Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1973 - 1974::19 February, 1976::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

Proceedings of the Committee

Déardaoin, 19 Feabhra, 1976.

Thursday, 19th February, 1976.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta de Valera (i gCeannas), na Teachtaí Ó Goibheannaigh, Ó Gríofa, Ó Mórdha, C. Ó Murchú, Mac Páidín agus Ó Tuathail.


3. Breithniú na gCuntas Leithreasa 1973-74.


Athchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1973-74. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:— Luacháil agus Suirbhéireacht an Ordanáis, Rátaí ar Mhaoin Rialtais, Saothar, Iompar agus Cumhacht.


4. Finnéithe a Ceistíodh.


Ceistíodh D. Ó Riain (Coimisinéir Luachála), T. Ó Cearbhaill (Rúnaí, An Roinn Saothair), D. Ó Ríordáin (Rúnaí, An Roinn Iompair agus Cumhachta) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


5. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 12.15 p.m. go dtí 11 a.m. Déardaoin seo chugainn.