Committee Reports::Report No. 54 - Transferable Securities, Collective Investment Undertakings for (Unit Trusts)::23 March, 1977::Appendix

FOSCRÍBHINN

Cánachas ar GICUA i mBallstáit eile.

Achomaireacht ar chor na Cánach Gnóchan Caipitiúil.

An Bheilg

..

..

..

..

..

..

Níl muirear

An Danmhairg

..

..

..

..

..

Níl muirear

An Fhrainc

..

..

..

..

..

Níl muirear

An Ghearmáin (An Phoblacht Chónaidhme)

..

Níl muirear

An Iodáil

..

..

..

..

..

..

Níl muirear (á sheoladh ó Lucsamburg)

An Ísiltír

..

..

..

..

..

..

Níl muirear

An Ríocht Aontaithe

..

..

..

..

Leathmhuirear—Faigheann an Sealbhóir Aonad creidmheas de réir leath an ráta chaighdeánaigh cánaigh ioncaim.

Sonraí:

AN BHEILG:

Sa Bheilg, ní áirítear gur eintiteas inchánach Ciste Infheistíochta ach, cosúil le tíortha Eorpacha eile, meastar gur méadú é ar shócmhainní an tSealbhóra Aonad. Dá bhrí sin cuirtear measúnacht chánach ioncaim i bhfeidhm díreach ar na Sealbhóirí Aonad. Gné amháin den slí ina ndéantar follasacht fioscach a fheidhniú is ea go meastar ioncam a dáileadh ar Shealbhóirí Aonad a bheith faoi réir “réamhíocaíocht” inaistrithe 20% agus, i gcás eintiteas inchánach, sin slí chun cáin a choinneáil siar. Níl Ciste Beilgeach faoi réir Cáin Ghnóchan Caipitiúil agus, mar atá, níl Sealbhóir Aonad faoi dhliteanas ar a shealúchas a réadú ar choinníoll gur cuid iad na haonaid dá mhaoin neamhghnó.


AN DANMHAIRG:

Ar fhoras cleachtadh an Chiste is mó sa Danmhairg, dealraíonn sé go n-íoctar ioncam tar éis cáin chúpóin 30% a asbhaint (de réir rialacha mar iad sin a chuirtear i bhfeidhm i gcás cuideachtaí dliteanais theoranta). Ach níl sé de dhliteanas ar an Iontaobhas Aonad cáin a íoc. Dá bhrí sin faigheann sé aisíoc ó na hÚdaráis Chánach sna cúpóin chánach a choinnigh na Cuideachtaí siar. Ní íocann an tIontaobhas Aonad féin Cáin Ghnóchan Caipitiúil, dé go dtuigtear go gcoinníonn na hÚdaráid Ioncaim súil ghéar ar an leibhéal trádála. Íocann an Sealbhóir Aonad Cáin Ghnóchan Caipitiúil sa ghnáthshlí ar aon bhrabús a dhéantar ó dhíol a chuid aonad.


AN FHRAINC:

Is eintiteas dlíthiúil SICAV agus i gcoitinne tá na rialacha céanna ag baint leis a bhaineann le cuideacntaí comhstoic—Société Anonyme. Faigheann SICAV roinnt loghaíochtaí cánach nach dtugtar do institiúidí airgeadais eile sa bhFrainc—an ceann is tábhachtaí acu go bhfuil SICAV saor ó Cháin Chorparáide.


Tá na rialacha cánach a bhaineann le SICAV bunaithe ar phrionsabal na “follasachta”, agus is é cuspóir atá leis sin Sealbhóirí Aonad a dhruidim chomh gar agus is féidir é do bheith ina n-úinéirí díreacha ar urrúis agus sócmhainní eile na cuideachta atá i gceist. Chuige sin, ní ghearrtar cáin ar SICAV ar an gcoinníoll go ndáileann sé an t-ioncam go léir a fhaigheann sé gach bliain ó infheistíochtaí. A éifeacht sin, nach n-íocann sé aon Cháin Chorparáide.


Ní ghearrtar Cáin Ghnóchan Caipitiúil ar SICAV ar shócmhainní a réadú, ach dealraíonn sé go bhféadfadh an Sealbhóir Aonad a bheith faoi dhliteanas ón 1 Eanáir 1978 i leith cineál éigin Cáin Ghnóchan Caipitiúil ar aon bhrabús ó réadú a shealúchais sa SICAV.


Maidir le díbhinní ar a gcuid sealúchas, féadfaidh Sealbhóirí Aonad buntáiste phearsanta a bhaint as na creidmheasanna cánach a ghabhann le hioncam an Iontaobhais ionann agus da mba rud é go bhfuair siad go díreach iad, agus treise a chur le prionsabal na “follasachta”.


AN GHEARMÁIN (An Phoblacht Chónaidhme):

Tá sé dearbhaithe gur “eintiteasanna inchánach” iad Cistí Infheistíochta Ilchríche na hIar-Ghearmáine de réir brí Acht Cánach Corporáide na hIar-Ghearmáine ach, san am céanna, tugann an reachtaíocht chánach iomchuí faoin chóir chéanna geall leis a thabhairt don infheisteoir i gCistí agus a thugtar do infheisteoir díreach in urrúis.


Chuige sin, tá na Cistí saor ó cháin ar ioncam a ghabhann tríothu agus níl dliteanas cánach ar Shealbhóirí Aonad ach amháin ar an gcuid sin de dháilte na gCistí arb é atá inti díbhinní agus ús cé go ndéanfaí measúnacht orthy sin freisin i leith cánach as ioncam nár dáileadh sa mhéid go mbeadh súil leis go raibh sé faighte acu.


Níl aon cháin ach oiread ar ghnóchain chaipitiúla réadaithe, is cuma san Iontaobhas nó dáilte dóibh, ná ar fháltais ó dhíol aonad. Fágann an fhoráil sin an Sealbhói sa dáil chéanna chánach le scairshealbhóir díreach, ach é a bheith de dhifear ag baint leis, i gcás Cáin Ghnóchan Caipitiúil, go bhfuil beagán sa bhreis de bhuntáiste ag an Sealbhóir Aonad. Is é cúis atá leis sin nach féidir choíche don Sealbhóir Aonad a bheith faoi réir Cáin Ghnóchan Caipitiúil ach san am céanna d’fhéadfadh scairshealbhóir díreach a bheith faoi dhliteanas má dhíoltar laistigh de shé mhí na hurrúis ar a ndéantar gnóchan caipitiúil. Chuir an reachtaíocht cháach san áireamh gur infheisteoirí beaga ceannaitheoirí na n-aonad agus go minic nach mbíonn cáin iomcain dlite díobh in aon chor.


LUCSAMBURG:

Maidir le cánachas, níl ach dliteanas amháin ar chiste Ilchríche agus sin cáin 0.06% is iníoctha in aghaidh na ráithe ar shócmhainní iomlána an Chiste i ndeireadh gach ráithe. Níl aon dliteanas Cánach Gnóchan Caipitiúil ar an gCiste ná ar an Sealbhóir Aonad.


AN ÍSILTÍR:

San Ísiltír tá Cistí Iontaobhais Ilchríche agus Cuideachtaí Infheistíochta ann i dteannta a chéile. Mar a chéile é, geall leis, don Sealbhóir Aonad nó don Scairshealbhóir, bheith i gceachtar acu.


Faoi láthair, tá Cuideachtaí Infheistíochta saortha ó cháin ioncaim corparáide agus ó cháin coinneála díbhinní ar dhíbhinnía fuarthas, ar choinníoll go luafar a gcuid scaireanna ar Stocmhargadh Amsterdam nó Rotterdam, nó go ndáilfidh siad 60% ar a laghad de na díbhinní a fuarthas (chun go mbeadh feidhm aige sin, áfach, ní foláir gur ó urrúis airgeadais a dhíorthaítear na díbhinní). Féadfar gnóchain chaipitiúla ó dhíol urrús, scaireanna, agus bannaí a chur i gcúlchiste saor ó cháin, ach go teoiricúil, féadfar cáin a ghearradh orthu tráth níos déanaí. I ndáiríre, ní tharlódh sé sin toisc go mbrathann sé ar leachtú na cuideachta agus ar roinnt an chúlchiste ar scairshealbhóirí rannpháirteacha a bhfuil a gcuid scaireanna á sealbhú i bhfoirm iompróra ar aon chuma.


Ní áirítear gur eintiteas inchánach Ciste Infheistíochta, ach féachtar air mar leathnú ar shócmhainní an tSealbhóra Aonad. Is é an éifeacht atá leis sin nach bhfuil Cáin Ioncaim Chorparáide dlite ar aon ioncam a fuair. Cistí Infheistíochta, agus baineann sin leis na Cist féin agus lena gCuideachtaí Bainist ochta. Ina ionad sin, tá na Sealbhóirí Aonad faoi réir cánach ar aon dáileadh ó na Cistí Infheistíochta, agus déiláltar leo sa tslí sin ionann agus dá mba rud go díreach a fuair siad an t-ioncam. Na Sealbhóirí Aonad sin nach bhfuil faoi réir cánach ar ghnóchain chaipitiúla i gcoitinne níl siad faoi réir cánach ar na gnóchain chaipitiúla a fuair na Cistí ó dhíol urrús, cibé acu ar carn adh na gnóchain nó ar dáileadh iad ar na Sealbhóirí Aonad.


AN RÍOCHT AONTAITHE:

Mar gheall ar chúiseanna nach bhfuil chomh hoiriúnach sin feasta, tá ioncam na nIontaobhas Aonad sa Ríocht Aontaithe faoi mhuirear de réir an ráta Cánach Corparáide. Ach muirearaítear gnócháin de réir leath ghnáthráta Cánach Cnóchan Caipitiú na Ríochta Aontaithe—i.e. 15%. Ar a gcuid aonad a dhíol, faigheann Sealbhóirí Aonad creidmheas in aghaidh an mhuirir sin ach sin de réir leath an bhonnráta Cánach Ioncaim—i.e. 17½% Tá an creidmheas sin ar fáil cibéacu atá nó nach bhfuil an tIontaobhas Aonad féin tar éis aon ghnócháin a réadú nó cáin a íoc ar aon ghnóchain.


Tuigtear go dteastóidh ón gComhlachas Iontaobhas Aonad tabhairt faoi chóras na Ríochta Aontaithe a thabhairt ar comhréir lena leithéidí eile san Eoraip.


Cé go bhfuil d’éifeacht leis, nuair a chuirtear ioncam cuideachtaí faoi fheidhm Cánach Corparáide, gur mar a chéile é sin agus an t-ioncam sin a fhrainceáil, tá sé á chosc ar thionscal na Ríochta Aontaithe Cistí Bannaí nó Cistí Stoic Rialtais a bhunú cosúil leis an Sár-Iontaobhas Aonad Éireannach. Tá go leor Cistí den sórt sin ar an Mór-roinn, agus is díol spéise, tar éis an chéad Banna-Chiste a thionscnamh sa Ghearmáin i 1966, go bhfuil gar do DM 6.0 bhilliún ar fad de Bhanna-Chistí sa tír sin as beagnach DM 20.0 billiún san iomlán de shócmhainní tionscail.