Committee Reports::Report No. 56 - Equal Treatment for Workers in Social Security Matters::23 March, 1977::Report

TUARASCÁIL

1. Réamhrá.

An 9 Feabhra, 1976 ghlac an Chomhairle Airí le Treoir 76/207/CEE* faoi fheidhmiú prionsabal an chomhionannais chórach d’fhir agus do mhná maidir le teacht a bheith acu ar fhostaíocht, ar ghairmoiliúnt agus ar dhul chun cinn agus maidir le dálaí oibre. Thug an Comhchoiste, sa naoú tuarascáil (Prl. 4598) uaidh dar dáta 4 Meitheamh, 1975, tuarascáil ar an Treoir fad a bhí sí fós ina dréacht.


Sonraíodh i dTreoir 76/207 go raibh prionsabal an chomhionannais chórach i ndáil le slándáil shóisialach faoina réim ach bhí foráil inti go ndéanfadh an Chomhairle, ag gníomhú di ar thogra ón gComhairle, forálacha a ghlacadh ag míniú a brí, a réime agus na gcomhshocraíocht lena cur chun feidhme. Chuir an Choimisiún, ag déanamh birt de réir an chúraim sin dó, togra (R/48/77) chun na Comhairle 31 Nollaig, 1976 le haghaidh Treorach breise agus tá an togra sin scrúdaithe ag an gComhchoiste.


2. Brí an Togra

Baineann an dara Treoir atá beartaithe le feidhmiú phrionsabal an chomhionannais chórach idir fir agus mná maidir le scéimeanna slándála sóisialaí a bhaineann le haireachas liachta, cailliúint tuillimh mar gheall ar thinneas, cailliúint tuillimh mar gheall ar dhífhostaíocht, seanaois, tionóisc fostaíochta nó galar gairme agus easláine. Níl sochar do bhaintreacha, sochar máithreachais ná sochar teaghlaigh i gceist; níl an chéad dá cheann i gceist mar gur le mná go sonrach a bhaineann siad agus an ceann deiridh mar gur mó a bhaineann sé le cúrsaí polasaí teaghlaigh ná le dálaí oibre. Tá de rún ann go mbainfeadh an Treoir bheartaithe leis na scéimeanna sainordaitheacha go léir a thugann cosaint ar na teagmhais sin atá luaite, leis na scéimeanna go léir faoi shláinte lucht oibre san earnáil phríobháideach a thugann cosaint den sórt sin a mhéid nach bhfuil freastal déanta dóibh le forálacha Comhphobail agus leis an comhshocraíochtaí cúnaimh shóisialaigh a mhéid a fhorlíonann siad sochair, nó gur sochair iad in ionad sochar, i leith aon teagmhais de na teagmhais sin. Tá sé sainmhínithe gurb éard is comhionannas córach ann mar phrionsabal deireadh a bheith ar fad le hidirdhealú d’aon sórt ar fhoras gnéis maidir leis na hoibleagáidi agus na sochair go léir a bhaineann leis na scéimeanna atá faoi chuimsiú na dréacht-Treorach agus, go háirithe, maidir leis na daoine lena mbaineann coinníollacha na cáilíochta le haghaidh sochar lena n-áirítear coinníollacha ranníoca, an cineál agus an ghné sochar, an ráta íoca lena n-áirítear méaduithe do chleithiúnaithe agus ré na sochar agus na coinníollacha faoina bhfeadfar sochair a fháil.


Tá sé beartaithe go gcuirfí na forálacha i bhfeidhm de réir an am-chláir seo a leanas:—


Laistigh de 2 bhliain:

Cothromú

(i) rátaí pearsanta (rátaí comhionanna) sochair nó cúnaimh,

 

 

(ii) tréimhse arb iníoctha sochair ina n-aghaidh, agus

 

 

(iii) coinníollacha na cáilíochta le haghaidh sochair nó cúnaimh.

Faoi láthair, in Éirinn, is lú na rátaí a fhaigheann mná pósta ná a fhaigheann fir. Tá rialacha speisialta ann freisin do mhná maidir le tréimhse agus coinníollacha cáilíochta.


Laistigh de


3 bliana: Deireadh a chur le hidirdhealú maidir le méaduithe do chleithiúnaithe.


Laistigh de


4 bliana: Cothromú na scéimeanna slándála ceirde go léir nach bhfuil cheana féin faoi chuimsiú forálacha Comhphobail (e.g. pinsin a íocann fostóirí le fostaithe scortha dá gcuid).


Bheadh cead ag na Ballstáit cinneadh aoise chun críocha pinsean, na tréimhsí fostaíochta is ináirithe chun críocha pinsean agus sochair a fhaightear de bhua árachais céile a dhúnadh amach ó fheidhm na Treorach beartaithe. Fágfar na hábhair sin, áfach, faoi réir a mbreithnithe agus tá curtha in iúl ag an gCoimisiún go gcuirfear an toradh i gcuntas nuair a bheifear ag breithniú beartanna eile a dhéanfaidh an Comhphobal.


3. Mar a bhaineann le hÉirinn de

Is iad na hearnálacha inar ghá athrú a dhéanamh sna scéimeanna a riarann na Roinn Leasa Shóisialaigh le forálacha na dréacht-Treorach a fheidhmiú nó ina ndearnadh athrú den sórt sin leis an Acht Leasa Shóisialaigh, 1977 (Uimh. 3 de 1977):


(a) Mná pósta a chónaíonn lena bhfearchéili nó a gcothabhálann a bhfearchéilí iad go hiomlán nó go formhór íoctar leo sochar dífhostaíochta, sochar míchumais, pinsean easláine agus sochair áirithe is iníoctha faoin Acht Leasa Shóisialaigh (Díobhálacha Ceirde), 1966, de réir rátaí is ísle ná iad siúd is iníoctha le fir agus le mná singile. Ar leith ó shochair dhíobhálacha ceirde, £10.85 ó 4 Aibreán, 1977 (31 Márta maidir le sochar easláine) an ráta speisialta do mhná pósta agus £12.45 an ráta pearsanta i gcás éilitheoirí eile. Maidir le sochair is iníoctha faoin Acht Leasa Shóisialaigh (Díobhálacha Ceirde), 1966, £13.60 an ráta uasta sochar díobhála agus sochar míchumais do mhná pósta agus £17.40 an ráta uasta d’éilitheoirí aosaithe eile; i gcás forlíonadh mar gheall ar bheith neamhinfhostaithe is mar a chéile don ráta speisialta agus don ráta caigheánach agus dóibh sin is iníoctha ar mhodh sochair mhíchumais etc. Chaithfí na rátaí pearsanta céanna a fheidhmiú i ndáil le gach earnáil de réir téarmaí na dréacht-Treorach.


(b) Is féidir liúntas cleithiúnaí aosaithe (a dtugtar liúntas mná tí air go hiondúil) a íoc le fear singil nó le baintreach fir mar aon le sochar difhostaíochta, sochar míchumais, pinsean easláine, cúnamh dífhostaíochta agus sochair áirithe is iníoctha faoin Acht Leasa Shóisialaigh (Díobhálacha Ceirde), 1966 má chothabhálann sé baineannach le aire a thabhairt do leanaí cleithiúnacha. Roimhe seo, níorbh iníoctha an liúntas sin le mná ina shamhail sin de dhálaí ach tá sin coigeartaithe anois le reachtaíocht (ó Mhárta/ Aibreán, 1977). Is iníoctha an liúntas mná tí anois le mná singile agus le mná atá ag fáil sochair bhanchéile thréigthe faoi na coinníollacha céanna agus leis na sochair chéanna a fhaigheann fir.


(c) Is iníoctha liúntas i leith cleithiúnaithe le fearthairbhithe agus le bantairbhithe faoi choinníollacha éagsúla. D’fhéadfaí liúntas cleithiúnaí aosaithe a íoc le fear i leith a bhanchéile má chónaíonn sé léi nó má chothabhálann sé go hiomlán nó go formhór í; féadfaidh bean a bheith cáilithe le liúntas cleithiúnaí aosaithe a fháil i leith a fearchéile más easlán é agus go gcothabhálann sí go hiomlán nó go formhór é. Is ag an duine lena gcónaíonn leanbh go rialta a bhíonn teideal chun liúntais linbh í leith an linbh sin. Forálann rialacha reachtúla nach measfar cónaí rialta a bheith ar leanbh ach le duine amháin. Meastar, faoi na rialacha sin, gur lena athair a chónaíonn an leanbh go rialta mura bhfuil an t-athair éagumasach ar é féin a chothabháil agus go gcothabhálann an mháthair an leanbh go hiomlán nó go formhór. I gcásanna den sórt sin, meastar gur lena mháthair a chónaíonn an leanbh go rialta agus is féidir di a bheith cáilithe le haghaidh liúntas leanaí cleithiúnacha. Ní mór comhionannas córach a thabhairt san earnáil sin freisin faoi théarmaí na dréacht-Treorach.


(d) Mná pósta a chónaíonn lena bhfearchéilí nó atá á gcothabháil go hiomlán nó go formhór ag a bhfearchéilí tá siad cáilithe le haghaidh sochair dhífhostaíochta go ceann 156 lá i gcóimheas leis an tréimhse 390 lá a bhaineann de ghnáth le fir agus le mná singile. Ceanglaíonn téarmaí na dréacht-Treorach go dtabharfar feidhm ar feadh na tréimhse céanna sna cásanna sin go léir.


(e) Le go mbeidh mná cáilithe le haghaidh sochair dhífhostaíochta ní foláir dóibh coinníollacha áirithe a chomhlíonadh nach mbaineann le fir. Go dtí seo, bhíodh ar bhaintreach nó ar bhean shingil cleithiúnaí amháin ar a laghad a bheith aici agus 52 ranníoc fostaíochta ar a laghad a bheith íoctha aici i gcaitheamh na gceithre bliana ranníoca roimh an mbliain ina ndéanann sí an t-éileamh. Tá an coinníoll sin maolaithe ó 30 Márta, 1977 nuair a laghdaíodh an ceanglas maidir le ranníocaí ó 52 go 26. Ní foláir do bhean phósta fearchéile cleithiúnach a bheith aici nó, mura bhfuil ceachtar céile i gcleithiúnas an chéile eile, ní foláir di cleithiúnaí amháin ar a laghad a bheith aici. Níor mhór deireadh a chur leis na coinníollacha speisialta sin faoi théarmaí na dréacht-Treorach.


(f) I dteannta chomhionannas córach maidir le sochair, tá oibleagáid ann freisin le haghaidh comhionannas córach maidir le ranníocaí. Is lú na ranníocaí a íocann mná ná na cinn a íocann fir agus níor mhór, dá bhrí sin, go mbeadh na rátaí céanna i bhfeidhm d’fir agus do mhná.


Cuireadh in iúl don Chomhchoiste go mbeadh tuairim is £8½m. de chaiteachas breise stáit sa bhliain ag teastáil leis an gcéad chéim den Treoir bheartaithe a fheidhmiú. Ar an dara céim d’fhéadfadh go mbeadh thart ar £23m. eile ag teastáil in aghaidh na bliana dá mbeadh teideal le bheith ag fearchéile agus ag banchéile ar aon éileamh i leith na gcleithiúnaithe céanna. Thabharfadh an méadú ar ranníocaí leasa shóisialaigh na mban tuairim is £1.1m. isteach sa Chiste Árachais Shóisialaigh agus i gCiste na nDíobhálacha Ceirde agus £94,000, tuairim, isteach sa Chiste Iomarcaíochta.


Níor ghá aon athrú a dhéanamh ar na seirbhísí sláinte toise nach ndéantar aon idirdhealú ar fhoras gnéis.


Cheanglódh an dréacht-Treoir go gcuirfí deireadh, laistigh de cheithre bliana ón tráth a glacfaí léi, le haon idirdhealú idir fir agus mná maidir leis na hoibleagáidí agus na sochair dá ndéantar socrú i scéimeanna ceirde a oibríonn gnólachtaí san earnáil phríobháideach dá bhfostaithe. Cuireadh in iúl don Chomhchoiste go soláthraítear cistí do na scéimeanna sin trí chonarthaí árachais faoina ndéantar suim chaipitiúil, is iníoctha ar dháta scoir an fhostaí, a úsáid le blianacht a cheannach fad a mhairfidh an fostaí. Toisc gur faide an ré saoil a thuartar do bhean is lú an bhlianacht a cheannóidh an tsuim chaipitiúil chéanna di ná a cheannódh sí d’fhear dá comhaois agus is lú dá dhroim sin pinsin ban faoi scéimeanna den sórt sin ná pinsin fear fiú i gcás inarbh ionann an tuilleamh agus na ranníocaí dóibh araon. Tuigeann an Comhchoiste go measfadh an Coimisiún aon idirdhealú den sórt sin, ar mheasadóireacht achtúireachta ba bhonn leis, a bheith faoi réim an toirmisc sa Treoir bheartaithe.


4. Tuairimí an Chomhchoiste

Sa naoú tuarascáil uaidh (Prl. 4598) dar dáta 4 Meitheamh, 1975 gheall an Comhchoiste tacaíocht iomlán do phrionsabal an chomhionannais chórach d’fhearoibrithe agus do bhanoibrithe. Glacann sé leis gur cheart, maidir le slándáil shóisialach de, caitheamh mar an gcéanna le hoibrithe sa tsamhail chéanna dálaí cibé acu is fir nó mná iad. Is é tuairim an Chomhchoiste, áfach, go bhfuil sé riachtanach, cé nach bhfuil an oiread sin airgid ann le haghaidh seirbhísí sóisialacha, gur cheart é a chaitheamh ar na cásanna is mó gátar ach gur chóir sin a dhéanamh is cuma cé acu fir nó mná a gheobhaidh a thairbhe.


Is troime i gcás na hÉireann an costas a bhainfidh leis an Treoir bheartaithe a fheidhmiú ná i gcás Ballstáit eile a bhfuil a ngeilleagar níos faide go mí chun cinn. Ní féidir bheith ag brath ar aon chúnamh a fháil ón gComphobal faoi chomhair aon chuid den chostas. Tá sé riachtanach mar sin, a mhéid a bhaineann leis an tír seo, gurbh é an úsáid acmhainní is fearr ar bith an caiteachas a dhéanfar ar na hathruithe atá beartaithe. Tá amhras ar an gComhchoiste, maidir leis na socraíochtaí atá le feidhmiú le linn an dara céim i ndáil le híocaíochtaí i leith cleithiúnaithe, nach sroicheann siad an caighdeán sin úsáide. Ní léir go bhfuil aon rud sa dréacht-Treoir a choiscfeadh ar fhearchéile agus ar bhanchéile araon íocaíocht a fháil do na cleithiúnaithe céanna gach uair a bheadh éileamh ar shochar le déanamh ag ceachtar acu. Tugann an Comhchoiste dá aire go mbeartaítear go bhféadfadh gach Ballstát a rialacha féin a dhéanamh i dtaobh cearta chun sochair a bhaint amach de bhua stádas árachais nó stair ranníocaí céile. Is é tuairim an Choiste gur cheart go mbeadh na Ballstáit i dteideal a fhoráil i ndlíthe náisiúnta nach bhféadfaidh ach éilitheoir amháin liúntais a éileamh i leith na gcleithiúnaithe céanna.


Is cúram leis an gComhchoiste freisin an éifeacht a d’fhéadfadh a bheith leis an Treoir ar scéimeanna ceirde san earnáil phríobháideach. Scéimeanna iad sin atá saorálach ar fad agus de réir plé-pháipéir an Rialtais “Scéim Pinsean Náisiúnta Ioncam-Choibhneasa” (Prl. 5737) níl cumhdach na scéimeanna sin ag sroicheadh ach do 31 faoin gcéad de na hoibrithe go léir san earnáil phríobháideach. Ba mhaith an rud é ar ndóigh leathadh na scéimeanna sin ar fud na hearnála príobháidí go léir a spreagadh agus is beag an dóigh go ndéanfar sin trí oibriú na scéimeanna láithreacha a dhéanamh níos costasaí. Dá ainneoin sin, creideann an Chomhchoiste go ndlíonn prionsabal an chomhionannais nach mbeadh idirdhealú ann ar fhoras gnéasa idir na rátaí pinsean is iníoctha faoi na scéimeanna sin agus go bhféadfaí sin a chur i gcrích gan laghdú ar na sochair a theachtar anois faoi na scéimeanna.


5. Admháil

Is mian leis an gComhchoiste a chur in iúl gur mór aige an cúnamh a fuair sé, ag meas na dréacht-Treorach seo dó, ó Chumann Cónaidhme na bhFostóirí, ó Chumann Oibrithe Iompair agus Ilsaothair na hÉireann, ó Oifigí Árachais Saoil na hÉireann agus ón Dr. Breandán Breathnach san Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta.


(Sínithe) CATHAL Ó hEOCHAIDH,


Cathaoirleach an Chomhchoiste.


4 Bealtaine, 1977.


* O.J. L39/40 den 14 Feabhra, 1976.