Committee Reports::Report No. 49 - Statutory Instruments [15] made under the European Communities Act 1972 and Food Standards Act 1974::09 December, 1976::Report

TUARASCÁIL

1. Réamhrá

Ó tugadh an tuarascáil deireanach ar ionstraimí reachtúla sa daicheadú tuarascáil (Prl.5596) uaidh, dar dáta an 30 Meitheamh, 1976, tá scrúdú déanta ag an gComhchoiste ar cheithre cinn déag eile d’ionstraimí reachtúla. Tá siad sin leagtha amach sa liosta i bhFoscríbhinn 1 a ghabhann leis an Tuarascáil seo. Rinneadh ceann amháin díobh [I.R. Uimh. 155 de 1976] faoin Acht um Chaighdeáin Bhia, 1974, agus rinneadh an chuid eile faoi Acht na gComhphobal Eorpach 1972.


Sa tuarascáil seo is mian leis an gComhchoiste trácht ar chúig cinn de na hionstraimí. Is mian leis freisin tagairt do Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Glanadóirí) (Uimh. 2), 1975 [I.R. Uimh. 107 de 1975] a bhí faoi phlé aige cheana i dtuarascáil roimhe seo.


2. Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Cailibriú ar Umair Árthaí), 1976 [I.R. Uimh. 110 de 1976] agus Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Toilleadh Caighdeánach de réir Toirt Stórála Gráin), 1976 [I.R.Uimh. 111 de 1976].

Foráiltear leis an dá ionstraim sin seirbhísí a bheith le déanamh ag cigire chun a dheimhniú go gcomhlíontar Teoracha CEE i dtaobh uirlisí áirithe tomhais i gcás ionstraime amháin díobh, agus i dtaobh cailibriú umar áirithe i gcás na hionstraime eile. Féadfar táillí a éileamh as na seirbhísí sin agus foráiltear le gach ionstraim díobh gurb é a bheidh ann “cibé táille a chinnfidh an tAire Tionscail agus Tráchtála, le toiliú an Aire Airgeadais”.


I gcás ionstraime roimhe seo chuir an Comhchoiste in aghaidh forála a d’fhág faoi Airí méid na dtáillí a shocrú mar ba rogha leo. Sa dóú tuarascáil déag uaidh, ar an 2 Iúil, 1975 (Prl. 4670), dúradh—


“Dar leis an gComhchoiste is foráil í sin a bhaineann feidhm mhíreásúnach as an gcumhacht reachtaíochta atá tarmligthe chun an Aire. Níl sé sásta gur chóir go bhféadfadh Airí athrú a dhéanamh mar is rogha leo ar mhéid na dtáillí ar an bpobal a thiocfadh de dhroim fo-reachtaíochta faoi Acht 1972. Má tá táillí le forchur sna hionstraimí sin, ba chóir na méideanna a shonrú ionas go bhféadfaidh na Tithe, ag gníomhú dóibh ar mholadh ón gCoiste seo, na hionstraimí a chur ar ceal má bhíonn siad míshásta leis an táillí.”


Tá barúlacha na Roinne Tionscail agus Tráchtála ar na forálacha atá faoi bhreithniú anois le fáil i litir a bhfuil cóip di i bhFoscríbhinn 2 a ghabhann leis an tuarascáil seo. Deir an Roinn go bhfuil sé beartaithe modh ríofa táillí méadreolaíochta a chur isteach i mBille nua Meáchan agus Tomhas. Is cosúil nach féidir i láthair na huaire seo táillí iomchuí a chinneadh do na seirbhísí atá á soláthar anois agus go bhféadfadh sé nach mbeidh táillí ar bith á n-éileamh idir dhá linn.


Níl fáth ar bith ag an gComhchoiste chun na barúlacha a léirigh sé sa dóú tuarascáil déag uaidh a athrú. Sa chás áirithe seo measann sé, má tharlaíonn gur gá táillí a éileamh sula ndéanfar dlí den Bhille atá beartaithe, gur chóir rialacháin leasúcháin a dhéanamh á shonrú cé mhéad a bheadh sna táillí sin. Níl sé sásta go mbeadh táillí ar bith á n-éileamh de bhun forálacha an dá ionstraim mar atá siad.


3. Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Idirbhearta Airgeadais Stáit), 1976 [I.R. Uimh. 121 de 1976].

Leis an ionstraim seo a rinne an tAire Airgeadais ar an 8 Meitheamh, 1976, faoi Acht na gComhphobal Eorpach, 1972, airbheartaítear údarás a thabhairt dó dul i gconarthaí ráthaíochta agus i gconarthaí iasachta is gá de chionn comhaltais sna Comhphobail Eorpacha.


I gcontrárthacht leis an moladh ón gComhchoiste sa tríochadú tuarascáil uaidh (Prl. 5419), dar dáta an 28 Aibreán, 1976, níl aon tagairt san ionstraim don reachtaíocht chomhphoblach atá á cur i ngníomh aici. Tá míniú na Roinne i dtaobh an easnaimh sin leagtha amach i bhFoscríbhinn 3 a ghabhann leis an tuarascáil seo.


Dhealródh sé ó litir na Roinne gurb é garchuspóir na hionstraime éifeacht a thabhairt d’oibleagáidí na hÉireann faoin gComhaontú Comhlachais leis an Tuirc agus na Prótacail agus an Comhaontú Inmheánach a bhfuil baint acu leis ach go bhfuil sé ceaptha don ionstraim aon oibleagáidí dá samhail sin a thiocfadh feasta a chur san áireamh freisin. Dá bhrí sin measadh nár chuí aon tagairt a dhéanamh do na conarthaí ná d’aon reachtaíocht thánaisteach.


Is cuma cad é chomh háiseach is a bheadh sé d’Airí, ní ghéilleann an Comhchoiste gur féidir leas a bhaint as alt 3 d’Acht na gComhphobal Eorpach, 1972, chun rialacháin a dhéanamh a thabharfadh éifeacht d’oibleagáidí a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo. Ní féidir úsáid a dhéanamh de na rialacháin sin ach amháin chun éifeacht iomlán a thabhairt do na conarthaí agus na gníomhartha de chuid institiúidí na gComhphobal a dtagraítear dóibh in alt 2 den Acht. Más féidir bonn córach a thabhairt don ionstraim atá faoi bhreithniú anois ní foláir, de bhrí sin, í a bhunú go sonrach ar mhír éigin de reachtaíocht Chomhphoblach.


Feictear don Chomhchoiste gur as an gComhaontú Airgeadais Inmhéanach ar glacadh leis an 30 Meitheamh 1973, ach nach bhfuil tagtha i bhfeidhm fós, a thig oibleagáidí airgeadais na hÉireann i ndáil leis an gComhaontú Comhlachais leis an Tuirc. Is iad “na hionadaithe ó Rialtais Bhallstáit na gComhphobal Eorpach i dtionól na Comhairle” a rinne an Comhaontú sin. Dealraíonn sé, uime sin, nach gníomh institiúde de chuid na gComhphobal é ná, ós tar éis an 1 Eanáir, 1973, a rinneadh é, conradh lena mbaineann alt 2 d’Acht 1972.


Chuir na himthosca réamhráite ina luí ar an gComhchoiste go mbaineann an ionstraim úsáid nach bhfuil bonn údaráis léi as na cumhachtaí reachtúla a thugtar don Aire agus go raibh sé ceart na cumhachtaí atá ag teastáil a lorg trí bhíthin Bille. Molann sé go ndéanfaí cúlghairm ar an ionstraim agus go gcuirfí foráil iomchuí sa chéad Bhille Airgeadais eile.


4. Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Suirbhéireachtaí Staidrimh), 1976 (I.R. Uimh. 223 de 1976).

Foráiltear leis an ionstraim seo go ndlífear fíneáil nach mó ná £500 nó, faoi rogha na cúirte, 6 mhí príosúnachta, nó an fhíneáil agus an phríosúnacht sin araon, a chur ar dhuine a chiontófar go hachomair mar gheall ar Rialacháin áirithe ón gComhairle a bhaineann le suirbhéireachtaí staitistiúla a shárú.


Sa tríochadú tuarascáil (Prl. 5419), dar dáta an 28 Aibreán, 1976, ón gComhchoiste léiríodh na fáthanna ar mheas sé fíneáil £500 a bheith iomarcach i gcás ciona achomair. D’iarr sé ar Roinn an Taoisigh tráchtadh ar I.R. Uimh. 223 de 1976 i bhfianaise na tuarascála sin. D’iarr an Roinn ar an Ard-Aighne a thuairim a thabhairt, agus nuair a bheidh sin ar fáil tabharfaidh an Comhchoiste tuarascáil bhreise ar an ábhar.


5. Rialacháin na gComhphobal Eorpach(Árachas Neamh-Shaoil), 1976 [I.R.Uimh. 115 de 1976].

Is maith leis an gComhchoiste a thabhairt chun suntais go ndearnadh an mhórchuid den ionstraim fhada seo a dhréachtadh ar dhóigh go bhfuil sí sothuigthe aisti féin gan é a bheith riachtanach Treoir a tuismithe a scrúdú. Bheadh sé níos fearr fós, áfach, dá sonródh Rialachán (1) an cineál árachais a eisiatar ó fhorálacha na hionstraime in ionad bheith i dtaobh le tagairt de réir uimhreach do na hairteagail iomchuí den Treoir.


Tugann an ionstraim reachtúil seo athruithe tábhachtacha ar dhlí an árachais agus leasaíonn sí forálacha sna hAchtanna Árachais, 1909 go 1971. Beidh gá le leasuithe breise ar na hAchtanna sin nuair a bheidh glactha le Treoracha eile a bhaineann le hárachas. Glacann an Comhchoiste leis go bhféadfaí na Treoracha a chur i ngníomh, i dtosach báire, le hionstraim reachtúil, ach measann sé gur cheart i dtráth cuí na leasuithe go léir a chorprú in Acht Árachais nua agus gur comhdhlúthú a bheadh ann ar an dlí reachtúil go léir a bhaineann le hárachas.


Foráiltear freisin leis na rialacháin seo fíneáil nach mó ná £500 mar gheall ar aon sárú ar aon cheann d’fhorálacha na hionstraime. Mar atá curtha in iúl cheana tá beartaithe ag an gComhchoiste tuarascáil bhreise a thabhairt ar na fíneálacha sin nuair a bheidh tuairimí an Ard-Aighne ar fáil.


6. Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Glanadóirí) (Uimh.2), 1975 [I.R. Uimh. 107 de 1975].

Dhéileáil an Comhchoiste leis an ionstraim seo sa dóú tuarascáil is fiche (Prl. 5141) uaidh, dar dáta 11 Nollaig, 1975. Sa tuarascáil sin lochtaigh sé an ionstraim mar gheall ar dhá chion a chruthú nuair ba leor ceann amháin, de réir dealraimh, agus an dara cion a bheith ag brath ar chinneadh ag an gCoimisiún. Ó shin i leith fuair sé litir an 17 Lúnasa 1976 ón Roinn Tionscail agus Tráchtála, a bhfuil cóip di i bhFoscríbhinn 4. Is léir ón litir sin go raibh foras maith le lochtú an Chomhchoiste agus is maith leo a thabhairt chun suntais go bhfuil na rialacháin á leasú.


(Sínithe) CATHAL Ó hEOCHAIDH,


Cathaoirleach an Chomhchoiste.


9 Nollaig, 1976.