Committee Reports::Report No. 27 - Miscellaneous Proposals on Pesticides, Paints etc: Customs Procedure and Community Transit::24 March, 1976::Report

TUARASCÁIL

A. RÉAMHRÁ

1. Tá beartaithe ag an gComhchoiste déileáil sa tuarascáil seo le grúpa tograí ilghnéitheacha ón gCoimisiún. Dealraíonn sé don Chomhchoiste de bharr fiosruithe nach mbeadh aon deacrachtaí ar leith ann d’Éirinn na tograí a chur i gcrích agus dá dhroim sin ní léir dó aon ní in aghaidh glacadh leo. Ar an ábhar sin déileáltar i dtuarascáil amháin leis na tograí cé nach bhfuil aon bhaint le chéile ag ábhair na dtograí.


B. (i) LOTNAIDICÍDÍ AGUS (ii) PÉINTEANNA, VEARNAISÍ, GLIÚNNA AGUS TÁIRGÍ GAOLMHARA A AICMIÚ, A PHACÁIDIÚ AGUS A LIPÉADÚ

2. Lotnaidicídí


Is le haghaidh Treorach ón gComhairle an togra a bhaineann le lotnaidicídí* agus cuireadh faoi bhráid na Comhairle é 31 Nollaig, 1974. Is í aidhm an togra deireadh a chur le bacainní teicniúla in aghaidh trádála lena dtéann, ó riachtanas, caighdeáin chomhionanna sábháilteachta a fheidhmiú le úsáidirí agus oibrithe a chosaint.


Beidh d’oibleagáid ar na Ballstáit a áirithiú nach gcuirfear lotnaidicídí contúirteacha ar an margadh mura mbíonn siad (a) pacáidithe go daingean agus (b) lipéid orthu a insíonn ainm an ábhair, fiontair speisialta agus tocsaíneacht. Tá cruth na lipéad, na samhailchomharthaí tocsaíneachta etc. sonraithe i dTreoir 67/548/CEE faoi ábhair chontúirteacha. Míníonn an dréacht-Threoir na lotnaidicídí lena mbaineann sí agus bunaíonn sí na modhanna a gcinnfear a dtocsaíneacht.


3. Péinteanna, Vearnaisí, Gliúnna agus Táirgi Gaolmhara


Cuireadh faoi bhráid na Comhairle, 20 Feabhra, 1975, an togra faoi phéinteanna, vearnaisí, etc. agus is le haghaidh Treorach ón gComhairle an togra freisin (R/785/75). Tá baint aige freisin le deireadh a chur le bacainní teicniúla in aghaidh trádála agus, dá dhroim sin, le beartanna cosanta a chaighdeánú.


Ní fhéadfaidh na Ballstáit a cheadú ábhair a mhargú ina mbeidh na hábhair atá ar liosta in Iarscríbhinn I den togra mura mbeidh siad pacáidithe agus lipéadaithe de réir na gcaighdeán forordaithe. Tá coinníollacha speisialta ann a bhaineann le luaidhe i bpéint a bhféadfadh go ndiúilfeadh nó go gcognódh páistí iad.


4. Treoracha atá ann cheana féin


Is comhlánú na tograí ar dhá Threoir lenar glacadh roimhe seo i ndáil leis na cúrsaí seo, is é sin,


(i) ábhair chontúirteacha (67/548/CEE), agus


(ii) ullmhóidí contúirteacha—tuaslagóirí (73/173/CEE).


Tá sé ceaptha maidir leis an dá Threoir sin go gcuirfear i gcrích iad faoi Bhealtaine agus faoi Mheitheamh, 1976, faoi seach. Thiocfadh go gcuirfí siar dáta an churtha i gcrích le go bhféadfar deireadh a chur le haimhrialtaí áirithe idir aicmíochtaí sna Treoracha. Tuigtear go mbeartaítear a gcur i gcrích sa tír seo le hionstraimí reachtúla a dhéanfar faoi na hAchtanna um Chomhphobail na hEorpa.


5. Na Tograí a Chur i gCrích


Beidh na tograí, má ghlactar leo, le cur i gcrích faoin 1 Deireadh Fómhair, 1977. B’inmhianaithe, áfach, tuairim is dhá bhliain de thréimhse a bheith ann ó ghlacfaí leo nó go gcuirfí i gcrích iad. Dá réir sin, d’fhéadfadh go gcaithfí na sprioc-dhátaí a athrú mura nglacfar leis na Treoracha as seo go ceann cúpla mí. De réir mar atá faoi láthair, is dealraitheach go mbeidh roinnt mhaith moille ann sula nglacfar leo.


Tá an togra a bhaineann le lotnaidicídí ag an Meitheal Oibre ó Mheán Fómhair, 1970. An 15 Eanáir, 1976 ghlac Parlaimint na hEorpa le rún ag fáiltiú roimh an togra faoi Phéinteanna agus Vearnaisí (I.O. C28/34— 9 Feabhra, 1976).


Thiocfadh go bhfearfadh na forálacha faoi lotnaidicídí ar Acht na Nimheanna, 1961; níl mionscrúdú déanta fós ar an ngné sin ag an Roinn Talmhaíochta agus Iascaigh agus ar an Roinn sin atá an phríomhfhreagracht maidir leis an Treoir sin atá i gceist. Deir an Roinn Saothair nach riarann sí aon Achtanna ná Rialacháin atá ann faoi láthair agus a bhaineann leis an Treoir atá beartaithe faoi Phéinteanna agus Vearnaisí. Ní Fheictear do cheachtar Roinn go mbainfidh aon deacrachtaí don tír seo de bharr na dtograí sin.


C. NÓS IMEACHTA CUSTAM A SHIMPLIÚ AGUS A CHOMHCHUIBHIÚ (S/120/75)

6. Coinbhinsiún Kyoto


Rinneadh an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta ar Nós Imeachta Custam a Shimpliú agus a Chomhchuibhiú (Coinbhinsiún Kyoto) a tháinig i bhfeidhm 25 Meán Fómhair, 1974 a tharraingt suas faoi scáth na Comhairle um Chomhoibriú Custam. Is Eagras Idirnáisiúnta an Chomhairle a bunaíodh le Coinbhinsiún a tarraingíodh suas sa Bhruiséal i 1950, agus 77 gcomhalta, ar a n-áirítear naoi mBallstát CEE, atá inti. Is comhalta bunaitheach den Chomhairle Éire agus bíonn comhaltaí d’fhoireann na gCoimisinéirí Ioncaim ag ionadú di ag cruinnithe na Comhairle agus tá comhaltaí den fhoireann sin ag ionadú di ar Phríomh-Choistí na Comhairle.


Is iad cuspóirí na Comhairle na Coinbhinsiúin um Modh Ainmniúcháin agus Luachála a oibriú agus an comhchuibheas agus an comhionannas is foirfe is féidir a chur in áirithe i gcórais chustam agus staidéar chun na críche sin a dhéanamh ar na deacrachtaí a ghabhann ó bhunadh le forbairt agus feabhsú teicníochta Custam agus Reachtaíochta Custam.


I gcomhréir leis na cuspóirí sin dhréachtaigh an Chomhairle Coinbhinsiún Kyoto agus tacaíocht láidir aici chuige sin ó eagrais idirnáisiúnta a bhfuil baint acu le trádáil idirnáisiúnta a fhorbairt. Tugann an Coinbhinsiún an deis is éifeachtaí ariamh chun an comhchuibheas agus an comhionannas is foirfe is féidir a chur in áirithe i nósanna imeachta Custam tíortha éagsúla.


Is amhlaidh atá an Coinbhinsiún comhdhéanta: tá cuid choiteann amháin ann, colainn an Choinbhinsiúin agus, ina dhiaidh sin, Iarscríbhinní a ndéileálann gach ceann acu le nós imeachta custam. Is Coinbhinsiún ann féin ar féidir glacadh leis ar leith gach Iarscríbhinn agus colainn an Choinbhinsiúin ina theannta. Tá san Iarscríbhinn réamhrá, mínithe ar théarmaí Custam áirithe a úsáidtear san Iarscríbhinn sin, agus sraith de dhá chineál forálacha: Caighdeáin agus Cleachtais Mholta. Áiritheoidh feidhmiú na gCaighdeán atá in aon Iarscríbhinn faoi leith comhchuibhiú áirithe ar an nós imeachta Custam lena mbainfidh; má dhéantar de réir na gCleachtas Molta ar simpliú is mó is aidhm dóibh beidh de thoradh air tuilleadh comhchuibhithe a theacht ar an nós imeachta Custam áirithe.


Tá glactha go dtí seo le dhá Iarscríbhinn déag den sórt sin sa Chomhairle um Chomhar Custam i ndáil leis na Nósanna Imeachta Custam seo a leanas:-


1. Stórais Chustam


2. Aistarraingt


3. Ligean isteach sealadach faoi réir gnímh onnmhairithe sa riocht céanna


4. Rialacha Tionscnaimh


5. Fianaise Dhoiciméid ar Thionscnamh


6. Urlámh ar Fhianaise Dhoiciméid ar Thionscnamh


7. Ligean Isteach Sealadach le haghaidh Próisithe Istigh


8. Earraí a Aischur gan Dleacht


9. Dleachtanna agus Cánacha Allmhairithe a Aisíoc


10. Imréiteach d’Úsáid Bhaile


11. Idirthuras


12. Onnmhairiú Sealadach le hAghaidh Próisithe Amuigh


Tá clásal in Airteagal 11 i bpríomh-cholainn an Choinbhinsiúin a chumasaíonn d’Aontais Chustaim nó d’Aontais Eacnamaíochta conarthaí a dhéanamh ina n-ainmneacha féin.


Deir Airteagal 12 go dtiocfaidh príomh-cholainn an Choinbhinsiúin agus a Iarscríbhinní i bhfeidhm trí mhí tar éis do chúig Stát, is Comhaltaí den Chomhairle um Chomhar Custam nó de na Náisiúin Aontaithe, an Coinbhinsiún a shíniú gan daingniú a chúlchoimeád.


Go dtí seo, tá príomh-cholainn an Choinbhinsiúin agus na hIarscríbhinní a bhaineann le Stórais, Aistarraingt agus Ligean Isteach Sealadach faoi réir onnmhairithe sa riocht céanna taghta i bhfeidhm. Tá aontaithe ag na Comhphobail Eorpacha agus ag a Naoi mBallstát do cholainn an Choinbhinsiúin agus don Iarscríbhinn faoi Stórais.


7. An Togra Láithreach agus a Éifeacht ar Éirinn


Chuir Coimisiún na gComhphobal Eorpach ar aghaidh 7 Lúnasa, 1975, Moladh le haghaidh Cinnte ón gComhairle ag glacadh thar ceann an Chomhphobail leis na 4 Iarscríbhinn seo a leanas:-


(1)Iarscríbhinn a bhaineann le Rialacha Tionscnaimh,


(2)Iarscríbhinn a bhaineann le Fianaise Dhoiciméid ar Thionscnamh,


(3)Iarscríbhinn a bhaineann le Ligean Isteach Sealadach le hAghaidh Próisithe Istigh,


(4)Iarscríbhinn a bhaineann le Dleachtanna agus Cánacha a Aisíoc le linn Allmhairithe.


Má chinneann an Chomhairle glacadh leis an togra seo mar a leanas a thoradh i gcás na hÉireann:-


(a)Gan athrú le déanamh ar an reachtaíocht atá ann,


(b)Gan aon athrú mór le déanamh—maidir leis na hIarscríbhinní ar a dtráchtar i (1), (2), (3) tá ár nósanna imeachta agus ár gcleachtais comhréirithe le Rialachán CEE agus iad nach mór ar aon-dul leo sin atá leagtha amach sna hIarscríbhinní sin; maidir leis an Iarscríbhinn ag (4), tá Rialachán CEE i ndáil le hAisíocaíochtaí á dhréachtú faoi láthair.


(c)Chinn an Chomhairle agus an Coimisiún go ndéanfaí an Moladh i nDoiciméad S/1210/75 COIM(75) 388 deiridh an 22 Iúil, 1975, a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, sula ndéanfaidh an Chomhairle cinneadh, mar gheall ar mhalairt tuairimí a bheith ann cé acu faoi Airteagal 113 nó faoi Airteagal 235 de Chonradh na Róimhe ba cheart an t-ábhar a chinneadh. Chuir Parlaimint na hEorpa, ina tuairim a tugadh 14 Samhain, 1975, fáilte roimh an togra (I.O. C280/70—8 Nollaig, 1975). Tuigtear go dtógfaidh an breithniú ar cothrom na Comhairle ó 3 go 6 mhí.


D. IDIRTHURAIS SA CHOMHPHOBAL (R/2141/75)

8. Rialachán Leasaitheach


An 18 Márta, 1969, ghlac an Chomhairle le Rialachán (CEE) Uimh. 542/69 ar gnásanna custam a shimpliú is aidhm dó. Tá sé leathnaithe agus feabhsaithe ó shin lena dhéanamh níos freagraí do riachtanais na trádála agus riaracháin. Is é is aidhm don togra faoi láthair nós imeachta idirthurais a shimpliú tuilleadh.


Aon duine a bhíodh ag iarraidh gníomh idirthurais a dhéanamh lasmuigh den Chomhphobal bhí de cheangal air, go hiondúil, faoin Rialachán bunaidh ráthaíocht a thabhairt go mbaileofaí dleachtanna agus cánacha eile a bhí d’údarás ag Ballstát a bhaint amach. Ní bhíodh gá le ráthaíocht i gcás idirthuras sa Chomhphobal murar fhoráil dlí an Bhallstáit iomchuí é. Chuirfeadh an togra seo faoi láthair deireadh le riachtanas a bheith le ráthaíochtaí i ngach cás. I gcás idirthuras lasmuigh den Chomhphobal bheadh saoirse ag gnólachtaí ar deimhin go n-íocfaidís dliteanas. I gcás turas idir tíortha an Chomhphobail níor ghá ráthaíochtaí ach i gcás earraí áirithe.


Chuirfeadh an togra seo faoi láthair deireadh freisin le nós imeachta TIF a mb’éigin dá bharr gníomh idirthurais iarnróid a bhriseadh ina shraith nósanna imeachta náisiúnta. Bhí sé beagnach imithe i léig ar aon chuma. Dhealródh sé gur lú an tábhacht a bhaineann leis na leasuithe eile a mholtar sa togra.


9. Rialachán Comhdhlúthúchán


Molann an Coimisiún freisin Rialachán nua a chur in ionad Rialachán (CEE) Uimh. 542/69, arna leasú. Fágfar ar lár roinnt forálacha nach mbaineann le hábhar feasta ach, thairis sin, is beag athrú a dhéanfar ar na rialacha atá i bhfeidhm faoi láthair.


10. Mar a bhainfidh le hÉirinn


Ní ghabhann aon tábhacht ar leith le ceachtar togra chomh fada is a bhaineann leis an tír seo agus dealraíonn sé nach aon údar mór deacrachta dúinn ceachtar acu.


(Síniú) CATHAL Ó hEOCHAIDH,


Cathaoirleach an Chomhchoiste.


24 Márta, 1976.


* I.O. Uimh. C40/50 den 20 Feabhra, 1975.