Committee Reports::Report No. 04 - Energy Policy::12 February, 1975::Report

TUARASCÁIL

1. Tá an Comhchoiste tar éis breithniú a dhéanamh ar na doiciméid seo a leanas—


*(a)I dtreo Straitéis Nua la haghaidh Beartas Fuinnimh don Chomhphobal Eorpach


COM (74) 550—26.6.74;


(b)Rún ón gComhairle, 17 Meán Fómhair 1974


R/2391/74;


(c)Rún ón gComhairle, 17 Nollaig 1974


R/3649/74;


(d)Treoir ón gComhairle (68/414/CEE)


—20.12.68;


(e)Treoir ón gComhairle (72/425/CEE)


—19.12.72, agus


(f)Togra i leith Treoir ón gComhairle á chur d’oibleagáid ar Bhallstáit stoic íosta de bhreosla iontaise a chothabháil i gcumhacht-stáisiúin teirmeacha,


agus ba mhaith leis tuarascáil orthu a thabhairt do dhá Theach an Oireachtais.


2. TÁ AN COMHCHOISTE,


AG FÉACHAINT don chuspóir a luaitear sa Rún ón gComhairle an 17 Meán Fómhair 1974 maidir leis an ráta fáis ar ídiú inmheánach a laghdú le bearta chun fuinneamh a úsáid go rianúil tíobhasach gan cuspóirí fáis shóisialta agus eacnamaíocha a chur i mbaol;


AG FÉACHAINT do na cuspóirí a luaitear sa Rún ón gComhairle an 17 Nollaig 1974


(a)go ngabhann le Beartas Fuinnimh Comhphobail a chomhlíonadh comhchuspóirí cainníochtúla a tharraingt suas a bheadh ina dtreoirlínte do bheartais náisiúnta agus ina dtreoir thábhachmhar do tháirgeoirí agus do thomhaltóirí fuinnimh sa Chomhphobal;


(b)gur chóir do gach ceann de na Ballstáit cabhrú leis na cuspóirí sin a ghnóthú de réir a acmhainne agus a shriantachtaí féin;


(c)sa chuma ina bhfuil an margadh domhanda faoi láthair agus de réir mar is féidir tuaradh dó, go gcuirfeadh sé cothrom eacnamaíochta an Chomhphobail agus dul ar aghaidh eacnamúil agus sóisialta i mbaol dá leanfadh an Comhphobal de bheith ag brath go mór ar fhoinsí fuinnimh, go háirithe ola, a allmhairiú ó thríú tíortha agus go bhfuil sé riachtanach dá bhrí sin laghdú chomh mór agus is féidir a dhéanamh ar ár dtuilleamaí ar fhoinsí den sórt sin;


(d)gur chóir an ráta fáis atá faoi ídiú fuinnimh an Chomhphobail go huile a laghdú chun go sroichfí um 1985 leibhéal a bheadh 15% faoi bhun meastachán Eanáir 1973, á mheabhrú go bhféadfadh an céatadán sin a bheith éagsúil i gcás gach Ballstáit ar leith agus gan é a fhágáil as an áireamh go bhféadfaí cuspóirí sonracha a leagan amach, de réir na n-imthoscaí, d’fhonn fuinneamh a shábháil sa ghearrthéarma;


(e)gur chóir an pátrún ídithe fuinnimh a athrú trí bhreis úsáid a bhaint de réir a chéile as foinsí fuinnimh iontaofa agus trí dhul i dtaobh tuilleadh agus tuilleadh fós le leictreachas de réir mar a bheidh forbairt á dhéanamh go háirithe ar fhuinneamh núicléach;


(f)gur chóir leibhéal táirgthe guail an Chomhphobail faoi dhálaí sásúla eacnamaíochta a chothabháil, agus lena linn sin féachaint le breis ghuail a allmhairiú ó thríú tíortha agus táirgeadh donnghuail agus móna a mhéadú;


(g)gur chóir dlús a chur le taighde Comhphobail agus le táirgeadh foslach gáis aiceanta faoi thalamh agus faoi uisce;


(h)gur chóir cumhacht-stáisiúin núicléacha a sholáthar a mbeidh cumas suiteáilte 160 GWe ar a laghad acu agus, más féidir, 200 GWe, faoi 1985.


AR AN TUAIRIM—


maidir le Beartas Ginearálta Comhphobail


(i)go bhfuiltear ag brath an iomarca ar fhoinsí eachtracha fuinnimh sa mhéid go mbeidh úráiniam agus a bheag nó a mhór de ghás agus de ghual, nach leis an gComhphobal, le cur in áit ola mar fhoinsí fuinnimh;


(ii)fiú má úsáidtear fuinneamh núicleach a mhéid a thuaraítear dó nach mbeadh a thairbhe le fáil ag Éirinn go ceann i bhfad, mar go dtuigtear, fiú má cheadaítear sa deireadh stáisiún núicléach a thógáil, nach mbeidh fuinneamh ón bhfoinse sin á tháirgeadh ag an tír seo go dtí 1983 ar a luaithe;


(iii)de bhrí go bhfuil sé tábhachtach, chun úsáid diomailteach fuinnimh a sheachaint, laghdú a lorg sa ráta fáis ar ídiú inmheánach trí bhearta chun fuinneamh a úsáid go rianúil tíobhasach ach gan cuspóirí fáis eacnamúla agus sóisialta a chur i mbaol, go bhféadfadh, mar sin féin, na tograí chun an ráta fáis san éileamh ar fhuinneamh a laghdú luí níos troime ar an tír seo ná ar aon Bhallstát eile. Toisc go bhfuil Éire tearcfhorbartha i gcomórtas le caighdeáin chomhchoiteanna CEE agus nach ionann pátrún úsáide di agus gur lú dá dhroim sin mar atá sí ag brath ar fhuinneamh le haghaidh críocha sonracha, e.g., téamh larnach, is lú dá réir an méid fuinnimh ar a bhféadfaí giorrú a dhéanamh. Mar gheall ar an leathnú atá tagtha ar thionsclaíocht agus go bhfuil daoine a d’fhág an talmhaíocht tar éis gabháil le tionscal, is gá dá thoradh sin go mbeadh an ráta fáis atá faoi riachtanais fuinnimh ag méadú in aghaidh na bliana cuid mhaith níos mó ná már atá ceaptha don Chomhphobal i gcoitinne agus dá ndéantaí aon laghdú ar an bhfás sin bheadh drochéifeacht aige ar fhostaíocht agus ar fhorbairt;


(iv)de dhroim fomhíreanna (ii) agus (iii) go bhfuil géarghá le athbhreithniú a dhéanamh ar ár gcor i ndáil le beartais fhuinnimh; gur chóir do bheartais den sórt sin féachaint d’ár riachtanais laistigh de chóras ginearálta bheartas an Chomhphobail, agus go háirithe do chaomhnú fostaíochta, leathnú na heacnamaíochta, cosaint na comhthimpeallachta agus ardú na gcaighdeán maireachtála go dtí leibhéal an Chomhphobail.


3. Chuir Treoir 68/414/CEE oibleagáid ar Bhallstáit, faoi réir eisceachtaí áirithe, oiread stoic de tháirgí peitrialiam a chothabháil i gcónaí agus a fhreastalódh do mheán-chaitheamh laethúil inmheánach 65 lá ar a laghad sa bhliain féilire roimhe sin. Rinne an tAire Iompair agus Cumhachta rialacháin an 4 Samhain 1974 dá ngairtear Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Stoic Íosta Olaí Peitrialiam), 1974 ag tabhairt éifeacht don Treoir amhail ó 18 Samhain 1974. Toisc cothrom 10 lá de sholáthar a bheith á choinneáil i gcónaí mar stoc teagmhais i bhFaoide cuireann na rialacháin d’iallach ar allmhaireoirí ola agus ar mhór-íditheoirí ola áirithe stoc 55 lá a choinneáil ar láimh.


Rinne Treoir 72/425/CEE an oibleagáid i leith stoc 65 lá a mhéadú go dtí 90 lá le héifeacht ón 1 Eanáir 1975. Tuigtear don Chomhchoiste go bhfuil ple ar siúl faoi láthair idir an Roinn Iompair agus Cumhachta agus páirtithe leasmhara i dtaobh na ceiste a bhaineann le comhiomlán na stoc atá ar seilbh sa tír seo a mhéadú go dtí an leibhéal is gá.


Maidir leis an togra i leith Treoir ón gComhairle á chur d’oibleagáid ar Bhallstáit stoic íosta de bhreosla iontaise a chothabháil i gcumhachtstáisiúin teirmeacha forálann sé go gcuirfidh Ballstáit d’oibleagáid ar tháirgeoirí leictreachais oiread stoic de bhreosla iontaise a chothabháil go buan ag a gcumhacht-stáisiúin agus a dhéanfaidh deimhin de go mbeidh soláthar leanúnach leictreachais ar fáil go ceann 30 lá ar a laghad. Ach féadfar an leibhéal sin a laghdú de mhéid ar comhréir le 25% de na táirgí peitriliam sin a bheidh i seilbh táirgeoirí leictreachais faoi fhorálacha Threoir 72/425/CEE. Ina theannta sin i gcás cumhachtstáisiúin a úsáideann gás aiceanta nó lignít nó móin mar bhreosla féadfar a mheas i gcásanna áirithe gur stoc stáisiúin an foslach. Is é B.S.L. an t-aon táirgeoir amháin leictreachais sa tír seo agus tuigtear don Chomhchoiste go bhfuil toilleadh stórais aige a chuireann ar a chumas déanamh de réir forálacha na Treorach beartaithe.


Tá Comhairle na nAirí tar éis glacadh anois le ceann de na dréachtionstraimí atá i gceangal mar iarscríbhinní leis an doiciméad “I dtreo Beartas Fuinnimh Nua do Chomhphobal na hEorpa” faoin Teideal seo a leanas—


Treoir ón gComhairle maidir le srianadh ar ghás aiceanta a úsáid i gcumhacht-stáisiúin (R/22/75).


Tá foráil ann trína bhféadfaidh údarás inniúil Ballstáit a údarú go n-úsáidfear gás aiceanta i gcumhacht-stáisiúin inar gá sin a dhéanamh ar chúiseanna eacnamaíochta. Ar an ábhar go bhféadfaí an clásal éalaithe sin a úsáid chun feidhm a bhaint as gás aiceanta le haghaidh leictreachas a ghiniúint, measann an Comhchoiste gur chóir breathnú go fíorchúramach ar an gceist maidir le foinse fuinnimh chomh luachmhar leis sin a úsáid chun na críche sin.


Tá aird á tharraingt ag an gComhchoiste ar an bpráinn agus ar an rí-thábhacht a bhaineann le cúrsaí fuinnimh agus molann sé go ndéanfaí díospóireacht ghinearálta ar an ábhar sin i ngach Teach a luaithe is féidir.


12 Feabhra, 1975.


(Síniú) CATHAL Ó hEOCHAIDH,


Cathaoirleach an Chomhchoiste.


*Tá Achomaireacht ar an doiciméad seo sa Sceideal.