Committee Reports::Report - Corporation Tax Bill, 1975::02 March, 1976::Orders of Reference

ORDUITHE TAGARTHA

30 Iúil, 1975:—Ordaíodh, Go ndéanfar an Bille um an Dlí Teaghlaigh (Cothabháil Céilí agus Leanaí), 1975 a chur faoi bhráid Coiste Speisialta ar a mbeidh cúig Chomhalta dhéag a ainmneoidh an Coiste Roghnóireachta;


Gur seisear is córam don Choiste; agus


Go dtionólfar an chéad chruinniú den choiste an Chéadaoin is túisce i ndiaidh an ationóil tar éis Sos an tSamhraidh [An tAire Dlí agus Cirt].


28 Deireadh Fómhair, 1975:—Ainmníodh dá réir sin Coiste arb iad atá air na Teachtaí Dáithí Mac Aindriú, Seán Ó Brosnacháin, Siobhán de Búrca, Gearóid Ó Coileáin, Pádraig Ó Cuana (An tAire Dlí agus Cirt), Breandán Ó Dálaigh, Barra Deasún, Eibhlín Uí Dheasmhumhnaigh, Séan Easmann, Máire Nic Eochagáin Uí Chuinn, Cathal Ó hEochaidh, Bríd Ní Ógáin Uí Uiginn, Fearghas Ó Briain, Séamus Mac Páidín, agus Pádraig de Paor.