Committee Reports::Report No. 41 - Tobacco, Taxes Affecting Consumption::30 June, 1976::Report

TUARASCÁIL

1. Réamhrá

Tá a scrúdú críochnaithe ag an gComhchoiste ar thogra an Choimisiúin le haghaidh Cúigiú Treoir ón gComhairle faoi chánacha seachas cánacha láimhdeachais a bhfuil éifeacht acu ar chaitheamh tobac mhonaraithe (R/414/76). Baineann an togra seo leis na bearta atá le glacadh don dara céim de chomhchuibhiú cánacha máil ar thoitíní. Tugadh an chéad chéim sa chomhchuibhiú isteach in Iúil 1973 leis an gCéad Treoir ón gComhairle 72/464/CEE. I dtosach báire bhí sé ceaptha di feidhm a bheith aici go ceann dhá bhliain ach fadaíodh an tréimhse sin go dtí an 30 Meitheamh 1977. Tá sé de cheangal ar an gComhairle de réir téarmaí Threoir 75/786/CEE na bearta don dara céim a bheith glactha aici um an 1 Iúil 1976.


Ceadaíodh d’Éirinn agus don Ríocht Aontaithe feidhmiú na Chéad Treorach a chur siar go dtí an 1 Eanáir 1978, ach ón dáta sin amach beidh feidhm ag an Treoir san tíortha sin, le cibé athruithe a thiocfaidh as na tograí seo.


2. Bonn Dlíthiúil

Tá de cheangal ar an gCoimisiún de réir Airteagal 99 de Chonradh CEE féachaint “conas is féidir, ar mhaithe leis an gcómhargadh, comhchuibhiú a dhéanamh ar reachtaíocht na mBallstát” maidir le cánacha máil, inter alia, agus tograí a chur faoi bhráid na Comhairle. Tá bearta a bhaineann le dleachtanna máil ar thoitíní bunaithe ar an Airteagal sin agus ar Airteagal 100, a dhéanann foráil chun Treoracha ón gComhairle a eisiúnt le haghaidh comhfhogasú dlíthe náisiúnta agus bearta riaracháin “a bhaineann le bunú nó feidhmiú an chómhargaidh”.


3. Treoir 72/464/CEE

Thosaigh comhchuibhiú na dleachta máil ar thoitíní ina chéimeanna ar an 1 Iúil 1973 nuair a cuireadh Treoir an 19 Nollaig 1972 (72/464/CEE) i bheidhm sna Ballstáit go léir ach amháin Éire agus an Ríocht Aontaithe. Mar atá curtha in iúl cheana tá feidhmiú na Treorach sa dá Stát sin curtha siar go dtí an 1 Eanáir 1978.


I gComhphobal bunaidh an tSeisir bhí dhá chóras dhifriúla á n-oibriú. Sa Ghearmáin toibhíodh cáin mháil de réir méid shocraithe in aghaidh an toitín. Sna cúig Stát eile toibhíodh dleacht mháil mar céatadán den phraghas miondíola le cáin san áireamh. Cinneadh ar na córais sin a chomhcheangal i gcóras comhchuibhithe a d’fhágfadh go mbeadh an muirear dleachta i ngach Ballstát comhdhéanta go páirteach de mhír shonrach (cáin in aghaidh an toitín) agus go páirteach de mhír ad valorem (arna bunú ar an bpraghas miondíola).


I bhfad na haimsire beidh an cóimheas idir an mhír shonrach agus an mhír ad valorem mar a chéile san Ballstáit go léir ach beidh rogha go feadh pointí áirithe ag Ballstáit i gcaitheamh na n-idirthréimhsí. Sa chéad idirthréimhse féadfaidh an muirear sonrach athrú idir 5 agus 75 faoin gcéad den iomlán. Dá réir sin féadfaidh an muirear ad valorem athrú idir 25 agus 95 faoin gcéad. Sa chéad chás socraítear an muirear sonrach faoi threoir na dtoitíní den chineál is iomadúla a dhíoltar mar gheall ar a bpraghas, ach nuair a bheidh sé socraithe bainfidh an muirear sonrach leis na toitíní go léir ar an ráta céanna. Féadfaidh na Ballstáit freisin íosdleacht mháil a choimeád i bhfeidhm. Socraítear an dleacht sin ar ráta nach mó ná 90 faoin gcéad den dleacht mháil ar fad a thoibhítear ar thoitíní den chineál is iomadúla a cheannaítear.


In Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe muirearaítear an dleacht mháil ar dhuilleoga tobac de réir meáchain. Tá ceangal ar an dá thír, áfach, gabháil leis an gcóras nua ar an 1 Eanáir 1978.


4. Leasú beartaithe

Cuireadh isteach sa dréacht don Chúigiú Treoir na leasuithe atá beartaithe ag an gCoimisiún don dara hidirthréimhse, a thosóidh ar an 1 Iúil 1977 agus a críochnóidh ar an 31 Nollaig 1980.


Is iad na príomhathruithe atá beartaithe:—


(a)an mhír shonrach den dleacht mháil á athrú idir 15% agus 50% den mhuirear iomlán cánach;


(b)CBL a bheith san áireamh chun an muirear iomlán cánach a ríomh;


(c)cead a bheith ag Ballstáit, de mhaolú ar Airteagal 4 (1) de Threoir 1972, dleachtanna custam a fhágáil as an áireamh nuair a ríomhtar an muirear ad valorem.


Tá an fhoráil le haghaidh íosdleachta máil le fanacht.


5. Fáthanna an Chomhchuibhithe

Tá sé ceaptha do chomhchuibhiú na ndleachtanna máil ar thoitíní éifeachtaí na ndleachtanna ar iomaíocht a chloí agus cuidiú ar an gcuma sin leis na Ballstáit chun dul i bhfód ar mhargaí a chéile agus ina theannta sin chun ioncam na mBallstát a chosaint. I gcúrsaí leithleacha thionscal na dtoitíní sa Chomhphobal feictear don Chomhchoiste go bhfuil tosca ann a chuireann cosc ar an tsaoriomaíocht chóir agus is beag a fhónfaidh comhchuibhiú na ndleachtanna máil chun iad a chur i neamhbhrí. Sa Fhrainc agus san Iodáil tá tionscail Stát-úinéireachta agus buntáistí acu mar mhonaplachtaí táirgthe agus miondíola, gan na gnáthriachtanais tráchtála maidir le brabúis agus le cruinniú cistí airgid a bheith le comhlíonadh acu. Fairis sin tá leasanna fairsinge ag na tíortha sin i ngnóthais saothraithe duilleog tobac a sholáthraíonn mórchuid de riachtanais na monaplachtaí, sa tslí go mbíonn buntáisti maithe ó thaobh costas le fáil ag na tionscail sin, faoin gComhbheartas Talmhaíochta, i bhfoirm préimheanna ceannaitheoirí a laghdaíonn glanchostais na nduilleog faoi bhun na bpraghasléibhéal domhanda. Rud eile, i roinn na saorfhiontraíochta den tionscal sa Chomhphobal, tá difríochtaí suntasacha idir na tréimhsí a lamhálann stáit éagsúla chun dleacht a íoc agus fágann sin go bhfuil tionscail na stát a lamhálann na tréimhsí is faide ag fáil mar a bheadh fóirdheontas stáit. Dá bhrí sin, chun saoriomaíocht a bheith ann is gá mórán eile i dteannta ailíniú dleachtanna máil. Ós rud é, áfach, go bhfuil an tír seo chomh maith leis an gcuid eile den Chomhphobal tar éis comhchuibhiú na ndleachtanna sin a ghabháil de dhliteanas orthu féin, is é an ní is tábhachtaí ná féachaint chuige nach mbeidh cibé meascán a ghlacfar de chánacha sonracha agus de chánacha coibhneasta ag cur leis na míbhuntáistí atá ina n-eire cheana féin ar dhéantóirí Éireannacha i gcomórtas lena macasamhla i mBallstáit eile.


6. Éifeacht ar Ioncam

Cé nach bhfuil baint ag an gcóras a thug Treoir 1972 isteach, agus a bhfuil an togra seo ag iarraidh é a leasú, ach amháin le struchtúr na dleachta máil ar thoitíní agus nach mbaineann sé leis an ráta a chuirfí chun feidhme, d’fhéadfadh sé mar sin féin go mbeadh éifeacht aige ar an bhfáltas ioncaim. Dá ngearrfaí muirear mór sonrach in aghaidh an toitín i ndleacht-struchtúr comhchuibhithe dhá mhír, d’fhéadfadh sé toitíní de na cineálacha is saoire a ruaigeadh ón margadh, laghdú a thabhairt dá bhíthin sin ar chaitheamh toitíní agus uime sin an fáltas ioncaim a ísliú. Ar an láimh eile, is deacair a mheas cad a thiocfadh as trom-mhír choibhneasta dleachta máil, arna bunú ar phraghas miondíola, a fhorchur: e.g. d’fhéadfadh greasacht a bheith ann do dhéantóirí a gcostais a ghearradh, rud a bhéarfadh laghdú ar an bpraghas miondíola agus, dá bhrí sin, ar an ioncam in aghaidh an phaicéid, agus a d’fhéadfadh méadú a thabhairt ar chaitheamh toitíní agus dá bhíthin sin an fáltas ioncaim a choimeád mar a bhí, nó é a ardú b’fhéidir. Dá mba rud é, áfach, go mbeadh costais ag ardú i gcónaí, faoi chóras dleachta ardchoibhnis, mhéadódh an mhír ardchoibhnis ar an ardú sin, agus bhéarfadh sin ardú ar phraghsanna miondíola agus méadú ar an ioncam in aghaidh an phaicéid, ach d’fhéadfadh sé caitheamh toitíní a ísliú agus an t-ioncam san iomlán a laghdú. Chuir an Roinn Airgeadais in iúl don Chomhchoiste go bhfuil an cóimheas idir an mhír shonrach agus an mhír choibhneasta á scrúdú agus nach féidir fós soiléiriú a thabhairt ar a mbeadh i dtreis ó thaobh ioncaim.


7. Éifeacht ar an Tionscal Déantóireachta

Bhí an scéal faoi phlé le hionadaithe ó Choiste Comhairleach Dhéantóirí Tobac na hÉireann (CCDTE) agus chuir siad ina luí ar an gComhchoiste go dtugann an struchtúr dleachta cúrsaí troma ó thaobh infheistíochta i gceist don tionscal. Ionas go bhféadfadh a chomhaltaí a ngnó a phleanáil go héifeachtach, sa síneadh gairid go dtí an 1 Eanáir, 1978 agus sa síneadh fada amach go dtí tráth an chomhchuibhithe a chomhlánú, tá tathaint tréan á dhéanamh ag CCDTE chun cinneadh a fháil go luath ar struchtúr deimhneach na cánach. Taobhaíonn an Comhchoiste le CCDTE sa mhéid sin agus iarrann sé go ndéanfaí gach dícheall ní amháin chun cinneadh a thabhairt go lánluath ar an togra seo ach fós chun an struchtúr a chuirfear chun feidhme i ndeireadh na dála a chinneadh gan mhoill gan mháingeáil.


Bíodh go bhfuil cinneadh luath ar an struchtúr cánach críochnaitheach á iarraidh ag lucht tionscail na dtoitíní in Éirinn, cuireadh in iúl go soiléir don Chomhchoiste nach dtaitníonn na hathruithe beartaithe leo, ach tuigeann siad go gcaithfear glacadh le hathruithe áirithe. Tharraingeodh an structúr cánach atá beartaithe mórchuid infheistíochta neamhchoitianta ó thaobh caipitil agus margaíochta agus d’fhéadfadh sé dul i gcion ar an bhfostaíocht. Mar sin féin is dearbh leo go bhfuil cumas marthana sa tionscal agus go bhféadfadh sé iomaíocht a sheasamh ar an gcoinníoll nach í an mhír choibhneasta a bheidh ina chion trom den chánachas.


Is dóigh le CCDTE gur cheart féachaint le mír shonrach chomh hard agus is féidir a ghnóthú de thoradh caibidlíochta mar chion de mhuirear iomlán na cánach. Is é a thuairim go ndéanfadh struchtúr cánachais le luí iomarcach ar an mír choibhneasta dochar do mhargadh saoriomaíochta agus d’acmhainneacht ghnóthas saorfhiontraíochta ar mharthain go heacnamaíoch gan fóirdheontas agus gan gabháil le trádáil chairtéile, gnó a bhfuil toirmeasc air i gConradh CEE. Dearbhaíonn lucht an tionscail in Éirinn go mbeadh dochar ar leith ann ina gcás sin mar gheall ar scileanna traidisiúnta an tionscail anseo agus toisc an struchtúr táirgthe a bheith de chineál níos airde agus níos costasaí. Bhéarfadh struchtúr le cion iomarcach den mhír choibhneasta ann iolrú ar aon bhuntáiste praghais a gheobhadh iomaitheoirí ísealchostais. Is deimhin le lucht an tionscail anseo nárbh fhéidir dó oibriú gan an teorainn 50% ar a laghad ar an mír shonrach den dleacht.


Creideann CCDTE go bhféadfadh sé bheith an-dochrach don tionscal in Éirinn mura socraítear, de thoradh caibidlíochta, struchtúr cánach a bheidh inghlactha. Níorbh fholáir mórchuid infheistíochta breise san oiliúint agus san atrealmhú chun tabhairt faoi chóras neamhfhabhrach cánachais a shárú trí bhíthin táirgí ísealchostais a fhorbairt, gan scil chuige sin ná cáil mhargaidh a bheith ag an tionscal. I margadh beag bheadh pionóis chostais a thig as athrú ar an gcóras cánach agus nach bhfuil ábhartha i leith iomaíochta ina gcosc ar infheistíocht agus ina gcuidiú le hallmhairiú ó tháirgeoirí is faide i réim. D’fhéadfadh sé nach mbeadh an tionscal Éireannach in ann dul san iomaíocht le táirgeoirí ar an Mór-roinn a bhfuil buntáistí costas acu de thairbhe iad a bheith faoi chosaint i margadh baile fairsing. Fairis sin má bhíonn an mhír choibhneasta ina chion mór den chánachas d’fhéadfadh sé méadú a thabhairt ar an allmhairiú isteach i margadh na Ríochta Aontaithe. D’fhágfadh sin go mbeadh acmhainn bhreise sa Ríocht Aontaithe chun toitíní a tháirgeadh, rud atá ar siúl ar chonradh anois in Éirinn agus a laghdódh ar onnmhairí na hÉireann.


Measann an Comhchoiste go bhfuil sé fíor-riachtanach go dtabharfaí don tionscal in Éirinn gach uile dheis chun fanacht inmharthana go heacnamaíoch i ndálaí iomaíochta níos géire. Tá dóchas aige go mbeidh sin ina dhíol airde ar leith i gcaibidlíocht ar an struchtúr cánach.


Cuireadh i bhfios don Chomhchoiste go bhfáiltíonn lucht an tionscail roimh na gnéithe den togra seo a bhaineann le CBL a chur san áireamh chun an mhír shonrach a chinneadh agus ráta máil nach lú ná 90% a bheith san áireamh i gcónaí.


8. Buíochas

Tá an Comhchoiste faoi chomaoin ag Coiste Comhairleach Dhéantóirí Tobac na hÉireann a thug cabhair mhór dó sa scrúdú ar an ábhar seo.


(Sínithe) CATHAL Ó hEOCHAIDH,


Cathaoirleach an Chomchoiste.


30 Meitheamh, 1976.