Committee Reports::Report No. 59 - Toxic and Dangerous Wastes and Substances::23 March, 1977::Report

TUARASCÁIL

1. Réamhrá

Sa tuarascáil seo tugann an Comhchoiste faoi phlé roinnt tograí ón gCoimisiún a bhfuil baint nó páirt acu le Clár Gníomhaíochta an Chomh- phobail maidir leis an Timpeallacht. Tá na tograí curtha i bhfoirm Treor- acha ón gComhairle, arna mbunú ar Airteagal 100 de Chonradh CEE, agus tá sé ceaptha dóibh comhshraith rialacha a bheidh infheidhme ar fud an Chomhphobail a thabhairt i gcrích trí dhlíthe náisiúnta a chomhfhogasú.


A. IARMHAIR THOCSAINEACHA AGUS IARMHAIR CHONTÚIRTEACHA A DHIÚSCAIRT.

(R/1966/76 agus R/615/77)


2. Ábhair an Togra

I ndréacht-Treoir i dtaobh Iarmhar (75/442/CEE) ar ghlac an Chomh- airle léi ar an 15 Iúil, 1975, leagadh síos forálacha bunúsacha maidir le diúscairt agus aisghabháil iarmhar i gcoitinne. Sa Treoir sin, a mbeifear á cur i ngníomh le bearta náisiúnta laistigh de dhá bhliain, tagraítear do rialacha sonracha a bheith i gceist a bhainfeadh le hiarmhair de chineálacha áirithe. Moltar anois leis an togra seo rialacha dá réir sin a ghlacadh a bhainfeadh le hiarmhair thocsaineacha agus iarmhair chontúirteacha a dhiúscairt. Má ghlactar leo beidh ar na Ballstáit gabháil le córas chomh- ionann de ghléasanna rialúcháin agus de bhearta coimirceaacha chun déileáil leis na hiarmhair sin.


Tugann an dréacht-Treoir sracléiriú ar chomhréimse ghníomhaíochta ina mbeidh rialacha le cur chun feidhme ar dhiúscairt iarmhar tocsaineach agus iarmhar contúirteach. Mínítear in Airteagal 1 cad is iarmhar toc- saineach agus iarmhar contúirteach, mar aon le diúscairt, ann. Leagfar de dhualgas ar na Ballstáit (a) na bearta is gá a dhéanamh chun cuidiú le hathchúrsáil agus próiseáil ar iarmhar tocsaineach, d’fhonn amhábhair agus, más féidir sin, fuinneamh a bhaint as; (b) féachaint chuige go ndéan- far iarmhar tocsaineach agus iarmhar contúirteach a dhiúscairt gan sláinte daoine a bhaolú agus gan dochar don timpeallacht, agus go dtoirmiscfear diúscairt neamhrialaithe; (c) údaráis inniúla a cheapaoh le bheith freagrach as oibríochtaí diúscartha (Airteagal 5); agus (d) córas ceadúnacháin a shocrú. De réir forálacha eile caithfear pleananna speisialta a ullmhú chun iarmhair thocsaineacha agus iarmhair chontúirteacha a dhiúscairt agus na pleananna sin a fhoilsiú; beidh ar na húdaráis inniúla orduithe a thabhairt i dtaobh aistriú agus cóireáil na n-iarmhar sin i gcás éigeandála nó tromghuaise agus i dtaobh cláir a bheidh le coimeád ag táirgeoirí, seal- bhóirí agus diúscróirí na n-iarmhar sin. An liosta de shubstaintí tocsain- eacha agus contúirteacha atá leagtha amach sa togra, ullmhaíodh é de thoradh staidéir a rinne an Coimisiún i gcomhar le saineolaithe náisiúnta. D’fhéadfadh sé go mbeadh an liosta le leasú de bharr ascnaimh theicniúil ag Coiste ad hoc d’ionadaithe ó na Ballstáit.


3. Reachtaíocht na hÉireann faoi láthair

I láthair na huaire seo níl aon reachtaíocht speisialta in Éirinn ag baint le hiarmhair thoscaineacha nó chontúirteacha a dhiúscairt. Tá iarmhair i gcoitinne faoi rialú ag ailt 107 agus 108 den Public Health (Ireland) Act, 1878. Foráiltear leis na hailt sin gur núis reachtúil aon chruach nó spruar atá ina núis nó atá dochrach don tsláinte, agus gur cion atá ann a ngabhann pionós fíneála leis, agus leagann siad de dhualgas ar údaráis sláintíochta a áirithiú go gcealófar núiseanna ina gceantar.


Leis an Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963, foráiltear (Alt 3) go ndéantar éagsúlú ábharta ar úsaid talún má úsáidtear í chun fuíll nó bruscar a chur ann, agus nach foláir cead pleanála a fháil chuige sin. Féadfaidh údaráis phleanála coinníollacha a chur le cead pleanála d’fhonn sláinte daoine agus an timpeallacht a chaomhnú, i gcásanna ina n-úsáidtear talamh chun iarmhair a dhiúscairt agus i gcásanna ina ngin- eann forbraíocht nua astaíochtaí nó eisiltigh de chineál tocsaineach nó contúirteach.


4. Inchialla i gcás na hÉireann

Cuireadh i bhfios don Chomhchoiste go bhfuil diúscairt iarmhar toc- saineach agus contúirteach ag dul i ndeacracht agus gur fadhb mhór atá ann, go háirithe i limistéir Bhaile Átha Cliath agus Chorcaí. Tá gá le reachtaíocht ina thaobh, ar leithligh ar fad ó aon oibleagáidí a d’éireodh as Treoracha CEE. Insíodh don Chomhchoiste go bhfuil tograí le haghaidh reachtaíochta á n-ullmhú cheana féin agus go bhfuil suir- bhéireacht á déanamh trí údaráis áitiúla chun a fháil amach cad é chomh fairsing is atá an fhadhb ar fud na tíre.


Creideann an Comhchoiste gur mhaith an rud é, agus gur chóir go mbeadh sé indéanta, go gcuirfeadh an reachtaíocht atá beartaithe in Éirinn príomhfhorálacha na dréacht-Treorach i ngníomh. Fáiltíonn sé go háirithe roimh an bhforáil maidir le hiarmhar a phróiseáil chun amhábhair agus fuinneamh, b’fhéidir, a bhaint as, agus molann sé go gcuirfí dlús le tionscnamh na bpróiseas sin in Éirinn.


B. IARMHAIR A DHUMPÁIL I BHFARRAIGE

(R/105/76)


5. Ábhair an Togra

Chun críocha an togra seo, is é is ciall do dhumpáil—seachtháirgí tionscal de ghnáth—a thabhairt chun farraige d’aontoisc lena ndúiscairt; rud atá neamhionann, mar shampla, le dramh-ola a scaoileadh amach as tancaer agus í ar ghnáth-thuras tráchtála.


Tá de phríomhaidhm leis an togra comhchuibhiú a dhéanamh ar na bearta atá déanta nó le déanamh ag na Ballstáit chun éifeacht a thabhairt do na Coinbhinsiúin idirnáisiúnta atá ann lasmuigh de chuid CEE, maidir le hiarmhair dhochracha a chartadh i bhfarraige as longa nó as aerárthaí. Is iad na Coinbhinsiúin atá i gceist:—


(a) Coinbhinsiún Osló, ar an Atlantach Thoir Thuaidh agus an Mhuir Thuaidh;


(b) Coinbhinsiún Londan, a bhaineann leis an bhfarraige i gcoitinne;


(c) Coinbhinsiún Mhuir Bhailt; agus


(d) Coinbhinsiún Bharcelona, ar an Meánmhuir.


Leis an Treoir bheartaithe, atá ar aon dul leis na Coinbhinsiúin sin, bunaítear córas chun faireachán a dhéanamh ar oibríochtaí dumpála agus leagtar síos bearta slándála chun cosc nó laghdú a thabhairt ar thruailliú farraige a tharlódh de dheasca iarmhair a chartadh i bhfarraige, de bhun tola, as longa agus as aerárthaí. Ní cheadófar do longa ná d’aerárthaí substaintí áirithe atá an-dochrach a dhumpáil i bhfarraige agus beidh orthu cead a fháil ó na húdaráis náisiúnta iomchuí sula scaoilfidh siad aon substaintí eile amach san fharraige. Eiseofar ceadanna de chineál ginear- álta nó de chineál sonrach, de réir mhéid na truaillíochta a dhéanann an t-iarmhar.


Is iad seo a leanas na substaintí a bheadh toirmiscthe faoi théarmaí na Treorach:—


(i) comhdhúile orgánahailigin;


(ii) comhdhúile organaisileacain;


(iii) mearcair agus a chomhdhúile;


(iv) caidmiam agus a chomhdhúile;


(v) plaistigh bhuanmharthanacha agus ábhair shintéiseacha bhuan- mharthanacha eile;


(vi) ola amh agus hidreacarbóin a díorthaíodh ó ola, mar aon le meascáin leis na táirgí sin iontu a thógtar ar bord lena ndumpáil i bhfarraige;


(vii) iarmhair agus ábhair eile le leibhéal ard nó meánach nó íseal radaighníomhaíochta, a bheidh le sainiú ag an gComhairle ar thogra a fháil ón gCoimisiún roimh an 1 Eanáir, 1978, mar ábhair atá neamhoiriúnach lena ndumpáil i bhfarraige;


(viii) aigéid agus alcailí as tionscail tíontainiam agus alúmanaim; agus


(ix) ábhair a táirgeadh do chogaíocht bhitheolaíoch agus cheimiceach.


Beidh feidhm leis an toirmeasc ar dhumpáil agus leis an gcóras ceadanna (i) i gcás longa agus aerárthaí a bheidh cláraithe i mBallstát nó a mbeidh bratach Bhallstáit ar foluain acu, maidir le farraigí uile an domhain cíbé áit as ar tháinig an t-iarmhar áirithe, agus (ii) i gcás longa agus aerárthaí a bheidh cláraithe i dtír nach balltír i, maidir leis an farraigí uile, más iarmhar ón gComhphobal a bheidh á iompar acu, agus murab ea maidir leis na huiscí go léir faoi dhlínse na mBallstát.


6. Reachtaíocht Éireannach

Cuireann an tAcht Iascaigh (Leasú), 1962, toirmeasc ar aon “ábhar díobhálach” (ábhar a d’fhéadfadh díobháil a dhéanamh d’iasc nó do mheanna iascaireachta, an míniú ginearálta air sin) a dhumpáil i bhfarraige as Éirinn, agus forálann sé gur gá ceadúnas ón Aire lascaigh chun aon substaint eile a dhumpáil i bhfarraige ó fhoinse Éireannach.


Cuireadh i bhfios don Chomhchoiste go bhféadfaidh Éire Coinbhinsiúin Osló agus Londan a dhaingniú nuair a achtófar an Bille um Dhumpáil i bhFarraige, 1976, a tugadh isteach sa Seanad ar an 13 Iúil, 1976, ach nár cuireadh ar fáil fos. Tá na liostaí de shubstaintí toirmiscthe, agus de shubstaintí ar gá cúram ar leith ina ndumpáil, an-chosúil lena chéile sa dá Choinbhinsiún, ach ní hionann ar fad iad, ach tá roinnt neamhionannais idir na liostaí i dTreoir CEE agus liostaí an dá Choinbhinsiún. Tuigtear don Chomhchoiste nach gcloífidh an Bille le haon liosta áirithe substaintí agus uime sin go bhféadfar éifeacht dhlíthiúil a thabhairt don dréacht- Treoir agus don dá Choinbhinsiún freisin.


7. Inchialla i gcás na hÉireann

Cuireadh i bhfios don Chomhchoiste nár eisíodh ach ceadúnas amháin faoin Acht Iascaigh (Leasú), 1962, agus gur féidir neamhshuim a chur i ndumpáil neamhúdaraithe ag gnólachtaí Éireannacha. Is léir, áfach, gurbh é leas na hÉireann é cuidiú sa rialú idirnáisiúnta ar dhumpáil i bhfarraige, agus taobhaíonn an Comhchoiste le tograí an Choimisiúin ó phrionsabal. Tá súil ag an gComhchoiste, áfach, nach mbeidh neamhion- annais idir forálacha na dréacht-Treorach agus forálacha na gCoinbhin- siún, a bhfuiltear chun aontú leo, ina gcúis le heasaontais a theacht idir an Comhphobal agus na comhlachtaí rialúcháin a bhunaítear leis na Coin- bhinsiúin.


C. SUBSTAINTÍ CONTÚIRTEACHA A PHACÁISTIÚ AGUS A LIPÉADÚ.

(R/2203/76)


8. Ábhair an Togra

Tá sé ceaptha don togra seo leasú agus leathnú a dhéanamh ar Threoir Uimh. 67/548/CEE (arna leasú), a leagann síos coinníollacha i dtaobh aicmiú, pacáistiú, lipéadú agus díol substaintí contúirteacha chun bacainní teicniúla ar thrádáil a chealú agus sláinte daoine a chosaint trí cheanglais bhreise a thabhairt i gcion d’fhonn an timpeallacht a chaomhnú.


Má ghlactar leis an Treoir bheartaithe, bheadh údarás náisiúnta le sonrú chun rialú a dhéanamh maidir le céimiceáin nua a thiocfaidh ar an margadh, le heisceachtaí áirithe. Aon duine a chuirfeadh substaint cheimiceach nua ar an margadh bheadh air staidéar a dhéanamh roimh ré, ionas go bhféadfaí a éifeachtaí ar dhaoine agus ar an timpeallacht a mheasúnú, agus na torthaí ar thrialacha sonraithe a chur in iúl don údarás náisiúnta tráth nach déanaí ná dáta na substainte a chur ar an margadh. Dhéanfadh an t-údarás náisiúnta breithniú ar an eolas a cuireadh faoina bhráid agus, dá ndealródh sé go raibh guais do dhaoine nó don timpeallacht ag baint le substaint nua, d’fhéadfadh an t-údarás náisiúnta coinníollacha a chur lena húsáid go dtí go mbeadh glactha le bearta Comhphobail.


Tá baint ag na tograí seo freisin leis an Treoir i dtaobh tuaslagóirí (73/173/CEE) agus le dréacht-Treoir ar Phéinteanna, Vearnaisí, Gliúnna agus Táirgí Gaolmhara (R/785/75). Phléigh an Comhchoiste an togra deireanach sin sa Seachtú Tuarascáil is Fiche uaidh (Prl. 5342), agus ba é a thuairim nach raibh aon ní i gcoinne a ghlactha.


9. Tuairimí an Chomhchoiste

Tuigtear don Chomhchoiste go bhfuil sa tír seo tionscail mhionscála ag gabháil do thaighde agus d’fhorbairt, suas go dtí céim áirithe, ar shub- staintí ceimiceacha nua, a dhíoltar ansin le monaróirí lena bhforbairt tuilleadh. Bheadh sé róchostasach, agus chuirfeadh sé as an iomarca d’fhorbairt an tionscail, dá mbeadh sé riachtanach na rialacha beartaithe a dhéanamh sula bhféadfaí substaintí a dteastódh forbairt bhreise orthu a dhíol. Uime sin, measann an Comhchoiste nár cheart na trialacha sonracha a bheith riachtanach i gcás substaintí ar chéim idirmheánach forbartha.


Is cosúil nár cuireadh i ngníomh fós sa tír seo Treoir 67/548/CEE agus na leasuithe a rinneadh uirthi i dtús báire, ach tuigtear don Chomhchoiste go bhfuil sé beartaithe rialacháin iomchuía dhéanamh faoi Acht na gComh- phobal Eorpach, 1972. Creideann an Comhchoiste gur chóir na rialacháin sin a bheith chomh cuimsitheach agus is féidir agus na leasuithe iomchuí go léir ar an Treoir bhunaidh a chur san áireamh, agus ina dteannta sin, más féidir, leasuithe de dhroim an togra seo a ghlacadh.


D. SLÁINTE OIBRITHE I dTIONSCAL NA bPLAISTEACH

(R/2885/76)


10. Ábhair an Togra

Chuirfeadh an dréacht-Treoir seo de dhualgas ar Bhallstáit a cheangal ar fhostóirí lucht oibre i monarchana a monaraítear nó a n-úsáidtear monaiméir de chloiríd vinile (VCM) iontu, chun clóiríd pholaivinile (PVC) a dhéanamh, bearta sonraithe a ghlacadh chun sláinte a lucht oibre agus daoine eile a chosaint.


11. Inchialla i gcás na hÉireann

Cuireadh i bhfios don Chomchoiste nach bhfuil aon cheann de na próisis dá dtagraítear sa dréacht-Treoir á dhéanamh sa tír seo faoi láthair. Allmhairítear polaiméirí amha nó neamhfhoirmithe de chlóiríd vinile agus próiseáiltear iad chun comhdhúil mhúnlaithe PVC, agus earraí críochnaithe, a chur ar fáil. Allmhairítear comhdhúil mhúnlaithe PVC chomh maith, agus sa dóigh chéanna déantar tuilleadh próiseála orthu chun earraí críochnaithe a chur ar fáil. Má ghlactar leis an dréacht-Treoir san fhoirm ina bhfuil sí, ní bhainfeadh a forálacha leis na próisis sin agus dá bhrí sin ní bheadh aon éifeacht léi faoi láthair sa tír seo.


E. BIANNA A CHOSAINT AR THRUAILLIÚ VCM

(R/11/77)


12. Ábhair an Togra

Beartaítear leis an togra seo—


(i) gan a cheadú go mbeadh thar chainníocht shonrach de VCM i bpacáistí plaisteacha a thiocfadh i dteagmháil le hearraí bia; agus


(ii) gan a cheadú go rachadh imirce VCM isteach in earraí bia thar mhéid shonrach.


Ar an 23 Samhain, 1976, glacadh le dréacht-Treoir (76/893/CEE) maidir le hábhair agus earraí a thiocfadh i dteagmháil le hearraí bia. Sa Treoir sin, ar lamháladh ocht mí dhéag le haghaidh a curtha i ngníomh le bearta náisiúnta, rinneadh foráil i dtaobh Treoracha sonracha a ghlac- adh a bhaineann le grúpaí áirithe ábhar agus earraí. Togra den chineál sin atá anseo.


13. Inchialla i gcás na hÉireann

Ní tháirgtear in Éirinn an bunábhar a úsáidtear chun ábhair agus earraí a chur ar fáil le monaiméir de chlóiríd vinile iontu agus é ceaptha dóibh teacht i dteagmháil le hearraí bia. Dá bhrí sin níl smacht ag monaróirí Éireannacha ar an méid monaiméire de chlóiríd vinile a bheadh iontu. Ach tugadh de chomhairle don Chomhchoiste nach mbeidh feidhm leis an dréacht-Treoir i gcás an bhunábhair, agus nach gcuirfear chun feidhme í ach amháin ar ábhair agus earraí ma riocht críochnaithe le monaíméir de chlóiríd vinile iontu agus é ceaptha dóibh teacht i dteagmháil le hearraí bia. Dá réir sin, caithfidh monaróirí Éireannacha a bheidh ag gabháil do na hábhair agus na hearraí sin a dhéanamh féachaint chuige go bhfuil an Treoir á comhlíonadh ag a dtáirgí, agus a léiriú go bhfuil sin amhlaidh nuair a chuirfidh siad na táirgí ar an margadh.


Cuireadh i bhfios don Chomhchoiste nach dóigh le Rannán Plaisteach ICI go bhfuil fadhb ar bith ann dóibh sa dréacht-Treoir, mar mhonaróirí na n-amhábhar. Má dhéanann monaróirí ar nós ICI táirge a fhreagróidh do na sonraíochtaí sonraithe, níor cheart go gcuirfeadh comhlíonadh na Treoradh stró ar bith ar mhonaróirí in Éirinn.


Forálann an dréacht-Treoir freisin nach gceadaítear imirce VCM isteach in earraí bia a ghabháil thar teorainn shonraithe. Is cosúil go bhfuil gá leis an bhforáil sin toisc go bhféadfadh sé tarlú, i gcás earraí bia a bhí saor ó VCM agus a pacáistíodh in ábhar de réir na Treorach, go bhfaighfí amach, as scrúdú orthu tráth éigin ina dhiaidh sin, go raibh an VCM iontu gafa thar an teorainn shonraithe. Is dócha go bhféadfaí an fhoráil sin a chur i ngníomh sa reachtaíocht náisiúnta trína chumhachtú d’údáráis phoiblí breacsheiceálacha a dhéanamh a bhéarfadh in am trátha, b’fhéidir, athchóiriú ar na caighdeáin theicniúla a leagtar síos sa Treoir. Níor cheart, dar leis an gComhchoiste, an fhreagracht a chur ar mhonaróirí bianna ná iad a phionósú.


I gcoitinne measann an Comhchoiste gur cheart an beart atá molta a dhéanamh ar mhaithe le tomhaltóirí.


14. Buíochas

Gabhann an Comhchoiste buíochas le Cónaidhm na dTionscal Bianna, Deochanna agus Tobac, leis an Institiúid um Thaighde Tionscail agus Caighdeán agus leis an Ollamh George Dawson, Dámh na nEolaíochtaí Nádúrtha, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.


(Sínithe) CATHAL Ó hEOCHAIDH


Cathaoirleach an Chomhchoiste.


4 Bealtaine, 1977.