Committee Reports::Report No. 58 - European Communities (Fresh Poultry Meat) Regulations, (S.I. No. 317 of 1976)::23 March, 1977::Report

TUARASCÁIL

1. Réamhrá

Tá an Comhchoiste tar éis scrúdú a dhéanamh ar Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Feoil Úr Éanlaithe Clóis), 1976 [I.R. Uimh. 317 de 1976] a rinne an tAire Talmhaíochta agus lascaigh an 31 Nollaig 1976 faoi alt 3 d’Acht na gComhphobal Eorpach, 1972. Airbheartaíonn na Rialacháin sin Treoracha na Comhairle 71/118/CEE agus 75/431/CEE a chur i ngníomh, Treoracha a bhaineann le fadhbanna sláinte a dhéanann difear do thrádáil i bhfeoil úr éanlaithe clóis.


Le linn na Rialacháin a bheith á scrúdú ag an gComhchoiste scríobh sé go dtí Roinn an Aire ag lorg tuairimí ar fhorálacha áirithe san ionstraim. Tá cóipeanna de mheamram an Chomhchoiste agus de fhreagra na Roinne leagtha amach san Fhoscríbhinn a ghabhann leis an Tuarascáil seo.


2. Forálacha na dTreoracha

Cuireann na Treoracha oibleagáidí áirithe ar Bhallstáit áirithiú go gcuirfear coinníollacha caighdeánacha i bhfeidhm nuair a chuirfear feoil úr éanlaithe tís, turcaithe, cearca giní, lachan agus géanna ar an margadh mar bhia don duine sa trádáil baile nó sa trádáil sa Chomhphobal féin. Tríd is tríd, ceanglaítear ar Bhallstáit a áirithiú nach gceadófar sa trádáil ach táirgí ó sheamlais agus ó áitribh ghearrthóireachta a bheidh formheasta agus go gcomhlíonfar ceanglais éagsúla maidir le cigireacht tréidliachta, marcanna sláinte, stóráil, pacáistiú agus iompar. Toirmiscfear trádáil in earraí a cóireáladh le substaintí tuaracháin nó dathúcháin nó le aintibheathacha, leasaithigh nó maothacháin. Níl feidhm le bheith ag na Treoracha le díol díreach ag an táirgeoir leis an tomhaltóir deiridh ná, go dtí 15 Lúnasa 1981, le díol ag feirmeoirí le tomhaltóirí ar mhargaí seachtainiúla in aice láthair nó le miondíoltóirí ina gceantar áitiúil.


Feoil úr éanlaithe clóis a onnmhaireofar go dtí Ballstát eile ní foláir deimhniú sláinte sonraithe a bheith ina teannta a bheidh sínithe ag tréidlia oifigiúil á fhianú go bhfuil marc ar an táirge nó ar an bpacáistiú á chruthú gur ó ainmhithe a maraíodh i seamlais fhormheasta an fheoil nó gur in áitribh ghearrthóireachta fhormheasta a gearradh í; gur breithníodh an fheoil a bheith oiriúnach mar bhia don duine; agus go bhfuil na feithiclí nó na coimeádáin iompair agus na dálaí luchtaithe de réir ceanglas na dTreoracha. Ach féadfaidh Stát an allmhairithe toirmeasc a chur le margú na feola ina chríoch má chinntear í a bheith neamhoiriúnach mar bhia don duine nó nár comhlíonadh forálacha na dTreoracha agus má tharlaíonn sin, tá sé de cheart ag an allmhaireoir a iarraidh go ndéanfadh saineolaí tréidliachta ó thríú Ballstát an fheoil a scrúdú.


Thug an Comhchoiste tuarascáil do na Tithe ar na Treoracha sin san fhichiú tuarascáil uaidh (Prl. 5139) faoi dháta 11 Nollaig, 1975.


3. Cionta a bhunaítear le Rialacháin

Lena chinntiú go ndéanfar de réir na bhforálacha atá iontu chun na Treoracha a chur i ngníomh, tá cionta áirithe á mbunú leis na Rialacháin baile agus is é an pionós ina leith fíneáil suas go £200 nó 6 mhí príosúin nó iad sin ar aon. Forálann míreanna (1) agus (2) de Rialachán 3:—


“(1) Ní dhíolfar feoil úr éanlaithe clóis a bheartaítear a onnmhairiú go atí Ballstát nó atáthar tar éis a allmhairiú mura bhfuil sí de réir forálacha na Treorach ón gComhairle.


(2) Ní onnmhaireofar feoil úr éanlaithe clóis go dtí Ballstát ná ní allmhaireofar í mura bhfuil sí de réir forálacha na Treorach ón gComhairle.”


Tabharfar faoi deara go bhféachann mír (1) agus mír (2) lena áirithiú gur mídhleathach feoil allmhairithe a allmhairiú nó a dhíol mura mbíonn forálacha na Treorach comhlíonta sa Stát as a n-onnmhairítear í. Measann an Comhchoiste gur fíor-mhíreasúnach an fhoráil í sin. Is é a thuairim gurb í an aon-oibleagáid ba cheart a d’éireodh ó na Treoracha chuig aon duine sa tír seo a bheadh ag déileáil i bhfeoil éanlaithe clóis allmhairithe a chinntiú go bhfuil an deimhniú sláinte a shonraítear sna Treoracha ag gabháil léi. Ní shaorfadh deimhniú den sórt sin duine a bheadh ag trádáil i bhfeoil ó na Rialacháin Sláinteachais Bhídh, 1950 [I.R. Uimh. 205 de 1950], a chomhlíonadh, ar rialacháin iad a dhéanann leor-chosaint ar thomhaltóirí, agus ar cosúil nach ndéanann na Treoracha difear dóibh.


Measann an Comhchoiste freisin go bhfuil Rialachán 4(1) den ionstraim baile inlochtaithe. Forálann sé mar a leanas:—


“(1) Faoi réir mhír (2), ní dhíolfar feoil úr éanlaithe clóis sa Stát mura gcomhlíonann sí forálacha na Treorach ón gComhairle.”


Má bhunaíonn an fhoráil sin cion iomlán, measann an Comhchoiste go bhféadfadh duine a bheith freagrach i ngníomhartha daoine eile nach mbeadh neart ar bith aige ar aon ghníomh dá gcuid. Is é tuairim an Chomhchoiste gur cheart go sonródh na Rialacháin na hoibleagáidí i ndáil le díol a d’eascródh, ó riachtanas, as na Treoracha chuig an bpróiseálaí, chuig an mórdhíoltóir nó chuig an miondíoltóir agus a chuirfeadh gach n-aon acu faoi dhliteanas i leith sáruithe a mbeadh neart aige orthu.


Is é tuairim an Chomhchoiste de bharr an fhreagra ón Roinn ar a mheamram dar dáta 18 Eanáir, 1977, gurb é is cuspóir do Rialachán 3 (3) de I.R. Uimh. 317 de 1976 a chumasú d’oifigigh na Roinne feidhmeanna faoi na Rialacháin Sláinteachais Bhídh, 1950 a fheidhmiú. Seo mar atá an mhír:—


“(3) Gan dochar do mhíreanna (1) agus (2) den Rialachán seo, ní dhéanfar feoil úr éanlaithe clóis a allmhairíodh a dhíol má chinntear, ar í a scrúdú ag oifigeach údaraithe sa Stát, í a bheith neamhoiriúnach mar bhia don duine nó nach gcomhlíonann sí Airteagail 3, 8 nó 14 den Treoir ón gComhairle.”


Forálann Rialachán 9 (1) de na Rialacháin Sláinteachais Bhidh, 1950 “ní dhéanfaidh duine ar bith—(a) aon earra bhídh a bheas beartaithe mar bhia don duine, (b) aon ainmhí bídh ná (c) aon ábhar bídh a bheas galraithe, truaillithe nó a bheas neamhoiriúnach ar aon slí eile mar bhia don duine a dhíol ná a thairiscint chun a dhíolta.” Ní léir don Chomhchoiste conas mar a mhéadaítear feidhmeanna na Roinne nó a fhóintear ar aon slí eile tríd an bhforáil sin a athscríobh (a mhéid a bhaineann sí le bia allmhairithe) i Rialachán 3 (3) gan tagairt, ach oiread le scéal, do Rialacháin 1950. Ina theannta sin, tá an chuid eile de Rialachán 3 (3) inlochtaithe mar atá na forálacha eile a bhaineann le feoil éanlaithe clóis allmhairithe lochtaithe ag an gComhchoiste.


Sa tríochadú tuarascáil uaidh (Prl. 5419) dar dáta 28 Aibreán, 1976 tharraing an Comhchoiste aird ar a riachtanaí a bhí sé a chinntiú go gcuirfí in iúl go soiléir tromaíocht aon chionta a bhunaítear le rialacháin Aireachta faoi Acht na gComhphobal Eorpach, 1972. Ba cheart, i dtuairim an Chomhchoiste, gur oibleagáidí réasúnacha na hoibleagáidi a chuirtear ar dhaoine aonair de bharr reachtaíocht an Chomhphobail agus cúram á dhéanamh de chearta an duine mar a thuigtear sa tír seo iad. Creideann an Comhchoiste nach leor ach go hannamh a fhoráil go mbeidh “táirgí de réir Treoracha” nó fiú “nach foláir do lucht trádála Treoracha a chomhlíonadh” go háirithe más fíneálacha nó príosúnacht an toradh a bheidh ar neamhchomhlíonadh. I dtuairim an Chomhchoiste ní leor chor ar bith le haghaidh an chuspóra dar ceapadh iad na forálacha in I.R. Uimh. 317 de 1976 a ndearnadh tagairt di cheana.


4. Táillí

Forálann Rialachán 15 (1) de I.R. Uimh. 317 de 1976 mar a leanas:—


“(1) Muirearófar cibé táillí i leith seirbhísí a thabharfaidh an tAire nó oifigeach don Aire i ndáil le hábhair lena mbaineann na Rialacháin seo a chinnfidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais.”


San ochtú tuarascáil (Prl. 4596) agus sa dóú tuarascáil déag (Prl. 4670) uaidh phléigh an Comhchoiste forálacha in ionstraimí reachtúla maidir le táillí. Mhaoigh sé i dtosach nach féidir i gcónaí glacadh le muirearú táillí mar ní teagmhasach a thagann faoi réim alt 3 (2) d’Acht na gComhphobal Eorpach, 1972 agus, ina theannta sin, fiú nuair ba réasúnach táillí a mhuirearú, gur cheart méid na táille a shonrú san ionstraim reachtúil. Má ghlactar leis an moladh deiridh sin caithfear ionstraim nua a dhéanamh aon uair is gá méid táille a athrú. Mura ndéantar sin ní féidir leis na Tithe aon rialú a fheidhmiú ar na táillí sin.


Glacann an Comhchoiste leis go bhféadfadh gá a bheith le táillí sa chás seo ach ní aontaíonn sé gur cheart a cheadú do na hAirí lena mbaineann méid na dtáillí a shocrú agus a athrú de bheart riaracháin.


5. Moladh

Dé réir alt 4 d’Acht na gComhphobal Eorpach, 1972 [a cuireadh isteach le halt 1 d’Acht na gComhphobal Eorpach (Leasú), 1973] molann an Comhchoiste, ar na cúiseanna atá luaite, go ndéanfar Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Feoil Úr Éanlaithe Clóis), 1976 [I.R. Uimh. 317 de 1976] a neamhniú. Ba cheart ionstraim nua a dhéanamh ina n-áit ina mbeadh leasuithe iomchuí ar Rialacháin 3, 4 (1) agus 15 (1).


(Sínithe) CATHAL Ó hEOCHAIDH,


Cathaoirleach an Chomhchoiste.


4 Bealtaine, 1977.