Committee Reports::Report No. 39 - Road Transport Harmonisation of Certain Social Legislation::06 December, 1978::Appendix

FOSCRÍBHINN I

COMPARÁID IDIR DLÍ NA hÉIREANN AGUS DLÍ CEE (MAR ATÁ AGUS MAR A BHEARTAÍTEAR)

 

An tAcht um Thrácht ar Bhóithre, 1961

Dlí CEE (Rialachán 543/69 arna leasú agus arna leathnú)

Dlí Nua CEE R/642/76 (Trans. 27) a bheartaítear

Tréimhse leanúnach tiomána uasta

5½ uaire a chloig

4 huaire a chloig

4 huaire a chloig (ar a n-áireofar am eile ar dualgas chomh maith le ham tiomána).

Tréimhse laethúil tiomána uasta

11 uair a chloig

8 n-uaire a chloig (a fhéadfar a fhadú go dtí 9 n-uaire a chloig dhá uair ar a mhéid in aon tseachtain áirithe ach amháin i gcás feithiclí áirithe).*

8 n-uaire a chloig afhéadfar a fhadú go dtí 9 n-uaire a chloig dhá uair ar a mhéid in aon tseachtain áirithe. Ní cead an t-am iomlán tiomána do dhul thar 48 n-uaire a chloig sa tseachtain nó thar 92 uair a chloig sa choicís.

 

 

(Ní cead an t-am iomlán tiomána do dhul thar 48 n-uaire an chloig in aon tseachtain nó thar 92 uair an chloig aon choicís).

 

Eatramh íosta

½ uair

½ uair (a bhféadfar dhá eatramh 20-nóiméad nó trí eatramh 15-nóiméad a chur ina ionad).

½ uair (a bhféadfar dhá eatramh 20-nóiméad nó trí eatramh 15-nóiméad a chur ina ionad).

Tréimhse críthe laethúil íosta

10 n-uaire a chloig (a fhéadfar a laghdú go dtí 9 n-uaire a chloig má cheadaítear 12 uaire a chloig chun scíthe lá arna mhárach).

10 n-uaire a chloig nach cead a laghdú nó 11 uaire a chloig a fhéadfar a laghdú go dtí 9 n-uaire a chloig dhá uair ar a mhéid in aon tseachtain áirithe (scíth a ghlacadh sa bhunáit) nó go dtí 8 n-uaire a chloig dhá uair ar a mhéid in aon tseachtain áirithe (scíth a ghlacadh in áit seachas an bhunáit).

I gcás feithiclí earraí: 11 uaire a chloig a fhéadfar a laghdú go dtí 8 n-uaire a chloig dhá uair ar a mhéid in aon tseachtain áirithe.

 

 

 

I gcás feithiclí paisinéirí: 11 uaire a chloig a fhéadfar a laghdú godtí 10 n-uaire a chloig trí huaire ar a mhéid in aon tseachtain áirithe.

Tréimhse scíthe seachtainiúla íosta

24 uaire a chloig

24 uaire a chloig agus tréimhse scíthe laethúil do theacht díreach roimhe nó ina dhiaidh nó i rith na tréimhse Aibreán-Meán Fómhair go huile 60 uaire a chloig comhleanúnacha agus tréimhse scíthe laethúil do theacht roimhe nó ina dhiaidh sula mbeidh aon tréimhse ceithre lá déag comhleanúnacha caite.

29 n-uaire a chloig agus scíth laethúil do theacht díreach roimhe nó ina dhiaidh.

(1) Comhnascán le níos mó ná leantóir nó leath-leantóir amháin.

Ina theannta sin tá sé seo a leanas beartaithe le R/642/76 (Trans 27):.

(2) Comhnascán a úsáidtear le haghaidh iompar paisinéirí ar mó ná 5 thonna méadracha uasmheáchan incheadaithe an leantóra nó an leath-leantóra.

Gan thar 12 uair a chloig a bheith i dTréimhseán (is é sin, an t-am iomlán idir dhá scíth laethúla). 6 thréimhseán sa tseachtain nó 10 dtréimhseán gach dhá sheachtain, ar a mhéid.

(3) Comhnascán a úsáidtear le haghaidh iompar earraí ar mó ná 20 tonna méadracha a uasmheáchan incheadaithe.

Saoire bhliantúil: 28 lá oibre ar a laghad de shaoire bhliantúil, lena n-áirítear laethanta saoire poiblí.

* Is iad na feithclí eiscthe