Committee Reports::Report No. 45 - Milk Sector::09 December, 1976::Appendix

FOSCRÍBHINN

Togra do Rialachán ón gComhairle chun córas fóirdheontas neamh-mhargaithe a thabhairt isteach le haghaidh bainne agus táirgí bainne agus chun tréada ba déiríochta a imathrú [R/1742/76].


1. Cúlra

Is é cuspóir atá leis an togra táirgeadh agus margú bainne a laghdú mar gheall ar bharrachas bainne a bheith sa Chomhphobal agus é sin a bheith ag dul i méid, agus de réir an togra tabharfaí isteach córas préimhe fóirdheontais le haghaidh (a) neamhmhargú bainne agus táirgí bainne agus (b) tréada ba déiríochta a imathrú, i.e. athrú go táirgeadh mairteola nó go tógáil caorach.


2. Préimh neamh-mhargaithe

Faoin togra sin gheobhadh táirgeoir préimh, a bheadh bunaithe ar bhainne (nó ar a choibhéis de tháirgí bainne) a cuireadh ar an margadh i gcaitheamh na bliana 1975, agus ar phréimh í de 90% den sprioc-phraghas bainne tráth an iarratais ar an gcéad 10,680 galún (tuairim tréad 10 mbó) a cuireadh ar an margadh agus 75% den sprioc-phraghas ar chainníochtaí idir 10,680 agus 32,000 (tréad 30-35 bó) galún. Gheobhadh sé an phréimh ar choinníoll go dtabharfadh sé i scríbhinn na gealltanais seo a leanas ar feadh tréimhse 5 bliana:—


(a) scor de dhíol bainne agus táirgí bainne óna ghabháltas feirmeoireachta,


(b) a chuid trealaimh déiríochta a dhíol laistigh de 3 mhí,


(c) gan a ghabháltas a ligean ar léas le haghaidh déiríochta,


(d) gan a chuid ba a ligean ar léas ná iad a dhíol ach amháin lena marú.


D’íocfaí 50% den phréimh sa chéad 3 mhí den scéim, 25% sa tríú bliain agus 25% sa chúigiú bliain. Tá feidhm ag forálacha speisialta i gcás táirgeoirí a scoirfidh d’fheirmeoireacht faoin scéim dá bhforáiltear i dTreoir 72/160.


3. Préimh imathrúcháin

Gheobadh táirgeoir préimh, a bheadh bunaithe ar bhainne a cuireadh ar an margadh i rith na bliana 1975, de 90% den sprioc-phraghas bainne tráth an iarratais agus sin suas go 32,000 galún ar a mhéid. Bheadh feidhm ag na coinníollacha céanna agus atá i gcás na préimhe neamh-sheachadaidh ach go mbeadh an dá choinníoll bhreise seo ina dteannta:—


(a) go gcaithfí mairt nó caoire lánfhásta a choimeád ar an talamh—agus fianaise a thabhairt ar aird gur ba mhairteola iad 90% de na ba faoi dheireadh na tríú bliana


agus


(b) go mbeadh feidhm ar feadh 4 bliana i ionad 5 bliana ag an oibleágaid i dtaobh deireadh a bheith le díol bainne, etc.


D’íocfaí 60% den phréimh sa chéad 3 mhí den scéim, 20% sa 3ú bliain agus 20% sa 4ú bliain.


4. Cáiliú

Aon táirgeoirí ar lú ná 10,680 galún a gcuid seachadaidh i 1975 ní bheadh siad ach i dteideal na préimhe neamh-sheachadaidh. Iadsan a rinne seachadadh níos airde i 1975 bheadh siad cáilithe faoin dá scéim. Ní bheadh aon teorainn uasta ann ach ní dhéanfai íocaíochtaí i leith aon mhéid thar 32,000 galún ach amháin sa chás ina raibh an táirgeoir páirteach i gclár glanta galar agus ansin faoi réir teorainneacha áirithe.


5. Maoiniú

Maidir le haon chaiteachas a thabhóidh Ballstáit faoin scéim beidh siad i dteideal 50% d’aisíoc a fháil ina leith ó CETRT, agus íocfaidh an Státchiste an chuid eile.


6. Torthaí

Tá sé le feiceáil ón Iarscríbhinn airgeadais leis an doiciméad go meastar go n-íocfar an phréimh neamh-mhargaithe ar 500,000 bó ar fud an Chomhphobail i 1977 agus ar 650,000 bó i 1978 agus go ndéanfaí na híocaíochtaí imathraithe mairteola a íoc ar 75,000 bó i 1977 agus ar 40,000 bó i 1978.