Committee Reports::Report No. 34 - Units of Measurement: Liquid Measuring Systems: Tariff Quotas for Turkey and Malta::30 June, 1976::Report

TUARASCÁIL

A. RÉAMHRÁ

1. Tograí an Choimisiúin

Tá a scrúdú críochnaithe ag an gComhchoiste ar na tograí seo a leanas ón gCoimisiún, a dtig gach ceann díobh faoi choimirce na Roinne Tionscail agus Tráchtála:—


(a)Dréacht-Treoir ag leasú Treoir 71/354/CEE ar chomhfhogasú dlíthe a bhaineann le haonaid tomhais (R/3070/75);


(b)Dréacht-Treoir ar chomhfhogasú dlíthe a bhaineann le córais tomhais leachta seachas uisce (R/2912/75);


(c)Dréacht-Rialachán ag méadú taraif-chuótaí Comhphobail i leith teicstíleacha áirithe ón Tuirc (S/242/76);


agus


(d)Dréacht-Rialachán ag méadú taraif-chuótaí Comhphobail do tháirgí áirithe teicstíleacha de thionscnamh Mhálta (S/273/76).


Glacadh leis an togra i dtaobh teicstíleacha ó Mhálta ag Seisiún na Comhairle an 3 agus an 4 Bealtaine, 1976.


B. AONAID TOMHAIS

2. An Treoir Bheartaithe

Nuair a méadaíodh na Comhphobail in Eanáir 1973 bhí Treoir ón gComhairle i bhfeidhm cheana féin a bhain le comhfhogasú dlíthe náisiúnta i dtaobh aonad tomhais. Rinneadh foráil sa Chonradh Aontachais chun an Treoir a mhodhnú agus go háirithe chun rangú a bheith ar na haonaid éagsúla tomhais sa chóras impiriúil um an 31 Lúnasa 1976.


Tá sé ceaptha don dréacht-Treoir atá faoi bhreithníú anois Treoir 1971 a oiriúnú le haird ar fhorálacha an Chonartha Aontachais. Go bunúsach baineann an dréacht-Treoir bheartaithe le córas forordaithe d’aonaid mhéadracha (córas SI) a thabhairt isteach i gcomhair cúrsaí eacnamaíochta, sláinte poiblí, slándála poiblí agus riarachain. Gabhann leis an togra Iarscríbhinn ina bhfuil rangú ar aonaid faoi cheithre cheannteideal mar a leanas:—


 

Caibidil A

aonaid den chóras SI a gcaithfear iad a úsáid ón 21 Aibreán 1978, e.g. méadar, cileagram, soicind, aimpéar, etc.

 

Caibidil B

aonaid, ainmneacha agus siombailí a dtoirmiscfear iad a úsáid tar éis an 31 Nollaig 1977, ar a dhéanaí. Áirítear orthu roinnt aonad impiriúil, e.g. lámh, slabhra, stáid, buiséal, orlach uisce, each-chumhacht, muirmhíle, etc.

 

Caibidil C

aonaid, ainmneacha agus siombailí a dtoirmiscfear iad a úsáid tar éis an 31 Nollaig 1979, ar a dhéanaí. Áirítear orthu aonaid impiriúla mar iad seo:—slat, slat chearnach, míle cearnach, orlach ciúbach, troigh chiúbach, cloch, ceathrú, céadmeáchain, tonna, grád fahrenheit, etc.

 

Caibidil D

aonaid, ainmneacha agus siombailí atá le hathbhreithniú um an 31 Nollaig 1979 agus ar a n-áirítear orlach, troigh, feá, míle, orlach cearnach, troigh chearnach, acra, pionta, cárt, galún, unsa, punt, etc.

3. Éifeacht ar Éirinn

Má ghlactar leis an togra tabharfar isteach i ngach gné den gheilleagar córas méadrach tomhais SI agus dá bhrí sin beidh gá le leasú ar an reachtaíocht atá i bhfeidhm anois.


I bhfreagra a thug Rúnaí Parlaiminte an Aire Tionscail agus Tráchtála ar cheist sa Dáil an 4 Márta 1976, thug sé le fios nach gcuirfeadh comhlíonadh forálacha na gComhphobal dua ar bith ar an tír seo. Dúirt sé go bhfuil an córas méadrach á úsáid anois sa mhórchuid den gheilleagar; is é amháin a úsáidtear in earnálacha áirithe agus tá saorchead é a úsáid de rogha ar an gcóras impiriúil in earnálacha eile. Thaispeáin suirbhéireacht ar thionscail i 1974 go raibh 52 faoin gcéad de na gnólachtaí ag baint feidhme as an gcóras méadrach i bhformhór a ngnóthaí an uair sin, agus is léir óna shamhail de shuirbhéireacht atá ar siúl faoi láthair go bhfuil dul chun cinn maith déanta ó shin. Tá coinne le torthaí na suirbhéireachta sin go luath. Lasmuigh den tionscal is é an córas méadrach is mó atá á úsáid san oideachas, i gceannach earraí ag an Stát, agus in obair an Stáit agus na n-údarás áitiúil i gcoitinne.


Creideann an Comhchoiste go réitíonn an togra seo leis an dliteanas a glacadh faoin gConradh Comhlachais agus gur ceart gabháil leis.


C. CÓRAIS TOMHAIS LEACHTA

4. An Treoir Bheartaithe

Baineann an Treoir bheartaithe le córais tomhais do leachtanna, seachas uisce, a mbíonn méadair thortomhaiseacha le seomraí tomhais curtha isteach iontu. Is é is aidhm don Treoir deireadh a chur le bacainní teicniúla ionas go bhféadfaí na fhearraí lena mbaineann sí a chur i saorchúrsaíocht ar fud an Comhphobail. Forálann sí nach bhféadfaidh Ballstáit, ar chúiseanna a bhaineann lena gcáilíochtaí meitéareolaíocha, diúltú córais ar a bhfuil siombailí formheasa CEE agus marc fíoraithe CEE a ligean ar an margadh nó isteach ar seirbhís ná nach bhféadfaidh siad na córais sin a thoirmeasc ná a shrianadh. In Iarscríbhinn a ghabhann leis an dréacht-Treoir léirítear na coinníollacha nach foláir córais a bheith ag freagairt dóibh chun marcanna agus siombailí CEE a thuilleamh agus dá bharr sin bheith i saorchúrsaíocht ar fud an Chomhphobail.


5. Éifeacht ar Éirinn

Má ghlactar leis an Treoir bheartaithe b’fhéidir go mbeadh sé riachtanach athrú a dhéanamh ar na sonraíochtaí don trealamh sin atá leagtha síos faoi láthair sna Rialacháin Mheáchan agus Tomhas, 1928.


Chuir an Roinn Tionscail agus Tráchtála in iúl don Chomhchoiste nach dócha puinn éifeachta praiticiúla thairis sin a bheith le feidhmiú an togra sa tír seo mar nach bhfuil mórán trealaimh den sórt sin á chur ar fáil in Éirinn.


D. TARAIF-CHUÓTAÍ

6. An Tuirc

Faoi fhorálacha Chomhaontú Comhlachais leis an Tuirc, ligeann an Comhphobal méadaithe isteach saor ó dhleacht allmhairí tionscail seachas na cinn a chumhdaítear le Conradh CEGC agus lasmuigh de tháirgí teicstíleacha áirithe agus táirgí peitriliam athscagtha áirithe a bhforáiltear lamháltais dleachta ina leith, cuid díobh faoi theorainn chuótaí. Ceadaíonn an Comhphobal dleachtanna laghdaithe freisin i ndáil le méid teoranta táirgí talmhaíochta a allmhairítear. Tá an Tuirc ag díchur a dleachtanna ar allmhairí ó CEE de réir dhá thráthchlár—tréimhse 12 bhliain a chríochnóidh i 1985 agus tréimhse 22 bhliain a chríochnóidh i 1995. Ó Iúil 1977 gheobhaidh onnmhairí ó Éirinn go dtí an Tuirc an chóir chéanna le honnmhairí ón gcuid eile den Chomhphobal.


Baineann an togra seo leis na táirgí teicstíleacha dá dtagraítear thuas. Á chur san áireamh forálacha an Chomhaontaithe, maille le cinneadh a glacadh i Meitheamh 1973 chun cóir chomh fabhrach a thabhairt don Tuirc agus a thugtar do thíortha a thairbhíonn den Scéim Ghinearálaithe Fabhar, ghlac an Chomhairle ar an 24 Samhain 1975, i leith na bliana 1976, le Rialachán Uimh. 3145/75 a rinne cuótaí saor ó tharaif i leith na dtáirgí sin ón Tuirc a oscailt agus a dháileadh, agus a rinne socrú chun a riartha. Is é is cuspóir don togra seo go leanfaí de chóir a thabhairt don Tuirc nach lú fabhar ná mar a thugtar do thíortha a thairbhíonn den Scéim Ghinearálaithe Fabhar, agus tig sé go huathrialach as Cinneadh an 17 Samhain 1975 ag an gComhairle chun méadú 5% i 1976 i gcomparáid le 1975 a dhéanamh ar na cainníochtaí de tháirgí teicstíleacha a fhéadfaidh tairbhiú faoin Scéim Ghinearálaithe Fabhar den fhionraí ar tharaifí. Nuair a bhí Rialachán Uimh. 3145/75 á ghlacadh bhíothas ag coinne leis go gcaithfí na cainníochtaí a sonraíodh i ngach ceann díobh i leith na dtáirgí éagsúla a mhéadú ionas go gcomhlíonfaí Cinneadh an 17 Samhain 1975 ón gComhairle.


7. Málta

Tháinig Comhaontú Comhlachais idir CEE agus Málta i bhfeidhm an 1 Aibreán 1971. Chuir Airteagal 108 den Ionstraim Aontachais de cheangal ar na Ballstáit Nua aontú do Chomhaontú Mhálta. Foráladh, inter alia, i gComhaontú Mhálta go mbeadh laghdú 70% i ráta na CTC le déanamh ar allmhairí teicstíleacha áirithe faoi theorainn Chuótaí Comhphobail bliantúla. Socraítear na cuótaí taraife gach bliain le Rialachán ón gComhairle, agus socraíodh na cuótaí do 1976 i dtosach báire ar an 24 Samhain 1975.


Is é is cuspóir don Rialacháin ar glacadh leis an 3 Bealtaine 1976 cóir a thabhairt do Mhálta nach lú fabhar ná mar a thugtar do thíortha a thairbhíonn den Scéim Ghinearálaithe Fabhar, agus tig sé go huathrialach as Cinneadh an 17 Samhain 1975 ag an gComhairle chun méadú 5% i 1976 i gComparáid le 1975 a dhéanamh ar na cainníochtaí de tháirgí teicstíleacha a fhéadfaidh tairbhiú faoin Scéim Ghinearálaithe Fabhar den fhionraí ar tharaifí. Nuair a bhí na taraif-chuótaí do 1976 á socrú i dtosach báire i Samhain 1975 bhíothas ag coinne leis go gcaithfí na cainníochtaí a sonraíodh i ngach ceann díobh a mhéadú ionas go gcomhlíonfaí Cinneadh an 17 Samhain 1975 ón gComhairle.


8. Éifeacht ar Éirinn

Chomh fada is a bhaineann leis an Tuirc ní thabharfadh an togra aon mhéadú ar sciar na hÉireann de na cuótaí atá socraithe cheana féin do chairpéid, cairpéadachas agus rugaí agus ní thabharfadh sé ach 1 tonna de mhéadú ar a sciar de na cuótaí a socraíodh cheana do abhras cadáis agus fabraicí fite eile cadáis. Chuir an Roinn Tionscail agus Tráchtála in iúl don Chomhchoiste gurb amhlaidh atá an méid a allmhairímid den dá tháirge dheiridh sin comhlántach ar a dtáirgtear anseo díobh in áit bheith san iomaíocht linn. Mar sin ní thiocfaidh de na méaduithe beartaithe sna cuótaí saor ó tharaif i leith an dá tháirge sin ach go mbeidh fáil ag brainsí áirithe dár dtionscail teicstíleacha agus éadaí ar chainníocht bhreise an bheag, saor ó dhleacht, d’amhábhair le haghaidh tuilleadh próiséala. Ní raibh aon allmhairí, áfach, curtha in aghaidh sciar na hÉireann de na cuótaí a osclaíodh do 1975 i leith na dtrí tháirge atá i gceist.


Maidir leis an Rialachán i dtaobh Mhálta, fágtar sciar na hÉireann den chuóta gan athrú ach amháin i gcás snáithíní saorga; tá méadú ó 30 go 31 tonna méadrach beartaithe dóibhsean. Chuir an Roinn Tionscail agus Tráchtála in iúl don Chomhchoiste gur ríbheag an éifeacht a bheadh ag an Rialachán i gcás na hÉireann. I 1975 níor allmhairíodh faoi na ceithre chuóta atá i gceist ach 31 kg.


(Sínithe) CATHAL Ó hEOCHAIDH,


Cathaoirleach an Chomhchoiste.


30 Meitheamh, 1976.