Committee Reports::Report No. 30 - Secondary Legislation, Implementation by Statutory Instruments::28 April, 1976::Report

TUARASCÁIL

Réamhrá

Ó d’eisigh sé an dara tuarascáil is fiche an 11 Nollaig 1975 tá an Comhchoiste tar éis scrúdú a dhéanamh ar aon ionstraim reachtúil déag eile a thugann feidhm do reachtaíocht thánaisteach na gComhphobal Eorpach. Tá liosta díobh sin i bhFoscríbhinn I a ghabhann leis an tuarascáil seo. Rinneadh dhá ionstraim acu [I.R. Uimh. 118 agus 180 de 1975] faoi údarás an Achta um Chaighdeáin Bhia, 1974 agus ceann eile faoi chumhachtaí a tarmligeadh leis an Acht d’Fhorchur Dleacht, 1957 agus leis an Acht Airgeadais, 1962. Rialacháin a rinneadh faoi alt 3 d’Acht na gComhphobal Eorpach, 1972, is ea na hocht n-ionstraim eile.


Tar éis don Chomhchoiste na hionstraimí sin agus ionstraimí eile mar aon le hIonstraimí éagsúla de chuid institiúidí na gComhphobal a scrúdú, tá roinnt tuairimí ginearálta le lua aige faoi fheidhm a thabhairt i ndlí na hÉireann do reachtaíocht thánaisteach na gComhphobal.


2. Treoracha a chur i ngníomh

Tharraing an Comhchoiste aird san aonú tuarascáil déag uaidh ar an gcoincheap, infheidhmeacht dhíreach a bheith le reachtaíocht thánaisteach an Chomhphobail, agus chuir sé in iúl nach bhféadfadh reachtaíocht den sórt sin, ón uair nach infheidhme í go díreach, cearta agus oibleagáidí leithleacha a thionscnamh i ndlí intíre na hÉireann gan dlí baile a achtú lena chur i ngníomh. I gcás scéim de thionscnamh Treorach ón gComhairle nach infheidhme go díreach, rud is gnách, éiríonn sé mar cheist cén reachtaíocht baile is leor má bhíonn an scéim á maoiniú go páirteach ó chistí Comhphobail agus go páirteach ó chistí náisiúnta. Tá amhras ar an gComhchoiste an dtuigeann Comhaltaí an Oireachtais, má chuireann na Tithe, de bharr an Bille Leithreasa a rith go bliantúil, airgead ar leith do scéim áirithe nach bhfuil bunaithe ar reachtaíocht eile, go meastar go bhfuil saorchead á thabhairt acu don Aire an scéim a riaradh mar is cuí leis. Mar sin féin, dealraíonn sé gurb shin í an éifeacht a bhí le breith ón gCúirt Uachtarach [Latchford and Sons Ltd. v. An tAire Tionscail agus Tráchtála (1950) I.R.33]. Cé nach léir ar chor ar bith don Chomhchoiste go bhfuil feidhm ag an mbreith sin maidir le scéimeanna a mhaoinítear go páirteach le hacmhainní Comhphobail agus go páirteach le hacmhainní náisiúnta, d’fhéadfadh go bhfuil a mhalairt sin de bharúil i roinnt Ranna Rialtais. I ndáil leis sin tugann an Comhchoiste dá aire go bhfuil Scéim na Limistéar faoi Mhíbhuntáiste, scéim a thug air an t-ábhar sin a bhreithniú i gcéaduair, go bhfuil sí á riaradh gan aon údarás reachtúil ach amháin a bhfuil á thabhairt chuige leis an Acht Leithreasa, 1975.


Creideann an Comhchoiste gur mheas na Tithe, nuair a bhí an Comhchoiste á bhunú acu, go raibh sás á chur ar bun acu chun faireachán a dhéanamh ar reachtaíocht thánaisteach Comhphobail ó thráth a thosaithe mar thogra go dtí tráth a churtha i bhfeidhm go críochnaitheach i ndlí na hÉireann. Is dóigh leis, go sonrach, go raibh sé beartaithe ag na Tithe aon fheidhmiú sonraíoch ar reachtaíocht thánaisteach an Chomhphobail a choinneáil faoina n-urlámhas sa mhéid gur ghá dlí baile chun lánéifeacht a thabhairt dó. Dar leis an gComhchoiste, tá bacainní á gcur ar an gcuspóir sin nuair atá téarmaí scéimeanna ar nós Scéim na Limistéar faoi Mhíbhuntáiste gan cur isteach in ionstraim reachtúil, rud atá faoi réir a scrúdaithe ag an gComhchoiste, ná i mBille, rud a bhféadfaidh na Tithe féin é a bhreithniú.


3. Comhréireacht agus Ionstraimí á gcur chun feidhme

Tá breis agus trí bliana de chleachtadh ag an tír seo anois ag cur reachtaíocht thánaisteach Comhphobail chun feidhme le hionstraimí reachtúla baile. Bheadh súil leis dá bhrí sin go mbeadh comhréir oibrithe amach faoin am seo ag plé leis na fadhbanna éagsúla a ghabhann leis an gcleachtadh sin. Níl an Comhchoiste suite de gur mar sin atá.


Mar a cuireadh in iúl i dtuarascálacha roimhe seo is í barúil an Chomhchoiste gur chóir go mba léir uathu féin, a mhéid is féidir, brí na n-ionstraimí reachtúla a thugann feidhm do reachtaíocht thánaisteach an Chomhphobail agus nár ghá i bhformhór na gcásanna ar a laghad féachaint ar an reachtaíocht thánaisteach bhunaidh d’fhonn an ionstraim baile a thuiscint. Sa dóú tuarascáil déag uaidh faoi dháta 2 Iúil 1975 (mír 13) shonraigh an Comhchoiste I.R. Uimh. 62 de 1975 mar ní atá go hiomlán de réir an riachtanais sin. Níl sé sásta áfach go bhfuil iarrachtaí sách maith déanta chun an caighdeán sin a choinneáil suas go ginearálta. Sa dóú tuarascáil is fiche uaidh faoi dháta 11 Nollaig 1975 (mír 7) shonraigh an Comhchoiste dhá ionstraim a bhain le hábhair ghaolmhara. Sa chéad cheann a rinneadh i 1973 athchlóbhuaileadh i bhfoscríbhinn forálacha na Treorach Comhphobail iomchuí ach ní raibh sa dara ceann a rinneadh i 1975 ach reachtaíocht faoi threoir teideal na nIonstraimí Comhphobail iomchuí.


Tá sampla eile den easpa comhréireachta tugtha faoi deara in ionstraimí reachtúla a thugann feidhm do Threoracha a fhorálann nach bhféadfar táirgí a chur ar an margadh ach amháin faoi dhálaí sonraithe. Chítear don Chomhchoiste nach bhfuil na dréachtóirí ar aon fhocal i dtaobh ar chóir canúin na Treorach a athlua san ionstraim baile nó ar chóir feidhm a bhaint as an leagan teanga a bhíonn á úsáid de ghnáth i reachtaíocht baile nó ar ghá aon léirmhíniú má chloítear le leagan teanga na Treorach. Mar shampla, beartaíodh le I.R. Uimh. 102 de 1975 feidhm a thabhairt do Threoir 73/404/CEE a cheanglaíonn ar Bhallstáit toirmeasc a bheith le glanadóirí nach bhfuil de réir coinníollacha áirithe a chur ar an margadh. De réir na hionstraime reachtúla “Ní dhíolfaidh duine ná ní thairgfidh sé lena dhíol” táirge nach gcomhlíonann na coinníollacha sin. Aisghaireadh an ionstraim sin ansin agus cuireadh ina hionad I.R. Uimh. 107 de 1975 mar a bhfuil an abairt “Ní chuirfidh duine ar an margadh” in ionad “Ní dhíolfaidh duine ná ní thairgfidh sé lena dhíol”. Arís mar is léir ón gcomhfhreagras atá faoi athchló i bhFoscríbhinn 2 a ghabhann leis an tuarascáil seo dealraíonn sé nach meastar gur gá anois, nó ar a laghad nach inmhianaithe, míniú ar “margadh” a bheith in ionstraimí a chuireann chun feidhme Treoracha ón gComhairle maidir le síolta. Ach níl aon mhíniú den sórt sin in ionstraimí reachtúla eile a chuireann chun feidhme Treoracha ón gComhairle maidir le margú táirgí eile, e.g. I.R. Uimh. 187 de 1974 agus I.R. Uimh. 301 de 1975.


Gan amhras bíonn sé deacair fadhbanna dréachtóireachta den chineál a luaitear sna míreanna roimhe seo a réiteach d’éagmais léiriú breithiúnach ach is cúis mearbhaill gan comhréireacht a bheith ann. Measann an Comhchoiste gur chóir an scéal sin a scrúdú féachaint an bhféadfaí teacht ar mhodh a bheadh comhrianúil comhréireach.


4. Údarás a lua

Tá sé tugtha faoi deara ag an gComhchoiste nach bhfuil aon tagairt i roinnt cásanna san ionstraim reachtúil ná sa nóta míniúcháin a ghabhann leis don reachtaíocht thánaisteach Comhphobail a bhfuil an ionstraim in ainm a bheith á cur chun feidhme, e.g. I.R. Uimhreacha 111, 115 agus 323 de 1975. Chítear don Chomhchoiste gur lochtach an rud na heasnaimh sin agus go háirithe gur lochtach é i gcás rialacháin faoi alt 3 d’ Acht na gComhphobal Eorpach, 1972 a bhfuil a mbailíocht ag brath ar iad a bheith bunaithe ar reachtaíocht thánaisteach Comhphobail.


Measann an Comhchoiste gur chóir go mba léir ón ionstraim baile cén reachtaíocht thánaisteach atá bainteach léi. Mura bhfuil an reachtaíocht thánaisteach iomchuí luaite sa chuid shubstainteach den téacs, ba cheart tagairt oiriúnach a bheith sa lua réamhráiteach údaráis. Measann an Comhchoiste freisin gur cheart ciall na reachtaíochta tánaistí a bhíonn á cur chun feidhme a lua go comair sa nóta míniúcháin.


5. Úsáid neamhghnách cumhachta

Is cumhacht an-fhairsing an chumhacht chun rialacháin a dhéanamh a tharmligtear chuig Airí faoi alt 3 d’Acht na gComhphobal Eorpach, 1972. Tá inti, mar shampla, an chumhacht chun reachtanna a chúlghairm nó a leasú. Ach ní féidir í a fheidhmiú ach amháin chun “lán-éifeacht” a thabhairt do Ionstraim ó institiúid Chomhphobal cé go bhféadfadh “forálacha foghabhálacha, forlíontacha agus iarmartacha” a bheith i rialacháin. Glacann an Comhchoiste air féin aird speisialta a tharraingt ar an gceanglas sin mar tá sé tar éis roinnt forálacha a thabhairt faoi deara i rialacháin a ndealraíonn sé go dtéann siad níos faide ná mar is gá go beacht de réir na n-ionstraimí Comhphobail iomchuí. Sa dóú tuarascáil is fiche uaidh tharraing sé aird ar fhoráil in I.R. Uimh. 67 de 1973 ar ceapadh dó foráil Comhphobail a chur chun feidhme sula raibh glactha ag Comhairle na nAirí léi. Tá sé tugtha faoi deara aige ó shin go bhfuil forálacha in I.R. Uimh. 129 de 1973 agus in I.R. Uimh. 176 de 1975 a bhaineann le feoil úr éanlaithe clóis a onnmhairiú go tríú tíortha cé nach léir go n-eascrann sé sin ón Treoir ón gComhairle a bhfuil na hionstraimí in ainm a bheith á cur chun feidhme.


Measann an Comhchoiste gur chóir an cúram is grinne a ghlacadh le deimhin a dhéanamh nach mbeidh dada i rialacháin faoi Acht na gComhphobal Eorpach, 1972 nach mbeidh bonn beacht leis san Ionstraim iomchuí ó institiúidí na gComhphobal. Ghlacfadh sé leis go mbeadh sé i dteideal ó thaobh prionsabail a mholadh go gcurfí ar neamhní aon ionstraim reachtúil a dhéanann sárú sa chéill sin.


6. Cionta agus Pionóis

Tá feidhmiú na reachtaíochta tánaistí Comhphobail bainteach de riachtanas lena thoirmeasc ar dhaoine bearta a dhéanamh ag sárú na reachtaíochta sin agus le pionóis a fhoráil má fhaightear ciontach iad ina leithéid. Tá na forálacha sin á dtabhairt dá aire go grinn ag an gComhchoiste. Sa chéad áit is cúram don Chomhchoiste a áirithiú go mbeidh sé soiléir cá mhéid de chion a rinneadh. Tharraing an Comhchoiste aird ar I.R. Uimh. 107 de 1975 sa dóú tuarascáil is fiche toisc go raibh foráil inti a bhí lochtach i ndáil leis sin. Ina theannta sin tá súil ag an gComhchoiste go mbeidh léargas lán acu sin lena mbaineann ar an toradh a thig ó cheanglas áirithe a neamhchomhlíonadh. Maidir le heasnaimh i gcás den sórt sin luaigh sé I.R. Uimh. 62 de 1975 sa dóú tuarascáil déag agus I.R. Uimh. 107 de 1975 sa dóú tuarascáil is fiche.


I gcríoch dála, scrúdaíonn an Comhchoiste na pionóis a fhoráiltear le feiceáil an bhfuil siad réasúnach i gcúrsaí an cháis agus oiriúnach do chionta achomaire ar cionta iad nach bhfuil rialacháin faoi Acht na gComhphobal Eorpach, 1972, bainteach le haon rud eile ach amháin lena mbunú. Sa dóú tuarascáil is fiche uaidh chuir an Comhchoiste in iúl go raibh sé in amhras gur shuim iomarcach do chion achomair an fhíneáil uasta £500 dá bhforáiltear in I.R. Uimh. 160 de 1975. Tá an t-amhras céanna air i dtaobh pionós dá shamhail a fhorchuirtear le Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Muirir Onnmhairithe Beithíoch), 1975 (I.R. Uimh. 259 de 1975). Dhealródh sé ó bhreith de chuid na Cúirte Uachtaraí a tugadh mí Feabhra, 1961 gur measadh an t-am sin nach bhféadfaí thar £100 fíneála a ghearradh gan cion seachas mion-chion a dhéanamh de. Tá sé curtha in iúl don Chomhchoiste gurbh ionann luach ceannaigh £1 i bhFeabhra, 1961 agus £3.23 i bhFeabhra, 1976.


D’fhonn feidhm a thabhairt do Threoracha ón gComhairle a bhaineann le comhfhogasú dlíthe náisiúnta ní mór do gach Ballstát reachtaíocht baile a achtú chun a áirithiú go gcomhlíonfar forálacha na Treorach ina chríoch féin. Ní cheapann an Comhchoiste go mba ghá choíche do Bhallstát, d’fhonn cuspóirí Treorach den sórt sin a áirithiú, é a mheas mar chion, i gcás daoine faoina dhlínse, reachtaíocht thánaisteach Ballstáit eile a shárú. Mar sin féin, sin é díreach a cheaptar a dhéanamh le Rialachán 5 de na Rialacháin um Chaighdeáin Bhia (Siúcraí Áirithe) (Na Comhphobail Eorpacha), 1975 [I.R. Uimh. 118 de 1975].


Forálann sé nach cead táirgí áirithe a onnmhairiú go dtí aon Bhallstát de Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa lena dtomhailt ag daoine mura mbeidh siad de réir na Treorach mar a fheidhmítear í sa Bhallstát sin. Measann an Comhchoiste nach foráil inmhianaithe í sin toisc go bhfágann sé faoi dhlí coigríche cion a dhéanamh de rud sa tír seo, agus gur foráil í gan ghá toisc nach féidir le honnmhaireoir a chúram a chur i gcrích mura ndéanfaidh sé de réir dlí stáit an allmhairithe. Níl sé sásta leis an míniú atá faighte aige ón Roinn Talmhaíochta agus Iascaigh atá faoi athchló i bhFoscríbhinn 3 den Tuarascáil seo. Go háirithe ní ghlacann sé leis, más éigean é a chur in iúl do dhuine ar bith a bheartaíonn siúcra a onnmhairiú go gcaithfidh sé aird a thabhairt ar an mbealach ina dtugtar feidhm don Treoir i mBallstáit eile, gur gá go mbunaíonn sé sin cion reachtúil.


(Sínithe) CATHAL Ó hEOCHAIDH,


Cathaoirleach an Chomhchoiste.


28 Aibreán, 1976.