Committee Reports::Report No. 53 - Product Liability::23 March, 1977::Report

TUARASCÁIL

1. Réamhrá

Tá an Comhchoiste tar éis togra a scrúdú a rinne an Coimisiún i Meán Fómhair, 1976 do lorg Treoir ón gComhairle faoi chomhfhogasú dlíthe agus forálacha riaracháin na mBallstát maidir le dliteanas um thairgí lochtacha [R/2237/76].


Tá an togra sin bunaithe ar Airteagal 100 de Chonradh CEE agus is é aidhm atá leis dlíthe na mBallstát maidir le dliteanas um tháirgí a chomhfhogasú. I roinnt stát níl monaróirí faoi dhliteanas i leith damáiste ó tháirgí lochtacha ach amháin sa chás ina gcruthaítear locht a bheith orthu ar nós faillí. Tá Stáit eile ina meastar iad a bheith faoi dhliteanas fiú sa chás nach bhfuil locht ann nó nach féidir é a chruthú. Tá sé á rá ag an gCoimisiún go bhféadfadh na difir sin iomaíocht a shaobhadh mar gheall ar éagsúlacht na gcostas a chuirtear ar tháirgeoirí agus go bhféadfadh sé freisin difear a dhéanamh do shaorghluaiseacht earraí sa Chomhphobal. Amhail idir na córais le locht agus na córais gan locht roghnaigh an Coimisiún an córas gan locht mar go dtugann sé cosaint níos fearr do thomhaltóirí.


Tá sé curtha in iúl don Chomhchoiste gur athríomh an-dlúth é an Treoir bheartaithe de Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa ar Dhliteanas um Tháirgí lenar ghlac Coiste na nAirí i Meán Fómhair, 1976.


2. Ábhar an Togra

Dhéanfadh an togra táirgeoir earra chríochnaithe nó chomhchuid d’earra den sórt sin a chur faoi oibleagáid dliteanais i leith damáistí, mar gheall ar locht san earra, ar mhodh báis, díobhála pearsanta nó damáiste do mhaoin, is earra nó comhchuid a fuarthas agus a úsáideadh le haghaidh úsáid nó tomhailt phríobháideach amháin, cibé acu a raibh nó nach raibh eolas ag an táirgeoir faoin locht nó go bhféadfadh sé an t-eolas sin a bheith aige. Bheadh dliteanas den sórt céanna ar allmhaireoir earra ó thríú tír. D’fhonn an dliteanas a sheachaint bheadh ar tháirgeoir nó allmhaireoir a chruthú nach raibh an earra lochtach nuair a chuir sé sa timpeall í. Ní fhéadfaí dliteanas a eisiamh ná a theorannú le conradh.


Chuirfeadh an Treoir bheartaithe teorainn mar a leanas le dliteanas iomlán táirgeora: (a) 25 milliún aonad cuntais Eorpach (ACE) i leith gach díobháil phearsanta ó tháirgí comhionanna leis an locht céanna, (b) 15,000 aonad cuntais Eorpach i gcás maoine sochorraithe agus (c) 50,000 aonad cuntais Eorpach i gcás maoine dochorraithe.


Tá forálacha ann freisin do mhúchadh dliteanais tar éis deich mbliana, do shonrú trí bliana mar thréimhse teorannaíochta le haghaidh caingne agus do dhéanamh socrú le haghaidh dliteanais i gcomhpháirt agus ar leithligh.


Dá dtugtaí isteach an dliteanas docht a bheartaítear ní chuirfeadh sé sin cosc le héilimh a dhéanamh ar aon fhorais eile atá ar fáil faoi láthair cibé acu i dtort nó i gconradh.


3. Inchialla d’Éirinn

Mar atá faoi láthair féadfaidh duine dar bhain díobháil mar gheall ar locht i dtáirge de dheasca fabht monaraíochta an monaróir a agairt i dtort ach le go n-éireodh leis ní foláir dó faillí a chruthú. Tá ceart caingne aige freisin in aghaidh an duine a dhíol na hearraí leis agus sa chás sin gheobhaidh sé de ghnáth tairbhe na dtéarmaí a chuirtear i dtuiscint leis an Sale of Goods Act, 1893. Má éiríonn leis damáiste a ghnóthú ón soláthróir, beidh an soláthróir i dteideal slánú a fháil ón duine a sholáthraigh dósan agus mar sin de suas feadh raon an tsoláthair. I gcás báis mairfidh cúis chaingne chun tairbhe eastát an éagaigh de bhua Chuid II den Acht um Dhliteanas Sibhialta, 1961 agus faoi Chuid IV den Acht sin, féadfar caingean a thionscnamh thar ceann cleithiúnaithe áirithe a fhulaingeoidh díobháil nó anbhuain meabhrach mar gheall ar an mbás. I gcás na gcaingean sin uile beidh feidhm ag na rialacha a bhaineann le faillí rannpháirteach agus d’fhéadfaí damáistí a laghdú i gcoibhneas leis an méid gurbh é faillí nó easpa cúraim an duine a maraíodh nó a díobháladh ba bhun leis an damáiste a fulaingíodh.


Dá nglacfaí leis an Treoir ní dhéanfadh sí difear do cheann ar bith de na cúiseanna caingne sin. Bhunófaí cúis chaingne sa bhreis agus ní bheadh ar an ngearánaí ach an locht agus an díobháil a chruthú agus ligean don táirgeoir a chruthú, dá bhfeadfadh sé, nach raibh an táirge lochtach nuair a chuir sé sa timpeall é. Ina theannta sin, chuirfeadh an Treoir dliteanas nua neamhchonarthach ar an duine a d’allmhaireodh earraí ó áit lasmuigh den Chomhphobal toisc go bhfuil seisean ar áireamh sa mhíniú a thugann sí ar “táirgeoir”.


Is é díreach a deir an dréacht-Treoir gurb é chiall atá le damáiste don duine “bás nó díobhálacha pearsanta” ach ní dhealraíonn gurb é atá beartaithe go mbeadh tomhas na ndamáistí mar a chéile agus atá sna cúiseanna caingne faoi láthair. De réir meamram míniúcháin an Choimisiúin, mar shampla, níl sé ceaptha go mbeadh aon chúiteamh i bpian agus fulaingt, rud atá ina cheannteideal damáiste sa tort faillí faoi láthair. Thiocfadh de sin go mbeadh caingne comhthráthacha ag dul ar aghaidh ina mbeadh atharrach dualgas cruthúnais ó cheann go ceann.


Níl aon tagairt d’fhaillí rannpháirteach sa Dréacht-Treoir mar go measann an Coimisiún nach gá é toisc feidhm a bheith ag an bprionsabal sin faoi dhlíthe na mBallstát go léir. Is é is dóigh go mbeidh feidhm ag na rialacha atá ann faoi láthair maidir leis an gcúis chaingne nua.


4. Barúlacha ó Chomhlachtaí Leasmhara

Tá Cónaidhm Thionscail na hÉireann in aghaidh an togra amach is amach ar bhonn prionsabail. Deir sé go socraítear árachas ar fhoras na ndamáistí uasta a dhámhaigh na Cúirteanna agus gur rí-annamh dóibh sin dul thar £250,000. Toisc go molann an Treoir bheartaithe teorainn de £17 milliún tuairim bheadh ar fhormhór monaróirí na hÉireann ardú an-mhór a fháil sna teorainneacha árachais atá acu faoi láthair agus is é barúil na Cónaidhme gur dócha go bhfionnfar i go leor cásanna nach bhfuil fáil ar aon mhargadh i láthair na huaire a fhreastalódh ar na teorainneacha sin. Creideann an Chónaidhm go mbeidh éifeacht ag an gcostas méadaithe ar phraghas nó infhaighteacht gach uile tháirge nach mór agus go laghdóidhsé go mór cumas go leor gnólachtaí chun saothrú. Má théitear ar aghaidh leis an togra tá roinnt moltaí déanta amach chun a leasaithe ag an gCónaidhm.


Ba mhaith le Comhlachas Árachais na hÉireann freisin dá ndéanfaí roinnt mhaith leasuithe ar an dréacht. Go háirithe creideann sé gur gá breis eolais a bheith sa dréacht ionas go bhféadfaí leagan beacht na ndamáistí a mheasúnú go cruinn. Go dtí go mbeidh an méid sin soiléir ní hinmhe dó aon ghar-mheas a thabhairt ar cad ba dhóigh a chosnódh sé ar thionscal na hÉireann ó thaobh árachais ach tá sé curtha in iúl aige don Chomhchoiste gur dóigh go mbeidh mórchostas ag titim ar thionscail áirithe.


5. Barúlacha an Chomhchoiste

Creideann an Comhchoiste gurb inmholta an cuspóir é a dhéanamh níos fusa do dhaoine cúiteamh a fháil i ndamáiste ó tháirgí lochtacha. Ach creideann sé go n-ardaíonn an Treoir bheartaithe go leor ceisteanna casta nach foláir a scrúdú sula nglacfar cinneach críochnaitheach.


Dealraíonn sé gurb é bonn atá leis an Treoir bheartaithe an gá atá le comhionannas a thabhairt ar fud an Chomhphobail ar na torthaí eacnamaíocha a leanann dliteanas. Chítear don Chomhchoiste go bhfuil siad sin ag brath ní amháin ar cibé acu ar locht is foras dliteanais nó nach ea ach freisin ar na rialacha ar faoina dtreoir a dhéantar amach méid na ndamáistí. Dealraíonn sé don Chomhchoiste, dá bhrí sin, nach féidir cuspóir sonraithe na Treorach a bhaint amach mura gcuirfear rialacha inti i dtaobh tomhas na ndamáistí agus i dtaobh faillí rannpháirteach nach féidir le dlíthe náisiúnta a athrú. Ina theannta sin, má tá dliteanas lochta agus é ag tarraingt damáistí móra chuige le bheith ar marthain in aice le dliteanas gan locht i gcuid de na Ballstáit ach gan bheith i gcuid eile acu is deacair a fheiceáil conas atá na táirgeoirí go léir á gcur ar an mbonn comhionann céanna ó thaobh iomaíochta.


Tuigtear don Chomhchoiste gur iarradh ar an gCoimisiún um Athchóiriú an Dlí comhairle a thabhairt i dtaobh gnéithe dlíthiúla an togra. Dá ndéanfaí míniú níos iomláine ar na ceisteanna dlíthiúla atá bainteach leis an ábhar chabhródh sé le hinchialla an togra a léiriú agus glacann an Comhchoiste leis nach ndéanfar aon chinneadh faoin togra sula bhfaighfear tuairisc ón gCoimisiún.


(Sínithe) CATHAL Ó hEOCHAIDH,


Cathaoirleach an Chomhchoiste.


23 Márta, 1977.