Committee Reports::Report No. 40 - Statutory Instruments [6] made under the European Communities Act 1972::30 June, 1976::Report

TUARASCÁIL

1. Réamhrá

Ó d’eisigh sé an Tríochadú Tuarascáil an 28 Aibreán, 1976 rinne an Comhchoiste scrúdú ar cheithre ionstraim reachtúla eile faoi Acht na gComhphobal Eorpach, 1972 agus tá a bharúlacha fúthu sin leagtha amach sa tuarascáil seo.


Pléitear sa tuarascáil seo freisin dhá ionstraim reachtúil eile ar a bhfuair an Comhchoiste lochtaí sa Dóú Tuarascáil is Fiche uaidh an 11 Nollaig 1975 agus ar gá tuilleadh trácht a dhéanamh orthu ag féachaint do thuairimí a fuarthas orthu ón Roinn lena mbaineann.


A. RIALACHÁIN NA gCOMHPHOBAL EORPACH (STOIC ÍOSTA OLAÍ PEITRILIAM), 1976 [I.R. Uimh. 59 de 1976]

2. Ábhar Rialachán

Baineann na Rialacháin le hábhar a ndearna an Comhchoiste plé faoi sa Cheathrú Tuarascáil uaidh, is é sin, stoic íosta de tháirgí peitriliam a choinneáil i gcónaí. Seo sliocht iomchuí as an gCeathrú Tuarascáil:—


“Chuir Treoir 68/414/CEE oibleagáid ar Bhallstáit, faoi réir eisceachtaí áirithe, oiread stoic de tháirgí peitriliam a chothabháil i gcónaí agus a fhreastalódh do mheán-chaitheamh leathúil inmheánach 65 lá ar a laghad sa bhliain féilire roimhe sin. Rinne an tAire Iompair agus Cumhachta rialacháin an 4 Samhain 1974 dá ngairtear Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Stoic Íosta Olaí Peitrialiam), 1974 ag tabhairt éifeacht don Treoir amhail ó 18 Samhain 1974. Toisc cothrom 10 lá de sholáthar a bheith á choinneáil i gcónaí mar stoc teagmhais i bhFaoide cuireann na rialacháin d’iallach ar allmhaireoirí ola agus ar mhóríditheoirí olaí áirithe stoc 55 lá a choinneáil ar láimh.


Rinne Treoir 72/425/CEE an oibleagáid i leith stoc 65 lá a mhéadú go dtí 90 lá le héifeacht ón 1 Eanáir, 1975. Tuigtear don Chomhchoiste go bhfuil plé ar siúl faoi láthair idir an Roinn Iompair agus Cumhachta agus páirtithe leasmhara i dtaobh na ceiste a bhaineann le comhiomlán na stoc atá ar seilbh sa tír seo a mhéadú go dtí an leibheál is gá.”


Is é atá á lorg san ionstraim atá faoi bhreithniú anois Treoir 72/425/CEE a chur chun feidhme trína cheangal ar allmhaireoirí dóthain 60 lá a choinneáil in ionad 55 lá agus tríd an earnáil de mhór-íditheoirí ola a leathnú a chaitheann dóthain 55 lá a choinneáil. Leis an stoc teagmhais milliún bairille amh-ola (i.e. soláthar 10 lá tuairim) atá á choinneáil i bhFaoide, dhealródh sé go dtugann na forálacha sin na stoic náisiúnta thar dóthain 65 lá agus tá sé curtha in iúl don Chomhchoiste go bhfuil dóthain 77 lá tuairim á choinneáil faoi láthair. Chuir an Roinn Iompair agus Cumhachta in iúl don Chomhchoiste nach measann sé go bhfuil a cuid oibleagáidí faoi Threoir 72/425/CEE á sárú ag an tír seo ar an gcuntar sin amháin nach ndéanann na Rialacháin an Treoir a chur chun feidhme go hiomlán. Is féidir leas a bhaint as bealaí eile seachas forálacha na Rialachán chun cuspóirí na Treorach a bhaint amach. Tá sé curtha i bhfios ag an Roinn nach bhfuil léargas iomlán ar an scéal le fáil ó na figiúirí stoic a úsáideadh sna tuairisceáin chun CEE. I gcás stoic Faoide, níl ar áireamh sna tuairisceáin ach amháin an milliún bairille a luaitear thuas ach ní fholaíonn siad stoic eile atá i seilbh Gulf Oil i bhFaoide. Faoin Acht um Breoslaí (Soláthairtí a Rialú), 1971, féadfaidh an tAire Iompair agus Cumhachta i gcás éigeandála urlámh a ghlacadh ar sholáthar agus imdháil breoslaí, lena n-áirítear athonnmhairiú breoslaí a thoirmeasc. Measann an Roinn, dá bhrí sin, go bhféadfaí na stoic uile i bhFaoide a chur san áireamh ó cheart agus tá an tuairim sin curtha in iúl aige go foirmiúil do Choimisiún na gComhphobal Eorpach.


Creideann an Comhchoiste gur chun leasa an phobail é bearta a dhéanamh á chur in áirithe go méadófaí na stoic náisiúnta go dtí soláthar 90 lá agus an méid sin a choinneáil i gcónaí. Tuigtear dó go bhfuil bearta á ndéanamh chuige sin.


3. Údarás a Lua

Tugann an Comhchoiste faoi deara nach ndéanann an ionstraim féin ná an meamram a ghabhann léi aon tagairt don reachtaíocht Chomhphobail ar a bhfuil sí bunaithe. Rinneadh an ionstraim an 4 Márta 1976 agus mar sin bhí sí ann sula ndearna an Comhchoiste na moltaí ginearálta ar an ábhar sa Tríochadú Tuarascáil uaidh an 28 Aibreán 1976. Dá bhrí sin ní mholann an Comhchoiste go ndéanfaí aon bheart eile ar an ócáid seo ach tá súil aige go dtaispeánfar go soiléir feasta i ngach ionstraim den sórt seo an reachtaíocht thánaisteach Chomhphobail a thugann iad faoi réim Acht na gComhphobal Eorpach, 1972.


4. Úsáid neamhghnách Cumhachta

Toisc nach ndéanann an ionstraim Treoir 72/425/CEE a chur chun feidhme go hiomlán, tá an Comhchoiste tar éis a bhreithniú an ndearnadh go hiomchuí é faoi Acht na gComhphobal Eorpach, 1972. Deir alt 3 den Acht, “féadfaidh Aire Stáit rialacháin a dhéanamh d’fhonn go bhféadfadh lánéifeacht a bheith ag alt 2 den Acht seo.” Deir alt 2 den Acht, “beidh na gníomhartha láithreacha agus todhchaí arna nglacadh ag institiúidí na gComhphobal sin ina gceangal ar an Stát agus beidh siad ina gcuid dá dhlí baile faoi na coinníollacha atá leagtha síos sna conarthaí sin”. Measann an Comhchoiste go bhfuil amhras ann, ar a laghad, an gcuireann na forálacha sin ar chumas Aire, a dteastaíonn uaidh Treoir a chur chun feidhme go páirteach, a chuspóir a chur i gcrích le rialacháin faoi alt 2. Creideann an Comhchoiste nár cheart, i gcásanna amhrasacha den sórt sin, don Aire lena mbaineann rialacháin a dhéanamh in aon chor ach dul ar aghaidh le Bille a thabhairt isteach i gceachtar Teach.


B. RIALACHÁIN NA gCOMHPHOBAL EORPACH (ALLMHAIRÍ Ó THÍORTHA STÁT-TRÁDÁLA), 1976 [I.R. Uimh. 74 de 1976].

5. Éifeacht chúlghabhálach

Rinne an tAire Tionscail agus Tráchtála na Rialacháin sin an 24 Márta 1976 agus tá ráite iontu go dtiocfaidh siad i ngníomh an 1 Eanáir 1976. Chuir an Comhchoiste ceist faoi bhráid na Roinne i dtaobh go ndealraigh sé éifeacht chúlghabhálach a bheith leo, rud nach bhfuil aon údarás sonrach sa reacht bunaidh ina leith. Tá an Comhchoiste sásta, áfach, le míniú na Roinne nach bhfuil aon chríoch eile leis an ionstraim ach earraí a aithint i dTaraif Chustam agus Mál na hÉireann is earraí a allmhairíodh ó thíortha stát-trádála atá faoi réir cuótaí Comhphobail de bhua Cinntí na Comhairle.


C. RIALACHÁIN NA gCOMHPHOBAL EORPACH (AONAID TOMHAIS), 1976 [I.R. Uimh. 102 de 1976]

6. Reachtaíocht láithreach a Mhodhnú

Cuireann na Rialacháin sin chun feidhme forálacha i dTreoir ón gComhairle maidir le comhfhogasú dlíthe Ballstát a bhaineann le haonaid tomhais. Údaraíonn siad go mbeidh roinnt aonad an SI á n-úsáid mar aonaid sa chóras méadrach in Éirinn.


Tá foráil mar a leanas sna Rialacháin:—


Déanfar forálacha na nAchtanna Meáchan agus Tomhas, 1878 go 1961, agus aon achtacháin iomchuí eile a fhorléiriú faoi réir na rialachán seo agus, i gcás aon neamhréireacht a bheith idir na rialacháin sin agus aon fhorála den sórt sin, scoirfidh an fhoráil sin d’fheidhm dlí a bheith aici feadh méid na neamhréireachta.”


Meastar don Chomhchoiste go bhfuil sé mícheart ó thaobh prionsabail déileáil trí bhíthin fhoráil den sórt sin leis an éifeacht a bheadh ag Treoir ón gComhairle ar reachtaíocht náisiúnta. Dar leis nach bhféadfaí an éifeacht a bheadh le reachtaíocht thánaisteach na gComhphobal a fhaire mura ndéanfaí lua sonrach ar na forálacha den dlí reachtúil láithreach a ndéanfadh an reachtaíocht sin difear dóibh agus méid na modhnuithe ba ghá a dhéanamh orthu a chur in iúl go beacht. B’fhéidir, gan amhras, nach bhféadfaí é sin a dhéanamh i gcónaí laistigh den am a bheadh ceadaithe chun Treoir a chur chun feidhme. Ach mura bhféadfar déanamh d’éagmais forála ginearálta cosúil leis an gceann a luaitear thuas ba chóir féachaint air mar shocrú sealadach agus ba cheart don Roinn a gabháil uirthi féin téacs na reachtaíochta náisiúnta a chur i gcomhréir leis an reachtaíocht Chomhphobail a luaithe is féidir. Tá dóchas ag an gComhchoiste go ndéanfar é sin maidir leis na hAchtanna Meáchan agus Tomhas.


D. RIALACHÁIN NA gCOMHPHOBAL EORPACH (DUILLEOG-MHÍOLTA LUS NA GILE), 1976 [I.R. Uimh. 104 de 1976]

7. Lua Údaráis

Cuireann an ionstraim sin i bhfeidhm Treoir ón gComhairle a ceapadh le duilleog-mhíolta lus na gile a chosc ó leathadh. Loitmhíolta iad sin de chineál na mionchruimhe cabáiste a dhéanann díobháil do lus na gile. Ní bhfuarthas na loitmhíolta sin sa tír seo. Is rí-bheag an lán de lus na gile a allmhairítear isteach sa tír seo agus gearrthóga as Sasana a bhformhór.


Is maith leis an gComhchoiste a thabhairt dá aire go ndearnadh i gcás na hionstraime sin mar mhol sé i ndáil le reachtaíocht thánaisteach iomchuí an Chomhphobail a lua.


E. RIALACHÁIN NA gCOMHPHOBAL EORPACH (GLANADÓIRÍ) (Uimh. 2), 1975 [I.R. Uimh. 107 de 1975]

8. Cionta a bhunaítear le Rialacháin

Rinne an Comhchoiste, sa Dóú Tuarascáil is Fiche uaidh dar dáta 11 Nollaig 1975, tromachan ar na rialacháin sin mar gheall ar dhíth soiléireachta i ndáil leis na cionta a bunaíodh leis na Rialacháin sin. Chuir sé in iúl go mbreithneodh sé an molfadh sé go neamhneofaí na rialacháin, ach nach ndéanfadh sé cinneadh go malairt uaire le deis a thabhairt don Roinn Tionscail agus Tráchtála an t-ábhar a athscrúdú. Ta curtha in iúl don Chomhchoiste go mbaineann deacrachtaí do Bhallstáit eile maidir le Treoir 73/424/CEE ón gComhairle, Treoir ar a bhfuil na rialacháin bunaithe, a chur i bhfeidhm. Tá socrú déanta le go dtionólfaidh ionadaithe ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún agus tá súil ag an Roinn an tsaincheist a fhuascailt nuair a chríochnóidh an tionól sin. Chinn an Comhchoiste, sna cúinsí sin, gan neamhniú a mholadh.


F. RIALACHÁIN NA gCOMHPHOBAL EORPACH (MEÁCHAIN AGUS TOMHAIS FAID), 1975 (I.R. Uimh. 200 de 1975)

9. Treoir 71/316/CEE, arna leasú, a fheidhmiú

Déileáladh freisin leis na rialacháin sin sa Dóú Tuarascáil is Fiche ón gComhchoiste. Chuir an Comhchoiste in iúl sa Tuarascáil sin go gcinnfeadh sé cé acu a mholfadh nó nach molfadh sé go neamhneofaí na Rialacháin nuair a bheadh deis faighte ag an Roinn Tionscail agus Tráchtála an t-ábhar a athscrúdú.


Is é brí tuairim an Chomhchoiste gur ceart Treoir 71/316/CEE, a bhaineann le ceadanna patrúin CEE a thabhairt agus comharthaí ceada agus marcanna aitheantais CEE a ghreamú, a fheidhmiú go sonrach, i ndlí na tíre seo, ar chineálacha sonracha iomaí trealamh a mbaineann Treoracha eile leis an trádáil iontu. Tá cóip de mheamram a fuarthas ón Roinn faoin ábhar san Fhoscríbhinn a ghabhann leis an tuarascáil seo. Tabharfar faoi deara uaidh sin go bhfuil athbhreithniú á dhéanamh ar an modh go léir a bhfeidhmítear Treoracha Meáchan agus Tomhas. Tá cinnte ag an gComhchoiste sna cúinsí sin nach molfaidh sé na rialacháin a neamhniú.


(Sínithe) CATHAL Ó hEOCHAIDH,


Cathaoirleach an Chomhchoiste.


30 Meitheamh, 1976.