Committee Reports::Report No. 20 - Poultry Meat Trade::10 December, 1975::Report

TUARASCÁIL

1. Réamhrá

Sa tuarascáil seo, tá beartaithe ag an gComhchoiste déileáil le tograí éagsúla ón gCoimisiún atá scrúdaithe aige. Ó thaobh prionsabail níl aon chur in aghaidh aon togra díobh ag an gComhchoiste agus níl faoi ach tagairt do phointí áirithe.


2. Staitistic Iompair

Scrúdaigh an Comhchoiste dhá thogra le haghaidh Treoracha ón gComhairle i dtaobh tuairisceáin a bheadh bunaithe ar staitistic réigiúnach maidir le (a) iompar idirnáisiúnta earraí de bhóthar (R/1822/75) agus (b) iompar náisiúnta earraí de bhóthar (R/1489/74). Cuireadh togra (R/1822/75) chuig an gComhairle an 30 Meitheamh, 1975, agus tá an togra eile os comhair na Comhairle ó 1971.


Tugann an Comhchoiste dá aire go mbaineann an dá thogra le faisnéis a theastaíonn ón gCoimisiún a bhailiú chun an comhbheartas iompair a riaradh. Measann sé gur chóir go n-íocfadh buiséad na gComhphobal as an gcostas a bhaineann le suirbhéireachtaí staitisticiúla a dhéantar d’aontoisc chun críocha an Chomhphobail. Tá súil aige go leagfar béim ar leith ar an bpointe sin i gcás an dá thogra.


3. Cabhair ón gComhphobal do Thionscadail in Earnáil na Hidreacarbón

Foráiltear le Rialachán Uimh. 3056/73/CEE go mbeidh tacaíocht le fáil ag tionscadail de chuid an Chomhphobail in earnáil na hidreacarbón. Glactar le hiarratais tar éis don Chomhairle, ag gníomhú di ar thogra ón gCoimisiún, cinneadh d’aontoil a thabhairt. Scrúdaigh an Chomhchoiste togra an 3 Meán Fómhair, 1975, ón gCoimisiún (R/2169/75) chun tacaíocht a thabhairt do 38 dtionscadal i bhfoirm fóirdheontas ab iníoctha dá mbeadh torthaí oibre na dtionscadal sin sásúil ó thaobh tráchtála.


Tugann an Comhchoiste faoi deara gur le gnólacht Éireannach ceann de an tionscadail atá molta—tionscadal le haghaidh córas uirlise feithicle faoi uisce. Cuireadh in iúl don Chomhchoiste gur cuireadh dhá thionscadal Éireannacha eile faoi bhráid an Choimisiúin ach nach bhfuil siad á moladh.


4. Tacsaiméadar

Scrúdaigh an Comhchoiste freisin togra le haghaidh Treoir ón gComhairle chun dlíthe na mBallstát i leith tacsaiméadair a chomhfhogasú (R/1869/75). Is é is aidhm don togra seo a áirithiú go bhféadfar tacsaiméadair dár tugadh formheas phatrún CEE agus ar a bhfuil siombal phatrún agus mharc aitheantais CEE a chur ar an margadh in aon Bhallstát.


Sa tír seo, ní trealamh éigeantach an tacsaiméadar i bhfeithiclí fruilíochta poiblí ach amháin i mBaile Átha Cliath agus i gCorcaigh. Ón mBreatain a allmhairítear na tacsaiméadair go léir a úsáidtear sa tír seo agus ní mhaireann siad ach deich mbliana nó mar sin. Ní thitfidh aon chostas breise ar úinéirí tacsaí má ghlactar leis an Treoir atá molta, mar nach mbeidh d’iallach orthu athrú go dtí tacsaiméadair CEE. Níl i gceist sa Treoir ach a áirithiú nach bhféadfadh na Ballstáit cosc a chur le tacsaiméadair CEE a theacht ar an margadh.


Chuirfeadh an Treoir bheartaithe dualgais áirithe ar údaráis náisiúnta maidir le coigeartú uirlisí, le rialú agus iniúchadh rátaí táille agus le scrúdú uirlisí. Tá foráil reachtúil i bhfeidhm sa tír seo cheana féin chun na nithe sin a dhéanamh ach is dóigh leis an gComhchoiste go mbfhéidir go mbeadh rialacháin iomchuí áirithe le leasú má ghlactar leis an Treoir.


5. Leasaithigh i mBianna

Foráiltear le Treoir 64/54/CEE, arna leasú, na leasaithigh a fhéadfar a úsáid i mbianna don duine. Bunaíonn Treoir 65/66/CEE, arna leasú, caighdeaín íonachta do leasaithigh cheadaithe. Cuireadh na Treoracha sin i ngníomh sa tír seo leis na Rialacháin Sláinte (Leasaithigh i mBia), 1973 [I.R. Uimh. 147 de 1973].


Scrúdaigh an Comhchoiste trí thogra mar leasú ar na Treoracha bunaidh san ábhar seo. Molann togra R/1518/75 caighdeáin íonachta a shonrú i gcás ocht gcinn de na leasaithigh a cheadaítear le Treoir 64/54/CEE, arna leasú. Is é is aidhm do R/1551/75 agus R/2525/75 Treoir 64/54/CEE (liosta de leasaithigh cheadaithe) agus Treoir 65/66/CEE (caighdeáin íonachta) a leasú i gcás trí leasaitheach nua. Má ghlactar leis na tograí sin is dócha go mbeidh rialacháin na hÉireann le leasú.


Sa mhéid gur féidir de réir na dtograí leasaithigh bhreise a úsáid, féadfar a mheas go n-éascaíonn siad cás na monaróirí. Sa mhéid a bhaineann leis an ní eile, is é sin, caighdeán íonachta a bhunú, cuireadh i bhfios don Chomhchoiste nach mbeidh aon deacracht ann i gcás monaróirí na hÉireann.


6. Síol Colza agus Ráibe

Mhol an Coimisiún leasú ar Rialachán Uimh. 657/75/CEE d’fhonn caighdeán níos ísle de chion ola a shocrú le haghaidh síol colza agus ráibe a cháileodh le haghaidh idirghabhála (R/1736/75). Is beag baint atá ag an togra leis an tír seo mar nach bhfástar aon síol colza ná ráibe anseo, ach ó tharla gurb é is aidhm dó táirgí a chur ar fáil a mbeidh cion íseal d’aigéad earúcach iontu tá baint aige leis an togra le haghaidh na Treorach atá i gceist anseo thíos.


7. Aigéad Earúcach i Saillte, Ola agus Margairín

Scrúdaigh an Comhchoiste an togra le haghaidh Treorach a shocródh an cion uasta d’aigéad earúcach i saillte, ola agus margairín don duine (R/1736/75).


Cuireadh in iúl don Chomhchoiste nach dócha go mbeidh poinn éifeachta ag na caighdeáin atá molta ar thrádáil sa tír seo.


(Siniú) CATHAL Ó hEOCHAIDH,


Cathaoirleach an Chomhchoiste.


11 Nollaig, 1975.