Committee Reports::Report No. 55 - Joint Committee on Secondary Legislation of the European Communities, Functions and Work::23 March, 1977::Report

TUARASCAIL

1. Cuspóir an Athbhreithnithe


Beidh deireadh leis an gComhchoiste atá anois ann ar an Dáil atá anois ann a lánscor. Is dóigh go mbeidh athbhunú a mhacasamhail de choiste ina ábhar os comhair na dTithe lena bhreithniú acu tar éis an chéad olltoghcháin eile. D’fhonn cabhrú leis na Tithe sa bhreithniú sin, is mian leis an gComhchoiste a thuairim féin ar a fheidhmeanna agus ar a ghníomhaíochtaí a chur ar taifead anois.


2. Saothar an Chomhchoiste


Is é an dualgas a chuir na Tithe ar an gComhchoiste i mí Iúil, 1973 tograí do reachtaíocht tánaisteach ón gComhphobal, ionstraimí de chuid foras an Chomhphobail agus ionstraimí reachtúla iomchuí baile a roghnú le scrúdú agus tuarascálacha a thabhairt orthu do na Tithe. Ba rud nua i ndáil lenar nós imeachta parlaiminteach Buanchoiste sainfheidhme den sórt sin, agus, nuair a chuimhnítear ar an scéal mar a bhí, ní dóigh gur ábhar ionaidh nárbh éasca na deacrachtaí a réiteach a bhain don Chomhchoiste i dtús a ré. Ar aon chuma, bhí, mar gheall ar go leor deacrachtaí, scair mhaith de 1975 caite sula raibh an Comhchoiste ag obair de réir réime a bhí sásúil ar aon chor. Ba cheann de na húdair deacrachtaí, mar shampla, an cheist faoin líon foirne a theastódh le haghaidh seirbhíse an Choiste agus cad iad na saoráidí agus na seirbhísí tacaíochta a chuirfeadh Ranna Stáit ar fáil dó. Fuasclaíodh an deacracht sin ó 1975 agus tá na socruithe réasúnta sásúil ó shoin i leith. Ó fuasclaíodh na deacrachtaí sin tá an Comhchoiste ag obair réasúnta seolta. Oibríonn sé trí cheithre fho-Choiste a shuíonn go príobháideaon, a scrúdaíonn tograí agus ionstraimí sa chéad ásc, a dhéanann staidéar ar mheamraim ó Ranna Rialtais agus ó chomhlachtaí lasmuigh agus a dhéanann agallamh le státseirbhísigh agus le hionadaithe ó eagrais leasmhra. Déanann Cathaoirleach an Chomhchoiste, a ghníomhaíonn freisin mar Chathaoirleach ar gach fo-Choiste, dréacht-tuarascálacha a ullmhú ar fhoras an bhreithnithe a bhíonn déanta ag na fo-Choistí agus breithníonn an Comhchoiste na dréacht-tuarascálacha sin ag cruinniú poiblí den Chomhchoiste a bhíonn ann, go hiondúil, uair sa mhí le linn do na Tithe a bheith ina suí.


Tá tugtha faoi deara ag comhaltaí den Chomhchoiste go mbíonn orthu cuimse dá n-am a chaitheamh le hobair an Chomhchoiste. Dlíonn an obair sin staidéar a dhéanamh ar go leor doiciméad ar faoi ábhair ar ábhair aimhréiteacha go leor díobh agus bíonn ar an gCathaoirleach, go háirithe, a bheith go buan, beagnach, ag gabháil do ghnó an Choiste. B’éigin níos mó cruinnithe a bheith ann ná mar b’éigin i gcás aon choiste eile i stair an Stáit, cé is moite den fhiosrú a sheol Coiste na gCuntas Poiblí i 1971 agus i 1972. Ó mhí Aibreáin 1975, tionóladh an Comhchoiste 16 thráth agus bhí 48 de chruinnithe fo-Choistí ann. In imeacht na tréimhse sin a cuireadh faoi bhráid na dTithe 50 de na 54 thuarascáil a cuireadh faoina mbráid. Cé go measann an Comhchoiste go léiríonn sin gur iarracht réasúnach aige é ar a chúram a chomhlíonadh, tá air a adhmáil go bhfuil tograí iomaí tagtha ón gCoimisiún a mbaineann a théarmaí tagartha leo ach nár bhféid ir leis déileáil leo cheal ama.


3. Tairbhe Saothair an Choiste


Nuair a bheifear a bhreithniú ar chóir an dara Coiste a bhunú is ag na Tithe a bheidh sé a mheas an raibh tairbhe i dtuarascálacha an Chomhchoiste ar comhréir le mór-shaothar na gComhaltaí á gcur ar fáil. Níor pléadh aon cheann de na tuarascálacha i gceachtar Teach agus, dá bhrí sin, níor bhféidir leis an gComhchoiste féin a chinneadh cad é an tairbhe a bhí sna tuarascálacha don dream dá raibh siad ceaptha go háirithe. Thug sé faoi deara ó shé thuarascáil mhíosúla an Aire Gnóthaí Eachtracha agus ó fhoinsí eile gur tugadh géilleadh dá thuarascálacha i Ranna Rialtais agus tá fianaise ann go raibh feidhm aige ar dhréachtú ionstraimí reachtúla anseo.


Is é tuairim an Chomhchoiste féin nach féidir measúnú ceart a dhéanamh ar a shaothar gan dhá thoisc a áireamh. An chéad toisc, an phróis sin trína nglactar le dlíthe ar leibhéal an Chomhphobail de. An dara toisc, an fheidhm fíor-mhór atá ag an dlí sin ar shaol an phobail.


Tá d’fhuíoll ar sinn a bheith inár gcomhaltaí de Chomhphobail na hEorpa laghdú teacht ar chumhacht eisiatach an Oireachtais dlíthe a dhéanamh a mhéid atá cumhacht reachtaíochta i ndáil le hábhair faoi réim na gConarthaí ligthe chuig institiúidí Comhphobail. Tríd is tríd, is é an t-údarás bunaidh ar leibhéal an Chomhphobail chun dlíthe a dhéanamh an Chomhairle Airí. Is ionadaithe ó Rialtais na mBallstát comhaltaí na Comhairle sin. Is é tuairim an Chomhchoiste nach bhfuil an méid atá caillte d’urláimh pharlaiminte ar reachtaíocht sna réimeanna lena mbaineann ar cómhréir leis an bhfreagracht atá, faoi dheoidh, ar Chomhaltaí na Rialtas i leith a bParlaimintí náisiúnta.


Tá an Comhchoiste in amhras a sonraíonn an pobal i gcoitinne, na comhaltaí parlaiminte féin, a mhéid atá dlí Comhphobail, dlí a rialaíonn gníomhaíochtaí trádála, tionscail, iompair, talmhaíochta agus seirbhísí, á chur isteach go leanúnach inár gcóras dlí go díreach nó trí mheán ionstraimí reachtúla a dhéanann Airí. Ní féidir, i dtuairim an Choiste, a rá gur ar mhodh daonfhlathach a chuirtear dlí Comhphobail ar fáil. Feictear don Chomhchoiste sna cúinsí sin nach foláir dár bParlaimint náisiúnta tograí agus reachtaíocht an Chomhphobail a scrúdú ar mhaithe leis an náisiún agus gurb í an aon-deis inoibrithe atá aici ar sin a dhéanamh coiste ar nós an choiste a fhónann di faoi láthair.


Má ghlactar leis an tuairim sin, samhlaíonn an Coiste roinnt bearta a d’fhéadfadh na Tithe a dhéanamh le méadú ar áirge agus éifeacht shaothar chomharba an Chomhchoiste seo atá ann faoi láthair. Measann sé, go háirithe, gur cheart obair an chéad choiste eile a chur i gceangal, trí chomhshocraíocht fhoirmiúil, le hobair na dTithe agus measann sé gur mhaith an rud é, le sin a éascú, dá ndéanfaí téarmaí tagartha an chéad choiste eile a leathnú.


4. Feidhmeanna an Choiste


De ghné theicniúil, ó riachtanas, go leor de thuarascálacha an Choiste agus cé gur mór, go minic, é tábhacht an ábhair do dhaoine a mbíonn baint díreach acu leis, ní ábhar é a bheadh an-chóiriúil mar ábhar díospóireachta foirmiúla sna Tithe. B’fhéidir gurb amhlaidh atá go bhfuil an Comhchoiste gafa chomh mór sin le mioninste nach dtugann sé léiriú cóir polaitiúil ar reachtaíocht an Chomhphobail.


Más léirmheastóireacht bhailí é sin is é is bonn dó téarmaí tagartha an Choiste agus, i ndáil le tograí ón gComhphobal de, cuireann siad de theorainn leis an gComhchoiste gan scrúdú a dhéanamh ach ar thograí foirmiúla ón gCoimisiún le haghaidh reachtaíochta tánaistí lena nglacfadh an Chomhairle. Cuireann an Coimisiún, áfach, cláir agus doiciméid pholasaí ar fáil a bhíonn beartaithe go hiondúil mar bhonn do reachtaíocht a reachtófaí ina dhiaidh sin agus, mar gheall ar gur go forleathan a dhéileálann siad le hábhair, d’fhéadfaidís a bheith mar bhonn iomchuí le hábhair a bhreithniú ó thaobh prionsabail. Measann an Comhchoiste dá ndéanfaí téarmaí tagartha a chomharba a leathnú ionas go mbreithneofaí doiciméid den sórt sin, go mb’fhéidir gurbh fhoras níos fearr na tuarascálacha uaidh chun na Tithe do dhéanamh measúnachta ar pholsaí Comhphobail. Dá réir sin, molann an Comhchoiste go leasófaí na téarmaí tagartha maidir le tograí ón gComhphobal ionas gur mar seo a leanas a bheadh siad:—


“Go mbunófar Comhchoiste etc. le scrúdú a dhéanamh (i) ar cibé cláir agus tograí eile arna n-ullmhú ag Coimisiúin na gComhphobal Eorpach mar fhoras do ghníomh reachtaíochta ab fhéidir a dhéanfaí agus ar cibé dréachtanna de rialacháin, de threoracha, de chinntí, de mholtaí agus de thuairimí de chuid Chomhairle na nAirí arna moladh ag an gCoimisiúin...............a roghnóidh an Coiste agus tuarascáil a thabhairt orthu do dhá Theach an Oireachtais”.


Tabharfar faoi deara nach bhfuil togra sa leasú atá luaite go scoirfí de thograí foirmiúla a cheapadh le haghaidh reachtaíochta. Is feasach an Comhchoiste go dtagann den mholadh sin uaidh é bheith ag fadú deacrachtaí roghnóireachta níos do-réitithe dá chomharba ná a bhain dó féin. Dá ainneoin sin, creideann sé gur tábhachtach an ní é an chumhacht sin a choimeád agus go leanfaí de scrúdú a dhéanamh ar an oiread agus is féidir de na tograí foirmiúla.


Measann an Comhchoiste nach gá athrú a dhéanamh ar na téarmaí tagartha a mhéid a bhaineann siad le hionstraimí ó institiúidí sna Comhphobail agus le hionstraimí reachtúla baile.


5. Díospóireachtaí sna Tithe


I dtús aimsire, na hionstraimí reachtúla a rinneadh faoi Acht na gComhphobal Eorpach, 1972, ag tabhairt feidhme do reachtaíocht thánaisteach an Chomhphobail scoiridís d’éifeacht a bheith leo mura ndaingnítí iad laistigh de 6 mhí. Chuir Acht an gComhphobal Eorpach (Leasú), 1973, a ritheadh nuair a bunaíodh an Comhchoiste, athrú ar an scéal sin agus bhí foráil ann go leanfadh ionstraimí den sórt sin d’éifeacht a bheith leo i gcónaí mura neamhneodh an dá Theach iad ar mholadh ón gComhchoiste Bhí de bhrí leis sin gur aontaigh na Tithe deis amháin ar reachtaíocht Chomhphobail a chur faoi dhíospóireacht a scaoileadh uathu nuair a bunaíodh an Comhchoiste. Gan amhras, níor sonraíodh aon tábhacht mhór a bheith ag gabháil leis an ngné sin den ábhar i Lúnasa 1973 nuair a dhealraigh sé go mbeadh neart deise ann le trácht ar reachtaíocht Chomhphobail ar thuarascálacha an Chomhchoiste nó ar shé thuarascáil mhíosúla an Aire Gnóthaí Eachtracha. Is é a tharla nach ndearnadh aon díospóireacht faoi aon tuarascáil ón gComhchoiste. Maidir le tuarascálacha an Aire ní dhearnadh aon díospóireacht orthu ó rinneadh sin sa Dáil i mí Iúil 1975 agus sa Seanad i mí Márta 1976.


Measann an Comhchoiste nach mór, le brí a bheith i saothar an chéad choiste eile, go ndéanfaí comhshocraíocht chinnte faoina ndéanfaí díospóireacht i ngach Teach, i gceann tréimhse rialta, ar thuarascálacha an choiste, agus gur ghá dhá dhíospóireacht ar a laghad den sórt sin sa bhliain. Dealraíonn sé don Chomhchoiste nach mbeadh aon ní in aghaidh ábhair eile a bhainfeadh leis an gComhphobal a phlé le linn na díospóireachta dá mba mhian leis na Tithe é sin, ach ní chreideann sé gur cheart go mbraithfeadh na díospóireachtaí ar an Rialtas do thabhairt ama lena n-aghaidh de réir mar bheadh deis ann chuige. Molann an Comhchoiste go ndéanfadh gach Teach ordú ag ceapadh ama chinnte do dhíospóireachtaí den sórt sin. Dá measfaí gurb inmholta é mar gheall ar chruóg le gnóthaí eile parlaiminte d’fhéadfaí teorainn a chur leis an am don díospóireacht go léir agus leis an am do gach óráid.


6. Freastal ag Cruinnithe


Ionas go ndéileálfaí leis an méid oibre a bhíonn le déanamh ag an gComhchoiste ní mór cruinnithe, cruinnithe d’fho-Choistí go háirithe, a thionól go minic. Níor bhfurasta, i gcónaí, a áirithiú go mbeadh sáith comhaltaí i láthair ag na cruinnithe sin. Tá sé sonraithe ag comhaltaí de Pharlaimint na hEorpa go háirithe gur deacair dóibh a bheith i láthair mar gheall ar fhreagrachtaí eile. Ina theannta sin, ba mhinic cruinnithe ann i gcomhthráth le cruinnithe de choistí eile parlaiminte ar ceapadh Comhaltaí den Chomhchoiste orthu. Mar gheall ar an líon coistí méadú le roinnt blianta anuas is dealraitheach gur doiligh eamhnadh comhaltais agus deacrachtaí freastail dá chionn sin a sheachaint. Measann an Comhchoiste gur lú a bheadh an deacracht sin dá ndéanfaí comhshocraíocht cosúil leis an gceann a bhaineann le Coistí Speisialta sa Dáil a cheapadh dá chomharba trína bhféadfaí ionadaí a ainmniú in áit Comhalta nach mbeadh ar a chumas bheith i láthair ag cruinniú áirithe.


I gcás aon mhír áirithe a bheadh os comhair an Chomhchoiste nó os comhair a fho-Choistí tharlódh go mbeadh Comhaltaí de cheachtar Teach ag a mbeadh leas san ábhar. Is é tuairim an Choiste gur ceart go mbeadh cead ag Comhaltaí den sórt sin bheith i láthair agus páirt a ghlacadh sna himeachtaí ach gan ceart vótála a bheith acu.


7. Comhaltaí de Pharlaimint na hEorpa


Faoi láthair is Comhaltaí ex officio den Chomhchoiste na comhaltaí Éireannacha de Pharlaimint na hEorpa. Ba cheart, ó theoiric, gur chabhair breithnithe an Choiste do chomhaltaí Pharlaimint na hEorpa lena saotha san Eoraip agus gur chúnamh don Chomhchoiste a dtaithí san Eoraip. Ach ní comhshocraíocht í a raibh tairbhe mhór dá barr. Mar gheall ar a bhfreagrachtaí san Eoraip níor fhéad na comhaltaí de Pharlaimint na hEorpa bheith ag gabháil go hiomlán d’obair an Chomhchoiste. Chinn an Comhchoiste, dá bhrí sin, ar chomhairle nár chóir iad a cheapadh ar an gcéad choiste eile. Ach ba cheart ligean dóibh freastal ag aon chruinniú ar mian leo freastal aige agus páirt a ghlacadh i mbreithniú ach gan páirt a ghlacadh i gcinneadh ar bith. Ina theannta sin, is ceart go bhféadfadh an chéad choiste eile socrú a dhéanamh le tionól go foirmiúl i dteannta comhaltaí Pharlaimint na hEorpa ó am go ham le hábhair shaintábhachta a phlé.


Faoi láthair, tugann rúnaíocht an Chomhchoiste mionteagasc do chomhaltaí Pharlaimint na hEorpa de chúnamh dóibh lena saothar ar Choistí na parlaiminte sin. Tá sonraithe ag na Comhaltaí sin go bhfuil na mionteagaisc sin fóinteach agus ní léir don Chomhchoiste aon chúis nach leanfaí den chomhshocraíocht sin flú amháin má tharlaíonn nach gceapfar comhaltaí na hEorpa ar an gcéad choiste eile.


Tá an réim ábhar a thagann os comhair an Chomhchoiste chomh forleathan sin gur inmhianaithe go mbeadh spéis i réim mhór ábhar agus taithí fhorleitheadach ag a Chomhaltaí. Meastar, dá bhrí sin, gurb é an líon céanna comhaltaí atá ar an gComhchoiste seo a cheapfaí ar an gcéad choiste eile bíodh is nach gceapfaí aon duine de Chomhaltaí Pharlaiminte na hEorpa air.


8. Caidreamh le hAirí


Tá an chomhshocraíocht le go mbíonn státseirbhísigh i láthair ag cruinnithe d’fhochoistí agus go dtugann siad eolas ag oibriú to sásúil le roinnt ama. Tá gach uile chúis ag an gComhchoiste a bheith sásta le mianach an chúnaimh atá faighte aige ó oifigigh. Tá sé crosta air, áfach, ceisteanna faoi pholasaí a chur chuig na hoifigigh. Ach is iad airíona polasaí an ábhair an ghné is tábhachtaí a bhíonn, scaití, os comhair an Chomhchoiste. I gcásanna den sórt sin ba mhór a rathódh sé breithnithe an Choiste dá mb’fhéidir leis an cheist a phlé leis an gcomhalta den Rialtas lena mbainfeadh sí. Mhol an Coiste seo, go deimhin, cheana féin go dtabharfaí deis dó trácht leis an Aire Talmhaíochta ar an athbhreithniú bliantúil ar phraghsanna feirme [An Tríú Tuarascáil is Fiche (Prl. 5321)].


Má ghlactar leis an moladh atá sa tuarascáil seo measann an Comhchoiste gur mó a bheidh a chomharba ag gabháil do cheisteanna polasaí agus gur lú a bheidh sé ag gabháil do theicniúlachtaí. Molann sé dá chionn sin go mbeadh na hAirí iomchuí i láthair ag cruinnithe den chéad choiste eile nuair a bheidh dréacht-tuarascálacha faoi ábhair thábhachtacha á bplé agus páirt a ghlacadh sa bhreithniú beagnach mar a ghlacann siad páirt i ndíospóireachtaí i gCoistí Speisialta ar Bhillí.


Is feasach an Coiste go mbíonn Airí an-ghnóthach ag gabháil do chúrsaí Eorpacha. Ar an ábhar sin, glacann sé chuige nár chóir go n-iarrfaí ar Airí a bheith i láthair ag cruinnithe den Choiste ach amháin nuair a bheadh ábhair shaintábhachtacha á mbreithniú. Ní mheasann an Coiste gur gá go ndéanfai comhshocraíocht speisialta le hOrduithe ó na Tithe. B’fhearr leis go n-eascródh cleachtas a bheadh inghlactha ag an Rialtas agus fóinteach don Choiste.


(Sínithe) CATHAL Ó hEOCHAIDH,


Cathaoirleach an Chomchoiste.


23 Márta, 1977.