíleacha agus éadaí—athoiliúint faoi chomhair poist i dtionscail eile nó faoi chomhair malairt post i gcúrsaí teicstíleacha/éadaí


(ii)Daoine a fhágann an talmhaíocht—athoiliúint faoi chomhair poist lasmuigh den talmhaíocht


(iii)Oibrithe imirceacha—bearta oiliúna agus lánpháirtiúcháin d’imirceoirí a théann ó thír Chomhphobail amháin go chéile; bearta lánpháirtiúcháin nach mbaineann ach le himirceoirí ó lasmuigh den Chomhphobal


(iv)Daoine óga (faoi bhun 25 bliana)—scéimeanna, gairmoiliúint go príomha, chun cuidiú le daoine óga ar an margadh saothair fostaíocht a fháil; mar a tharlaíonn, ní thugtar cúnamh ach amháin do na daoine sin atá ag lorg poist den chéad uair


(v)Mná—scéimeanna do mhná os cionn 25 bliana a chaill a gcuid post agus atá ag lorg oibre den chéad uair, nó, ar bheith scortha d’obair dóibh le fada, atá gan cháilíochtaí nó ag a bhfuil cáilíochtaí nach bhfuil dóthanach agus dá ngairtear mná oilte agus leathoilte. Tá roinnt coinníollacha teorainniúcháin eile.


Ní téarmaí seasta téarmaí Chinntí na Comhairle a bhaineann le hearnálacha difriúla idirghabháil Airteagal 4 ach is é an bunchuspóir i ngach cás socrú a dhéanamh chun cúnamh ón gCiste a thabhairt faoi chomhair bearta a d’éascódh soláthar fostaíochta do dhaoine sna fadhb-earnálacha lena mbaineann.


5. Airteagal 5—Forálacha

Tá téarmaí Airteagal 5 leasaithe de thoradh athbhreithnithe ginearálta a rinneadh ar rialacha an Chiste i 1977 ach níl aon athrú tagtha ar a phríomhchuspóirí. Baineann sé le bearta a réiteodh fadhbanna fostaíochta nach n-éiríonn go díreach as aon bheartas sonrach Comhphobail nó nach bhfuil le fáil ar fud an Chomhphobail. Ceann de chuspóirí Airteagal 5 is ea cabhair a thabhairt chun déileáil le fadhbanna fostaíochta atá ina mbac ar fhorbairt chomhchuí an Chomhphobail. Faoin gceannteideal sin tá an príomhábhar atá faoi thrácht, is é sin, bearta a chuideodh le réiteach a fháil ar fhadhbanna fostaíochta i réigiúin ina bhfuil míochothrom i gcúrsaí fostaíochta ag cur as dóibh go mór agus le fad aimsire toisc gan lán-fhorbairt a bheith déanta orthu nó toisc laghdú a bheith ar a bpríomh-ghníomhaíochtaí. Tugtar tús áite, mar a tharlaíonn, d’oiliúint oibrithe dífhostaithe. Áirítear bearta áirithe freisin in Airteagal 5 lena mbeartaítear scileanna nua feabhsaithe a sholáthar d’oibrithe a bhfuil dochar déanta dá gcuid fostaíochtaí de dheasca dul chun cinn teicneolaíochta nó athruithe i gcúrsaí táirgthe nó margaíochta. Mar chríoch, baineann gné tábhachtach eile atá áirithe in Airteagal 5 le beartais a éascódh tús i bhfostaíocht oscailte nó tús athuair i bhfostaíocht oscailte a sholáthar do lucht éislinne.


6. Réamhstaidéir agus Treoirscéimeanna

A mhéid a bhaineann le cúnamh do réamhstaidéir agus do threoirscéimeanna, is staidéir agus scéimeanna iad sin a bhaineann le fostaíocht de chineál nua nó triaileach ar dóichí suim a bheith iontu sa Chomhphobal i gcoitinne. Ní sholáthraítear aon chúnamh le haghaidh taighde ann féin. Staidéir ar bith a thógfar idir lámha le cúnamh ón gCiste ní foláir go mbeadh sé d’aidhm follasach leo tionscadail phraiticiúla a bheith mar thoradh orthu. Ní fhéadfaidh ach 30 post ar a mhéid a bheith i gceist in aon treoirscéimeanna a chuirfear i gcrích le cúnamh ón gCiste. Murab ionann is cláir atá cáilithe faoi Airteagal 4 agus 5 agus nach mór don Bhallstát ina bhfuil siad ar siúl fóirdheontas a thabhairt ina leith go hiomlán nó go páirteach, ní bheidh sé riachtanach go mbeadh cúnamh airgid á fháil ag réamhstaidéir agus ag treoirscéimeanna ó na Státchistí náisiúnta iomchuí le go mbeidís cáilithe chun cúnamh a fháil ón gCiste Sóisialach. Ní bheidh an ranníoc ón gCiste Sóisialach faoi chomhair staidéir agus treoirscéimeanna den sórt sin níos mó ná 50% den chostas iomlán. I gCinneadh bunaidh 1971 lenar bunaíodh an Ciste athleasaithe sonraíodh an foras ar dá réir a thugtar cúnamh ón gCiste do chineálacha eile clár i.e. faoi Airteagal 4 agus 5 a bhféadfaí a rá ina dtaobh gurb iad na gnáthchláir iad a bhaineann tairbhe as an gCiste.


7. Foras Maoinithe an Chiste Shóisialaigh

Leag Cinneadh na Comhairle 1971 síos treoracha éagsúla chun ráta cúnaimh an Chiste a rialú is infheidhme maidir le (a) oibríochtaí a chuireann údaráis phoiblí i gcrích i mBallstáit agus (b) oibríochtaí a ghlacann fiontair phríobháideacha orthu féin. Socraíodh leis an gCinneadh go bhféadfadh údarás poiblí 50% a fháil den chaiteachas is incheadaithe ar ghníomhaíochtaí ceadaithe agus, ina choinne sin, go bhféadfadh comhlacht príomháideach a bheith cáilithe méid a fháil is comhionann le méid an fhóirdheontais ó chistí poiblí an Bhallstáit a bheidh i gceist faoi chomhair costais an chláir cheadaithe. Leanann na forálacha sin d’fheidhm a bheith acu maidir le cláir a chuirtearigcrích sa Chomhphobal go ginearálta, ach i gcás oibríochtaí a chuirtear i gcúig réigiún Comhphobail lagfhorbartha a bhfuil sé aitheanta go bhfuil fadhbanna crosta fostaíochta ag baint leo go speisialta, lena n-áirítear Éire ina hiomláine, tá na rátaí idirghabhála ag an gCiste méadaithe 10% le héifeacht ón 1 Eanáir 1978. Ciallaíonn sé sin go n-íocfaidh an Ciste Sóisialach anois 55% den chostas in áit 50% i gcás aon oibríochtaí ceadaithe a thógfaidh údaráis phoiblí in Éirinn idir lámha agus go ndéanfar ranníoc an Chiste faoi chomhair costais oibríochtaí a bheidh ceadaithe ag comhlachtaí príobháideacha a mhéadú pro rata i gcoibhneas le méid an ranníoca ó chistí poiblí in Éirinn. An ráta idirghabhála méadaithe d’oibríochtaí in Éirinn agus sna réigiúin Chomhphobail lagfhorbartha eile atá sonraithe, tugadh iseach é de thoradh an athbhreithnithe ghineáralta a rinneadh ar an gCiste sa bhliain 1977.


8. Leasuithe i ndiaidh Athbhreithniú 1977

An t-athbhreithniú ginearálta ar an gCiste a rinneadh i 1977 is de réir téarmaí Chinneadh bhunaidh 1971, ina raibh foráil d’athbhreithniú den sórt sin, a rinneadh é. Bhain an t-athbhreithniú leis an gCinneadh bunaidh agus le rialacháin fheidhmiúcháin éagsúla mar aon le hábhair eile maidir le hoibriú an Chiste nach raibh aon inchialla reachtúla leo. Ba é príomhthoradh an athbhreithnithe gur coinníodh tríd is tríd gréasán an Chiste sa riocht ina raibh sé i.e. an roinnt ina Airteagail 4 agus 5, cé go ndearnadh athruithe áirithe i dtéacs Airteagal 5 ar a n-áirítear an cúnamh go léir faoi chomhair cláir chun éislinnigh a athinmheachain le haghaidh gairme a chomhchruinniú faoin Airteagal sin, ábhar a bhí roimhe sin scaipthe thart ar fud an dá Airteagal. Toradh tábhachtach ar an athbhreithniú sa mhéid a bhain le hÉirinn ab ea na méaduithe ar ráta idirghabhála an Chiste le haghaidh oibríochtaí a rinneadh i réigiúin lagfhorbartha áirithe sa Chomhphobal.


9. Mar chuid den athbhreithniú ginearálta, rinneadh idirghabhálacha Airteagal 4 maidir le daoine a bhí fostaithe sa tionscal teicstíleacha agus éadaí, oibrithe imirceacha agus daoine óga, a raibh sé dlite dóibh go léir dul in éag ar dhátaí i lár 1977, rinneadh iad a fhadú ar dtús go dtí 31 Nollaig 1977 agus ansin arís go ceann trí bliana eile suas go deireadh 1980. Níor ghá aon fhadú ar chinneadh Airteagal 4 maidir le hathoiliúint daoine a d’fhág an talmhaíocht, mar ní raibh aon dáta críochnaithe ann; bhí agus tá sé neamhshrianta. I ndáil leis an athbhreithniú freisin, tugadh isteach an idirghabháil Airteagal 4 nua do chabhrú le bearta atá ceaptha chun fostaíocht ban a chur ar aghaidh. I ndeireadh dála, bhí de thoradh ar an athbhreithniú go ndearnadh roinnt athruithe ar na ceanglais riaracháin a bhaineann leis an gCiste, athruithe a bhfuil sé ceaptha dóibh nósanna imeachta a fheabhsú agus go háirithe dlús a chur le híocaíochtaí.