Committee Reports::Report No. 24 - Special Aid for Young Farmers::24 March, 1976::Report

TUARASCÁIL

1. Réamhrá

Tá an Comhchoiste tar éis a bhreithniú a chríochnú ar thogra do Threoir ón gComhairle maidir le beart cabhrach speisialta d’fheirmeoirí óga atá ag gabháil d’fheirmeoireacht le tréimhse is lú ná cúig bliana agus atá ag cur plean forbartha i bhfeidhm [R/3358/74].


Tá baint ag an togra leis an scéim nuachóiriúcháin feirmeacha a tionscnaíodh le Treoir 72/159/CEE ón gComhairle an 17 Aibreán, 1972. Tá sé ceaptha dó déileáil le fadhbanna a bhaineann go háirithe le feirmeoirí óga a bhfuil pleananna forbartha faoin scéim sin á n-oibriú acu. D’fhéadfadh ualaí éagoitianta ó thaobh airgid titim ar dhaoine óga atá ag feirmeoireacht ar a gconlán féin den chéad uair mar gheall ar é a bheith d’oibleagáid orthu, b’fhéidir, íoc as sócmhainní agus stoc nó comhoighrí a chúiteamh agus tá sé ceaptha leis an Treoir bheartaithe an cás a bhogadh dóibh.


2. An Dréacht-Threoir

De réir tograí an Choimisiúin mar a cuireadh faoi bhráid na Comhairle iad i Nollaig, 1974, bheadh d’oibleagáid ar Bhallstáit cabhracha speisialta a thabhairt thar tréimhse chúig bliana d’fheirmeoirí faoi bhun 40 bliain d’aois a bhfuil plean forbartha á oibriú acu agus a raibh tosaithe acu ar fheirmeoireacht ar a gconlán féin laistigh den chúig bliana roimhe sin. Bheadh coinníoll ag gabháil le tabhairt na gcabhracha go gcaithfeadh an plean forbartha soláthar a dhéanamh le haghaidh infheistíocht tuairim £5,900 ar a laghad.


Bheadh tuairim £1,947 san iomlán de chabhair le tabhairt a dtabharfaí £590 de sa chéad bhliain, £472 sa dara bliain, £354 sa tríú bliain, £295 sa cheathrú bliain agus £236 sa bhliain deiridh. Ghlanfadh Rannóg Treoireachta CETRT cúig is fiche faoin gcéad den chostas.


3. Leasuithe ab fhéidir a dhéanfaí

Tuigtear don Chomhchoiste go ndearna Meitheal Oibre ar Struchtúir Thalmhaíochta breithniú ar an togra ar orduithe ón gCoiste Speisialta Talmhaíochta. Cé go ndealraíonn sé roinnt Ballstát a bheith in aghaidh an togra ó thaobh prionsabail, tuigtear gur cuireadh roinnt leasuithe ar aghaidh le linn cúrsaí a bheith á bplé ag an Meitheal Oibre. Chuirfidís sin na hathruithe seo a leanas ar an Treoir bheartaithe:


(a)bheadh cead ag na Ballstáit teorainn aoise nach mó ná 40 a shocrú;


(b)méadófaí go dtí tuairim £7,080 an cothrom íosta infheistíochta ba ghá le bheith cáilithe chun an chabhair speisialta a fháil;


(c)tuairim £1,947 an méid iomlán a bheadh sa chabhair speisialta ach, faoi réir na teorann sin, bheadh saoirse ag na Ballstáit cabhair a thabhairt ar comhréir leis an méid infheistíochtaí a bheadh tuartha sa phlean forbartha;


(d)íocfaí an chabhair in imeacht 3 bliana in ionad 5 bliana, e.g. 40%, 40% agus 20%.


4. Tuairimí Pharlaimint na hEorpa agus an Choiste Eacnamaí agus Shóisialaigh

Rinne Parlaimint na hEorpa agus an Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialach breithniú ar na tograí bunaidh ón gCoimisiún agus thug tuarascáil mholta orthu; shonraigh Parlaimint na hEorpa nach mbaineann an beart ach le líon beag feirmeoirí.


5. Tuairimí an Chomhchoiste

Creideann an Comhchoiste go bhfuil an ceart ag an gCoimisiún go mbaineann deacrachtaí do dhaoine óga ag tosú dóibh ag feirmeoireacht, ar a gconlán féin, deacrachtaí nach mór cabhair speisialta a fháil lena réiteach. Ba mhór ar fad an beart an chabhair sin i gcás na hÉireann mar ar gá iarrachtaí speisialta a dhéanamh le sáith daoine óga a choimeád le talmhaíocht le gabháltais thairbhiúla a shaothrú agus mar ar ceart dlús a chur, a mhéid is féidir é, le daoine a ghríosadh chun feirmeacha a shannadh níos luaithe do dhaoine óga.


Ach, is i ndáil leis an Scéim um Nuachóiriú Feirmeacha don togra seo faoi láthair agus ní bhaineann sé ach le feirmeoirí óga atá ag oibriú plean forbartha faoin scéim. Níor mhór ab fhiú dá bhrí sin, faoi láthair, an togra mar is beag an lán feirmeoirí óga ar féidir leo, mar gheall ar imthosca na tíre seo, sroicheadh go dtí caighdeáin atá ard thar cuimse agus atá docht thar mar is gá ach ar cáilíochtaí riachtanacha iad i gcás feirmeoirí forbartha. Is é tuairim an Chomhchoiste gurb é an chéad rud is ceart a dhéanamh an Scéim um Nuachóiriú Feirmeacha a fheabhsú, go háirithe mar a bhaineann leis na modhanna a socraítear ioncam comparáideach agus a ríomhtar ioncam tuillte na feirme.


Dá mbeadh Scéim um Nuachóiriú Feirmeacha níos fearr ann a bheadh níos oiriúnaí faoi chomhair riachtanas feirmeoirí na hÉireann ba thaitneamhaí go mór a bheadh an togra atá á scrúdú anois. Ach maidir leis na leasuithe a moladh ag an Meitheal Oibre, tá an Comhchoiste in aghaidh na tuairime gur cheart go méadófaí an cothrom íosta infheistíochta is gá chun bheith cáilithe. Má mheasann cuid de na Ballstáit 10,000 aonad cuntais a bheith ró-bheag, d’fhéadfaí a thabhairt de rogha dóibh suim níos mó ná sin a shocrú dóibh féin, ach, chomh fada is a bhaineann leis an tír seo, is suim atá comparáideach mór go maith cheana féin an tsuim ag féachaint do chothrom na n-ioncam feirmeoireachta i gcoitinne. Ina theannta sin, maidir leis an méid cabhrach speisialta a mholtar, measann an Comhchoiste gur ceart socrú a dhéanamh le go ndéanfar athbhreithniú agus coigeartú go tréimhsiúil le cúiteamh a dhéanamh i leith treoghluaiseachtaí boilsciúcháin.


6. Tuilleadh Breithnithe ag an gComhairle

Bhreithnigh an Chomhairle an Treoir bheartaithe 19-20 Eanáir, 1976 agus cuireadh ar ais í le go mbreithneofaí tuilleadh í ar chothrom oifigiúil. Meastar go mbeidh an togra os comhair na Comhairle arís san Aibreán, 1976.


7. Admháil

Ba mhaith leis an gComhchoiste a bhuíochas a ghabháil le Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann agus le Cumann Soláthróirí Bainne Uachtarlainne na hÉireann as ucht an chúnaimh a thugadar dó ag breithniú an togra seo.


(Síniú) CATHAL Ó hEOCHAIDH,


Cathaoirleach an Chomhchoiste.


24 Márta, 1976.