Committee Reports::Report No. 45 - Milk Sector::09 December, 1976::Report

TUARASCÁIL

1. Mar atá i Margadh an Bhainne.

Le tamall anuas tá míchothrom mór i margadh bainne an Chomhphobail amhail idir soláthar agus éileamh agus tá sé sin ag tarlú go minic. Tá méadú 1.7 faoin gcéad sa bhliain tagtha ar tháirgeadh bainne an Chomhphobail san fhad-téarma (1960-75) de bharr méadú comhleanúnach do theacht ar thorthaí bainne. Ar an leith eile tá laghdú tar éis teacht le déanaí ar chaitheamh táirgí bainne ag daoine, lasmuigh de cháis, tar éis an caitheamh sin a bheith seasmhach ar feadh roinnt blianta. Rud tábhachtach eile a rinne difear don chaitheamh sin is ea an t-athrú le blianta beaga anuas ó bhainne bearrtha leachtach go dtí bainne bearrtha púdaraithe monaraithe a raibh sé deacair margadh a fháil dóibh sa Chomhphobal nó ar na margaí idirnáisiúnta.


Tá an míchothrom struchtúrtha seo le fáil freisin sna tíortha lasmuigh de CEE a bhfuil tábhacht leo ó thaobh táirgeadh bainne agus tá sé tar éis mí-leas mór i gcúrsaí airgid a dhéanamh don Chomhphobal. Idir 1968 agus 1975 b’éigean 10 faoin gcéad de tháirgeadh ime CEE agus 75 faoin gcéad dá tháirgeadh bainne leachtach agus bainne bearrtha púdaraithe a chur ar an margadh ar phraghsanna laghdaithe. I 1975 chuaigh 24 faoin gcéad den chaiteachas ó Roinn Ráthaíochta CETRT dhon earnáil sin. Mhéadaigh na stoic púdair bhainne bhearrtha in idirghabháil ó 763,000 go dtí 1,352,000 tona idir Meitheamh, 1975 agus Meitheamh, 1976. Le linn na tréimhse céanna mhéadaigh stoic ime an Chomhphobail ó 232,000 go dtí 353,000 tona.


2. Tograí an Choimisiúin

Ar an 14 Iúil 1976 chuir an Coimisiún clár oibre faoi bhráid na Comhairle arb í a chuspóir cothrom a bhaint amach sa margadh bainne sa tréimhse 1977-80. Tá roinnt tograí nithiúla os comhair na Comhairle faoi láthair le haghaidh Rialacháin agus Cinneadh a bhfuil sé ceaptha dóibh an cothrom sin a bhaint amach. Tá an Comhchoiste sin tar éis na tograí sin a scrúdú agus baineann siad leis na nithe seo a leanas:—


(i)Préimheanna a íoc le feirmeoirí déiríochta a ghabhann orthu féin éirí as bainne a chur ar an margadh nó athrú go táirgeadh mairteola [R/1742/76].


(ii)Gach cúnamh infheistíochta náisiúnta agus Comhphobail a chur ar fionraí in earnáil an bhainne ach amháin infheistíochtaí chun tuilleadh conair díolacháin do bhainne a lorg. Ní bhainfidh sin, áfach, le Scéim na Limistéar faoi Mhíbuntáiste agus d’fhéadfadh go leanfaí le cúnaimh infheistíochta áirithe faoin Scéim Nuachóiriúcháin Feirmeacha i gcás feirmeacha ina soláthraítear a ndíol féin d’fharae [R/2388/76].


(iii)Tobhach comhfhreagrachta, de réir ráta a bheidh le socrú go bliantúil, ar an mbainne go léir a sholáthrófar do dhéirithe agus ar tháirgí déiríochta a dhíolfar díreach ó fheirmeacha ach amháin iad sin sna limistéir faoi mhíbhuntáiste [R/2391/76].


(iv)Ranníocaíocht airgid ón gComhphobal faoi chomhair costas soláthair bainne do scoileanna ar phraghsanna laghdaithe [R/2389/76].


(v)Cáin ar olaí agus ar gheireanna glasraí agus muirí de réir ráta ar comhréir leis an tobach ar bhainne [R/2390/76].


(vi)Bearta do chur cosc le táirgí bainne áirithe a mhargú agus a úsáid i monarú táirgí eile ina bhíonn geireanna nó próitéiní iontu nach ó bhainne [R/1991/75].


(vii)Bearta lena mbainfidh airgead Comhphobail chun dlús a chur le cláracha oibre náisiúnta atá ar bun faoi láthair do ghlanadh na bruisealóise agus na heitinne agus do dhéanamh socrú comhchuibhiú nósanna imeachta a thabhairt i gcrích d’fhonn lúcóis inzóatach bhólachta a rialú agus a ghlanadh [R/2387/76].


3. Adhmháil

Le linn dó a bheith ag scrúdú an ábhair sin bhí deis ag an gComhchoiste staidéar a dhéanamh ar mheabhráin ó Fheirmeoirí Aontaithe na hÉireann agus ó Chumann Soláthróirí Bainne Uachtarlainne na hÉireann. Ina theannta sin bhí cruinnithe comhaltaí den Chomhchoiste ann le toscaireachtaí ón dá chomhlachas sin inar pléadh go hiomlán gach gné den cheist.


Ba mhaith leis an gComhchoiste a bhuíochas a ghabháil leis an dá chomhlachas agus a chur i bhfios gur mór aige an mórchúnamh a fuair sé uathu.


4. Barúlacha ginearálta an Chomhchoiste

Is dóigh leis an gComhchoiste nach féidir a shéanadh gur gá beart a dhéanamh chun an míchothrom atá faoi láthair ar mhargadh bainne an Chomhphobail a cheartú. Ina theannta sin glacann sé leis nach féidir an fhadhb a réiteach le bearta a chabhródh le caitheamh a mhéadú agus le bearta den sórt sin amháin ach nár mhór freisin srianadh éigin a chur le soláthar. Ní cheapann an Comhchoiste, áfach, gur féidir an fhadhb a réiteach go cothrom trí fhorálacha ginearálta a chur i bhfeidhm go comhchoitian ar fud an Chomhphobail ná ní mheasann sé gur réiteach sách maith é pacáiste an Choimisiúin ar bhunchúiseanna na rótháirgeachta.


Is é barúil an Chomhchoiste gurb é is cúis leis an rótháirgeacht go raibh d’éifeacht leis an mbeartas praghsanna talamh bocht nó talamh imeallach a chur sa chumas go bhféadfaí bainne a tháirgeadh air toisc go raibh fóirdheontais mhóra le haghaidh leasachán le fáil i dtíortha áirithe agus tugann sé faoi deara nach mbaineann tograí an Choimisiúin go bhfionrófaí cúnaimh náisiúnta leis na fóirdheontais sin. Ar a mhalairt de chor atá sé in Éirinn áit a bhfuil talamh féir atá rí-oiriúnach do tháirgeacht déiríochta gan forbairt go lán a chumais ná in aon ghaor dó. Ar é a thógáil le chéile dhéanfadh pacáiste an Choimisiúin dochar mór do thionscal na déiríochta sa tír seo ar mhaithe le ceist a réiteach nach raibh ach an bhaint is lú againne lena bheith ann ar aon chor. Go mór mór de bharr iarrachtaí an Bhoird Bainne, níl aon im díolta ag Éirinn isteach san idirghabháil ó cheangail sí leis an gComhphobal. Thairis sin is beag é cion na hÉireann den chruach púdair bhainne bhearrtha. Ba é cion na hÉireann den 1.3 milliún tona a bhí ar láimh i ndeireadh Meithimh, 1971, 110,000 tona agus tá sé sin laghdaithe go 50,000 tona ó shin.


Dá bhrí sin, cé go bhfuil tograí úsáideacha i bpacáiste an Choimisiúin ní dóigh leis an gComhchoiste, ar é a mheá ina iomláine, to dtugann sé leoraitheantas do chor na hÉireann agus ba cheart barúlacha an Chomhchoiste ar ghnéithe áirithe den phacáiste a mheas de réir na tuairime ginearálta sin.


5. Neamh-mhargú agus Préimheanna Imathrúcháin

Áirítear ar scéim an Choimisiúin préimheanna neamh-mhargaithe a íoc le feirmeoirí déiríochta a ghabhann orthu féin éirí as margú bainne agus préimheanna imathrúcháin do fheirmeoirí a athróidh go dtí táirgeadh mart nó caorach. Bheadh an scéim oibleagáideach ar na Ballstáit go léir agus maoineofaí í suas go 50 faoin gcéad ó chistí náisiúnta. Tá mioneolas na bhforálacha leagtha amach san Fhoscríbhinn a ghabhann leis an tuarascáil seo.


Sa mhéid gur cuid den scéim ba a mharú níl glacadh ar bith léi ó thaobh na hÉireann. Sa chéim ina bhfuilimid san fhorbairt talmhaíochta is tuilleadh ba atá ag teastáil uainn, in ionad a líon a laghdú, má táthar le leor-úsáid a bhaint as ár n-acmhainn aiceanta. Bheadh an phréimh neamhmhargaithe go háirithe fíor-mhíoiriúnach i ndálaí na hÉireann. Má chaitear é a thabhairt isteach ba cheart an coinníoll a bhaint as i dtaobh gan ba déiríochta a dhíol ach amháin chun a maraithe. Ba cheart go mbeadh sé ceadaithe ba a dhíol le daoine a fhaigheann préimheanna athrúcháin le haghaidh crosphóraithe ar mhaithe le táirgeadh mart.


D’éagmais na sriantachta céanna ar dhíol ba déiríochta ní bheadh an oiread sin i gcoinne scéim na bpréimheanna athrúcháin cé go bhfuil fós roinnt cuntar ina aghaidh, i gcás sonraí áirithe, ag an dá eagraíocht feirmeoireachta.


Is dóigh leis an gComhchoiste go bhféadfadh dea-thoradh scéim na bpréimheanna athrúcháin a bheith ag brath ar chobhsaíocht an mhargaidh mairteola a chaomhnú. Chuir sé roinnt imní air dá bhrí sin a fháil amach go raibh tuairiscí ann le déanaí á rá go bhfuil bogadh le déanamh ar na srianta a bhaineann le hallmhairiú mairteola ó thíortha nach ballstáit. Creideann an Comhchoiste nár cheart aon bhogadh ginearálta a dhéanamh má tá allmhairí den sórt sin le lamháil in aon chor. Níor cheart allmhairí mar sin a cheadú ach amhain faoi cheadúnas agus níor cheart ceadúnais a dheonú ach amháin faoi chomhair easnaimh i limistéir shonraithe de mhargadh an Chomhphobail.


6. Tobhach Comhfhreagrachta

Is é an tobhach atá beartaithe suim idir 2 agus 4 faoin gcéad den spriocphraghas, agus 2.5 faoin gcéad a bheith ina ráta do 1977/78.


Is rí-dheacair don Chomhchoiste glacadh leis go mbunódh an tobhach beartaithe, mar a deir an Coimisiún, “ceangal níos dírí idir táirgeadh agus díol bainne”. Dáiríre is é is eagal gurb é glantoradh a bheidh air ardú praghais don tomhaltóir. Tá sé curtha in iúl don Chomhchoiste go bhfuil gach uile chomhartha ann faoi láthair go ndéanann athruithe praghais difear ar an bpointe don tomhaltas sa Bhreatain Mhór. Ós rud é go bhfuil ionad fabhair ag im agus cáis na Nua-Shéalainne ar mhargadh na Breataine, dá dtagadh aon lagadh i gcomórtas leosan ar inmhe iomaíochta táirgí déiríochta na hÉireann ní bheadh de chríoch air ach go mbeadh cion na hÉireann den mhargadh sin ag laghdú leis.


Cé go mb’fhearr leis an gComhchoiste dá bhrí sin go ligfí an tobhach ar lár, ba mhaith leis tathant, más éigean glacadh leis, gur chóir é a shocrú laistigh den raon 0 go 4 faoin gcéad den sprioc phraghas. Tugann sé dá aire gurb é atá ar intinn torthaí an tobhaigh a chaitheamh ar bhealaí méadaithe díolacháin agus ar thaighde. Ba chóir é sin a dhéanamh trí chiste speisialta a bhunú chun na críche sin amháin agus é a bheith lasmuigh den chóras idirghabhála.


7. Cúnaimh a Fhionraí.

Tá an Comhchoiste go mór in aghaidh an togra go bhfionrófaí cúnaimh náisiúnta agus Chomhphobail. Ag féachaint do chor tearcfhorbartha na talmhaíochta agus a dheacracht atá sé deiseanna fostaíochta sa tír seo a mhéadú, tá sé dearbh-riachtanach cloí le hinfheistíocht mar chuspóir fadtéarmach a mbeadh de chríoch leis an leas is mó is féidir a bhaint as ár n-acmhainní. Sna dálaí seo againne níl glacadh ar bith le haon laghdú ar infheistiú sa talmhaíocht fiú feadh gearrthéarma.


Tá sé curtha in iúl don Chomhchoiste gur bainne atá mar bhonn le tuairim ceithre chúigiú de na pleananna forbartha lenar glacadh faoin Scéim Nuachóiriúcháin Feirmeacha agus dá dhroim sin dá gcuirfí cúnamh ar fionraí go bhféadfadh sé dul i gcionn go tubaisteach ar scéim nach bhfuil tar éis éirí léi go rí-mhaith mar atá. Ina theannta sin, céim ar gcúl a bheadh ann deontais UFT do ghléasracha próiseála a fhionraí nuair a fheictear gurb é atá ag teastáil próiseanna nua a fhéadfadh eisbhealaí do bhainne a mhéadú.


8. Bearta do mhéadú Tomhaltais

Mar bhearta a bhfuil sé de chuspóir díreach leo tomhaltas a mhéadú tá sé á bheartú ag an gCoimisiún cáin a chur ar olaí agus ar gheireanna glasraí agus muirí, toirmease a chur le geireanna agus prótéiní nach ó bhainne iad a úsáid i dtáirgí bainne agus ar bhainne a dtugtar fóirdheontas ina leith a sholáthar do scoileanna. Ón eolas atá ar fáil aige measann an Comhchoiste gur neamhdhóigh ar fad go nglacfar leis an gcáin ar olaí agus geireanna glasraí agus muirí. Níl aon rud ag an gComhchoiste in aghaidh an dá thogra eile.


9. Bruisealóis, Eitinn agus Lúcóis i mBólacht a ghlanadh

Má ghlactar leis an togra seo, d’fhéadfadh Éire cáiliú le haghaidh cúnamh a fháil ó Roinn Treoireachta CETRT má chuireann sí isteach plean a mbeidh glacadh ag an gCoimisiún leis chun luathú le bruisealóis agus eitinn i mbólacht a ghlanadh. Tá Éire geall le bheith glan ó lúcóis. D’oibreodh an cúnamh amach de réir tuairim £39 an bhó agus £19 an bhuar-ainmhí, seachas ba, a mharófaí faoin bplean. D’oibreodh an cúnamh amach de réir 15%-20% de chostas gach frithghníomhaí in Éirinn.


Tá sé curtha in iúl don Chomhchoiste go mbeadh sé deacair an luathú a thaibhiú sa chor ina bhfuil srian á choinneáil le hairgead faoi láthair agus, ina theannta sin, dá mba é toradh a bheadh leis an luathú an-chuid ainmhithe a mharú go ndéanfadh sin dochar d’ár gcuid táirgeacht earraí mairteola agus déiríochta agus go gcaithfeadh feirmeoirí praghsanna anmhóra a íoc ar stoc le cur ar ais. Mar sin féin, fáiltíonn an Comhchoiste roimh an togra seo agus measann sé gur chóir tacú leis.


10. Suimeanna Cúiteacha Airgid

Caithfidh gur léir anois do gach duine go bhfuil an Comhbheartas Talmhaíochta á chur i mbaol go mór mar gheall ar chóras na suimeanna cúiteacha airgid, a ceapadh d’fhonn an éifeacht a bheadh ag iomathruithe airgeadais ar na socruithe comhphraghais a chur ar neamhfheidhm. Chítear don Chomhchoiste, nuair atá aon rud chomh bunúsach le laghdú ar tháirgeadh bainne i dtrácht, gur cheart d’Éirinn deimhniú cinnte éigin a lorg go bhféachfar le rátaí ionadaitheacha athrúcháin a ghlacadh chun críocha an Chomhbheartais Thalmhaíochta, agus na rátaí sin a bheith réadúil, sula nglacfaidh sí le bearta nach ndéanfaidh tada ar son leas talmhaíochta na hÉireann a chur chun cinn agus a d’fhéadfadh go ríéasca dochar a dhéanamh dó.


(Sínithe) CATHAL Ó hEOCHAIDH,


Cathaoirleach an Chomhchoiste


9 Nollaig 1976.