|
TUARASCÁIL1. RéamhráTá an Comhchoiste tar éis scrúdú a dhéanamh ar thogra do Rialachán ón gComhairle faoi reachtaíocht shóisialach áirithe maidir le hiompar de bhóthar a chomhchuibhiú [R/642/76 (Trans. 27)]. Is é cuspóir an togra seo dlí CEE ar an ábhar sin, mar atá sé faoi láthair, a chomhdhlúthú maille le roinnt modhnuithe agus breisithe air. 2. CúlraGhlac Comhairle na nAirí, an 25 Márta 1969, le Rialachán (CEE) Uimh. 543/69 faoi reachtaíocht shóisialach áirithe maidir le hiompar de bhóthar a chomhchuibhiú. Bhain an Rialachán le hiompar idirnáisiúnta agus le hiompar baile araon. Sa mhéid a bhain le hÉirinn chuir an Conradh Aontachais siar forálacha an Rialacháin a bhain le hoibríochtaí ródiompair idirnáisiúnta go dtí Aibreán 1973 agus feidhmiú an Rialacháin, sa mhéid go ndearna sé difear do oibríochtaí ród-iompair baile, go dtí l Eanáir 1976. Rinneadh leasú ar Rialachán (CEE) Uimh. 543/69 ina dhiaidh sin le Rialacháin (CEE) Uimh. 514/72 agus 515/72, rialacháin ar ghlac an Chomhairle leo an 28 Feabhra 1972. Thug an tAire Saothair éifeacht do na Rialacháin sin amhail mar a bhí feidhm acu maidir le hoibríochtaí iompair idirnáisiúnta de réir Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Iompar de Bhóthar), 1975 (I.R. Uimh. 260 de 1975). D’iarr Rialtas na hÉireann cead ar Choimisiún na gComhphobal Eorpach tosach feidhme na Rialachán, sa mhéid gur le hoibríochtaí ród-iompair baile a bhain siad, a chur ar athló ón 1 Eanáir 1976; d’aontaigh an Coimisiún lena gcur siar go dtí 1 Iúil 1976. Tá an t-iarratas ar chur siar bunaithe, inter alia, ar é a bheith ráite ag an gCoimisiún go bhfuil sé beartaithe na Rialacháin a leasú. Tá na leasuithe ar na Rialacháin anois i ndoiciméad R/642/76 (Trans. 27). 3. Réim na RialachánTá sé beartaithe do rialacháin CEE feidhm a bheith acu maidir le hiompar de bhóthar i bhfeithiclí atá cláraithe i mBallstáit nó i dtríú tíortha, ach eisceachtaí áirithe a bheith ann ar a n-áiritear feithiclí atá ceaptha chun líon paisinéirí a iompar iontu nach rachaidh ar a mhéid thar naonúr (agus an tiománaí a áireamh), nó, más úsáid phríobháideach a bhíonn i gceist, dhá dhuine dhéag. Ar na hábhair áirithe atá cumhdaithe nó a mbeartaítear a gcumhdach tá forálacha maidir le teorainneacha aoise íosta foirne, tréimhseáin (i.e. am iomlán idir dhá scíth laethúla) agus agaí scíthe d’fhoirne, tréimhsí tiomána agus scor-agaí, saoire bhliantúil, toirmeasc ar bhónais agus maoluithe is féidir a cheadú. Is i ndáil le huastréimhsí tiomána agus le scor-agaí agus agaí scíthe tiománaithe is mó atá aighneas tar éis tarlú. I bhFoscríbhinn l atá leis an tuarascáil seo tá comparáid déanta idir dlí CEE mar atá sé agus mar a bheartaítear dó a bheith agus dlí na hÉireann faoi láthair atá san Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1961. 4. MaoluitheTá tréimhsí breise maolaithe tugtha d’Éirinn, don Ríocht Aontaithe agus don Danmhairg d’fhonn cur-i-bhfeidhm Rialachán Uimh. 543/69, mar a leasaíodh, a bhí le teacht i bhfeidhm ar thrácht baile ó 1 Iúil 1976, a chur siar. D’iarr Éire agus an Ríocht Aontaithe, mar a rinne siad sna hiarratais uathu cheana, an tréimhse díolúine a leathnú go dtí 31 Nollaig 1977, deireadh na hidirthréimhse agus tá maolú tugtha dóibh go dtí 28 Feabhra 1977. Tá an maolú seacht mí mar a d’iarr sí tugtha don Danmhairg, is é sin, go dtí 31 Eanáir 1977. Dealraíonn sé gur bheartaigh an Coimisiún go rachadh an Rialachán nua in áit Rialachán Uimh. 543/69 amhail ó 1 Iúil 1976 ach ní féidir sin a dhéanamh anois. Tá súil anois ag an Roinn Saothair go ndéanfaidh an Chomhairle an Rialachán nua beartaithe a bhreithniú gar do dheireadh na bliana seo. 5. Éifeacht ar ÉirinnIs é éifeacht a bheadh i gcoitinne le Rialacháin CEE atá ann agus leis na tograí nua i ndoiciméad R/642/76 (Trans. 27) laghdú a thabhairt ar uimhir uaire oibre na bhfoirne feithiclí iompair ach d’fhéadfadh ina theannta sin go mbainfeadh caillteanais tuillimh do na hoibrithe agus fós go méadfaí costais oibríochta ar a gcuid fostóirí. Tiocfar ar chomhréiteach de shórt éigin idir na hoibrithe agus na fostóirí, gan dabht, ach is dóichí gurb é críoch an scéil go dtiocfaidh méadú ar chostais iompair. Tá sé measta go dtiocfaidh idir 5% agus 35% de mhéadú ar chostais iompair. Deir an Roinn Saothair go bhfuil sé deacair aon mheastachán cruinn a thabhairt ar an méid is dócha a chosnódh sé na Rialacháin (láithreacha nó beartaithe) a chur i bhfeidhm mar go mbeidh go leor ag brath ar an bhfoirm deiridh lena nglacfaidh an Chomhairle agus ar cibé comhshocraíochtaí ar a gcomhaontófar idír na hoibrithe agus a bhfostóirí. Phléigh an Comhchoiste an scéal le hionadaithe do Chomhlachas Tarló Bóthair na hÉireann agus níl amhras ar bith ar an gComhlachas go dtiocfaidh ardú ar chostais. Cuireann sé in iúl go bhfuil na huaire tiomána atá oiriúnach agus inghlactha le haghaidh iompair ar an mór-roinn neamhchóiriúil le haghaidh feidhmithe sa tír seo. Tá eacnamaíocht an ród-iompair sa tír seo bunaithe ar gach uile thuras geall leis a bheith críochnaithe ag tiománaí amháin in aon lá amháin. Thug an Comhlachas an t-eolas atá leagtha amach i bhFoscríbhinn 2 a ghabhann leis an tuarascáil seo maidir leis an am a chaitear ar thurasanna ar thrácht baile agus ar thrácht onnmhairí agus allmhairí. Is é éifeacht a bheidh le rialacha CEE nach bhféadfaidh tiománaí sna cásanna sin filleadh ar a bhunáit ná aisualach a thógáil gan an dara tiománaí a bheith ina theannta. Maidir leis sin ní miste a rá go bhforálann rialacha CEE mar atá siad faoi láthair gur 450 km. (tuairim 279 míle) an fad uasta i rith tréimhseáin a fhéadfaidh tiománaí aonair taisteal. 6. Tuairimí an ChomhchoisteTá an tír seo faoi ghealltanas glacadh faoi dheoidh go hiomlán le Rialachán Uimh. 543/69 de réir an Chonradh Aontachais ach sa mhéid a bhaineann le trácht baile ní bheidh feidhm leis an Rialachán anois go dtí 1 Márta 1977. Is é tuairim láidir an Chomhchoiste gur chóir leas a bhaint as an sos a gheofar de bharr na tréimhse breise maolaithe chun breathnú ar an Rialachán féachaint an bhfuil sé oiriúnach ar chor ar bith do thrácht baile sa tír seo, leis nó leasuithe nó dá n-éagmais. Tá an Chomhchoiste ar aon tuairim le Comhlachas Tarló Bóthair na hÉireann go bhfuil rialacha a d’oirfeadh sách maith do iompar ar an mór-roinn neamhoiriúnach ar fad i gcás na dturas a bhíonn á ndéanamh sa trácht baile seo againne ós giorra go mór iad. Tugann an Comhchoiste dá aire gurb é cuspóir atá á lorg coinníollacha cothroma comórtais ach creideann sé nach bhféadfaidh caighdeánú rialacha iad sin a bhaint amach gan imthosca na trádála a bheith ar aon dul ar fud an Chomhphobail agus is léir nach mar sin atá. Rud eile a chuaigh i gcion ar an gComhchoiste argóint an Chomhlachais go bhfuil a chuid comhaltaí ag obair faoi mhíbhuntáiste cheana féin, i gcomparáid lena lucht comórtais coigríche, de chionn cánacha a íoc agus srianta a bheith ar thoilleadh feithiclí. Is dóigh leis an gComhchoiste nach bhfuil sé cothrom sna dála sin iad a chur faoi cheangal rialacha ina dtrádáil baile a mbeadh d’éifeacht leo go n-ardófaí a gcuid costas gan ghá ach nach mbeadh acu ach beagán éifeacht ar lucht tarló ó thíortha thar lear agus iadsan ag obair sa tír seo. 7. AdmháilBa mhaith leis an gComhchoiste an cúnamh a fuair sé ó Chomhlachas Tarló Bóthair na hÉireann agus an cheist seo faoi bhreithniú a admháil le buíochas. (Sínithe) CATHAL Ó hEOCHAIDH, Cathaoirleach an Chomhchoiste. 30 Meitheamh, 1976. |
||||||||||||