Committee Reports::Report No. 10 - Disadvantaged Areas Scheme::04 June, 1975::Report

TUARASCÁIL

1. Treoir ó CEE

Tá an scéim ar a dtugtar Scéim na Limistéar faoi Mhíbhuntáiste faoi rialú na Treorach faoi Fheirmeoireacht Shléibhe agus Chnoic agus Feirmeoireacht i Limistéir Mhídheisiúla áirithe lenar ghlac Comhairle na nAirí an 28 Aibreán, 1975. Tá an Comhchoiste ag breithniú na scéime le roinnt míonna agus is mian leis anois tuarascáil a thabhairt ar a bhreithnithe.


2. Limistéir Cháilithe

Cuireann an Treoir ón gComhairle ar chumas Ballstát scéim chúnaimh a cheapadh chun feirmeoireacht a spreagadh agus ioncam feirmeoireachta a mhéadú i limistéir mhídheisiúla arb éard iad (a) limistéir shléibhe nó (b) limistéir atá i gcontúirt na daoine imeacht astu nó nach deimhin a bheith buan do dhreach na tíre iontu. Is den dara hearnáil acu sin na limistéir go léir in Éirinn ina n-oibreoidh an scéim, mar go meastar nach bhfuil aon limistéar sa tír seo ina bhfuil na dálaí maidir le réimse tíre a shonraítear chun an limistéar a áireamh sa chéad earnáil. Ionas go mbeadh limistéar cáilithe le háireamh sa dara hearnáil acu sin ní mór na hairíona seo a leanas go léir a bheith ann i gcomhthráth mar atá leagtha amach sa Treoir:—


“(a) talamh neamhthorthúil a bheith ann, mí-oiriúnach le haghaidh curaíochta nó dian-saothraithe, taobh le tualaingeas teoranta nach inmhéadaithe ach amháin ar chostas ró-mhór, agus gur le haghaidh feirmeoireachta beostoic ar mórchóir is oiriúnaí é;


(b) mar gheall ar bheag-tháirgiúlacht sin na comhthimpeallachta, torthaí is lú go mór ná an meán, maidir leis na príomh-airíona a ghabhann le dálaí eacnamaíochta na talmhaíochta;


(c) pobal ar beag a líon nó a bhfuil a líon ag laghdú agus atá ag braith go formhór ar ghníomhaíocht talmhaíochta, agus a dtiocfadh dá laghdú luathú deá-bhail an limistéir áirithe a chur i mbaol agus gan aon duine a bheith ina chónaí ann”.


Forálann an Treoir fresin go bhféadfar na limistéir seo a leanas a áireamh ar limistéir mhídheisiúla: limistéir bheaga a bhfuil míbhuntáistí sonraithe ag gabháil leo agus ina gcaithfear leanúint den fheirmeoireacht chun an taobh tíre a chosaint agus tualaingeas cuartaíochta an limistéir a chaomhnú nó an t-imeall trá a chosaint. Ní fhéadfaidh achar iomlán na limistéar sin in aon Bhallstát a bheith níos mó ná 2.5% d’achar an Stáit lena mbainfidh.


Is iad na limistéir in Éirinn atá sonraithe ag an gComhairle mar limistéir mhídheisiúla: an Cabhán, an Clár, Dún na nGall, Gaillimh, Ciarraí, Liatroim, Longfort, Maigh Eo, Muineachán, Ros Comáin, Sligeach agus Corcaigh Thiar, mar aon le réimsí teoranta i Laois, in Uíbh Fhailí, i dTiobraid Árann, i bPort Láirge, i Loch Garman agus i gCill Mhantáin.


3. Córas Cúnaimh

Is cuid den scéim chúnaimh (i) liúntas cúitimh; (ii) cúnaimh speisialta a dheonú le haghaidh feirmeacha atá oiriúnach le forbairt faoin Scéim Nuachóiriúcháin Feirmeacha; (iii) cúnaimh do chomhscéimeanna infheistíochta le farae a tháirgeadh agus (iv) cúnaimh infheistíochta d’fheirmeoirí nach bhfuil i gcumas teacht ar an gcothrom ioncaim thuillte a shonraítear sa Scéim Nuachóiriúcháin Feirmeacha.


Tá sé socraithe go bhféadfaidh Roinn Treoireachta FEOGA 25% den chaiteachas a bheidh tabhaithe ag Ballstáit a shlánú. Tá aisíoc a shamhail ar fáil i leith (ii) agus (iii) faoin Scéim Nuachóiriúcháin Feirmeacha. Níl aon chiste Comhphobail ann do (iv).


Tá córas greasachtaí ann faoin Scéim Nuachóiriúcháin Feirmeacha le haghaidh feirmeoirí forbraíochta a bhfuil pleananna curtha isteach acu atá ceaptha lena n-ioncam a mhéadú go dtí spriocanna sonraithe. Tabharfar faoi deara go dtugann an Treoir atá ann faoi láthair gur féidir na greasachtaí sin a fheabhsú i gcás feirmeoirí forbraíochta sna limistéir mhídheisiúla mar seo a leanas:—


(a) d’fhéadfadh gur 7% an fóirdheontas uasta ráta úis (nó, d’eile, an fóirdheontas caipitiúil comhréire) in ionad 5% mar atá i limistéir eile;


(b) d’fhéadfadh gur 2% in ionad 3% an muirear úis íosta a d’íocfadh an tairbhí;


(c) d’fhéadfaí an phréimh threoireachta le haghaidh táirgeadh stoic a mhéadú trian i gcás feirmeacha a bhfuil níos mó ná 0.5 aonad beostoic an heachtár d’achar farae iontu;


(d) tá an cion ioncaim is féidir teacht ó ghníomhaíochtaí nach gníomhaíochtaí talmhaíochta ar an bplean a bheith críochnaithe méadaithe go dtí 50% in ionad 20% mar is gá faoin Treoir Nuachóiriúcháin Feirmeacha;


(e) an t-ioncam sin sa mhéid gur ó ghníomhaíochtaí talmhaíochta é ní gá dó ach a bheith cóimhéid le 70% den ioncam tuillte comhréire d’aonad oibre aon fhear amháin sna limistéir shléibhe, in ionad 100% in aon áit eile;


(f) féadfar an liúntas cúitimh is iníochta i limistéir mhídheisiúla a áireamh ar ioncam feirme iarbhír le linn cumas tuillimh ioncam an fheirmeora a bheith á ríomh;


(g) tá cáilíocht le haghaidh greasachtaí infheistíochta ag infheistíocht (suas go dtí 10,000 aonad cuntais gach feirm) do thionscadail chuartaíochta agus cheirde a sheoltar ar an bhfeirm.


Ina theannta sin is féidir cúnamh náisiúnta a thabhairt d’fheirmeoirí beaga sna limistéir mhídheisiúla ar mhodh cúnamh infheistíochta cé nach bhfuil siad ábalta ar theacht ar an gcothrom ioncaim thuillte a shonraítear sa Scéim Nuachóiriúcháin Feirmeacha. I gcás infheistíochtaí le haghaidh talamh a fheabhsú d’fhéadfadh an cúnamh a bheith ar aon-téarma leis an gcúnamh atá ar fáil ag feirmeoirí forbraíochta sna limistéir mhídheisiúla agus d’infheistíochtaí eile ar na téarmaí céanna atá ar fáil ag feirmeoirí forbraíochta lasmuigh de na limistéir sin.


4. Liúntas cúitimh

Is é bheidh sa liúntas cúitimh faoin scéim, mar a bhaineann sí le hÉirinn, íocaíocht chinn bheostoic i leith bólachta, caorach agus gabhar. Caithfear, chun an Treoir a chomhlíonadh, méid an liúntais a shocrú de réir cruálacht na mbuan-mhíbhuntáistí nádúrtha a chuireann isteach ar ghníomhaíochtaí feirmeoireachta agus ní fhéadfaidh sé a bheith níos mó ná 50 aonad cuntais (tuairim £27) ná níos lú ná 15 aonad cuntais (tuairim £8) an t-aonad beostoic. Ní fhéadfaidh an liúntas iomlán a thabharfar a bheith níos mó ná 50 aonad cuntais an heachtár (2.5 acra) d’achar farae iomlán na feirme. Aonad beostoic ráta bólachta os cionn 2 bhliain d’aois: 0.6 d’aonad é ráta bólachta idir 6 mhí agus 2 bhliain d’aois, agus 0.15 d’aonad ráta caorach agus gabhar. Ní théann an liúntas is iníochta i leith bó déiríochta thar 80% den liúntas cinn is iníoctha, agus ní fhéadfar é a íoc i leith níos mó ná 10 mbó in aon chás áirithe.


Ionas go mbeidh feirmeoir cáilithe, ní mór dó gabháltas 3 heachtár (7.5 acra) ar a laghad a bheith aige agus é á úsáid agus gealltanas a thabhairt leanúint d’fheirmeoireacht 5 bliana ar a laghad. Tá socrú déanta lena urscaoileadh ón ngealltanas sin in imthosca áirithe.


Tá fógraithe ag an Roinn Talmhaíochta agus Iascaigh nach n-íocfar, sna limistéir atá sonraithe mar limistéir mhídheisiúla, an íocaíocht chinn bheostoic ach sna codanna sin de na limistéir shonraithe sa Réigiún Iartharach atá ar liosta san Aguisín a ghabhann leis an Tuarascáil seo. Beidh feidhm ag na híocaíochtaí cinn sna limistéir lasmuigh d’Iarthar Éireann a shonraítear san Aguisín ach is maidir le caoirigh sléibhe amháin é. I gcás inarb iníochta an íocaíocht chinn bheostoic faoin Treoir ní bheidh feidhm feasta ag an Scéim Ghreasachtaí Eallaigh Mhairteola atá ann faoi láthair ná ag Scéim na gCaorach agus na nUan Sléibhe. Tá curtha in iúl, ámh, ag an Aire Talmhaíochta agus Iascaigh nach mbeidh aon fheirmeoir caillteach mar gheall air sin agus gur mó go mór a gheobhaidh formhór na bhfeirmeoirí sna limistéir mhídheisiúla. Níor fógraíodh fós sonraí na bhforálacha a bhainfidh le hoibriú na scéime nua.


5. Cúnamh eile

Tá fógraithe ag an Roinn Talmhaíochta agus Iascaigh go mbeidh sochar cúnaimh eile ar fáil faoin Treoir ag feirmeoirí sna codanna de na limistéir mhídheisiúla nach mbeidh cáilithe le haghaidh íocaíochtaí cinn bheostoic. Ar an gcúnamh sin tá, i gcás feirmeoirí forbraíochta faoin Scéim Nuachóiriúcháin Feirmeacha, deontais bhreise infheistíochta agus cúnamh deontas le haghaidh cuartaíochta nó tionscadail cheirde ar an bhfeirm agus deontais fheabhsaithe d’fheirmeoirí beaga le haghaidh oibreacha feabhsúcháin talún agus scéim deontas speisialta le haghaidh comhthionscadail a bhaineann le táirgeadh farae.


Níor fógraíodh fós sonraí an chúnaimh sin.


6. Beartas na Treorach

Cuireann Airteagal 39 de Chonradh CEE in iúl go sainráite nach foláir, ar an gcomhbheartas talmhaíochta agus na modhanna speisialta chun a fheidhmithe a bheith á n-oibriú amach, gréasán sóisialach na talmhaíochta agus na difríochtaí sa ghréasán sin, agus na difríochtaí nádúrtha, ó réigiún talmhaíochta go chéile a chur san áireamh. Do bhun na hoibleagáide sin tugann an Treoir d’aitheantas an gá atá le cúnamh speisialta sna háiteanna atá ar chaolchuid deiseanna chun táirgthe nádúrtha. Tá súil ann dá chionn sin go dtiocfaidh de sin go gcuirfear cosc le líon na ndaoine laghdú sna limistéir feirmeoireachta mar a bhfuil ioncam ag laghdú diaidh ar ndiaidh i gcomórtas le réigiúin eile de chuid an Chomhphobail.


An fhadhb a bhfuil an Treoir ceaptha le déileáil léi is fadhb le fada ariamh sa tír seo í agus fíor-dheacracht ag gabháil léi inti. Tá go leor limistéar nach mór bearta a dhéanamh iontu chun bun-líon pobail a chothabháil iontu nach bhféadfar na limistéir sin a fhorbairt amach anseo dá uireasa.


7. Iarmairtí na gComhshocraíochtaí Airgeadais

Is cúis mhór díomá an Chomhairle do chinneadh leibhéal ranníoca an Chomhphobail don scéim sin a laghdú ón 50% a mhol an Coimisiún go dtí 25% agus, go deimhin, is deacair a shamhlú é a bheith i gcomhréir le miandúil an Chonartha. Tugtar faoi deara sa Chonradh gur fadhb de chuid an Chomhphobail é a réiteofaí tríd an gComhbheartas Talmhaíochta a oibriú. Cuireann cinneadh na Comhairle formhór an réitigh d’ualach ar acmhainn náisiúnta tíre mídheisiúla mar Éire san áit is deacra an fhadhb. Is léir go mbeidh éifeacht na scéime, nuair a bheidh sí á cur i bhfeidhm, fíorleochaileach de bharr an chinnte sin. Tá an Comhchoiste ag moladh go láidir, dá bhrí sin, go nglacfar gach uile dheis lena áiteamh go dtabharfadh an Comhphobal ranníoc níos fearr ar ranníoc é a bhfuil bonn láidir cothromais leis. Tá údar faitís ann gur beag an réiteach a dhéanfar ar an bhfadhb mura mbeidh fáil ar thuilleadh airgid. Má táthar ag iarraidh a thabhairt ar dhaoine, daoine óga go háirithe, cé acu a fhanfaidh nó nach bhfanfaidh siad ar ghabháltais bhochta, is léir go gcaithfidh na breiseanna a rachaidh leis na hioncaim leithleacha uile a bheith sách mór le bheith tarraingeach.


8. Forálacha Áirithe atá i dTreoir na Comhairle

Ba mhaith leis an gComhchoiste, mar chríoch air seo, aire a dhíriú ar fheabhas is ceart a chur ar scéim an Chomhphobail le aird a ghlacadh ar dhálaí a bhaineas go sonrach le hÉirinn.


(a) Is ceart deireadh a chur leis na srianta ar an liúntas i leith ba déiríochta. In go leor cásanna táirgeadh bainne an tslí is fearr a bheadh ag feirmeoir lena mbaineann an scéim chun súil a bheith aige méadú go maith ar a ioncam.


(b) Is ceart an ráta iomlaoide ó chaoirigh go haonaid bheostoic a mhéadú ó 0.15 go dtí 0.20 le go gcuirfear i gcuntas caoirigh na hÉireann a bheith, i gcoitinne, níos mó agus níos troime ná póranna caorach ar an mór-roinn.


(c) Is ceart socrú a dhéanamh do chúnamh le haghaidh táirgeadh torthaí agus glasraí cosúil leis an socrú sa Treoir le haghaidh íocaíochtaí in aghaidh an acra i limistéir shléibhe sonraithe.


(d) Is ceart na greasachtaí feabhsaithe atá á dtabhairt do fheirmeoirí forbraíochta sna limistéir is lú buntáiste le hinfheistiú i mbunsócmhainní agus i bhfeabhsú talún a thabhairt d’fheirmeoirí idirlinne freisin.


(e) Is ceart capaill, capaillíní agus asail a bheith ináirithe freisin mar aonaid bheostoic chun go n-íocfaí íocaíochtaí cinn ina leith ach gan graífheirmeacha folaíochta tráchtála a áireamh.


Is feasach an Comhchoiste nach féidir an feabhsú sin a dhéanamh ach amháin nuair a bheidh an Treoir á breithniú ar cothrom Comhphobail féachaint ar chóir í a leasú. Tá súil aige go n-áiteofar, nuair a bheidh deis air sin, go nglacfar leis na leasuithe atá molta aige.


(Síniú) CATHAL Ó hEOCHAIDH,


Cathaoirleach an Chomhchoiste.


4 Meitheamh, 1975.