Committee Reports::Interim Report - Appropriation Accounts 1972 - 1973::13 February, 1975::Report

TUARASCÁIL EATRAMHACH

Tá dul chun cinn déanta ag an gCoiste sna hábhair a cuireadh faoina bhráid agus chomhaontaigh sé ar an Tuarascáil Eatramhach seo a leanas:—


Tuairiscíonn an Coiste gur tharla, i gcaitheamh na bliana dar chríoch 31 Márta, 1973, gur tabhaíodh caiteachas de bhreis ar an méid a vótáil an tOireachtas faoin Vóta a luaitear anseo ina dhiaidh seo.


RÁITEAS AR AN mBREIS

Ráiteas ar an tsuim is gá a vótáil d’fhonn breis ar an Vóta a luaitear a shlánú.


Leathanach sa Chuntas Leithreasa

Uimhir an Vóta

Teideal

Breis ag an gCaiteachas ar an Meastachán Comhlán

Ar fáil as Farasbarr na Leithreasaí i gCabhair

An Méid glan atá le vótáil

(1)

(2)

(3)

(4)

(5)

(6)

52

21

An Garda Síochána

£27,818

£27,808

£10

Beidh ceadú an Oireachtais ag teastáil i leith na suime atá leagtha amach i gcolún (6). Is é an chúis gur tabhaíodh an bhreis nach dtarla an choigilt ar fho-mhírcheann B (Costais Taistil agus Costais Theag- mhasacha) agus ar fho-mhírcheann G (Iompar) dá ndearnadh soláthar i meastachán forlíontach a tógadh i Márta 1973.


Ní léir don Choiste aon chúis le nach soláthrófaí an tsuim sin le vóta breise.


VIVION DE VALERA,


Cathaoirleach.


13 Feabhra, 1975.