Committee Reports::Report No. 48 - Stock Exchanges::09 December, 1976::Report

TUARASCÁIL

A. RÉAMHRA

1. Tograí a bhaineann le hUrrúis


Scrúdaigh an Comhchoiste roinnt tograí ón gCoimisiún don Chomhairle i dtaobh Treoracha a bhaineann le hurrúis chuideachtaí poiblí. Is iad seo a leanas na tograí a scrúdaíodh:—


Togra leasuithe i dtaobh an séú Treoir ón gComhairle maidir le comhordú ar na ráthaíochtaí is gá sna Ballstáit chun leasanna comhaltaí cuideachtaí agus tríú páirithe a chosaint i ndáil le hábhar, seiceáil agus dáileadh na réamheolairí a fhoilseofar nuair a ghlacfar le hurrúis arna n-eisiúnt ag cuideachtaí lena lua go hoifigiúil ar stocmhargadh [R/3128/75];


Togra leasaithe i dtaobh Treoir ón gComhairle maidir le comhordú ar na coinníollacha chun urrúis a ghlacadh lena lua go hoifigiúil ar stocmhargadh [R/2638/76]; agus


Togra i dtaobh Treoir ón gComhairle maidir le cánacha indíreacha ar idirbhearta urrús [R/923/76].


Baineann dréacht leasaithe an séú Treoir i dtaobh réamheolairí le sraith tograí atá bunaithe ar Airteagal 54(3) (g) de Chonradh CEE, a bhfuil sé ceaptha dó dlí cuideachta a chomhchuibhiú. Chuir an Coimisiún an togra bunaidh chuig an gComhairle i mí Dheireadh Fómhair, 1972. Dá éis sin chuir an Coimisiún togra leasaithe faoina bráid i mí na Nollag 1975 inar cuireadh na tuairimí a d’fhoilisgh Parlaimint na hEorpa, agus an Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialach san áireamh.


Tá an togra i dtaobh na gcoinníollacha lena rialaítear urrúis a ghlacadh lena lua ar stocmhargadh bunaithe freisin ar Airteagal 54(3) (g) de Chonradh CEE, agus chuir an Coimisiún an togra sin faoi bhráid na Comhairle i gcéadóir i Mí na Nollag 1975. Ach, tar éis tuairimí Pharlaimint na hEorpa agus an Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialach a fháil leasaigh an Coimisiún an togra agus cuireadh faoi bhráid na Comhairle arís é i mí na Samhna 1976.


Baineann an tríú togra le cánacha indíreacha ar idirbhearta urrús agus tá sé bunaithe ar Airteagal 99 agus 100 de Chonradh CEE. Baineann Airteagal 99 le comhchuibhiú ar reachtaíocht chánachais náisiúnta agus baineann Airteagal 100 le comhfhogasú ar dhlíthe náisiúnta i gcoitinne. Cuireadh an togra chuig an gComhairle i gcéadóir i mí Aibreáin 1976.


Measann an Coimisiún gur céim ar aghaidh na trí thogra sin chun Margadh Caipitil Eorpach a bhunú in am trátha.


B. RÉAMHEOLAIRÍ CUIDEACHTA

2. Réim an Togra


Is é is aidhm do dhréacht an Séú Treoir, mar a leasaíodh, comhordú a dhéanamh ó thaobh an Chomhphobail, agus feabhas a thabhairt, ar an sórt faisnéise a chuirtear ar fáil d’infheisteoirí ó chuideachtaí a dhéanfadh iarratas glacadh lena gcuid urrús lena lua ar stocmhargadh. Sonraítear sa togra conas agus cathain a fhoilseofar réamheolaire agus leagann sé síos an cion íosta faisnéise nach foláir a thabhairt ann.


Bainfidh an Treoir le gach iarratas maidir le lua ar stocmhargadh sa Chomhphobal, is cuma cad is sainchónaí d’eisitheoir na n-urrús. Ní bhainfidh sí le hiontaobhas aonad ná le hurrúis arna n-eisiúint ag Ballstáit nó ag údaráis áitiúla. Mar sin féin, tá Moladh beartaithe ann freisin ón gComhairle a deir gur chóir do Bhallstáit, dá ndeoin féin, réamheolaire ar an dul atá beartaithe faoin dréacht-Treoir a thionscnamh i gcás urrús arna n-eisiúint acu féin nó ag Stát eile nó ag údaráis áitiúla.


Foráiltear in Airteagal 12 go bhféadfar simpliú a dhéanamh ar na ceanglais a bhaineann leis an réamheolaire lena gcur ar aon-chéim leis an gcleachtas éifeachtach idirnáisiúnta ina ndéanann an Ballstát áirithe na hurrúis a eisíonn comhlachtaí corpraithe faoin dlí poiblí a ráthú ó thaobh fuascailt na hiasachta agus an úis. Cé gur coincheap coimhthíoch i ndlí na hÉireann an dlí poiblí, tuigtear go mbainfeadh an tAirteagal le heisiúintí ó chomhlachtaí Stáit nó ó chomhlachtaí Stát-tionscanta.


Bunófar údarás náisiúnta i ngach Ballstát chun a áirithiú, sula nglacfar urrúis lena lua go hoifigiúil ar stocmhargadh, go gcloíonn an réamheolaire a eisíodh le rialacha na Treorach.


Tá an cion íosta faisnéise nach foláir a thabhairt sa réamheolaire leagtha amach i Sceidil A, B agus C sa dréacht, de réir an chineáil áirithe atá i gceist, eadhon, scaireanna, bintiúir nó deimhnithe in ionannas le scaireanna. Cuireadh in iúl don Chomhchoiste nach bhfuil deimhnithe in ionannas le scaireanna, amhail mar atá luaite sa dréacht-Treoir, ar fáil sa tír seo faoi láthair (cé gur ceadaithe go teicniúil faoi Dhlí na gCuideachtaí scaireanna iompróra a eisiúint, ach níor mhór toiliú an Bhainc Ceannais, ós é an t-údarás Rialaithe Iomlaoide é, a fháil d’aon eisiúint den sórt sin).


Cheadódh an dréacht-Treoir do na Ballstáit díolúine ghinearálta a thabhairt, go hiomlán nó go páirteach, ón oibleagáid réamheolaire a fhoilsiú i gcás earnálacha sonraithe áirithe urrús. D’fhéadfaí, go ginearálta, áis a bhaint as na díolúintí sin, má bhíonn na hurrúis áirithe sin ar aon-dul leo siúd a luadh cheana nó mura mbeidh aon suibscríobh nua caipitil le déanamh ina leith. Ina theannta sin, bheadh an t-údarás náisiúnta a dhéanann an Treoir a riaradh i dteideal, i gcásanna aonair, faisnéis áirithe atá leagtha síos sna Sceidil a fhágáil ar lár as an bhfaisnéis i gcás (a) nach mbaineann an fhaisnéis sin le hábhar; (b) go mbeadh nochtadh na faisnéise sin contrártha don leas poiblí nó dochrach don eisitheoir.


Féadfar freisin, faoin togra, Grúpa Teagmhála a bhunú chun feidhmiú comhchuibhithe na Treorach a éascú. chun comhordú a dhéanamh ar aon fheabhsuithe ar an réamheolaire is ceadaithe do Bhallstáit a thionscnamh ar réim náisiúnta, agus chun cabhrú leis an gCoimisiún tograí a leagan amach leis an Treoir a leasú, más gá.


3. Éifeacht ar Éirinn


Sonraítear in Acht na gCuideachtaí 1963, an t-ábhar is gá a chur in aon réamheolaire a eiseofar, cibé acu atá, nó nach bhfuil, na hurrúis a tairgeadh le lua ar an Stocmhargadh. Nuair a iarrfar glacadh le hurrúis lena lua, bainfidh rialacha an Stocmhargaidh, mar atá leagtha amach i Leabhar Buí na hinstitiúide sin, leo freisin. Ach sa chás sin, ceadaíonn Acht na gCuideachtaí, 1963, i ndálaí áirithe, díolúine ó na ceanglais reachtúla a bhaineann leis an ábhar i réamheolaire trí dheimhniú iomchuí a eisiúint.


I gcoitinne, tá na ceanglais sa dréacht-Treoir i dtaobh faisnéis mhionchruinn a chur ar fáil i réamheolairí ar an dul céanna le cleachtas na tíre seo, cé gur fairsinge an méid faisnéise atá le tabhairt, agus in áiteanna áirithe sa dréacht moltar athruithe tábhachtacha a d’fhéadfadh a bheith fíorthromaí.


Tríd is tríd, ní dhiúltaíonn an Comhchoiste don dréacht-Treoir i bprionsabal ach tá roinnt rudaí le rá aige faoi fhorálacha áirithe agus roinnt athruithe le moladh aige a d’fhágfadh, dar leis, an Treoir níos tarrantaí don tír seo.


4. Udarás Náisiúnta


I láthair na huaire, is é an Stocmhargadh—Éireannach an comhlacht in Éirinn a dheonaíonn liostáil oifigiúil ar urrúis. Molann an dréacht-Treoir go ndéanfadh gach Ballstát údáras a cheapadh chun réamheolairí a sheiceáil. Luíonn sé le ciall, ó tharla go n-oibríonn an cleachtas atá i bhfeidhm in Éirinn gan dua, nár chóir cur isteach air ach a laghad is féidir agus, dá thairbhe sin, go mba chiallmhar an rud é an Stocmhargadh— Éireannach a ainmniú mar údarás iomchuí chun an Treoir a riaradh. Dá chomhartha sin féin, tugadh le tuiscint don Chomhchoiste go mbeadh sé deacair é sin a chur i gcrích, mar gur de thairbhe cónascadh le Stocmhargadh Londain, arna cheadú ag an Rialtas, a tuismeadh an Stocmhargadh—Éireannach. Tharlódh gur deacracht teicniúil an méid sin agus mura féidir í a shárú mar is innhianaithe leis an gComhchoiste, moltar go ndéanfaí údarás náisiúnta ainmniúil den Aire Tionscail agus Tráchtála agus go mbeadh cumhacht aige riaradh de facto na Treorach a chur ar an Stocmhargadh—Éireannach.


5. Ábhar an Réamheolaire


I gcoitinne, tá an Comhchoiste in amhras an luíonn sé le ciall a shonrú go docht cad é an t-ábhar a bheadh le cur, de réir dlí, i ngach réamheolaire. Tharlódh nárbh ionann cás d’aon dá chuideachta, agus an fhaisnéis a bheadh de dhualgas ar chuideachta amháin a thabhairt nach mbeadh sé cuí in aon chor don chuideachta eile í a thabhairt. Má bhíonn ar gach cuideachta cloí leis an múnla céanna, ní fios go baileach an mbeidh a thoradh chomh fóinteach is a ba chóir dó a bheith do dhaoine atá ag brath infheistiú.


Dá réir sin, b’fhearr leis an gComhchoiste dá gceadodh an Treoir d’údaráis náisiúnta glacadh le bealach níos éasca ach a áirithiú san am céanna go bhfuiltear ag cloí le héirim na Treorach.


Faoi mar atá an dréacht faoi láthair, measann an Comhchoiste go bhfuil na ceanglais faoi nochtadh faisnéise i bhfad ró-righin. Ní aontaíonn sé gur gá d’eisitheoir faisnéis a nochtadh a bhféadfadh iomaitheoirí í a úsáid chun a aimhleasa. Smaoiníonn an Comhchoiste go háirithe ar an oibleagáid faisnéis a nochtadh faoi shonraí gníomhaíochtaí, faoi bhunaidh soláthair, faoi thaighde agus forbairt. Dar leis an gComhchoiste, ní leor cumhacht a thabhairt don údarás náisiúnta an ceanglas ginearálta a scaoileadh i gcásanna áirithe mar gur i ndálaí eisceachtúla amháin a ba chóir an chumhacht sin a úsáid. Cuireadh i bhfios don Chomhchoiste go mbainfear leis go forleitheadach as aon scaoileadh ceanglas mura ndéantar bogadh ar an gceanglas áirithe seo. Tharlódh go mbeadh dearbh-choimheascar sa mhéid seo idir an oiriúnacht ghinearálta a bhaineann le faisnéis a nochtadh a bhfuil bá an Chomhchoiste léi agus an riachtanas sóisialach a áiritheoidh mearfhás i ngeilleagar na hÉireann. Dá maireadh an fás sin d’éascódh sé na fóirdheontais shóisialacha agus réigiúnacha ó CEE agus is deimhin leis an gComhchoiste nár chóir aon bhac a chur ar an bhfás sin trí aon fhoráil i nDlí Cuideachtaí mura foráil í atá fíor-riachtanach.


Ar bhealaí eile measann an Comhchoiste go bhféadfaí feabhas a chur ar an gcineál faisnéise a thugtar. Measann sé gur chóir go bhféadfaí a fhoráil, i gcásanna iomchuí, go gcuirfí tuarascáil iniúchóra, cuntais iniúchta agus, i gcás grúpa, grúpchuntais, ag gabháil leis an réamheolaire.


Má luaitear tuairim shaineolaí i réamheolaire ba chóir go dtabharfaí sainráiteas á chur in iúl gur thoiligh an saineolaí an tuairim sin a lua agus nach bhfuil an toiliú sin tarraingthe siar aige. Ba chóir gur léir freisin go bhfuil dliteanas sibhialach agus coiriúil na huaire seo mar a shonraítear sin in Acht na gCuideachtaí, 1963, i bhfeidhm i gcónaí maidir le gach réamheolaire.


6. Foilsiú Réamheolaire go hiomlán nó go páirteach a Tharscaoileadh


Cheadódh Airteagal 4 den Dréacht-Treoir do Bhallstáit coinníollacha a shonrú faoina bhféadfaí ceanglais áirithe a bhaineann le réamheolairí a tharscaoileadh nó díolúine a thabhairt dóibh ón oibleagáid aon réamheolaire a fhoilsiú i gcás urrús áirithe.


Dhealródh sé go mbaineann Airteagal 4 le eisiúint bhónais nó eisiúint chaipitlíochta scaireanna. Ní bhaineann sé, áfach, le heisiúint de cheart i.e. tairiscint do scairshealbhóirí láithreacha, nó do shealbhóirí láithreacha bintiúr, suibscríobh le haghaidh scaireanna breise nó bintiúir bhreise de chuid na cuideachta. Ná ní bhaineann sé le heisiúintí breise i gcás faisnéis leanúnach a bheith ar fáil trí stocmhargaí. Sna cásanna sin is cinnte go mbeadh sé fíorchostasach ar an gcuideachta áirithe réamheolaire iomlán a fhoilsiú agus níl gá dá laghad, dar leis an gComhchoiste, tabhairt uirthi sin a dhéanamh. Ba chóir go mbainfeadh forálacha an tarscaoilte freisin le bintiúir in chomhshóite atá luaite cheana féin ar an Stocmhargadh, cibé acu atá nó nach bhfuil na scaireanna de thuismeadh an chomhshóite luaite cheana féin ar an Stocmhargadh, ach sin ar choinníoll nach mbeidh na cearta a ghabhann leis na scaireanna gan athrú ó na cearta a ghabh leo tráth a glacadh le bintiúir inchomhshóite lena lua.


Bheadh feidhm ag foráil an tarscaoilte freisin i gcás líon na scaireanna a bheith faoi bhun 5 faoin gcéad d’urrúis atá liostáilte cheana, dá dtarlódh nár mhó a luach comhiomlán ná 500,000 aonad cuntais thar thréimhse dhá bhliain. Measann an Comhchoiste gur chóir suas le 15 faoin gcéad a cheadú gan réamheolaire iomlán a bheith riachtanach. Sna cásanna sin ba leor an cleachtas in Éirinn faoi láthair ina gcuireann an Stocmhargadh iallach ar chuideachta cion íosta faisnéise a chur ar fáil a bhraitheann ar mhéid aon fhála nó réadúchán áirithe. Creideann an Comhchoiste freisin go bhfuil an figiúr 500,000 aonad cuntais i bhfad ró-íseal agus tá amhras air ar cheart teorainn a bheith i gceist in aon chor anseo. Is ionann é agus figiúr faoi bhun 1 faoin gcéad i gcás cuideachtaí ag a bhfuil os cionn £25 mhilliún de chaipitlíocht mhargaidh. Molann sé gur chóir an teorainn áirithe sin ar fhoráil an tarscaoilte a scriosadh.


7. Freagracht i leith Réamheolaire


Is prionsabal é i ndlí cuideachta na hÉireann go bhfuil na stiúrthóirí nó na tionscnóirí freagrach go dlíthiúil i leith an ábhair i réamheolaire. Ar an tuiscint nach bhfuil faoin dréacht-Treoir é sin a athrú, creideann an Comhchoiste nach leagann an dréacht béim sách trom ar an bprionsabal sin. Ní leor do na daoine atá ag glacadh freagrachta i leith réamheolaire a dhearbhú go bhfuil sé de réir fíoras agus nach bhfuil aon ní fágtha ar lár a d’fhéadfadh cur as don fhaisnéis. Tá sé beartaithe go ndéanfaidh údarás náisiúnta gach réamheolaire a sheiceáil sula n-eiseofar chun an phobail é. Measann an Comhchoiste gur chóir go soiléireodh an Treoir nach mbeadh d’iallach ar an údarás náisiúnta (ná ar aon chomhlacht a ndéanfar a fheidhmeanna a tharmligean chuige) aon fhreagracht a ghlacadh i leith infheisteoirí de dhroim comhlíonadh a fheidhmeanna.


Forálann Airteagal 13 go bhféadfaidh údaráis náisiúnta údarás a thabhairt chun réamheolaire a fhoilsiú san aonchás gur dóigh leis go gcomhlíonann an réamheolaire na ceanglas go léir sa Treoir seo agus go gcreideann sé, agus údar maith aige leis, nach bhfuil aon sonraí ná easnaimh ann a d’fhéadfadh an pobal a chur ar míthreoir. Dar leis an gComhchoiste gur leor é má áirithíonn na húdaráis náisiúnta go bhfuiltear ag cloí le téarmaí na treorach. Ba chóir go bhfágfaí ar lár freisin an méid faoi údar maith a bheith ag duine lena chreidiúint nach bhfuil aon sonraí ná easnaimh sa réamheolaire a d’fhéadfadh an pobal a chur ar míthreoir. Ina theannta sin, ba chóir a rá nach intuigthe as ná focail go luífidh aon dliteanas dlíthiúil ar an údarás náisiúnta (ná ar aon chomhlacht a mbeadh a fheidhmeanna tarmligthe chuige) i leith an phobail.


8. Cumaisc


Ní fios go baileach don Chomhchoiste an bhfuil sé ceaptha d’Airteagal 10 den dréacht-Treoir, a dhéileálann le cumasc nó scoilteadh cuideachtaí, baint le táthcheangail. Má tá, ní léir go bhfuil Airteagal 10, mar a dréacht aíodh é, oiriúnach. I gcás táthcheangal ní gá cruinniú ginearálta den chuideachta fála a ghairm, ná ní gá réamheolaire iomlán a eisiúint. Thairis sin, i ndálaí na hÉireann níorbh inmhianaithe riachtanais ghinearálta den sórt sin a éileamh. Molann an Comhchoiste an ceanglas sin a athscrúdú.


C. URRÚIS A GHLACADH LENA LUA GO hOIFIGIÚIL AR STOCMHARGADH

9. Ábhar an Togra


Is é is aidhm don togra leasaithe [R/2638/76/] a cheangal ar Bhallstáit coinníollacha bunúsacha sonraithe a chur ag gabháil le glacadh urrús lena lua go hoifigiúil ar stocmhargsdh ina gcríocha féin. Go ginearálta níl sna coinníollacha sin ach íoscheanglais agus d’fhéadfadh coinníollacha níos déine a bheith ag teastáil ó Bhallstáit, más áil leo é. Baineann Sceidil A agus B a ghabhann leis an dréacht-Treoir le coinníollacha nach foláir a chomhlíonadh sula nglacfar le scaireanna agus urrúis fhéich (bintiúir) faoi seach, agus is mar a chéile beagnach na coinníollacha sin sa dá Sceideal. Baineann Sceidil C agus D le coinníollacha nach foláir d’eisitheoir na n-urrús a chomhlíonadh le linn a urrúis a lua. An oibleagáid atá leagtha síos i Sceidil C agus D faoi fhaisnéis leanúnach a sholáthar, níl inti ach bunú prionsabal a mbeidh plé níos mionchruinne le déanamh orthu ó thaobh an Chomhphobail amach anseo.


Beidh ar Bhallstáit sásra a bhunú chun achomharc a dhéanamh chun cúirte in aghaidh cinntí ag diúltú glacadh le hurrúis lena lua go hoifigiúil, nó ag díscor lua nó ag bunú lua d’éagmais iarratas (níl aon fheidhm ag an gceann deiridh sin sa tír seo).


Molann an dréacht-Treoir Coiste Teagmhála a bhunú faoi scáth an Choimisiúin chun comhchuibhiú a dhéanamh ar riaradh na Treorach. Féachann sí freisin le nós imeachta a bhunú chun comhar a chothú idir na húdaráis náisiúnta inniúla.


Má ghlactar leis an méid sin, bainfidh an Treoir de ghnáth le hurrúis, arna n-eisiúint go príobháideach nó go poiblí, ar bhonn náisiúnta nó coigríche, a ghlacadh lena lua i mBallstát. Ní bhainfidh sí, áfach, le hiontaobhais aonad ná le hurrúis rialtais a eisíodh ar a stocmhargadh náisiúnta. Ní léir go baileach conas atá an scéal maidir le húdaráis áitiúla.


10. Éifeacht ar Éirinn


Tugadh le fios don Chomhchoiste go bhfuil, i gcoitinne, forálacha na dréacht-Treorach ag cur le cleachtas reatha an Stocmhargaidh sa tír seo. Chuir an Stocmhargadh in iúl don Chomhchoiste, lasmuigh de chupla mion-agús, go bhfuil sé lánsásta leis an togra.


11. Dearcadh an Chomhchoiste


Go ginearálta níl aon ní ag an gComhchoiste i gcoinne na Treorach atá beartaithe agus níl faoi ach trácht ar chupla gné ar leith. Tugadh chun suntais, i gcomparáid leis an ngnáth-Threoir faoi Chomhchuibhiú ina leagtar síos íoschaighdeáin atá le glacadh ag Ballstáit, go leagtar síos sa togra atá faoi bhreithniú anseo roinnt ceanglas sanordaitheach atá le comhlíonadh ag Ballstáit. Moltar i Sceideal A a ghabhann leis an dréacht-Treoir nach mór milliún aonad cuntas ar a laghad a bheith, amach anseo, sa chaipitlíocht mhargaidh i gcás scaireanna ar iarradh glacadh leo, nó, mura féidir é sin a shuíomh, nach mór milliún aonad cuntais a bheith i nglansócmhainní na cuideachta; tá foráil ann go bhféadfaidh Ballstáit maolú ar an gceanglas sin má bhíonn leormhargadh ann do na scaireanna. Luíonn sé sin leis an gcleachtas in Éirinn faoi láthair. Tugadh le fios don Chomhchoiste nár chóir leas a bhaint as an bhforáil mhaolaitheach sin ach amháin i ndálaí eisceachtúla. Cé nach bhfuarthas mórán iarratas le haghaidh liostála ó chuideachtaí Éireannacha le blianta beaga anuas, meastar an figiúr milliún aonad cuntas a bheith ró-ard i ndálaí na hÉireann. Is é ACE an t-aonad cuntais a úsáidfear agus tá sin bunaithe ar shamhail ciseán airgeadra ina n-athraíonn an ráta comhshó de réir athruithe sna cothromaí airgeadra lena mbaineann. £1 — 1.5 U.A. an ráta comhshó faoi láthair agus timpeall £667,000 is gá don chaipitlíocht mhargaidh. Dar leis an gComhchoiste gur chóir cur in aghaidh an righnis atá á thabhairt isteach leis an gcoinníoll go mbunófaí figiúr íosta do chaipitlíocht mhargaidh agus molann sé modh oibre níos scaoilte a bhunú.


Rud nua ar fad don tír seo an fhoráil faoina mbeartaítear achomharc a dhéanamh chun cúirte. Níl an Comhchoiste ag diúltú dó ach, ó tharla amhras a bheith air go ndéanfadh cás cúirte aon ní chun neartú leis an margadh urrús, ní shamhlaítear dó go mbainfí mórán úsáide as chun cur in aghaidh cinneadh ag diúltú d’iarratas urrúis a ghlacadh lena lua.


D. CÁNACHA INDÍREACHA AR IDIRBHEARTA URRÚS

12. Ábhar an togra


I gcás Ballstáit a fhorchuireann cáin ar idirbhearta urrús is é is aidhm don tríú togra [R/923/76] a fhorordú go bhféadfar cáin a fhorchur nuair a dhiúscrófar nó a gheofar urrúis ar chomaoin luachmhar de réir rátaí nach mó ná 0.15% i gcás bannaí agus 0.3% i gcás urrús eile. Mar mhaolú air sin cheadófaí d’Éirinn agus don Ríocht Aontaithe leanúint d’áireamh diúscairt agus fáil urrús cláraithe mar idirbheart amháin ach tharraingeodh idirbheart den sórt sin dúbailt an ráta iomchuí a luaitear thuas mar íosráta cánach. I dteannta roinnt gnáth-dhíolúintí féadfar leanúint ar aghaidh le díolúintí náisiúnta ó na cánacha sin atá i bhfeidhm faoi láthair ach bheadh toiliú An Choimisiúin riachtanach i gcás díolúintí nua. Toirmeascfar cóir idirdhealaitheach atá bunaithe ar áit chónaithe eisitheoir na n-urrús nó ar áit chónaithe na ndaoine sin atá páirteach san idirbheart.


13. Éifeacht ar Éirinn


Má ghlactar leis an Treoir beidh athrú le déanamh ar an dleacht stampa is iníoctha in Éirinn ar idirbhearta urrús. 1% an ráta faoi láthair i gcás urrús a cláraíodh in Éirinn agus 2% i gcás urrús nach in Éirinn a cláraíodh iad. 0.3% do bhannaí agus 0.6% d’urrúis eile a bheadh sna rátaí nua. Bheadh cailliúint éigin ioncaim i gceist ach cuireadh in iúl don Chomhchoiste nach mbeadh sé mór. Níl aon ní ag an gComhchoiste in aghaidh an togra.


E. FOCAL SCOIR

14. Buíochas


Is mian leis an gComhchoiste a bhuíochas a chur in iúl do na comhlachtaí seo a leanas as an gcúnamh as coimse a thug siad dó nuair a bhí na tograí seo á scrúdú aige:—


Coiste Comhairleach Comhlachtaí Cuntasaíochta na hÉireann.


An Stocmhargadh.


Dlí-Chumann Corpraithe na hÉireann.


Banc Infheistíochta na hÉireann Teo.


Banc-Aontas Infheistíochta Éireann Teo.


An Chuideachta Chairde Thionscail Teo.


Conaidhm Thionscail na hÉireann.


(Sínithe) CATHAL Ó hEOCHAIDH


Cathaoirleach an Chomhchoiste.


9 Nollaig 1976.