Committee Reports::Report - Statement made by Deputy Crowley in the Dáil on 3rd March 1976 in relation to the Minister for Posts and Telegraphs::13 May, 1976::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE

Déardaoin, 13 Bealtaine, 1976.

Thursday, 13th May, 1976.

1. Tionóladh an Dóú Cruinniú is Fiche den Choiste ar 11.30 a.m. i Seomra 114.


2. Bhí na Comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Ceann Comhairle (Cathaoirleach), Rúnaí Parlaiminte an Taoisigh, na Teachtaí Mac Aindriú, Mac Artúir, Ó Crualaoich, Barra Deasún, Anraí Dockrell, Easmann, Eoghan Mac Gearailt, Ó hAirt, Ó Leathlobhair, Stráinse, Fearghás Ó Briain, Seán Ó Laoghaire, Ó Máille, Seán Ó Riain, Ó Tiomáin agus de Uidheas.


3. Gearán ón Aire Poist agus Telegrafa, An Teachta Conchúr Crús Ó Briain, maidir le Ráiteas a rinne Comhalta sa Dáil an 3 Márta, 1976.


D’athchrom an Coiste arís ar bhreithniú an ghearáin a rinne an tAire Poist agus Telegrafa, an Teachta Conchúr Crús Ó Briain, maidir le ráiteas a rinne an Teachta Ó Crualaoich sa Dáil an 3 Márta, 1976.


Rinne an Coiste breithniú.


Rinneadh tairiscint (Rúnaí Parlaiminte an Taoisigh):


“That this Committee find that Deputy Flor Crowley was in breach of the privilege of Dáil Éireann by reason of his personal allegations made against the Minister for Posts and Telegraphs, Deputy Conor Cruise-O’Brien, in the Dáil on 3rd March, 1976.”


Tairgeadh leasú (An Teachta Ó Máille):


“To delete all words after ‘Committee’ and substitute ‘notes the complaint’.”


Cuireadh an Cheist: rinne an Coiste vótáil: Tá, 8; Níl, 9.


Tá:—Na Teachtaí Mac Aindriú, Mac Artúir, Ó Crualaoich, Eoghan Mac Gearailt, Ó Leathlobhair, Seán Ó Laoghaire, Ó Máille agus de Uidheas.


Níl:—Rúnaí Parlaiminte an Taoisigh, na Teachtaí Barra Deasún, Anraí Dockrell, Easmann, Ó hAirt, Stráinse, Fearghás Ó Briain, Seán Ó Riain agus Ó Tiomáin.


Faisnéiseadh dá réir sin go rabhthas tar éis diúltú don Cheist.


Tairgeadh leasú eile (An Teachta Ó Máille):


“To delete all words after ‘Committee’ and substitute ‘finds that this is a matter which need not have been referred to it’.”


Cuireadh an Cheist: rinne an Coiste vótáil: Tá, 8; Níl, 9.


Tá:—Na Teachtaí Mac Aindriú, Mac Artúir, Ó Crualaoich, Eoghan Mac Gearailt, Ó Leathlobhair, Seán Ó Laoghaire, Ó Máille agus de Uidheas.


Níl:—Rúnaí Parlaiminte an Taoisigh, na Teachtaí Barra Deasún, Anraí Dockrell, Easmann, Ó hAirt, Stráinse, Fearghás Ó Briain, Seán Ó Riain agus Ó Tiomáin.


Faisnéiseadh dá réir sin go rabhthas tar éis diúltú don Cheist.


Tairgeadh leasú eile (An Teachta Ó Máille):


“To delete all words after ‘Committee’ and substitute ‘finds that the allegation made was in the nature of a political charge’.”


Cuireadh an Cheist: rinne an Coiste vótáil: Tá, 8; Níl, 9.


Tá:—Na Teachtaí Mac Aindriú, Mac Artúir, Ó Crualaoich, Eoghan Mac Gearailt, Ó Leathlobhair, Seán Ó Laoghaire, Ó Máille agus de Uidheas.


Níl:—Rúnaí Parlaiminte an Taoisigh, na Teachtaí Barra Deasún, Anraí Dockrell, Easmann, Ó hAirt, Stráinse, Fearghás Ó Briain, Seán Ó Riain agus Ó Tiomáin.


Faisnéiseadh dá réir sin go rabhthas tar éis diúltú don Cheist.


Tairgeadh leasú eile (An Teachta Ó Máille):


“To add to the motion:


‘This Committee was not convened to investigate the truth or otherwise of the allegations but to consider the question of Deputy Crowley’s non-withdrawal of same’.”


Cuireadh an Cheist: rinne an Coiste vótáil: Tá, 8; Níl, 9.


Tá:—Na Teachtaí Mac Aindriú, Mac Artúir, Ó Crualaoich, Eoghan Mac Gearailt, Ó Leathlobhair, Seán Ó Laoghaire, Ó Máille agus de Uidheas.


Níl:—Rúnaí Parlaiminte an Taoisigh, na Teachtaí Barra Deasún, Anraí Dockrell, Easmann, Ó hAirt, Stráinse, Fearghás Ó Briain, Seán Ó Riain agus Ó Tiomáin.


Faisnéiseadh dá réir sin go rabhthas tar éis diúltú don Cheist.


Cuireadh an bhuncheist: rinne an Coiste vótáil: Tá, 9; Níl, 8.


Tá:—Rúnaí Parlaiminte an Taoisigh, na Teachtaí Barra Deasún, Anraí Dockrell, Easmann, Ó hAirt, Stráinse, Fearghás Ó Briain, Seán Ó Riain agus Ó Tiomáin.


Níl:—Na Teachtaí Mac Aindriú, Mac Artúir, Ó Crualaoich, Eoghan Mac Gearailt, Ó Leathlobhair, Seán Ó Laoghaire, Ó Máille agus de Uidheas.


Faisnéiseadh dá réir sin go rabhthas tar éis glacadh leis an gCeist.


Ordaíodh: Tuarascáil a thabhairt dá réir sin.


7. Chuaigh an Coiste ar athló ar 2.15 p.m.