Committee Reports::Report No. 44 - Agricultural Reform::09 December, 1976::Report

TUARASCÁIL

1. Tograí an Choimisiúin

Tá clár an Chomhphobail chun struchtúir thalmhaíochta a athchóiriú sna Treoracha seo a leanas:—


72/159 an 17 Aibreán 1972 agus 73/131 an 15 Bealtaine 1973:


An Scéim Nuachóiriúcháin Feirmeacha.


72/160 an 17 Aibreán 1972: Scéim Scoir d’Fheirmeoirí.


72/161 an 17 Aibreán 1972: Comhairleoirí sóisialach-eacnamaíochta a oiliúint agus gairmoiliúint d’fheirmeoirí.


75/268 an 28 Aibreán 1975: Feirmeoireacht shléibhe agus chnoic agus feirmeoireacht i limistéir mhídheisiúla.


Mí Bealtaine seo caite chuir an Coimisiún isteach togra do Threoir Leasaitheach (R/1234/76) do mhéadú na suimeanna dá ndéantar socrú sna Treoracha thuasluaite ionas go gcuirfí san áireamh an mheán-titim in acmhainn cheannaigh airgid ó socraíodh na suimeanna bunaidh. Is iad seo a leanas na méaduithe a bheartaítear:—


(i)An Scéim Nuachóiriúcháin Feirmeacha.


Tá méadú 33⅓ faoin gcéad beartaithe le haghaidh na nithe seo a leanas


(a)An leibhéal uasta infheistíochta a tharraingeodh cúnamh airgeadais (cibé acu deontas caipitiúil nó fóirdheontas úis), is é sin, 40,000 a.c. (= tuairim £25,500 tar éis an athrú Glasphuint le déanaí) an t-aonad oibre fir faoi láthair.


(b)Na teorainneacha uasta agus íosta atá forordaithe le haghaidh infheistíochta i ngnóthas muc, is é sin, i láthair na huaire, 40,000 a.c. (= tuairim £25,000) agus 10,000 a.c. (=tuairim £6,400) faoi seach.


(c)An méid a chaithfidh Ballstáit íoc thar tréimhse 4 bliana le feirmeoirí a choimeádann cuntais feirme sa tslí fhorordaithe, is é sin, 450 a.c. i láthair na huaire.


(d)Na suimeanna uasta agus íosta is iníoctha le grúpaí feirmeoirí.


(e)Na leibhéil uasta aisíocaíochta ó CETRT le haghaidh oibreacha uisciúcháin, etc.


Méadófaí iad seo a leanas 25 faoin gcéad:—


(f)Na suimeanna an heachtár agus na suimeanna uasta an fheirm a íocann Ballstáit ar mhodh préimheanna speisialta le feirmeoirí forbraíochta ar dá bpleananna feirme tiontódh go táirgeacht mart/caorach.


(ii)Scéim Scoir agus Oiliúint Ghairmoideachais d’Fheirmeoirí.


Is iad na suimeanna airgid atá i gceist faoin dá Threoir iomchuí iad sin a tharraingeodh aisíocaíocht CETRT. Is é éifeacht a bheadh le togra an Choimisiúin dá bhrí sin go mbeadh an aisíocaíocht bunaithe ar fhigiúirí nua móide an tríú cuid.


(iii)Scéim na Limistéar faoi Mhíbhuntáiste.


Na préimheanna ceann beostoic is iníoctha faoi Threoir 75/268 féadfaidh na Ballstáit iad a shocrú laistigh den raon 15 a.c. an t-aonad beostoic mar íosphointe agus 50 a.c. mar uasphointe agus tá teorainn 50 a.c. an heachtár leis an iomlán is iníoctha ar aon fheirm áirithe. Tionscadail cuartaíochta nó ceirde a ghabhfaidh feirmeoirí forbraíochta de láimh ar a gcuid feirmeacha féadfaidh siad faoin Treoir cáiliú le haghaidh cúnaimh airgid suas go dtí léibhéal infheistíochta 10,000 a.c.


Faoi Airteagal 15 den Treoir, tá aisíocaíocht CETRT ar fáil le haghaidh comhtháirgeadh farae agus comhar-scéimeanna eile a chuirfear i gcrích faoin Treoir.


Méadófaí na suimeanna go léir atá luaite 15 faoin gcéad faoi thogra an Choimisiúin.


2. Inchialla d’Éirinn

Measann an Roinn Talamhaíochta agus Iascaigh, sa mhéid go mbaineann sé leis an uasleibhéal infheistíochta faoin Scéim Nuachóiriúcháin Feirmeacha, gur bheag a mbeadh de thábhacht leis an ardú, dá mbeadh tábhacht leis chor ar bith, mar go bhfuil an teorainn 40,000 a.c. an t-aonad oibre fir atá ceadaithe faoi láthair, go bhfuil sé flathúil agus gur annamh a théitear thairis. Mar sin féin, tá Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann tar éis méadú mór a lorg le freagairt don bhoilscniú ó 1972.


Measann an Roinn go mbeadh breis tábhachta leis na méaduithe atá beartaithe i dteorainneacha infheistíochta le haghaidh táirgeadh muc. Dhéanfadh méadú ar an íosphointe 10,000 a.c. níos deacra do tháirgeoirí beaga cáiliú le haghaidh cúnaimh. Lamhálfadh méadú ar an uasphointe do Bhallstáit cúnamh airgid a thabhairt do na haonaid mhóra táirgeachta muc. Creideann Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann gur cheart go gcuideodh ardú ar an uasteorainn le comhar-aonaid chearta táirgeachta muc a chur ar aghaidh.


Chuirfeadh leasuithe eile atá beartaithe i dTreoir 159/72 d’oibleagáid ar Bhallstáit na deontais do chuntasaíocht feirme agus do ghrúpaí feirme a ardú. Is í an éifeacht ghinearálta a bheadh leis na méaduithe a bheartaítear i ndáil leis an Treoir sin cur leis na costais a bheadh le hiompar ag an státchiste toisc go bhfuil teorainn le haisíocaíocht ó CETRT.


Maidir le Treoir 73/131 (Préimheanna Treoireachta Mart/Caorach), aon fheirmeoirí a raibh pleananna tarraingthe suas acu tar éis aon mheadú do theacht i bhfeidhm bheadh siad cáilithe le haghaidh na n-íocaíochtaí méadaithe ach an oiread tiontódh agus ba ghá a bheith ina gcuid pleananna i leith táirgeacht mart agus caorach. Ar an státchiste a thitfeadh an chuid ba mhó den chostas breise.


Ba bhuntáiste d’Éirinn na hathruithe a bheartaítear faoi Threoracha Scoir agus Oilúint Ghairmoideachais d’Fheirmeoirí. Mar shampla, is mó an méid a bhíonn sna blianachtaí scoir feirmeora a íoctar anseo ná sna suimeanna atá leagtha síos le haghaidh aisíocaíocht EAGGF i dTreoir 72/160. Mar sin, má mhéadaítear na suimeanna EAGGF, gheobhaidh Éire na suimeanna níos airde mar aisíoc fad a bheidh na blianachtaí seo againne níos airde.


I gcás Scéim na Limistéar faoi Mhíbhuntáiste, ní bheadh aon éifeacht dáiríre ag na hathruithe a bheartaítear ar an scéim mar a oibríonn sí in Éirinn. Tá na rátaí íocaíochta cinn beostoic atá i bhfeidhm anseo go maith faoin uasphointe agus dá n-ardófaí an t-uasphointe ní dhéanfadh sé difear don chás. Ní mheasann an Roinn go bhfuil mórán tábhacht leis na hathruithe eile.


3. Breithniú ag an gComhairle

Tá sé curtha i bhfios don Chomhchoiste gur mheas tromlach de Chomhairle na nAirí le linn don ábhar seo a bheith á bhreithniú ag an gComhairle sin gurbh fhearr a fhéadfaí an togra go hiomlán a scrúdú mar chuid dílis de athbhreithniú ghinearálta na dTreoracha struchtúrtha nach foláir a ghabháil de láimh ag an gcéim seo. Mar sin féin, theastaigh ó chuid de na Ballstáit go ndéanfaí go háirithe an barrmhéid cáiliúcháin le haghaidh táirgeacht muc agus na suimeanna is iníochta i leith cuntas feirme a ardú láithreach agus sin ar leithligh ón gcuid eile den phacáiste. D’aontaigh an Chomhairle i bprionsabal leis sin a dhéanamh ag a cruinniú an 4/5 Deireadh Fómhair. Fágadh gan athrú an infheistíocht íosta (10,000 a.c.) i dtáirgeacht muc is gá chun cáiliú le haghaidh cúnaimh.


Tá sé curtha in iúl don Chomhchoiste gur neamhdhócha don chuid eile de na hathruithe beartaithe dul ar aghaidh níos faide den chor seo ach gur cosúla dóibh brath ar an gcaoi a rachaidh aththreithniú na dTreoir féin sna míosa le teacht.


4. Barúlacha Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann.

Fuair an Comhchoiste deis chun staidéar a dhéanamh ar bharúlacha Feirmeoirí Aonaithe na hÉireann ar oibriú na dTreoracha Struchtúr mar atá feidhm acu in Éirinn agus go háirithe ar oibriú na Scéime Nuachóiriúcháin Feirmeacha. Thug Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann de mheon cúntach roinnt meabhrán ar an ábhar don Chomhchoiste agus ina dhiadh sin rinne comhaltaí den Choiste agus toscaireacht ó na Feirmeoirí Aontaithe gach uile ghné den ábhar a phlé go hiomlán le chéile.


Tá an Comhchoiste fíor-bhuíoch d’Fheirmeoirí Aontaithe na hÉireann as ucht a gcabhrach. Chuir Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann faoi aire an Chomhchoiste go raibh 36,000 feirmeoirí aicmithe faoin Scéim Nuachóiriúcháin Feirmeacha agus go raibh tuairim 80 faoin gcéad acu sin ar áireamh mar aicme eatramhach. Nuair a chuirtear san áireamh go bhfuil go leor feirmeoirí nár iarr deontais nuachóiriúcháin in aon chor is díomách mar thoradh é. Caithfidh, ní foláir, go bhféadfadh talmhaíocht na hÉireann i bhfad níos mó a chothú ar an talamh ar chaighdéan réasúnach maireachtála ná mar a cheapfaí ó oibriú na Treorach.


Dá bhrí sin, tá sé molta ag Feirmeoirí Aontaithe an hÉireann go leathnófaí an scéim Chomphobail chun go n-áireofaí ann scéim réamh-fhorbartha d’fheirmeoirí eatramhacha a bheadh ceaptha chun forbairt feirmeacha a chur chun cinn agus a thabhairt le fios d’fheirmeoirí, atá aicmithe faoi láthair mar fheirmeoirí eatramhacha, go mbeidh bonn agus seasamh ag a ngairm san am le teacht.


Tá Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann freisin tar éis aird an Comhchoiste a tharraingt ar roinnt moltaí chun an Scéim Nuachóiriúcháin Feirmeacha, mar atá sé, a fheabhsú. Baineann siad sin le ranníocaíocht CETRT, ioncam comparáideach a mheasúnú, leibhéil cúnaimh infheistíochta agus riaradh na scéime a fheabhsú, lena n-áirítear scéim mionoibreacha a thabhairt isteach agus pleananna feirme a shimpliú.


Chuala an Comhchoiste freisin barúlacha Fheirmeoirí Aontaithe na hÉireann i dtaobh conas a fhéadfaí an Scéim Scoir d’Fheirmeoirí a dhéanamh níos tarraingtí. Go háirithe, tá siad ag tathant go leathnófaí sochair na scéime chun go mbeadh a dtairbhe ag feirmeoirí a aistríonn a ngabháltais chuig clann mhac a bheidh tar éis plean forbartha a thairiscint nó a bheadh páirteach i scéim réamhfhorbartha atá molta acu. Ba mhaith leo freisin deartháracha nó deirfiúracha scothaosta atá gan pósadh a bheith i dteideal sochar i gcás beirt acu le chéile a bheith i gceannas feirme.


5. Barúlacha an Chomhchoiste

I gcoitinne measann an Comhchoiste gur ábhar díomá sa mhéid a bhaineann le hÉirinn na scéimeanna éagsúla a thionscain na Treoracha struchtúr agus gur gá feabhsuithe móra a dhéanamh ar na scéimeanna sin má táthar leis na cuspóirí atá á lorg a bhaint amach. Ag an gcor seo, nuair is gearr go ndéanfar athbhreithniú ar na Treoracha, ba mhaith an rud go mbeadh barúlacha an dá Theach orthu ar taifead. Molann an Comhchoiste dá bhrí sin go gcuirfeadh an Rialtas am ar fáil i ngach Teach le haghaidh díospóireachta ina bhféadfaí gach uile ghné de na Treoracha, lena n-áirítear na moltaí ó Fheirmeoirí Aontaithe na hÉireann, a phlé go hiomlán. Ba chóir na díospóireachtaí sin a chur ar siúl go luath agus cinnte ba chóir go mbeadh siad ann sula ndéanfaidh Comhairle na nAirí aon chinntí a bhainfidh leis an gcás.


(Sínithe) CATHAL Ó hEOCHAIDH


Cathaoirleach an Chomhchoiste.


9 Nollaig, 1976.