Committee Reports::Report No. 42 - Company Law, Formation and Capital of Public Companies::30 June, 1976::Report

TUARASCÁIL

1. Réamhrá

Tá críoch curtha ag an gComhchoiste leis an scrúdú a bhí á dhéanamh aige ar an Dréacht den Dara Treoir ón gComhairle faoi Dhlí na gCuideachtaí a bhaineann le Cuideachtaí Poiblí a Fhoirmiú agus a gCaipiteal a Chothabháil agus a Athrú.


I 1970 a tháinig an togra bunaidh i ndáil leis dara Treoir. Leasaíodh i mí Dheireadh Fómhair, 1972, í le freagairt don chor mar bhí sna Ballstáit nua. Tá scrúdú á dhéanamh ó shoin ag Meitheal Oibre ar an togra leasaithe agus dhealródh sé gur moladh go leor leasuithe ar an leibhéal sin. Bhí deis ag an gComhchoiste an dréacht is deireanaí dá bhfuil ar fáil a bhreithniú. Meastar go gcuirfear an leagan deiridh faoi bhráid COREPER go rí-luath.


2. Bonn Dlithiúil

Ceanglaíonn Airteagal 54 (3) (g) de Chonradh CEE ar an gComhairle agus ar an gCoimisiún mar dhualgas deireadh a chur le sriantachtaí leis an gceart bunaíochta bearta náisiúnta, arb é is aidhm dóibh leasanna comhaltaí cuideachtaí agus eile a chosaint, a chomhoirdniú “a mhéid is gá sin” ionas gur comhionann don chaomhaint ar fud an Chomhphobail.


Dhealródh sé, dá bhrí sin, bíodh is gur caomhaint chomhionann a dhlífí a bheith ar fud an Chomhphobail, nach gá gurb í an chaomhaint chéanna í. Ceart bunaíochta an cuspóir bunúsach agus ní gá go ndlífeadh sé sin comhchóras dlí cuideachtaí a bhunú sna Ballstáit go léir. Tá taispeánadh air sin sa togra lena ndéileáltar sa tuarascáil seo a mhéid nach bhfuil feidhm le forálacha iomaí ach amháin i gcás ceanglais áirithe a bheith sna dlíthe náisiúnta agus forálacha eile ann a cheadaíonn do Bhallstáit ceanglais áirithe a fhorordú de réir mar is rogha leo. Is é cuspóir an togra seo faoi láthair comhchosaint a áirithiú do dhaoine a infheistíonn i gcuideachtaí poiblí agus do chreidiúnaithe cuideachtaí poiblí a mhéid a bhaineann le foirmiú cuideachta agus le caipiteal a chothabháil agus a athrú.


3. Modh Feidhmithe

Tá tuairim láidir ag an gComhchoiste gur trí reacht agus nach trí ionstraim reachtúil faoi Acht na gComhphobal Eorpach, 1972 ba cheart an Treoir bheartaithe a fheidhmiú sa tír seo nuair a ghlacfar léi, fiú amháin má mheastar, ag féachaint do na pointí dlí atá luaite cheana féin, gur féidir í a fheidhmiú trí ionstraim den sórt sin. Is é tuairim an Chomhchoiste gurb é an tOireachtas, agus an tOireachtas amháin, a d’achtódh, fara na poiblíochta go léir a ghabhfadh leis sin, athrú ar dhlí na gcuideachtaí agus gur ceart an dlí reachtúil go léir atá ar fáil a bheith sna himleabhair cheangailte. Bainfidh na pointí sin, freisin, le haon Treoracha faoin ábhar sin lena nglacfar amach anseo agus, fós, le Treoir 68/151/CEE atá feidhmithe cheana féin le Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Cuideachtaí), 1973 ach ar cóir, i dtuairim an Chomhchoiste, í a athachtú i reacht a luaithe ariamh is caothúil.


4. Na Comhlachtaí lena mbaineann an Togra

Cuireann an leagan is deireanaí ar an togra de theorainn leis na forálacha in Éirinn nach mbaineann siad le cuideachta phoiblí atá (i) faoi theorainn scaireanna nó (ii) faoi theorainn ráthaíochta agus ag a bhfuil scairchaipiteal, agus le cuideachtaí reachtúla agus cuideachtaí cairte dliteanais theoranta ag a bhfuil scairchaipiteal.


Táthar, mar leasú ar thogra 1972, le cuideachtaí príobháideacha in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe a eisiamh faoi réir an choinníll go bhforordófar “ainmniú” do chuideachtaí poiblí lena n-idirdhealú ó chuideachtaí príobháideacha.


5. Lánas na dTograí

Déileálann na tograí leis na hábhair seo thíos:


(i)Foirmiú agus lánas Meabhráin Chomhlachais agus Airteagal Comhlachais.


(ii)Caipiteal íoctha íosta.


(iii)Comaoin i leith scaireanna a eisiúint.


(iv)Díbhinní


(v)Caipiteal a chailleadh.


(vi)Cuideachta d’fháil a scaireanna féin.


(vii)Caipiteal a mhéadú.


(viii)Caipiteal a laghdú.


6. Foirmiú agus Lánas Meabhráin Chomhlachais agus Airteagal Comhlachais

Is dealraitheach gurb é an t-eolas a bheidh le cur i reachtanna na cuideachta eolas den chineál atá ar fáil cheana féin de bhua dlí nó cleachtais na hÉireann.


Tugann an Comhchoiste dá aire gur cheistigh Dlí-Chumann Corpraithe na hÉireann ar gá sonraí díomuana nó sonraí athraitheacha a chur sa mheabhrán agus sna hairteagail. Féadfar freastal do roinnt den cheasnú sin i reachtaíocht náisiúnta i gcás cuideachtaí atá bunaithe cheana féin mar ceadóidh Airteagal 35 den Dréacht-Treoir laghdú ar na ceanglais sin maidir le heolas áirithe i gcás gur le linn corpraithe amháin a bhain tábhacht leis na sonraí a bheidh i gceist.


Maidir le forálacha mionsonraithe na Dréacht-Treorach i ndáil le foirmiú cuideachtaí poiblí ba mhaith leis an gComhchoiste go soiléireofaí roinnt pointí áirithe. Ba cheart go gcuirfí in iúl go soiléir go leanfaidh sé de bheith ina dhlí in Éirinn nach measfar i gcás duine gairme a dhréachtaigh an meabhrán comhlachais agus na hairteagail chomhlachais gur duine é a ghlac páirt i bhfoirmiú cuideachta ionas gur tharraing sé feidhm forálacha Airteagal 3 (k) den Dréacht-Treoir air féin.


Forálann alt 5 d’Acht na gCuideachtaí, 1963 gur féidir le haon seachtar daoine nó níos mó “trína n-ainmneacha a shíniú le meabhrán comhlachais” cuideachta phoiblí a fhoirmiú. I gcás cuideachta ag a bhfuil scairchaipiteal, forálann alt 6 (4) (b) nach féidir le haon sínitheoir cuid is lú ná scair amháin a thógáil. I gcás an líon comhaltaí laghdú tráth ar bith faoi bhun seachtair, forálann alt 36 go mbeidh gach comhalta, má leanann an chuideachta ag seoladh gnó ar feadh níos mó ná sé mhí dá éis sin, faoi dhliteanas go leithleach i leith fiacha na cuideachta. Ceadaíonn alt 213 (d) an chuideachta a fhoirceannadh le hordú cúirte i gcás den sórt sin. Forálann Airteagal 5 den Dréacht-Treoir nach dtiocfaidh, i gcás ina gceanglaíonn dlí náisiúnta nach foláir breis is duine amháin le cuideachta a fhoirmiú, go mbeadh an chuideachta arna díscaoileadh dá laghdódh an líon thar an líon íosta. Toimhdíonn an Comhchoiste go leanfaidh forálacha ailt 36 agus 213 (d) d’Acht na gCuideachtaí, 1963 d’fheidhm a bheith acu sna cúinsí sin.


7. Caipiteal Íoctha Íosta

Cheanglódh an Treoir suim íosta caipitil a bheith subscríofa ionas go bhféadfaí cuideachta a chorprú nó a údarú di tosú ar ghnó. Cé go bhfuil trácht á dhéanamh fós ar an tsuim, is dealraitheach gurb í an tsuim íosta caipitil ar a socrófar 25,000 aonad cuntais (£14,000, abair) a mbeadh 25 faoin gcéad (£3,500) de íoctha. Bheadh na haonaid chuntais luaite in airgead reatha náisiúnta na tíre féin agus moltar freisin, má fhanann figiúir an airgid reatha náisiúnta, mar gheall ar dhíluachadh, faoi bhun ionannais 22,500 a.c. ar feadh dhá mhí dhéag, nach foláir é a choigeartú suas le reachtaíocht leasaitheach laistigh den 12 mhí ina dhiaidh sin ach beidh de rogha ag Ballstáit gan an coigeartú sin a fheidhmiú ar chuideachtaí atá corpraithe cheana go ceann ocht mí dhéag tar éis don reacht sin éifeacht a ghlacadh.


Thiocfadh den togra sin nár mhór reachtaíocht de chuid na hÉireann a athrú ach níl aon ní ag an gComhchoiste in aghaidh na bhfigiúirí atá luaite.


8. Comaoin i leith Scaireanna a Eisiúint

Beidh sé le foráil go gcaithfear suas le 25 faoin gcéad d’ainmluach scaireanna a íoc le linn corprú. I gcás scaireanna a eiseofar i gcoinne comaoine seachas airgead caithfear an chomaoin a íoc laistigh de chúig bliana ó dháta na scaireanna a eisiúint. Tá curtha in iúl don Chomhchoiste go bhféadfadh gurb í an chomaoin í sin sócmhainní doláimhsithe, mar atá cáilmheas, fios feasa agus paitinní, ach nach seirbhís faoi chonradh seirbhíse. Is ábhar mór imní don Chomhchoiste na himpleachtaí a d’fhéadfadh éirí as sriantachtaí den sórt sin i ndáil leis an eacnamaíocht ar an gcéim forbartha ar a bhfuil an tír seo faoi láthair. Measann sé nach foláir an reachtaíocht bhaile fheidhmitheach a dhréachtú go fíorchúramach ionas nach mbunófar, de neamhaistear, bacainní a thoirmeascfadh gnó.


Tá foráil ann le go bhfaighfear luacháil ó shaineolaí neamhspleách i gcás inar ní seachas airgead an chomaoin i leith scaireanna cibé acu ar fhoirmiú a dhéanamh nó ar chaipiteal a mhéadú a eisítear na scaireanna. Is cead don dlí náisiúnta “saineolaí neamhspleách” a mhíniú agus a chinneadh céard a tharlódh dá suífeadh tuarascáil an tsaineolaí nár mhalartú cothramasach an malartú scaireanna ar an gcomaoin.


Ní gá do Bhallstáit na forálacha sin roimhe seo a fheidhmiú i gcás caipiteal a mhéadú chun críche cumaisc agus táthcheangail.


Bheadh feidhm freisin ag an togra maider le luacháil ó shaineolaí i gcás ina bhfaightear, lasmuigh dá gnáthchúrsa gnó agus ar shlí seachas trí idirbhearta stocmhargaidh nó trí ordú cúirte, sócmhainní, laistigh de dhá bhliain ó fhoirmiú, ó shuibscríobhaí a shínigh an Meamram agus na hAirteagail ar chomaoin nár lú ná an deichiú cuid den chaipiteal suibscríofa. Ní mór an fháil a bheith ceadaithe ag cruinniú ginearálta. Féadfaidh Ballstáit feidhm a thabhairt don fhoráil sin maidir le haon scairshealbhóir nó le haon daoine eile. Is é tuairim an Chomhchoiste gur cheart a cheadú do Bhallstáit cumaisc agus táthcheangail a eisiamh ón gceanglas sin.


Toirmiscfear scaireanna a eisiúint ar lascaine. Ceadaíonn dlí na hÉireann, mar atá faoi láthair, scaireanna d’aicme atá eisithe cheana féin a eisiúint ar lascaine.


9. Díbhinní

Forálann an dréacht is déanaí nach bhféadfar díbhinní a íoc más lú, nó gur lú dá ndéanfaí an dáileadh, na glan-sócmhainní ná an caipiteal suibscríofa móide cúltacaí. Ní foláir caillteanais a shlánú sula n-íocfar díbhinní nó díbhinní eatramhacha agus ní foláir cuntais eatramhacha a ullmhú lena chruthú gur den cheart díbhinní eatramhacha a íoc.


Fágfar cinneadh glan-sócmhainní, glan-bhrabúis agus glan-chaillteanais faoi reachtaíocht náisiúnta nó go nglacfar leis an gCeathrú Treoir ar chuntais cuideachtaí. Dhealródh sé, dá bhrí sin, go leor de na fadhbanna a tháinig i gceist tríd an Treoir mar a bhí sí ar dtús a bheith réitithe trí na hathbhreithnithe nó a bheith curtha siar go dtí céim an Cheathrú Treoir.


10. Caipiteal a Chailleadh

I gcás caillteanas mór caipitil shuibscríofa (a shocrófar ar phointe nach airde ná 50%) ní foláir cruinniú ginearálta den chuideachta a ghairm lena bhreithniú cé acu is ceart an chuideachta a fhoirceannadh nó bearta eile a dhéanamh.


Tugann an Comhchoiste dá aire gur chuir Roghchoiste an House of Lords a imní in iúl faoin togra sin ar an bhforas go bhféadfadh sé gurb amhlaidh a luathódh sé an tubaist a ceapadh di a stopadh mar go m’fhéidir go n-éireodh easaontas, de bharr cruinniú den sórt sin, faoi mhéid an chaillteanais, ar chaillteanas sealadach a bheadh ann ar aon chuma, agus a tharlódh nuair a bheadh an cruinniú molta ina chúis treampáin do chaibidliú le tríú páirtithe. Aontaíonn an Comhchoiste leis an tuairim sin agus ba mhaith leis go bhfágfaí an fhoráil ar lár.


11. Cuideachta d’Fháil Scaireanna féin.

Sonraítear na coinníollacha íosta ar ar féidir le cuideachta a scaireanna féin a fháil. Níl fáil den sórt sin ceadaithe i gcoitinne faoi dhlí na hÉireann ach amháin trí Ordú Cúirte nó i gcás Scaireanna Tosaíochta Infhuascailte a eisíodh faoi Alt 64 d’Acht na gCuideachtaí, 1963 agus Scaireanna Tosaíochta a eisíodh roimh 5 Bealtaine, 1959, dá dtagraítear in Alt 65 den Acht. Meastar forálacha Ailt 64 agus 65 d’Acht na gCuideachtaí a bheith i gcomhréir le hAirteagail 33 (b) agus 18 faoi seach den Dréacht-Treoir. Moltar freisin nach mbeadh cead ag cuideachta cistí a airleacan, iasachtaí a thabhairt ná urrús a thabhairt i leith a scaireanna féin a fháil ach amháim in idirbhearta i ngnáthchúrsa gnó nó de rún go bhfaigheadh a fostaithe féin na scaireanna sin. Tharraingeodh sé sin athrú mór a bheith le déanamh ar alt 60 d’Acht na gCuideachtaí, alt a bhfuil sé curtha in iúl don Chomhchoiste go meastar gur slí úsáideach é le fadhbanna a bhaineann le hathchóriú cuideachtaí a réiteach.


12. Caipiteal a Mhéadú

Ionas go bhféadfaí a chinneadh scairchaipiteal a mhéadú theastódh dhá thrian na vótaí a bheadh ag gabháil le scaireanna agus ionadaíocht dóibh ag cruinniú ginearálta nó, d’eile, tromlach má bhíonn ionadaíocht ann do leath an chaipitil shuibscríofa ar a laghad. I gcás cineálacha éagsúla scaireanna a bheith ann theastódh, lena chinneadh caipiteal a mhéadú, vótáil ar leith i ndáil le gach aicme i gcás ina mbaintear le ceart na haicme sin. Tar éis caipiteal a mhéadú ní foláir 25 faoin gcéad d’íocaíocht a dhéanamh ar scaireanna a eisíodh i gcoinne airgid agus aon scairphréimh a íoc go hiomlán.


Moltar freisin go gcaithfear scaireanna a eiseofar ar airgead a thairscint ar dtús do dhaoine is scairshealbhóirí cheana féin cé go bhfuiltear le cumhacht a thabhairt do chruinniú ginearálta den chuideachta claonadh ón bhforáil sin nó srian a chur léi nó a údarú do na stiúrthóirí sin a dhéanamh. Is é tuairim láidir an Chomhchoiste go gcaithfear a áirithiú go mbeidh tús ag gnáth-scairshealbhóirí ar chaipiteal cothromais a cheannach. Tá curtha in iúl don Chomhchoiste gur gnáth-chleachtas scaireanna tosaíochta infhuascailte a eisiúint chuig forais airgeadais agus níl aon chúis mhaith ann gur ghá eisiúint nua gnáth-scaireanna a thairiscint dóibh.


13. Caipiteal a Laghdú

In Éirinn ní mór rún speisialta agus ceadú na Cúirte le laghdú ar chaipiteal. Tá curtha in iúl don Chomhchoiste go bhféadfar leanúint d’fheidhm a thabhairt, faoi théarmaí na Dréacht-Treorach, do na forálacha atá ann faoi láthair.


14. Cosaint do Chuideachtaí Príobháideacha

D’fhéadfadh cuid de shriantachtaí na Dréacht-Treorach, i gcoitinne, fíordhroch-iarmairt dhamáisteach a bheith orthu dá mba rud é go mbeadh feidhm thaismeach acu maidir le cuideachta phríobháideach. Is é tuairim an Chomhchoiste gur ceart foráil a bheith ann trína bhféadfaí déileáil le taisme den sórt sin trí chumhacht a thabhairt don údarás inniúil údarás a thabhairt, laistigh de thréimhse ordaithe, bearta a dhéanamh le go bhféadfadh an chuideachta phríobháideach a stádas mar chuideachta phríobháideach a ghabáil ar ais.


15. Admháil

Ba mhaith leis an gComhchoiste a chur ar taifead go bhfuil sé fíorbhuíoch faoin gcúnamh mór a fuair sé, ag breithniú an ábhair seo dó, ó Dhlí-Chumann Corpraithe na hÉireann agus freisin ó Mr. G. W. Coleman, Craig Gardner and Co., ar cuireadh a mheabhrán forleathan faoin ábhar ar fáil don Chomhchoiste trí bhíthin dhea-thoil an Choiste Chomhairlithigh Comhlachtaí Cuntasaíochta in Éirinn.


(Sínithe) CATHAL Ó hEOCHAIDH,


Cathaoirleach an Chomhchoiste.


30 Meitheamh, 1976.