Committee Reports::Report No. 05 - European Parliament Budgetary Powers::07 May, 1975::Report

TUARASCÁIL

A. BROLLACH

1. Tograí chun Cumhachtaí Buiséadachta na Parlaiminte a neartú

Tá Comhairle na nAirí, ar fhoras aighneachtaí a chuir an Coimisiún faoina bráid, tar éis aontú le tograí do neartú cumhachtaí buiséadachta Pharlaimint na hEorpa. Tá na tograí sin os comhair Pharlaimint na hEorpa anois, agus má táthar chun iad a chur i ngníomh, beidh ar na Ballstáit iad a dhaingniú ar deireadh de réir a gceanglas bunreachtúla faoi seach. Tá an Comhchoiste tar éis aontú ar an tuarascáil seo tar éis dó na doiciméid a bhreithniú a bhaineann leis na tograí agus atá ar liosta sa Sceideal a ghabhann leis an tuarascáil.


2. Téarmaíocht

In Éirinn ciallaíonn an téarma “Cáinaisnéis”, nó Budget sa Bhéarla, tograí cánachais, agus ní úsáidtear é ach i ndáil le tograí bliantúla an Aire Airgeadais chun ioncam a choigeartú de réir caiteachais mheasta an Rialtais. Déanann an Dáil caiteachas measta an Rialtais a bhreithniú agus a údarú ar leithligh. Ach i bParlaimintí na Mór-roinne, ciallaíonn an Buiséad na tograí reachtaíochta a fhormheasann ioncam agus caiteachas measta an Fheidhmiúcháin. Leanann na Comhphobail Eorpacha cleachtas na Mór-roinne. [Féach, mar shampla, Airteagal 203 de Chonradh CEE, arna leasú].


Feicfear gurb ionann go substainteach cumhachtaí buiséadachta Pharlaimint na hEorpa, láithreach agus beartaithe, agus cumhachtaí ar chaiteachas beartaithe institiúidí na gComhphobal. Má tá na cumhachtaí sin le cur i gcomparáid le cumhachtaí na Dála is le cumhachtaí na Dála maidir leis na Meastacháin bhliantúla agus leis an mBille Leithreasa is ceart an chomparáid a dhéanamh, agus ní le cumhachtaí na Dála maidir leis na Rúin Airgeadais (Cáinaisnéis) agus leis an mBille Airgeadais.


3. Cúlra

Tá an cás ar shon urlámh a bheith ag Parlaimint na hEorpa ar chaiteachas institiúidí an Chomhphobail bunaithe ar an tairiscint gur ag an bParlaimint amháin atá sé, i ngach daonlathas parlaiminteach, caiteachas nua a fhormheas, flú nuair a dhéanann an bunreacht an ceart chun caiteachas mar sin a thairiscint a choinneáil ar leithligh don Fheidhmiúchán. [Rún an 5/10/1973 ó Pharlaimint na hEorpa: mír 10]. Faoi chóras bunaidh an Chomhphobail bhí cumhacht eisiatach ag an gComhairle, comhlacht feidhmiúcháin, a chinneadh cad é an caiteachas a mhuirearófaí ar an mBuiséad. Faoi Chonradh Lucsamburg 1970 tugadh roinnt cumhachtaí buiséadachta don Pharlaimint, go háirithe ar an gcuid bheag sin den Bhuiséad a bhaineann le feidhmiú na gComhphobal ar leithligh ón mórchuid a thagann díreach d’oibriú rialacha na gComhphobal, rialacha a dhíorthaíonn ó na Conarthaí.


Is cóir a lua go ndéanann Bunreacht na hÉireann an ceart chun caiteachas mar sin a thairiscint a choinneáil ar leithligh don Fheidhmiúchán. Tá d’éifeacht le hAirteagal 17.2° den Bhunreacht go gcuireann sé ar chumas an Rialtais féin a chinneadh cén uasteorainn a bheidh lena chaiteachas féin cé go bhfuil an chumhacht de réir dlí ag an Dáil diúltú an caiteachas sin a údarú go hiomlán nó go páirteach.


B. BUISÉAD NA gCOMHPHOBAL

4. Acmhainní an Chomhphobail

De thoradh tograí lenar glacadh i 1970 beidh acmhainní dílse na gComhphobal le cur in ionad ranníocaí airgeadais ó Bhallstáit. Nuair a bheidh an córas sin ag obair go lánfheidhmeach cinnteoidh sé go n-íocfar caiteachas ó na trí acmhainní seo a leanas a bheidh ag faibhriú go huathoibreach chun na gComhphobal:—


(a)Tobhaigh ar allmhairí táirgí talmhaíochta;


(b)Comhtharaif Chustam na gComhphobal; agus


(c)Scair den fháltas ó CB nach rachaidh thar an toradh ó ráta 1% nó ranníocaí airgeadais de réir scála chinnte.


Faoi láthair tá na hacmhainní ag (a) agus (b) [faoi réir aisíoc 10% chun costais bailithe ar na Ballstáit a ghlanadh] ar fáil ag na Comhphobail, ach go dtí go gcinnfear ar fhoras measúnachta comhchoiteann, níl aon fháltas ar fáil go fóill ó CB. Ina ionad sin faoi láthair tá ranníocaí airgeadais á bhfáil díreach ó na Ballstáit atá bunaithe ar a gcuid scaireanna faoi leith de ON an Chomhphobail.


Toisc go bhfuil na hacmhainní is infhaibhrithe faoi (a) agus (b) ag brath ar phátrúin trádála agus go bhfuil ranníocaí díreacha na mBallstát socair, tá socrú ann chun neamhchothroime buiséadachta a sheachaint trí scair iomlán gach Ballstáit ar leith sa Bhuiséad a athrú ó bhliain go bliain.


D’fhonn riaradh ar agóidí na Breataine, rinne na Cinn Rialtais ag Coinne Mullaigh Bhaile Átha Cliath le déanaí sás ceartúcháin a thionscnamh trína dtabharfaí aisíoc do Bhallstát ar lú a ráta fáis ná ráta fáis a chomhpháirtithe dá mba rud é gur mhó de 10% a ranníoc Buiséid ná a scair de ON an Chomhphobail.


5. Ranníoc na hÉireann leis an mBuiséad

I gcás na hÉireann ní bheidh feidhm go dtí 1980 ag an gcóras iomlán acmhainní dílse mar atá luaite thuas. Idir an dá linn, trí fheidhm an Chonradh Aontachais, ní bheidh sa scair seo againne ach céatadán beag, a bheidh ag méadú, de shuim a dhéanfar amach trí “acmhainní dílse” agus ár ranníoc airgeadais díreach (atá bunaithe ar mheas-scair de ON na gComhphobal) a shuimiú. I 1975 is é ár ranníoc iomlán uasta 0.4284% den Bhuiséad. Mar gheall ar na fáltais mós arda a bhailítear ó dhleachtanna Custam, is as “acmhainní dílse” ar fad a glanadh ár ndliteanas go dtí seo ach dealraíonn sé ó mheastacháin reatha go mbeidh athrú ar an scéal sin tar éis na bliana seo.


6. Struchtúr an bhuiséid

Tá ceithre roinn faoi leith i mBuiséad na gComhphobal Eorpach a bhaineann faoi seach le Parlaimint na hEorpa, Comhairle na nAirí, an Coimisiún Eorpach agus an Chúirt Bhreithiúnais. I roinn an Choimisiúin atá na Leithreasaí le haghaidh mór-réimsí gníomhaíochta an Chomhphobail, i.e., Ciste Sóisialach na hEorpa, an Ciste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta, an Ciste Eorpach um Threoireacht Talmhaíochta agus an Clár Taighde agus Infheistíochta. Beidh an Ciste um Fhorbairt Réigiúnach ann freisin. Sin í an roinn is tábhachtaí, ar ndóighe, agus tógfaidh sí tuairim 98% d’iomlán buiséad 1975.


7. Caiteachas na gComhphobal a ghlanadh

Ón mbuiséad ginearálta a sholáthraítear airgead d’fhormhór gníomh-aíochtaí an Chomhphobail ach déantar soláthar faoi shocruithe ar leithligh do mhíreanna áirithe. Cuir i gcás, déanann Ballstáit airgead don Chiste um Fhorbairt na hEorpa agus cúnamh airgeadais don Tuirc a sholáthar go díreach, de réir scálaí speisialta ar ar comhaontaíodh, agus féadfar airgead a sholáthar sa tslí chéanna do Chláir fhorlíontacha Euratom.


8. An buiséad a ghlacadh

Tosaíonn an bhliain airgeadais an 1 Eanáir agus críochnaíonn sí an 31 Nollaig. Tosaítear ar an dréacht-Bhuiséad ginearálta do gach bliain a ullmhú sa Choimisiún tráth nach déanaí ná an 1 Iúil sa bhliain roimhe sin. Déanann an Coimisiún na dréacht-mheastacháin do na ranna éagsúla a chomhdhlúthú agus cuireann sé an réamhdhréacht buiséid faoi bhráid na Comhairle tráth nach déanaí ná an 1 Meán Fómhair gach bliain. Déanann an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe*, an dréacht-bhuiséad a bhunú (i.e. déanann sí cinneadh ar na leithreasaí iomchuí) agus cuireann sí faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa é roimh an 5 Deireadh Fómhair fara meabhrán ag míniú príomh-threoghluaiseacht an bhuiséid agus na gcúiseanna faoi imeacht ón réamhdhréacht buiséid.


Ní foláir don Pharlaimint gníomhú laistigh de 45 lá ón am a chuirtear an dréacht-bhuiséad faoina bráid. Má fhormheasann sí é, sin an buiséad glactha go críochnaitheach. Ach laistigh de theorainneacha áirithe tá sé de cheart ag an bParlaimint modhnuithe a thairiscint nó leasuithe a ghlacadh, agus tá na modhnuithe agus na leasuithe sin faoi thrácht sa chéad roinn eile den tuarascáil seo. Má fheidhmíonn sí an ceart sin, déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, an cinneadh críochnaitheach ar na modhnuithe a tairgeadh. Féadfaidh sí freisin modhnuithe a thairiscint í féin ar na leasuithe a ghlac an Pharlaimint agus déanfaidh an Pharlaimint an cinneadh críochnaitheach ar aon mhodhnú mar sin laistigh de 15 lá ag gníomhú di trí thromlach a cuid comhaltaí agus 3/5 de na vótaí a caitheadh.


C. CUMHACHTAÍ LÁITHREACHA PHARLAIMINT NA hEORPA MAIDIR LEIS AN mBUISÉAD

9. Caiteachas oibleagáideach agus caiteachas neamh-oibleagáideach

Tá sé de cheart ag an bparlaimint faoi na Conarthaí faoi láthair


(a)maidir le caiteachas a thiocfaidh ó riachtanas de dhroim na gConarthaí nó de dhroim gníomhartha lenar glacadh dá réir modhnú a thairiscint (ag gníomhú di trí thromlach glan na vótaí a caitheadh) don Chomhairle, agus


(b)maidir le caiteachas eile, an Buiséad a leasú (ag gníomhú di trí thromlach a Comhaltaí).


Is gnách “caiteachas oibleagáideach” a thabhairt ar an gcaiteachas dá dtagraítear ag (a) agus “caiteachas neamh-oibleagáideach” a thabhairt air sin a luaitear i (b).


De bhua dearbhú an 22 Aibreán, 1970 ón gComhairle is é a bhí, beagnach ar fad, go dtí seo i gcaiteachas neamh-oibleagáideach costais riaracháin ab ionann agus 3%-4% den bhuiséad iomlán. Toisc go bhfuil an Ciste Sóisialach ar áireamh ann anois tógann sé suas 15% den iomlán.


Chuir an Coimisiún an Ciste Sóisialach san aicme neamh-oibleagáideach agus ghlac an Chomhairle leis sa cháil sin toisc nár cuireadh teorainn trí Rialachán leis an gcaiteachas iomlán ón gCiste agus dá chionn sin go bhféadfar é a áireamh mar ní nach dtiocfaidh ó riachtanas de dhroim gníomh a ghlacadh de réir Chonradh CEE. Bhí Parlaimint na hEorpa ag iarraidh go gcuirfí an Ciste um Fhorbairt Réigiúnach san aicme sin freisin ach bhí an Chomhairle á áiteamh, toisc go raibh an caiteachas beartaithe socraithe le Rialachán i leith na dtrí mblian seo atá ag teacht, go gcaithfí é a áireamh mar ní oibleagáideach sa tréimhse sin ar a laghad.


Ní sheasann modhnuithe ar chaiteachas oibleagáideach mura mbeidh siad formheasta ag an gComhairle ag gníomhú di trí thromlach cáilithe. Cé go bhféadfadh an Chomhairle na leasuithe ar chaiteachas neamh-oibleagáideach a mhodhnú is í an Pharlaimint a dhéanann an cinneadh críochnaitheach ar mhodhnuithe den sórt sin agus déanann sí sin sa tslí a thuairiscítear in alt 8 den tuarascáil seo.


10. Teorainn le cumhacht na Parlaiminte chun caiteachas neamh-oibleagáideach a mhéadú

Áirítear ar chumhacht na Parlaiminte chun na forálacha buiséadachta a leasú maidir le caiteachas neamh-oibleagáideach an ceart chun méid iomlán an chaiteachais sin a mhéadú ach tá teorainn mar seo a leanas lena cumhacht chuige sin.


Déanann an Coimisiún sa chéad ásc uasráta méadaithe a shocrú don bhliain thar caiteachas na bliana roimhe sin. Tá an t-uasráta ina cheangal ar an gComhairle agus an buiséad á bhreithniú aici. Má théann an Chomhairle thar leath an uasráta agus í ag méadú an tsoláthair le haghaidh caiteachais neamh-oibleagáidigh, féadfaidh an Pharlaimint an caiteachas a mhéadú suas go dtí leath an uasráta arís. (Mar shampla, má socraíodh gur 10% an t-uasráta agus gur mhéadaigh an Chomhairle an caiteachas 6% d’fhéadfadh an Pharlaimint ansin é a mhéadú 5% sa bhreis ionas go mbeadh 11% ar fad de mhéadú air). Mura ndéana an Chomhairle an caiteachas neamh-oibleagáideach beartaithe a mhéadú de mhéid níos mó ná leath an uasráta, d’fhágfadh sin go bhféadfadh an Pharlaimint fós an méid iomlán a mhéadú ach gan iomlán an mhéadaithe do dhul thar an uasráta. Déantar an t-uasráta, mar a shocraíonn an Coimisiún é, a ríomh faoi threoir na treoghluaiseachta, i dtéarmaí toirte, a bhíonn ar an ON sa Chomhphobal, meán-athrú idir buiséid na mBallstát agus treoghluaiseacht an chostais mhaireachtála i gcaitheamh na bliana roimhe sin. Má tharlaíonn, i gcúinsí eisceachtúla, go measfaidh an Pharlaimint, an Chomhairle nó an Coimisiún go bhfuil an ráta a socraíodh ró-íseal, is féidir uasráta nua a shocrú trí chomhaontú idir an gComhairle (ag gníomhú di trí thromlach cáilithe) agus an Pharlaimint (ag gníomhú di trí thromlach a cuid comhaltaí agus trí-chúigiú de na vótaí a caitheadh).


D. AN NEARTÚ ATÁ BEARTAITHE A DHÉANAMH AR CHUMHACHTAÍ BUISÉADACHTA PHARLAIMINT NA hEORPA

Tá na cumhachtaí (beartaithe) nua atá le tabhairt don Pharlaimint maidir leis an mBuiséad leagtha amach anseo thíos. Ar leithligh ón mbeartas idir-réitigh beartaithe thabharfadh na hathruithe go leasófaí na Conarthaí bunaidh.


11. Modhnuithe ar chaiteachas oibleagáideach

Beadh cumhacht ag Parlaimint na hEorpa, maidir le caiteachas oibleagáideach, chun modhnuithe a thairiscint do mhodhnú suimeanna a dáileadh faoi mhírcheanna éagsúla ach nach dtiocfadh den ghlan-toradh go mbeadh méadú ar an gcaiteachas iomlán a beartaíodh d’aon institiúid áirithe. Ba mhodhnú críochnaitheach aon mhodhnú den sórt sin mura ndiúltódh an Chomhairle dó ag gníomhú di trí thromlach cáilithe. Bheadh d’éifeacht leis sin go gcuirfeadh sé ina mhalairt de riocht an cor láithreach, is é sin, nach seasann modhnuithe a thairgeann an Pharlaimint mura nglacann an Chomhairle leo ag gníomhú di trí thromlach cáilithe.


12. Cumhacht chun diúltú don dréacht-bhuiséad ina iomláine

Bheadh sé de chumhacht ag an bParlaimint, ag gníomhú di trí thromlach a cuid comhaltaí agus dhá dtrian de na vótaí a caitheadh, diúltú don dréacht-bhuiséad ina iomláine, dá mbeadh cúiseanna tábhachtacha ann leis sin a dhéanamh, agus a iarraidh go gcuirfí dréacht nua faoina bráid.


13. Cúirt Iniúchóirí

Déanfaí Cúirt Iniúchóirí, a ghabhfadh ionad an Bhoird Iniúchóireachta atá ann faoi láthair, a bhunú chun iniúchadh a dhéanamh ar chuntais Institiúidí na gComhphobal agus comhlachtaí eile a bhunaigh na Comhphobail i gcás ina bhforálann an ionstraim comhdhéantacháin amhlaidh. Chabhródh an Chúirt leis an bParlaimint agus leis an gComhairle agus iadsan ag oibriú a gceartanna rialúcháin ar fheidhmiú an bhuiséid agus d’oibreoidís go dlúthpháirteach le Coiste Cuntas na Parlaiminte féin.


Naonúr comhalta a bheadh ar an gCúirt agus is í an Chomhairle a cheapfadh iad ag gníomhú di d’aontoil tar éis dul i gcomhairle leis an bParlaimint.


14. Urscaoileadh don Choimisiún i leith an bhuiséid

Faoi láthair forálann na Conarthaí go dtabharfaidh an Chomhairle agus an Tionól (Parlaimint na hEorpa) urscaoileadh don Choimisiún i leith an buiséad a chur i ngníomh. Forálann an leasú beartaithe gurb í Parlaimint na hEorpa amháin a fheidhmeodh an fheidhm sin. Ghníomhódh sí, áfach, ar mholadh ón gComhairle ag gníomhú di trí thromlach cáilithe.


15. Nós imeachta idir-réitigh a bhunú

Bunófaí Nós Imeachta Idir-réitigh ionas go bhféadfaí teacht ar chomhaontú idir an gComhairle agus an Pharlaimint ar ghníomhartha de chuid an Chomhphobail a bhfuil feidhm ghinearálta leo agus a mbaineann impleachtaí tábhachtacha airgeadais leo agus nach gá a nglacadh de bhua gníomhartha atá ann cheana féin. Tionscnófaí é dá mbeadh ar intinn ag an gComhairle imeacht ón tuairim a thug an Pharlaimint. Thabharfadh an nós imeachta go mbunófaí Coiste Idir-réitigh arb iad a bheadh air an Chomhairle agus ionadaithe ón bParlaimint agus a mbeadh an Coimisiún páirteach ina chuid oibre. Sa Choiste sin, thabharfadh an Pharlaimint agus an Chomhairle faoi dhifríochtaí eatarthu a shocrú ar fhoras tograí a bheadh curtha ar aghaidh ag an gCoimisiún.


E. TÁTAIL AN CHOMHCHOISTE

16. Léargas ginearálta

I gcoitinne tá fáilte ag an gComhchoiste roimh bheartanna chun cumhachtaí buiséadachta Chomhairle na hEorpa a leathnú agus féachann sé orthu mar nithe a athneartaíonn an cás i bhfabhar toghcháin díreacha chun an chomhlachta sin a bheith ann go luath. I bprionsabal, áfach, níl aon rud aige in aghaidh urlámh a bheith ar deireadh thiar ag an bhFeidhmiúchán ar theorainn an chaiteachais. Is laghdú a bheag nó a mhór ar an bprionsabal sin an léasamh “caiteachas neamh-oibleagáid-each” ach is é tuairim an Chomhchoiste gur áis luachmhar é chun leathnú réasúnach a dhéanamh ar chumhachtaí na Parlaiminte i réim an airgeadais. De réir mar thiocfaidh cineálacha nua caiteachais Chomhphobail chun cinn a bhféadfaí iad a áireamh go cuí mar chaiteachas nach n-éiríonn ó riachtanas de dhroim oibleagáidí Conartha, ba cheart go bhfaigheadh an Pharlaimint go huathoibreach urlámh ar réimsí tábhachtacha caiteachais agus is sa treo sin ba mhaith leis an gComhchoiste a leathnódh cumhachtaí buiséadachta na Parlaiminte.


17. Modhnuithe ar chaiteachas oibleagáideach

Tá an Comhchoiste i bhfabhar an urlámh dheiridh ar chaiteachas oibleagáideach a fhágáil i láimh na Comhairle. Tugann sé dá aire go bhfuil beartaithe, ar choinníoll nach rachfar thar an iomlán don institiúid áirithe, go seasfadh modhnuithe ar chaiteachas oibleagáideach ag an bParlaimint mura gcuirfeadh an Chomhairle de leataobh iad ag gníomhú di trí thromlach cáilithe. Sa tslí sin, mar shampla, dá mba é an t-aon mhodhnú amháin a thairgfeadh an Pharlaimint laghdú a dhéanamh ar chaiteachas F.E.O.G.A. (beagnach 74% de bhuiséad 1975), sheasfadh sé mura ndiúltódh an Chomhairle dó. Toisc go mbeadh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, tar éis glacadh leis an dréachtbhuiséad cheana féin, d’fhéadfadh sé tarlú go mbeadh an tromlach cáilithe céanna ann a bheadh ag diúltú d’aon mhodhnú substaintiúil ach i gcás éideimhin d’fhéadfadh go mbeadh toradh cinnteach ar idirghabháil na Parlaiminte. Is ag an gComhairle, áfach, atá an urlámh deiridh agus dá réir sin fáiltíonn an Comhchoiste leis an athrú a bheartaítear ar mhaithe le stádas na Parlaiminte a ardú.


18. Diúltú don bhuiséad

Tugann an Comhchoiste dá aire, maidir le cumhacht bheartaithe na Parlaiminte an buiséad uile a dhiúltú ar chúiseanna tábhachtacha, nach cumhacht iomlán í ach gurb amhlaidh a chumasaíonn sí don Pharlaimint a cheangal go ndéanfaí a mhalairt de dhréacht-bhuiséad a chur faoina bráid. Glactar leis nach dtabharfaí an chumhacht don Pharlaimint an rud céanna a dhéanamh arís agus diúltú don dara dréacht. Gan amhras ba rí-dhian an beart diúltú don bhuiséad go léir sa chéad ásc agus is é is dóichí nach ndéanfaí a leithéid ach amháin i gcás géarchéime. Ar a shon sin, mar chumhacht chúltaca is tábhachtach an chumhacht í agus ba chóir go méadódh sí tionchar na Parlaiminte i réim na buiséadachta agus tacaíonn an Comhchoiste leis an togra sin.


19. Leasuithe ar chaiteachas neamh-oibleagáideach

Measann an Comhchoiste gur tábhachtach an chumhacht í sin atá ag an bParlaimint faoi láthair, is é sin, leasú a dhéanamh ar chaiteachas neamh-oibleagáideach lena n-áirítear an chumhacht chun caiteachas den sórt sin a mhéadú go feadh méid teoranta. Toisc go bhfuil aicmiú neamh-oibleagáideach déanta ar an gCiste Sóisialach tá an urlámh dheiridh faighte cheana féin ag an bParlaimint ar 15 faoin gcéad de chaiteachas iomlán an Bhuiséid. Fáiltíonn an Comhchoiste roimh an socrú sin agus bheadh sé i bhfabhar aicmiú neamh-oibleagáideach a dhéanamh ar aon chistí nua den tsamhail chéanna a bhunófaí. Ina theannta sin tacaíonn sé le tuairim na Parlaiminte féin gur chóir an Ciste um Fhorbairt Réigiúnach a áireamh mar chaiteachas neamh-oibleagáideach freisin agus tá súil aige go nglacfar ar deireadh thiar le tuairim na Parlaiminte. Leathnódh socruithe den sórt sin cumhacht na Parlaiminte chun baint le réimsí tábhachtacha de chaiteachas an Chomhphobail ar cheart, dar leis an gComhchoiste, iad a bheith faoi rialú parlaiminte.


20. Athruithe eile

Tacaíonn an Comhchoiste leis an Nós Imeachta Idir-réitigh nua a bheartaítear, leis an gCúirt Iniúchóirí beartaithe a bhunú agus le cumhacht, mar atá beartaithe, a thabhairt don Pharlaimint chun urscaoileadh a thabhairt don Choimisiún i leith an Buiséad a chur i ngníomh. Creideann sé go gcuideodh siad sin le tionchar na Parlaiminte do dhul i méid ar chúrsaí airgeadais na gComhphobal.


(Síniú) CATHAL Ó hEOCHAIDH,


Cathaoirleach an Chomhchoiste.


7 Bealtaine, 1975.


*(Faoi na Conarthaí ní mór, i gcás thromlaigh cháilithe, 41 vóta i bhfabhar, a chaith 6 chomhalta ar a laghad, as iomlán 58 vótaí, a bhfuil 3 díobh ag Éirinn).