Committee Reports::Report No. 54 - Transferable Securities, Collective Investment Undertakings for (Unit Trusts)::23 March, 1977::Report

TUARASCÁIL

1. Réamhrá


Tá an Comhchoiste tar éis scrúdú a dhéanamh ar thogra le haghaidh dréacht-Treoir do chomhordú dlíthe agus forálacha riaracháin faoi ghnóthais infheistíochta chomhchoiteanna d’urrúis in-aistrithe (GICUA). Is é an leagan den dréacht-Treoir a scrúdaigh an Comhchoiste an leagan athscrúdaithe [R/1095/1/76] a d’eisigh an Coimisiún an 14 Meán Fómhair, 1976. Bhí leagan roinhe sin [R/1095/76] curtha ag gCoimisiún chun na Comhairle an 29 Aibreán 1976.


Is é an bonn dlíthiúil atá leis an Treoir bheartaithe Airteagal 57 mír 2 de Chonradh na Róimhe. Sa riocht ina bhfuil sí faoi láthair beidh feidhm ag an Treoir maidir le scéimeanna iontaobhais aonad áirithe in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe agus maidir lena leithéidí céanna ar an mór-roinn, eadhon, cuideachtaí infheistíochta ilchríche nó, mar a thugtar orthu uaireanta, cuideachtaí le caipiteal inathraithe. Is é an difear bunúsach idir an dá chineál GICUA, go mbíonn an pobal rannpháirteach i scéim iontaobhais aonad mar thairbhithe faoi iontaobhas agus go mbíonn na haonaid a cheannaíonn siad ag seasamh do mhéid a rannphairtíochta. Féadfaidh siad a gcuid aonad a dhíol ar ais le bainisteoirí na scéime (cuideachta) más maith leo éirí as an infheistíocht. Ní hionann cás don cheann eile; daoine a bhíonn rannpháirteach i gcuideachta infheistíochta ilchríche ceannaíonn siad scaireanna sa chuideachta agus má theastaíonn uathu éirí as, díolann siad a gcuid scaireanna ar ais leis an gcuideachta. Na hinfheistíochtaí a dhéanann an chuideachta sin iad sócmhainní na cuideachta agus ní i bhfoirm iontaobhais a bhíonn siad á sealbhú amhail mar a bhíonn i gcás scéim iontaobhais aonad.


I roinnt Ballstát bíonn na hinstitiúidí sin faoi réir rialacha speisialta atá ceaptha do chaomhnú airgid choigilte na mion-infheistitheoirí ar le freastal orthu atá a leithéidí ann go príomha. Ar an ábhar go bhfuil athruithe an-mhóra ar na rialacha sin ó stát go chéile ceaptar gur gá Treoir a eisiúint chun comhordú a thabhairt orthu de réir forálacha Airteagal 57 (2) de Chonradh CEE a bhaineann le “gabháil le gníomhaíochtaí agus iad a shaothrú mar oibrithe ar a gconlán féin” [Is é an reacht iomchuí in Éirinn an tAcht um Iontaobhais Aonad, 1972]. Sin é cuspóir an togra thuasluaite agus, dá nglacfaí leis, chuirfeadh sé le deiseanna cosanta ar an ndul céanna a sholáthar do choigilteoirí, dar leis an gCoimisiún, iomaíocht idir GICUA a fheabhsú agus saorghluaiseacht aonad infheistíochta (nó scaireanna) a éascú ar fud an Chomhphobail. Féachtar ar an gcríoch dheiridh sin mar cheann de na réamhthosca a réiteoidh an slí do Threoir eile maidir le saorghluaiseacht le haghaidh aonaid infheistíochta nó scaireanna.


D’fháiltigh Parlaimint na hEorpa roimh an togra i Rún faoi dháta 8 Feabhra 1977. Ach measann sé na forálacha a bheith neamhiomlán mar go leanfaidh gach Ballstát dá chuid socruithe margaithe féin a chur i bhfeidhm maidir le haonaid GICUA a chuirfear ar an margadh ina chríoch agus toisc nach ndéileálann sé sách iomlán le ceist na dtáillí agus na muirear.


2. Ábhar an Togra


Tá comhrialacha sa dréacht-Treoir nach foláir do gach Ballstát a chur í bhfeidhm maidir le GICUA ina chríoch féin. Bheadh sé de rogha ag gach Stát rialacha níos déine nó Rialacha breise a chur i bhfeidhm i gcás na n-institiúidí sin chomh maith ach maidir le haon GICUA le bunáit lasmuigh dá chríoch féin ní cheadófaí dó aon fhoráil in aon chor a chur i bhfeidhm seachas a chuid rialacha maidir le socruithe margaithe agus gluaiseachtaí caipitil. Aon GICUA a mbeadh údarás aige gnó a sheoladh i mBallstát amháin d’fhéadfadh sé dá bhrí sin a chuid gníomhaíochtaí a chur chun cinn sna Ballstáit eile gan tuilleadh ceada.


Baineann na comhrialacha beartaithe le ceadú agus maoirsiú GICUA, lena struchtúr agus a n-oibriú (lena n-áirítear feidhmeanna agus srianta), lena mbeartas infheistíochta, agus leis an eolas a chuirfear ar fáil fúthu.


Ní bheadh feidhm ag an Treoir bheartaithe ach amháin maidir le GICUA a bhfuil a gcuid infheistíochtaí in urrúis inaistrithe agus sócmhainní leachtacha i gcothrom le 80% ar a laghad den infheistíocht iomlán; mínítear urrúis inaistrithe mar urrúis a luaitear ar stocmhargadh ofigiúil nó a ndéantar trádáil iontu ar mhargadh rialaithe eile. Tá sé beartaithe go gcaithfeadh na GICUA sin a gcionúireacht infheistíochtaí in urrúis agus i sócmhainní den sórt sin a mhéadú go dtí 95% ar a laghad. Cheadófaí dóibh, áfach, suas go dtí 10% dá sócmhainní a infheistiú in urrúis inaistrithe eile ach iad a bheith inréadaithe go héasca. Chuirfí ar chumas Ballstát a cheadú do GICUA sócmhainní neamh-inleachtacha suas go dtí 5% ar a mhéid a shealbhú. Murab ionann agus ceanglais reachtúla na hÉireann faoi láthair cheadófaí cionúireacht sócmhainní (suas go dtí 10%) a infheistiú in GICUA eile. Ní cheadódh an togra do GICUA thar 5% de urrúis eisitheora amháin a shealbhú cé go bhféadfadh Ballstáit, i gcásanna neamhghnácha, sealúchas nach mó ná 10% a cheadú.


3. Inchialla d’Éirinn


Tá sé curtha in iúl don Chomchoiste nach mbeadh feidhm leis an Treoir bheartaithe in Éirinn ach amháin i gcás iontaobhais aonad áirithe atá cláraithe faoin Acht um Iontaobhais Aonad, 1972. Faoi láthair níl ach dhá cheann acu sin ann, ceann atá bunaithe ar chothromais agus ceann ar stoc Rialtais. Tá roinnt cistí inmheánacha ann freisin a sheoltar ar an mbealach céanna agus atá á n-oibriú ag comhlachtaí árachais ach tuigtear don Chomhchoiste nach ndéanfaidh an Treoir bheartaithe aon difear dóibh sin. Ina theannta sin tá roinnt iontaobhas aonad eile ann nach bhfuil ar oscailt don phobal agus atá á n-oibriú ag cuideachtaí eile nach bhfuil cláraithe faoin Acht um Iontaobhais Aonad, 1972, agus ní dhéanfaidh an Treoir bheartaithe difear dóibh sin.


Má ghlactar leis an Treoir caithfear an tAcht um Iontaobhais Aonad, 1972, a leasú d’fhonn é a thabhairt ar comhréir leis na comhrialacha a bheartaítear. Tar éis dó an scéal a scrúdú creideann an Comhchoiste nár chóir go mbeadh na comhrialacha ró-dhian ó thaobh na hinfheistíochta de agus, tríd is tríd, nár cheart go mba ró-dheacair iad a chorprú i ndlí na hÉireann. Ceapann an Comhchoiste, áfach, dá leasófaí an dréacht-Treoir i slite áirithe, go mba réidhe a dhéanfaí an t-athrú ó thaobh na hÉireann de.


Tá na leasuithe sin sonraithe in alt 6 den tuarascáil seo. An ghné is tábhachtaí den ábhar seo ó thaobh na hÉireann de an éifeacht a fhéadfadh a bheith ar aonaid iontaobhais atá cláraithe anseo ag an iomaíocht a bhuailfeadh iad mar gheall ar ghlacadh leis an Treoir. Measann First General Unit Managers Ltd., a dhéanann bainistíocht ar an dá iontaobhas aonad chláraithe Éireannacha atá ann, go dtíocfadh de dhroim bogadh éigin a dhéanamh ar na rialacha atá leagtha síos in Acht 1972, gur mó a bhéarfadh gnólachtaí Éireannacha do mhargadh caipitil na hÉireann ná mar a chaithfí de dheasca iomaíocht choigríche dá mba rud é nach raibh cáin níos troime orthu ná mar atá ar ghnólachtaí dá leithéid ar an gcoigrích.


Is ceart a thabhairt faoi deara, má chuirtear agus nuair a chuirfear an Treoir i ngníomh, go bhféadfadh ceithre chiste nó iontaobhas ar aon dul lena chéile a bheith ar fáil ag infheisteoirí Éireannacha, is iad sin (a) iontaobhais aonad chláraithe a thagann faoi réim na Treorach, (b) iontaobhais aonad chláraithe nach bhfuil de réir na Treorach, (c) GICUA atá bunaithe i mBallstáit eile, agus (d) cistí a oibríonn Cuideachtaí Árachais agus Cuideachtaí eile.


4. Cánachas


Iontaobhais aonad atá bunaithe ar urrúis seachas urrúis Rialtais tá siad faoi réir cáin ghnóchan caipitiúil agus tá an dliteanas céanna ar shealbhóirí aonad ar a gcuid sealúchas a réadú dhóibh. Gearrtar an cháin sin ar ghnóchain de bhreis ar £500 in aon bhliain áirithe de réir ráta 26% (faoi réir coigeartuithe áirithe i gcás an iontaobhais agus pearsana aonair).


Nuair a tugadh isteach cáin ghnóchan caipitiúil chuaigh sé in éifeacht go mór ar an dá iontaobhas aonad cláraithe atá in Éirinn. I gcás an iontaobhais atá faoi réir na cánach, tarraingíodh siar tuairim 15% de na haonaid agus laghdaigh a chiste ón uasphointe £1,200,000 go dtí £980,000. Tá 20% de mhéadú tagtha ar na haonaid atá ar seilbh in iontaobhais Bhreataineacha den sórt céanna sa tréimhse chéanna. I gcás an iontaobhais nach bhfuil an cháin air tá an ciste tar éis méadú ó £800,000 go dtí £2,700,000 ó 1973.


Táthar tar éis a chur in iúl don Chomhchoiste nach bhfuil cáin ghnóchan caipitiúil á gearradh ar iontaobhais aonad ná ar a leithéidí in aon Bhallstát eile ach amháin sa Ríocht Aontaithe. Sa Ríocht Aontaithe tá muirir de réir leath an ghnáthráta (i.e., 15%)á ngearradh ar ghnóchain agus faigheann sealbhóirí aonad creidmheas, ar a gcuid aonad a dhíol, de réir leath an bhonnráta cánach ioncaim (i.e. 17½%) cibé acu ar bhain an t-iontaobhas aonad aon ghnóchain amach nó ar gearradh cáin ar aon ghnóchain dá chuid. Tá eolas níos mionchruinne san Fhoscríbhinn leis an Tuarascáil seo ar chánachas GICUA sna Ballstáit eile. Is fíor mar atá ráite san Fhoscríbhinn go bhfuil iontaobhais aonad na Ríochta Aontaithe faoi réir Cánach Corparáide (ní hionann agus aonaid iontaobhais na hÉireann) ach toisc fáltais na n-iontaobhas aonad ó infheistíocht i gCorparáidí a bheith frainceáilte ó cháin Chorparáide tá d’éifeacht leis sin go gcoisceann sé tionscal na Ríochta Aontaithe ó Bhanna-Chistí nó Cistí Stoc Rialtais a fhoirmiú, agus is léir nár mhaith an rud go dtarlódh sé sin in Éirinn. Tá an Comhchoiste faoi chomaoin ag T. C. F. Whitton, Uasal, Stiúrthóir/Bainisteoir, First General Unit Managers Limited, as ucht an eolais atá tugtha san Fhoscríbhinn.


Is léir don Chomhchoiste, má ghlactar leis an Treoir, nach foláir athbhreithniú a dhéanamh ar dhliteanas na n-iontaobhas aonad Éireannach i leith cáin ghnóchan caipitiúil má tá an ceann atá ann, ceann atá bunaithe ar chothromais, le maireachtáil beo, agus má táthar le spreagadh a thabhairt do bhunú tuilleadh acu d’fhonn leas a bhaint as an margadh méadaithe. Creideann an Comhchoiste go bhféadfaí, ach clárú na n-iontaobhas a choinneáil faoi urlámh an Aire Tionscail agus Trachtála, iontaobhais aonad chláraithe a fhuascailt ó dhliteanas i leith cáin ghnóchan caipitiúil gan ligean do infheisteoirí saibhre úsáid a bhaint as an áis chun cáin ioncaim a sheachaint. Tá sé curtha in iúl ina theannta sin don Chomhchoiste nach fiú leis na hinfheisteoirí saibhre leas a bhaint as iontaobhais aonad mar gheall ar na muirir arda bainistíochta.


Má tá tionscal iontaobhas aonad na hÉireann le seasamh in aghaidh na hiomaíochta a bhfuil dréim léi agus má táthar le deis chóir a thabhairt di chun leathnú creideann an Comhchoiste nach foláir athbhreithniú a dhéanamh ar a dliteanas i leith cáin ghnóchan caipitiúil sula gcuirfear an Treoir bheartaithe i ngníomh. Mar chéim thosaigh ba cheart an dliteanas i leith cánach a laghdú chun go mbeidh sé cothrom le mar atá sa Bhreatain, dar leis an gComhchoiste.


5. An Dlí Éireannach a Leasú


Seachas na hathruithe ba ghá de dhroim glacadh leis an Treoir, moladh don Chomhchoiste go gcuirfeadh athruithe breise mar a leanas ar na forálacha reachtúla seo againne feabhas ar chor iontaobhas aonad na hÉireann sna himthosca nua:


(a) Ba cheart an riail gur sócmhainní Éireannacha a chaithfidh a bheith i 50% de gach iontaobhas aonad cláraithe a athrú chun go bhforálfaidh sé gur cheart 50% de na hiontaobhais sin go léir a bheidh á mbainistiú ag cuideachta bainistíochta aonair a bheith san iomlán ina sócmhainní Éireannacha.


(b) Ba cheart infheistíocht i GICUA eile a cheadú suas go dtí an uasphointe a cheadaíonn an Treoir.


(c) Ba cheart Alt 1 (1) den Acht um Iontaobhais Aonad, 1972 a leasú d’fhonn a áirithiú nach bhféadfar an tagairt “le go mbeadh an pobal páirteach” a léiriú sa tslí is go gcuirfeadh sé cosc le tairiscint a dhéanamh ach do roinn amháin den phobal, e.g. daoine ar scor.


Is dóigh leis an gComhchoiste gur leasuithe réasúnacha iad sin.


6. An dréacht-Treoir a leasú


Molann an Comhchoiste gur chóir na leasuithe seo a leanas, a moltar a dhéanamh ar an Treoir bheartaithe, a bhreithniú go fabhrach:—


(i) Airteagal 5


Cheanglódh an Treoir go ndéanfadh an t-údarás inniúil, is é sin is dóigh an tAire Tionscail agus Tráchtála in Éirinn, go ndéanfadh sé athruithe ar ghníomhas iontaobhais a fhormheas. Ba cheart gur leor feidhm a bheith i gcónaí leis an gceanglas láithreach Éireannach a fhorálann nach gá ach athruithe a thaisceadh le cláraitheoir na gcuideachtaí.


Forálann gníomhais iontaobhais an dá iontaobhas aonad cláraithe nach foláir cead a fháil le haon athrú sa ghníomhas trí rún urghnách ó shealbhóirí deimhnithe, i.e. sealbhóirí aonad. Féadfaidh na hiontaobhaithe, áfach, athruithe a cheadú nach ndéanann difear do shealbhóirí.


(ii) Airteagail 7 agus 11


Ceanglaíonn an dréacht-Treoir ar chuideachta bhainistíochta agus ar chuideachta thaisctheach (a fhreagrann faoi seach don bhainisteoir agus don iontaobhaí in Éirinn) oiread caipitil lán-íoctha a bheith aige agus a chuirfeadh ar a chumas a ghnó a sheoladh go héifeachtúil agus a chuid dliteanas a fhreastal. b’fhearr, ar mhaithe leis na hinfheisteoirí, dá leagfaí síos go sonrach riachtanais íosta caipitil cosúil leo sin dá bhforáiltear san Acht um Iontaobhais Aonad, 1972.


(iii) Airteagal 13


Chuirfeadh an Treoir bheartaithe cosc leis an gcuideachta chéanna a bheith ag gníomhú mar chuideachta bhainistíochta agus mar chuideachta thaisctheach. Ba cheart an cosc sin a chur i mbaint le cuideachta is fochuideachta do chuideachta eile agus nach gcruthaítear chun sástacht an údaráis inniúla urlámh éifeachtúil a bheith á fheidhmiú ar a cuid cúrsaí neamhspleách den cheann eile sin.


(iv) Airteagal 36


Táthar lena cheangal ar Bhallstáit na daoine nó na comhlachtaí neamhspleácha a shonrú arb é a ndualgas an t-eolas airgeadais a thabharfar sna tuarascálacha bliantúla a fhíorú. Ba cheart nach mbeadh cead ach amháin iniúchóirí nó cuntasóirí a shonrú atá cáilithe ó thaobh gairme.


(v) Sceideal B


Ba mhaith an rud forálacha sonracha a chur ann i dtaobh ríomh na luachanna maidir leis na córais éagsúla airgid (i.e. rátaí sóinseála etc.).


7. Gluaiseacht Chaipitil


D’fhonn réim na Treorach beartaithe a shuíomh ina cheart-léargas ní mór féachaint do na srianta ar ghluaiseacht chaipitil atá á gcoinneáil ar bun fós ag Ballstáit.


Sa mhéid a bhaineann le hÉirinn, ní foláir do infheisteoir in urrúis choigríche ceannach de réir ráta malairte infheistíochta. Mar gheall air sin ní foláir préimh inathraithe (tuairim 30% faoi láthair) a íoc de bhreis ar an ráta malairte margaidh oifigiúil. Nuair a dhíolann sé na hurrúis féadfaidh sé an glan-fháltas a athrú go sterling de réir ráta malairte infheistíochta níos airde ach sin go feadh 75% ar a mhéid. Ní théann leis an 25% eile ach an gnáthráta malairte margaidh oifigiúil.


8. Buíochas


Ba mhaith leis an gComhchoiste a chur in iúl gur mór aige an chabhair fhairsing a fuair sé ón First General Unit Managers Ltd. nuair a bhí an togra seo á bhreithniú agus go bhfuil sé buíoch dá chionn.


(Sínithe) CATHAL Ó hEOCHAIDH,


Cathaoirleach an Chomhchoiste.


23 Márta, 1977.