Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1973 - 1974::22 January, 1976::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

Proceedings of the Committee

Déardaoin, 22 Eanáir, 1976.

Thursday, 22nd January, 1976.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta de Valera (i gCeannas), na Teachtaí S. Mac Fheorais, A. Mac Giobúin, Ó Gríofa, Mac Searraigh, Ó Mórdha, C. Ó Murchú, Ó Tuathail agus Ó Tonnaigh.


3. Rinne an Coiste breithniú.


4. Breithniú na gCuntas Leithreasa 1973-74.


Athchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1973-74. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:— Tabhartais agus Tiomnachtaí Carthanúla, Oifig an Aire Oideachais, Bunoideachas, Meánoideachas, Gairmoideachas, Scoileanna Ceartúcháin agus Saothair, Ardoideachas.


5. Finnéithe a Ceistíodh.


Ceistíodh S. Ó Máirtín (Rúnaí, Coimisinéirí na dTabhartas agus na dTiomnachtaí Carthanúla), D. Ó Laoghaire (Rúnaí, An Roinn Oideachais) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


6. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 1.05 p.m. go dtí 11 a.m. Déardaoin seo chugainn.