Committee Reports::Report No. 22 - Statutory instruments [9] made under the European Communities Act 1972::10 December, 1975::Report

TUARASCÁIL

1. Réamhrá

Ó d’eisigh an Comhchoiste a Thuarascáil dar dáta an 2 Iúil 1975 tá sé tar éis scrúdú a dhéanamh ar naoi n-ionstraim eile a rinneadh faoi Alt 3 d’Acht na gComhphobal Eorpach, 1972. Ba mhaith leis an gComhchoiste na tuairimí seo a leanas ar na naoi n-ionstraim sin a chur i láthair.


A. RIALACHÁIN NA gCOMHPHOBAL EORPACH (FAIREACHAS AR ALLMHAIRÍ SREANGÁN SIOSAIL CEANGAIL), 1975 [I.R. Uimh. 111 de 1975].

RIALACHÁIN NA gCOMHPHOBAL EORPACH (FAIREACHAS AR ALLMHAIRÍ ÁIRITHE COISBHIRT), 1975 [I.R. Uimh. 115 de 1975].


RIALACHÁIN NA gCOMHPHOBAL EORPACH (FAIREACHAS AR ALLMHAIRÍ ÁIRITHE ÉADAÍ AGUS COISBHIRT), 1975. [I.R. Uimh. 116 de 1975].


2. Réim na nIonstraimí

Baineann na trí ionstraim sin le faireachas ar allmhairí áirithe de thionscnamh tríú tíortha, agus forálann siad nach cead na hearraí sin a allmhairiú ach amháin ar údarás allmhairithe ón Roinn Tionscail agus Tráchtála a thabhairt ar aird. Cé go bhfuil na trí ionstraim bainteach le faireachas allmhairí níl siad bunaithe ar an reachtaíocht thánaisteach CEE céanna.


Tá I.R. Uimhreacha 111 agus 115 de 1975 bunaithe ar Rialachán 1439/74/CEE an 4 Meitheamh 1974. Rinneadh an Rialachán sin faoi Airteagal 113 de Chonradh CEE a bhaineann leis an gcomhbheartas tráchtála a chur i ngníomh. Leagann sé amach na comhrialacha is infheidhme maidir le táirgí de chuid tríú tíortha atá ar áireamh i gcomhliosta léirscaoilte. Is í an bhun-riail is infheidhme maidir leis na táirgí sin go bhféadfadh siad a bheith faoi réir srianta cainníochtúla ach déanann an Rialachán foráil le haghaidh córas faireachais a oibriú maidir leo nuair a tharlaíonn rudaí sa mhargadh i ndáil le haon cheann de na táirgí sin is baolach a bheadh ina gcúis díobhála do tháirgeoirí Comhphobail a mbíonn earraí dá samhail nó earraí in iomaíocht leo go díreach á dtáirgeadh acu agus nuair is gá sin ar mhaithe le leas an Chomhphobail.


Tá I.R. Uimh. 116 de 1975 ag brath ar Chinneadh 71/202/CEE an 12 Bealtaine 1971 ón gCoimisiún, arna leasú le Cinneadh 73/55/CEE an 9 Márta 1973 ón gCoimisiún. Tá na Cinntí sin bunaithe ar Airteagal 115 de Chonradh CEE a bhaineann leis an gcor a thagann ar chúrsaí nuair a bhíonn bearta a dhéanann Ballstát de réir an Chonartha ina gcúis deacrachtaí i mBallstát eile. Ní bhaineann I.R. Uimh. 116 de 1975 dá bhrí sin ach le táirgí de chuid tríú tíortha nach ndearnadh léirscaoileadh orthu agus a ndéantar iad a allmhairiú anseo tar éis iad a bheith curtha i saorchúrsaíocht ar dtús i mBallstát eile.


3. Údarás Comhphobail a lua

I gcás I.R. Uimh. 116 de 1975 tá brollach leis ina bhfuil tagairt shonrach do na Cinntí Comhphobail ar a bhfuil a bhailíocht ag brath. I gcás an dá ionstraim eile níl tagairt ar bith sa téacs ná sna nótaí míniúcháin a ghabhann leo do Rialachán 1439/74/CEE. Is é barúil an Chomhchoiste gur locht rómhór dréachtóireachta é gan aon tagairt a dhéanamh in ionstraim reachtúil faoi Acht na gComhphobal Eorpach, 1972, do reachtaíocht thánaisteach na gComhphobal Eorpach ar a bhfuil feidhmiú na cumhachta chun rialacháin faoin Acht a dhéanamh ag brath ar deireadh thiar. Tá súil ag an gComhchoiste go mbeifear cúramach feasta agus gan aon rud mar sin a fhágáil ar lár arís.


B. RIALACHÁIN NA gCOMHPHOBAL EORPACH (MEÁCHAIN AGUS TOMHAIS FAID), 1975 [I.R. Uimh. 200 de 1975].

4. Forálacha

Tugann na Rialacháin sin éifeacht do Threoracha Uimh. 73/362/CEE agus 74/148/CEE ón gComhairle ar chomhfhogasú dlíthe na mBallstát maidir le fadthomhais ábhar agus meáchain áirithe. Ceadaíonn siad go gcuirfí ar an margadh nó go gcuirfí i bhfeidhm seirbhíse fadtomhais ábhar ar a mbeidh comhartha ceadaithe pátrúin agus marc fíorúcháin tosaigh CEE agus meáchain áirithe ar a mbeidh marc fíorúcháin tosaigh CEE.


5. Comparáid le hIonstraim Reachtúil Uimh. 67 de 1973

Bhí ionstraim ann roimhe seo, Ionstraim Reachtúil Uimh. 67 de 1973, a bhain le meáchain áirithe meán-chruinnis, le méadair leachtacha agus le méadair gás-toillimh, agus ní amháin go ndearna sí foráil le haghaidh na n-uirlisí sin ar a mbeadh an marc fíorúcháin CEE iomchuí nó an comhartha ceadaithe pátrúin iomchuí a úsáid go dleathach sa trádáil ach bhí bearta inti le haghaidh greamú na marcanna agus na gcomharthaí sin ag cigirí. Iarradh ar an Roinn Tionscail agus Tráchtála tuairim a lua i dtaobh gan aon sásra den samhail chéanna a bheith ann, de réir dealraimh, do na huirlisí lena mbaineann I.R. Uimh. 200 de 1975. Tá cóipeanna den litir chun na Roinne agus freagra na Roinne leagtha amach i bhFoscríbhinn I a ghabhann leis an tuarascáil seo.


6. Tuairimí an Chomhchoiste

Baineann Treoir 71/316/CEE an 26 Iúil 1971 ón gComhairle, arna leasú, le comhfhogasú dlíthe na mBallstát maidir le comhfhorálacha le haghaidh uirlisí tomhais agus modhanna rialaithe méadareolaíochta. Is inti atá na forálacha a rialaíonn deonú formheas pátrúin CEE agus greamú na gcomharthaí formheasa agus na marcanna fíorúcháin.


Thuigfí ó litir na Roinne ag míniú na ndifear idir I.R. Uimh. 67 de 1973 agus I.R. Uimh. 200 de 1975 nach mbaineann Treoir 71/316/CEE ón gComhairle, arna leasú, ach amháin le huirlisí lena mbaineann I.R. Uimh. 67 de 1973. Is é brí a bhaineann an Comhchoiste as an Treoir go bhfuil feidhm ghinearálta léi, agus níl sé sásta faoi éifeachtúlacht I.R. Uimh. 200 de 1975. Bhí sé á bhreithniú ar chóir go molfaí an ionstraim a chur ar ceal. Ach toisc nach rachaidh an tréimhse le haghaidh a cealaithe in éag go dtí Lúnasa seo chugainn shocraigh sé an cinneadh a chur siar d’fhonn caoi a thabhairt don Roinn an scéal a athscrúdú. Tabharfaidh sé tuarascáil eile ar an ionstraim i dtráth cuí.


7. Dréachtú

Thug an Comhchoiste faoi deara agus comparáid á dhéanamh aige idir I.R. Uimh. 200 de 1975 agus I.R. Uimh. 67 de 1973 go bhfuil forálacha iomchuí na bun-Treorach curtha síos arís i sceidil i gcás I.R. Uimh. 67 de 1973 ach go ndéanann I.R. Uimh. 200 de 1975 reachtaíocht, cuid mhór di, faoi threoir teideal na n-ionstraimí iomchuí Comhphobail. Nuair a iarraidh ar an Roinn Tionscail agus Tráchtála tuairim a lua faoi sin dúirt siad go bhfuil athrú tagtha i rith an dá bhliain atá eatarthu ar mhodh dréachtaithe na rialachán a thugann feidhm do na treoracha sin agus do threoracha eile sa tslí nach gcuirtear san áireamh ach a laghad is riachtanach.


Ón eolas atá ag an gComhchoiste de bharr ionstraimí reachtúla a scrúdú ní léir in go leor ionstraimí an modh dréachtaithe atá i dtrácht ag an Roinn. Dá mba léir, bheadh ar an gComhchoiste cur ina aghaidh mar go mbeadh sé i gcodarsnacht ar fad lena bhealach féin mar atá curtha in iúl i dtuarascálacha roimhe seo. Is dóigh leis an gComhchoiste gur chóir, i gcás rialacháin faoi Acht na gComhphobal Eorpach, 1972, cur chuige sa tslí go mbeadh an ionstraim sothuigthe inti féin agus go seachnófaí a mhéid ab fhéidir reachtaíocht faoi threoir ionstraimí Comhphobail amháin.


C. RIALACHÁIN NA gCOMHPHOBAL EORPACH (SUIRBHÉIREACHTAÍ STAIDRIMH), 1975 [I.R. Uimh. 160 de 1975].

8. Forálacha

Tagann an ionstraim seo chun bheith ann de thoradh Rialacháin Comhphobail a dhéanann foráil le haghaidh suirbhéireachtaí staidrimh ar na hábhair seo a leanas:—


(a)costais saothair in imdháil mórdhíola agus miondíola, i mbaincéireacht agus in árachas;


(b)tuilleamh in imdháil mhórdhíola agus mhiondíola, i mbaincéireacht agus in árachas;


(c)tuilleamh oibrithe talmhaíochta; agus


(d)suirbhéireachtaí samplacha daonchumhachta.


I gcoitinne cuireann na Rialacháin Comhphobail d’oibleagáid ar dhaoine lena mbaineann eolas fíor a thabhairt agus toirmisceann siad an t-eolas sin a úsáid chun críocha seachas críocha staidrimh, go háirithe críocha fioscacha nó cánachais, nó an t-eolas sin a nochtadh do thríú páirtithe. Déanann Ionstraim Reachtúil Uimh. 160 de 1975 foráil go bhféadfar pionós a ghearradh, ar chiontú achomair, mar gheall ar aon cheanglas acu sin a shárú trí fhíneáil nach mó ná £500 a fhorchur nó 6 mhí príosúnachta nó an fhíneáil agus an phríosúnacht sin i dteannta a chéile.


9. Méid Pionóis

Le linn dó bheith ag breithniú an bhféadfaí a mheas go raibh an pionós sin iomarcach thug an Comhchoiste aird chuí ar litir ó Stiúrthóir na Príomh-Oifige Staidrimh (atá clóite i bhFoscríbhinn II). Tá amhras an-mhór ar an gComhchoiste faoi fhíneáil £500 a bheith ina phionós iomchuí i gcás ciontú achomair nó údar a bheith in aon chor le pionós mar sin ag féachaint don chineál ciona atá i gceist.


D. RIALACHÁIN NA gCOMHPHOBAL EORPACH (UIRLISÍ TOMHAIS) (LEASÚ), 1975 [I.R. Uimh. 199 de 1975].

10. Forálacha

Tá sé ceaptha leis na Rialacháin seo éifeacht a thabhairt do Threoir 74/331/CEE an 12/6/1974 ón gCoimisiún a dhéanann leasú é féin ar Threoir roimhe sin ón gComhairle faoi chomhfhogasú dlíthe Ballstát maidir le méadair ghás-toillimh.


Tá rud amháin nach mór trácht air. San Iarscríbhinn le Treoir an Choimisiúin tá sé mhír a ndéanann gach ceann acu leasú ar mhíreanna atá leagtha amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir roimhe sin ón gComhairle. Tá sé tugtha faoi deara, áfach, nach ndéanann na Rialacháin atá faoi bhreithniú anois foráil ach do 5 cinn acu sin agus go ndealraíonn sé go bhfuil foráil déanta cheana féin, i gcás na míre (Uimh. 6) a fágadh ar lár, i Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Uirlisí Tomhais), 1973 [I.R. Uimh. 67 de 1973] a rinneadh sa Mhárta 1973. Toisc gur luaithe na Rialacháin deiridh sin d’ocht mí tuairim ná an Treoir ón gCoimisiún, loirgíodh tuairimí na Roinne Tionscail agus Tráchtála. Tá cóip den chomhfhreagras i bhFoscríbhinn III.


11. Tuairimí an Chomhchoiste

Féadann an Comhchoiste glacadh leis láithreach gur beag má tá aon tábhacht phraiticiúil leis an bpointe áirithe sin. Dhealródh sé mar sin féin go bhfuil foráil neamhbhailí in I.R. Uimh. 67 de 1973 agus measann sé gurbh fhearr an scéal a cheartú a luaithe a gheofar caoi air.


E. RIALACHÁIN NA gCOMHPHOBAL EORPACH (AN BORD GRÁIN), 1975 [I.R. Uimh. 203 de 1975].

12. Forálacha

Déanann an ionstraim seo foráil i dtaobh díscaoileadh an Bhoird Ghráin a bunaíodh le reacht. Tá na cúiseanna ba bhun leis an díscaoileadh leagtha amach i meabhrán ón Roinn Talmhaíochta agus Iascaigh atá athchlóite i bhFoscríbhinn IV.


Tá an Comhchoiste sásta go mba ghá an Bord Gráin a dhíscaoileadh mar gheall ar bhallraíocht i gComhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus go bhféadfaí feidhmiú ina leith trí ionstraim reachtúil faoi Acht na gComhphobal Eorpach, 1972.


Tugann an Comhchoiste dá aire go sonraítear in imleabhar ceangailte bliantúil na reacht aon leasuithe ar reachtanna a rinneadh le rialacháin faoi Acht na gComhphobal Eorpach, 1972. Glacann sé leis go ndéanfar athshonrú ar na leasuithe sin sa chéad treoir ghinearálta eile leis na reachtanna a eiseofar.


F. RIALACHÁIN NA gCOMHPHOBAL EORPACH (GLANADÓIRÍ) (UIMH. 2), 1975 [I.R. Uimh. 107 de 1975].

13. Réim na Rialachán

Tugtar éifeacht leis na Rialacháin seo do Threoir 73/404/CEE ón gComhairle, arna ceartú, a bhaineann le comhfhogasú dlíthe maidir le glanadóirí. Déanann siad aisghairm ar Rialacháin roimhe sin [I.R. Uimh. 102 de 1975] a thriail an Treoir a chur i bhfeidhm ach a bhunaigh cion indíotáilte agus a bhí dá chionn sin ultra vires alt 3 (3) den reacht bunaidh.


14. Cionta a bunaíodh leis an Rialachán

Foráiltear le mír 4 de na Rialacháin nach gcuirfidh aon duine ar an margadh ná nach n-úsáidfidh sé glanadóir a bhfuil leibhéal bithdhíghrádaitheachta na ndromchlathán ann níos lú ná 90% i gcás gach ceann de na hearnálacha seo a leanas, eadhon, anianach, caitianach, neamhianach agus amfailíteach, ná nach sáróidh sé an dara mír d’Airteagal 2 den Treoir ón gComhairle. Má sháraíonn aon duine an mhír sin féadfar é a phionósú ar a chiontú go hachomair le fíneail nach mó ná £200 mar aon le fíneáil bhreise £50 i gcás cion leanúnaigh.


Bunaíonn mír 5 cion eile trína fhoráil nach gcuirfidh duine ar an margadh ná nach n-úsáidfidh sé sa Stát glanadóir i gcás ina suífear de réir Airteagal 5 den Treoir ón gComhairle nach gcomhlíonann an glanadóir na ceanglais atá leagtha síos in Airteagal 2 den Treoir sin. Má sháraítear an ceanglas sin féadfar na pionóis chéanna a ghearradh agus a ghearrfaí i gcás sárú ar mhír 4.


Toisc nár léir conas a fhéadfadh duine mír 5 a shárú gan mír 4 a shárú freisin, fiafraíodh, i gcomhfhreagras leis an Roinn Tionscail agus Tráchtála, cén gá a bhí le mír 5 in aon chor. Tá cóip den chomhfhreagras i bhFoscríbhinn V a ghabhann leis an tuarascáil seo.


Forálann Airteagal 4 den Treoir go ndéanfar comhlíonadh na gceanglas sonraithe a bhunú trí na modhanna tástála dá bhforáiltear i dTreoracha eile ón gComhairle. Má chinneann Ballstát de thoradh na tástála sin nach bhfuil glanadóir de réir na gceanglas tá sé d’oibleagáid air faoi Airteagal 5 toirmeasc a chur leis an nglanadóir a chur ar an margadh nó a úsáid ina chríoch. Cuireann Airteagal 5 d’oibleagáid air freisin scéala a thabhairt don Choimisiún agus don Bhallstát óna dtagann an táirge. Mura nglacann an Ballstát sin leis an gcinneadh tá sé de chumhacht ag an gCoimisiún tástáil neamhspleách a chur á dhéanamh agus aon mholtaí is gá a thabhairt. B’fhéidir go gceapfaí go mbeadh aon mholtaí den sórt sin ina bhfianaise go raibh sárú ar mhír 4 déanta ach de réir dealraimh níl an Roinn toilteanach an méid sin a ghéilleadh toisc go gciallódh sé léiriú a thabhairt ar an Treoir, rud a bheadh ina chúram do Choimisiún CEE sa chéad ásc agus faoi dheoidh do Chúirt Bhreithiúnais na hEorpa. Is cúram leis an gComhchoiste oibleagáidí an phobail faoi na Rialacháin a bheith soiléir. Níl sé sásta nach ndéanfaí ach aon amhrais i dtaobh léiriú Treorach a aistriú anonn go dtí an ionstraim reachtúil Éireannach go mór mhór nuair a bhaineann bunú cion coiriúil le hábhar. Ba mhaith leis dá bhrí sin a iarraidh ar an Roinn go ndéanfaí na Rialacháin sin a athscrúdú. Tar éis dó aird a thabhairt ar athscrúdú na Roinne breithneoidh an Comhchoiste i dtráth cuí ar cheart dó a mholadh do na Tithe go gcuirfí na Rialacháin ar neamhní mar gheall ar fhorálacha mhír 5.


15. Gan Pionós a bheith ann

Forálann mír 6 de na Rialacháin nach bhféadfaidh duine glanadóir a chur ar díol nó é a iompar ina mhórchainníocht gan déanamh de réir forálacha na Treorach maidir leis an eolas a bheidh ar phacáistí agus ar dhoiciméid a ghabhfaidh le glanadóirí. Ach ní fhorálann na Rialacháin aon phionós i leith an ceanglas sin a shárú.


Tá sé ráite ag an Roinn (Féach Foscríbhinn V) go bhfuil sé ceaptha do mhír 6 éifeacht a thabhairt d’Airteagal 7 den Treoir ach d’uireasa pionóis ina leith is deacair a fheiceáil conas a fhéadfadh aon éifeacht dlíthiúil a bheith leis an mír ach amháin, b’fhéidir, in imeachtaí sibhialta. Cúis áthais don Choiste a shonrú go bhfuil scrúdú á dhéanamh ar an ábhar ag féachaint dá thuairimí ar fhoráil dá shamhail in ionstraim roimhe seo.


G. RIALACHÁIN NA gCOMHPHOBAL EORPACH (TRÁCHT AR BHÓITHRE) (ÁRACHAS ÉIGEANTACH), 1975 [I.R. Uimh. 178 de 1975].

16. Forálacha

De réir Treoir Uimh. 72/166/CEE an 24 Aibreán 1972 tá sé d’oibleagáid ar Bhallstáit gan seiceáil árachais (seachas seiceáil fánach) a dhéanamh i gcás feithiclí ag teacht isteach ina gcríocha ó Bhallstáit eile. Ceanglaíonn sé cumhdach a bheith i gconarthaí mótar-árachais faoi chomhair caillteanas nó díobháil i mBallstáit eile de réir dlí na Stát sin agus cumhdach a shamhail a bheith ag feithiclí tríú tíortha ag teacht isteach i mBallstát.


Cuireann na Rialacháin sin an Treoir chun feidhme. Forálann siad freisin go gcuirfí deireadh le seiceáil árachais i gcás feithiclí atá bunaithe i dtíortha áirithe eile. Ní as Treoir 72/166/CEE a éiríonn na forálacha deiridh sin ach as cinntí de chuid an Choimisiúin [74/167/CEE agus 75/23/CEE] a rinneadh tar éis comhaontuithe leis na tíortha lena mbaineann a bheith tugtha chun críche.


Chuir an Comhchoiste fiafraithe áirithe i scríbhinn chun na Roinne Rialtais Áitiúil maidir le forálacha sonracha de na Rialacháin. Tá cóip den chomhfhreagras i bhFoscríbhinn VI a ghabhann leis an tuarascáil seo.


17. Éifeacht

Is é éifeacht phraiticiúil na socruithe sin sa mhéid a bhaineann le gluaisteánaithe Éireannacha a théann lasmuigh den tír go dtugann na polasaithe mótar-árachais atá acu cumhdach, ón 1 Eanáir 1974, de réir an dlí atá i bhfeidhm i mBallstáit eile, i gcás aon chaillteanais nó díobhála sna Stáit sin. Tá cumhdach a shamhail ina bpolasaithe i ndáil le críocha ainmnithe seachas Ballstáit. Níl gá a thuilleadh le Cárta Uaine, dá bhrí sin, nuair a bhítear ag taisteal sna tíortha sin mura mbíonn cumhdach árachais sa bhreis ag teastáil. Ar mhaithe le críonnacht, ar ndóigh, b’fhéidir go mba rí-mhaith an rud cumhdach breise mar tharlódh nár leor an cumhdach ba ghá faoi na dlíthe náisiúnta i dtaobh árachais éigeantaigh faoi chomhair an dliteanais shibhialta uile a thiocfadh d’ualach ar ghluaisteánaí cuairte.


Sa mhéid a bhaineann le gluaisteánaithe cuairte chun na tíre seo ó na críocha ainmnithe, lena n-áirítear tíortha CEE, beidh ina bpolasaithe an cumhdach is lú is gá faoi dhlí sa tír seo maidir le hárachas éigeantach. Féachfaidh Biúró Gluaisteánaithe Cuartaíochta na hÉireann chuige go bhfreastalófar, feadh méid an dliteanais sin, ar aon éilimh i gcoinne gluaisteánaithe den sórt sin.


18. Údarás Reachtúil

Tá an Comhchoiste sásta go n-éiríonn na Rialacháin seo as Gníomhartha lenar ghlac institiúidí na gComhphobal Eorpach agus dá bhrí sin go ndearnadh iad go cuí faoi alt 3 d’Acht na gComhphobal Eorpach, 1972. Ní ghlacann sé leis, áfach, gur as Treoir 72/166/CEE amháin a éiríonn na Rialacháin mar a chuirtear i gcéill sa mheabhrán míniúcháin a ghabhann leis na Rialacháin. Chítear don Chomhchoiste gur de bhua Cinntí an Choimisiúin, 74/167/CEE agus 75/23/CEE, agus dá mbua sin amháin, a fhéadfaí go cuí forálacha i dtaobh tíortha seachas Ballstáit a chur sna Rialacháin ach níl tagairt ar bith do cheachtar cinneadh acu san ionstraim féin ná sa mheabhrán míniúcháin a ghabhann léi. I ngach cás ina ndéantar rialacháin faoi alt 3 d’Acht na gComhphobal Eorpach, 1972, tá súil ag an gComhchoiste go luafar go soiléir uile-shonrach an reachtaíocht thánaisteach Comhphobail ar a mbeidh bailíocht na rialachán ag brath.


19. Modhanna chun Reachtaíocht Thánaisteach a chur chun feidhme

Glacann an Comhchoiste leis go bhféadfaidh rialacháin ó Aire faoi alt 3 d’Acht na gComhphobal Eorpach, 1972, leasú a dhéanamh go dleathach ar Achtanna ón Oireachtas nó ar reachtanna eile a bheidh i bhfeidhm má cheanglaítear sin leis an reachtaíocht thánaisteach Comhphobail a bheidh le cur chun feidhme leis na Rialacháin. Cé go bhfuil an chumhacht ann níor chóir go gciallódh sé sin, dar leis an gComhchoiste, go mba chuí í a úsáid i ngach cás. Ba chóir féachaint do thábhacht choibhneasach an reachta a bheadh le leasú agus fós dá réim feidhme d’fhonn a chinneadh ar le hionstraim reachtúil nó le reacht leasaitheach ba chóir é a leasú. I gcás reachta ar nós an Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1961, reacht a bhfuil an-tábhacht leis i saol laethúil an phobail, measann an Comhchoiste gur le Bille a thabharfaí isteach sa Dáil nó sa Seanad ba chóir aon tograí chun a leasaithe a thionscnamh. Molann sé gur chóir, nuair a bheadh deis air, Rialacháin I.R. Uimh. 178 de 1975 a aisghairm agus a dtéarmaí a chorprú i reacht leasaitheach.


20. Admháil

Ba mhaith leis an gComhchoiste a bhuíochas a ghabháil as ucht na cabhrach a fuair sé ó Bhiúró Gluaisteánaithe Cuartaíochta na hÉireann agus ó Chomhlachas na nGluaisteán le linn an ionstraim seo a bheith á breithniú aige.


(Síniú) CATHAL Ó hEOCHAIDH,


Cathaoirleach an Chomhchoiste.


11 Nollaig, 1975.