Committee Reports::Report No. 18 - Driving Licences and Road-Worthiness Tests::10 December, 1975::Report

TUARASCÁIL

A. RÉAMHRÁ

1. An Dréacht-Treoir

Bhreithnigh an Comhchoiste na tograí seo a leanas:


R/1795/72

Dréacht-Treoir ar chomhchuibhiú na ndlíthe a bhaineann le ceadúnais tiomána feithiclí.

R/1614/74

Dréacht-Treoir leasaithe ar Chomhfhogasú dlíthe na mBallstát maidir le tástálacha ródacmhainneachta do mhótarfheithiclí agus a leantóirí.

Tá na tograí seo bunaithe ar Airteagal 75 de Chonradh CEE faoinar féidir leis an gComhairle bearta a ghlacadh maidir le Comhbheartas Iompair a chur i ngníomh.


Ghlac an Coimisiún le tograí ar an dá ábhar sin i gcéadóir i mí Iúil, 1972, agus mhol Parlaimint na hEorpa roinnt leasuithe tar éis di na tograí a bhreithniú agus fáiltiú rompu. Ag gníomhú dó faoi Airteagal 149 de Chonradh CEE, i Meitheamh 1974 leasaigh an Coimisiún a thograí i leith tástálacha ródacmhainneachta d’fhonn tuairim Pharlaimint na hEorpa agus an Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialach a chur san áireamh. Chuir an Coimisiún in iúl go bhfuil beartaithe aige glacadh freisin le togra leasaithe le haghaidh Treoir maidir le ceadúnais tiomána feithiclí, d’fhonn dearcadh na gcomhlachtaí sin a chur san áireamh ach níl na tograí leasaithe sin ar fáil fós.


Tuigtear nach dócha go ndéanfaidh an Chomhairle cinneadh ina leith go luath.


B. CEADÚNAIS TIOMÁNA

2. Tograí an Choimisiúin

Is é is aidhm do thograí an Choimisiúin gluaiseacht tráchta de bhóthar idir tíortha an Chomhphobail a éascú, saoirse ghluaiseachta agus bhunaíochta a chur chun cinn d’oibritheoirí iompair agus cuidiú le sábháilteacht ar bhóithre atá ag éirí níos gnóthaí in aghaidh an lae. Bheadh socrú sa Dréacht-Treoir maidir leis na nithe seo a leanas:—


(a) foirm chaighdeánach ceadúnas agus sin a eisiúint de réir nós imeachta chaighdeánaithe;


(b) aicmí comhionanna d’fheithiclí ar gá ceadúnais dóibh;


(c) bailíocht cheadúnais in aicme amháin a bheith mar chumhdach d’fheithiclí in aicmí is ísle ná sin;


(d) coinníollacha maidir leis an aois íosta le haghaidh ceadúnas sna haicmí éagsúla;


(e) scrúdúcháin d’iarratasóirí;


(f) luasteorainneacha agus comhartha aitheantais do thiománaithe foghlama;


(g) scrúdúcháin liachta go tréimhsiúil i gcás tiománaithe;


(h) aitheantas frithpháirteach do cheadúnais láithreacha;


(i) cláir náisiúnta de thiománaithe a ciontaíodh i gcionta agus malartú faisnéise ina dtaobh; agus


(j) fionraí, i gcás cionta, ar cheadúnais a eisíodh i mBallstát eile.


3. Dearcadh an Chomhchoiste

Taobhaíonn an Comhchoiste leis na haidhmeanna atá i dtograí an Choimisiúin agus measann sé má ghlactar leis an Treoir bheartaithe gur chabhair í chun na haidhmeanna sin a bhaint amach. Ba mhaith leis, áfach, go leasófaí na tograí ar bhealaí áirithe agus tá roinnt forálacha sa dréacht nach dtig leis tacú leo ach ar choinníollacha áirithe. Is iad seo a leanas na forálacha áirithe is cúram leis an gComhchoiste:—


(i) Aois


Faoin Treoir cheapfaí 16 bliana agus 18 mbliana faoi seach mar aois íosta le haghaidh ceadúnas tiomána do mhótar-rothair ar mó ná 40 km san uair a chloig a luas ceaptha agus do ghluaisteáin. 18 mbliana an aois in Éirinn do mhótar-rothair ach, i gcás mótarrothair ar lú ná 150 cc a dtoilleamh sorcórach 16 bliana an aois, agus 17 mbliana an aois do ghluaisteáin.


Is íonadh leis an gComhchoiste nach mbeadh aon fhoráil sa Treoir le haghaidh ceadúnais tiomána do rothair le mótar cabhrach nó do mhótar-rothair nach mó ná 40 km san uair a chloig a luas ceaptha. Creideann sé gur chóir ceadúnas a bheith ag gach duine a bhíonn ag tiomáint ar an mbóthar. I dtaca le gluaisteáin, measann sé gur chéim siar é, chomh fada is a bhaineann leis an tír seo, an aois a ardú ó 17 go 18. Tugann sé dá aire gur mhol Parlaimint na hEorpa de mhaolú ar na forálacha ginearálta go bhfanfadh 17 mar aois íosta go ceann cúig bliana sna tíortha a bhfuil an coinníoll sin i bhfeidhm iontu faoi láthair. Sa tréimhse sin ba chóir don Choimisiún suirbhéireacht mhionchruinn a dhéanamh ar na rátaí tionóisce do thiománaithe 17 mbliana i gcomparáid leis na rátaí do thiománaithe 18 mbliana chun go bhféadfar teacht ar chinneadh críochnaitheach maidir leis an aois íosta. Bheadh glacadh ag an gComhchoiste leis an moladh sin mar chomhréiteach réasúnach.


Tugann an Comhchoiste dá aire go mbeadh 21 bliain á shocrú faoin Treoir mar aois íosta i gcás tarracóirí talmhaíochta i gcomparáid le 17 mbliana atá i bhfeidhm mar aois íosta sa tír seo. Measann sé nach mbeadh glacadh in aon chor ag an bpobal talmhaíochta leis an athrú sin, agus an ceart acu, agus molann sé go gcuirfí go dian in aghaidh na forála sin.


(ii) Scrúdúcháin


Chuirfeadh an Treoir faoi deara go mbeadh ar an té a bheadh ag iarraidh ceadúnais scrúdú praiticiúil agus teoiriciúil, liachta agus síceolaíochta a sheasamh. Chuirfeadh sé faoi deara freisin ar dhaoine a bhfuil ceadúnais acu dul faoi scrúdú liachta tráthanna áirithe mar a leanas:—


gach 5 bliana i gcás duine faoi bhun 50 bliain d’aois;


gach 2 bhliain i gcás duine idir 50 agus 65 nó duine míchumasaithe;


gach bliain i gcás duine os cionn 65.


Bheadh ar dhuine a bhfuil ceadúnas aige dul faoi scrúdú liachta má bhain díobháil dó a thug air breis agus seachtain a chaitheamh in ospidéal.


Sa tír seo bíonn ar dhuine atá ag iarraidh ceadúnais tiomána ceisteanna béil a fhreagairt go sásúil ar theoiric na tiomána agus dul faoi thastáil phraiticiúil. I gcás tiománaithe os cionn 70 bliain d’aois agus, i ndálaí áirithe, daoine míchumasaithe, ní mór deimhniú inniúlachta ó dhochtúir a chur ar fáil gach bliain. Féadfar freisin, le hordú cúirte, duine a dhícháiliú chun ceadúnas a bheith aige go dtí go gcuirfidh sé deimhniú inniúlachta ó dhochtúir ar fáil.


Tá na scrúdúcháin atá beartaithe faoin Dréacht-Treoir chomh gabhlánach sin gur dócha go dtitfeadh costas trom ar an Státchiste dá mbarr agus bheadh faitíos ar an gComhchoiste nach mbeadh an toradh ag cur leis an gcostas trom. Creideann sé go bhféadfadh scrúdúchán síceolaíochta a bheith fóinteach ach go mbeadh sé costasach agus deacair foireann oilte a chur ar fáil leis na tástálacha a dhéanamh. Creideann sé go háirithe go gcuirfeadh na scrúdúcháin éagsúla liachta atá beartaithe ualach rímhór ar acmhainní atá faoi mhuirear róthrom cheana féin, agus tá an Comhchoiste in amhras go mór an mbeadh na bóithre níos sábháilte dá mbarr.


(iii) Feithiclí Earraí


Chuirfeadh an Treoir bheartaithe faoi deara feithiclí earraí a aicmiú faoi réir an uasmheáchain ualaithe is ceadaithe, i gcás ceadúnais tiománaithe. Is de réir an mheáchain neamhualaithe a dhéantar an t-aicmiú in Éirinn.


Cuireadh i bhfios don Chomhchoiste go mbeadh fadhbanna riaracháin le sárú sa tír seo dá ndéanfaí an t-athrú atá beartaithe. Aontaíonn an Comhchoiste gur dócha go mbeadh sin amhlaidh ach go mbíonn a leithéid i gceist i gcónaí, a bheag nó a mhór, nuair a bhíonn dlíthe náisiúnta á gcomhchuibhiú. Nuair a aicmítear feithiclí de réir an mheáchain ualaithe déantar teorainneacha ualaigh atá sábháilte d’fheithiclí a leagan síos, agus d’fhéadfadh tábhacht ar leith a bheith leis sin chun na bóithre a dhéanamh níos sábháilte.


C. TÁSTÁLACHA RÓDACMHAINNEACHTA

4. Tograí an Choimisiúin

Tá na tograí bunaithe ar an moladh gur chóir don Chomhbheartas lompair féachaint le sábháilteacht bhreise a chur ar fáil ar na bóithre agus le hiomaíocht a chomhchuibhiú trí chealú na n-éagsúlachtaí atá sna córais náisiúnta chun feithiclí a thástáil. Chuirfeadh an Dréacht-Treoir faoi deara mótarfheithiclí agus leantóirí a thástáil go héigeantach agus leagann sí amach na tráthanna a mbeadh na tástálacha sin le déanamh, na feithiclí a bheadh le scrúdú agus na nithe a bheadh le tástáil, maille le modh agus coinníollacha na dtástálacha sin. Bheadh gluaisteáin phríobháideacha le tástáil ceithre bliana tar éis a gcláraithe agus gach bliain dá éis sin agus, i gcás feithiclí eile, bheadh an tástáil le déanamh níos minice. Is ar shealbhóir dheimhniú cláraitheachta na feithicle a bheadh sé de fhreagracht a áirithiú go ndéanfaí na tástálacha sin agus bheadh air an costas a íoc. D’fhéadfaí na tástálacha a dhéanamh i stáisiúin tástála faoi urlámhas an Stáit nó i ngaráistí ceadaithe nó ag gníomhaireachtaí tástála ceaptha.


5. Dearcadh an Chomhchoiste

Níl aon socrú reachtúil sa tír seo chun mótarfheithiclí a thástáil go ginearálta agus d’fhéadfadh sé bheith costasach an Treoir bheartaithe a chur i bhfeidhm. Is dócha gur ar thiománaithe gluaisteán a thitfeadh tromlach an ualaigh, agus ní beag in aon chor a bhfuil d’ardú tagtha ar chostas gluaisteánaíochta le blianta beaga anuas. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, a fháil amach an mbeadh na buntáistí a leanfadh as na tástálacha ag cur leis an gcostas a mheastar dóibh. Tugadh le fios don Choiste gurb iad na tiománaithe féin is siocair le 85% de thionóiscí bóthair agus gur tosca aeráide agus bonneagair agus feithiclí lochtacha is cúis leis an 15% eile. Dhealródh sé as an tuarascáil (doiciméad 343/73) ón gCoiste um Beartas agus Iompar Réigiúnach ó Pharlaimint na hEorpa gur mar sin atá i dtíortha eile freisin. Ní luífeadh sé le ciall dá bhrí sin a mheas go ndéanfadh na tástálacha atá beartaithe aon difear mór do shábháilteacht ar na bóithre. Más amhlaidh atá an scéal baineann tábhacht mhór le costas na scéime. Chuir an Roinn Rialtais Áitiúil in iúl don Chomhchoiste nach féidir léi socrú ar aon mheastachán costais go dtí go mbeadh dul chun cinn déanta maidir leis an Treoir bheartaithe. In éagmais an mheastacháin sin ní féidir leis an gComhchoiste tacú go dearfa leis an Treoir bheartaithe.


(Siniú) CATHAL Ó hEOCHAIDH.


Cathaoirleach an Chomhchoiste.


10 Nollaig, 1975.