Committee Reports::Report No. 07 - European Parliament Direct Elections::04 June, 1975::Report

TUARASCÁIL

A. DUL AR AGHAIDH I dTREO DÍOR-THOGHCHÁN

1. Forálacha na gConarthaí

Forálann na Conarthaí Comhphobail bhunaidh (Airteagail 138 CEE, 108 Euratom agus 21 CEGC) mar a leanas:


“Tarraingeoidh an Tionól (Parlaimint na hEorpa) suas tograí do thoghcháin trí vótáil chomhchoiteann díreach de réir nós imeachta chomhionann sna Ballstáit go léir.


Leagfaidh an Chomhairle síos, ag gníomhú di d’aontoil, na forálacha iomchuí a mholfaidh sí do na Ballstáit lena nglacadh acu de réir a rialacha bunreachtúla faoi seach.”


2. Gníomh ag Parlaimint na hEorpa

Ghlac Parlaimint na hEorpa trí Rún a ritheadh an 14 Eanáir 1975 le dréacht-Choinbhinsiún ar Chomhaltaí a Thoghadh do Pharlaimint na hEorpa trí Vótáil Chomhchoiteann Díreach. Tá an dréacht-Choinbhinsiún curtha ar aghaidh chuig Comhairle na hAirí agus tá teagasc tugtha ag an bParlaimint dá Coiste Gnóthaí Polaitiúla tathant ar an gComhairle agus ar na Ballstáit glacadh leis go luath.


3. Cruinniú na gCeann Rialtais i bPáras

Tar éis a gcruinniú i bPáras i Nollaig 1974, chraol na Cinn Rialtais gur mhaith leo go ndéanfadh an Chomhairle beart faoi thograí na Parlaiminte i 1976. Ar an mbonn sin bheadh na chéad díor-thoghcháin ann i 1978. Rinne an Ríocht Aontaithe agus an Danmhairg forcoimeádais, áfach: rinne an Ríocht Aontaithe sin mar gheall ar an Reifreann agus an Danmhairg toisc nár fhéad sí dul faoi ghealltanas i ndáil le toghchán trí vótáil chomhchoiteann i 1978.


4. Forálacha an Dréacht-Choinbhinsiún

De réir an dréacht-Choinbhinsiúin dhéanfaí Ionadaithe a thoghadh ar feadh téarma chúig bliana faoi chóras toghcháin aonfhoirme lena nglacfaí tar éis 1980. Idir an dá linn d’fhéadfadh Ballstát cibé córas toghcháin ba rogha leis a oibriú. Chuirfí toghcháin ar siúl an lá céanna i ngach Ballstát cé go mbeadh sé ceadaithe claonadh de leataobh uaidh lá ar cheachtar taobh agus d’fhéadfaí dhá lá a thógáil don toghchán (arbh é an lá comhchoiteann ceann acu). Bheadh 13 Ionadaí ag Éirinn i bParlaimint 355 i gcomparáid le 10 as 198 mar atá sa Pharlaimint faoi láthair.


B. BREITHNIÚ AN ÁBHAIR AG AN gCOMHCHOISTE

5. Téarmaí tagartha an Chomhchoiste

Measann an Comhchoiste go mbeidh a bharúlacha ar na Díor-Thoghcháin a bheartaítear ina gcúnamh do na Tithe go háirithe ó tá Comhaltaí láithreacha uile Pharlaimint na hEorpa ag fónamh ar an gComhchoiste. Nuair a d’éirigh an cheist i dtaobh an dréacht-Choinbhinsiún a chaibidil rinne an Comhchoiste breithniú féachaint ar tháinig an t-ábhar faoi réim a théarmaí tagartha. Cé go n-admhaíonn sé nach bhfuil an scéal glan ó amhras measann sé go dtagann an t-ábhar faoina réim go teicniúil de thoradh an Rúin a rith Parlaimint na hEorpa an 14 Eanáir 1975 ag glacadh an dréacht-Choinbhinsiúin. Féadfaidh an Comhchoiste, laistigh dá théarmaí tagartha, gníomhartha de chuid Institiúidí na gComhphobal sin a scrúdú agus tuarascáil a thabhairt fúthu. Cé nach bhfuil Parlaimint na hEorpa luaite go sonrach sna hOrduithe Tagartha is institiúid Chomhphobail í gan aon dabht. Ní léir ar fad cén chiall is ceart a bhaint as an abairt, gníomhartha de chuid institiúidí an Chomhphobail, i ndáil le Parlaimint na hEorpa, ach dhealródh sé gur réasúnach féachaint air mar ní a ghlacann san áireamh rúin de chuid an chomhlachta sin agus dhealródh sé go bhfuil an bharúil sin ag teacht leis na barúlacha a luaigh an tAire Gnóthaí Eachtracha sa Seanad an 26 Iúil 1963 [Tuairisc Oifigiúil, iml. 75, col. 766-767].


6. Admháil

Ba mhaith leis an gComhchoiste a thaifeadadh go bhfuil sé faoi chomaoin ag an Dr. F. B. Chubb, Ollamh le hEolaíocht Pholaitiúil i gColáiste na Tríonóide, a chuir a chuid saineolais ar fáil go fial don Chomhchoiste agus a raibh a chomhairle ina chúnamh ró-luachmhar ag an gComhchoiste le linn a chuid caibidlí.


7. Réim breithnithe an Chomhchoiste

Ní dhearna an Comhchoiste ach trí ghné den ábhar sin a chaibidil, mar atá (1) an ionadaíocht Éireannach bheartaithe, (2) an modh toghcháin agus (3) dé-chomhaltas Dála nó Seanaid agus Pharlaimint na hEorpa. Admhaíonn an Comhchoiste go bhfuil gnéithe eile ar a gcaithfear cinneadh a dhéanamh ach measann sé go dtarlódh é a bheith ró-luath iad a scrúdú den chor seo nuair nach bhfuil aon bheart déanta go dtí seo ag Comhairle na hAirí.


C. BARÚLACHA AN CHOMHCHOISTE

8. An Ionadaíocht Éireannach bheartaithe

Nuair a bhí na téarmaí le haghaidh aontachas na hÉireann do na Comhphobail Eorpacha á gcaibidil tuigeadh go bhféadfadh contúirt dáiríre a bheith ann nach bhféadfadh tír bheag a leas náisiúnta a choinneáil ó mhúchadh mar gheall ar ollmhéid na gComhphobal. Mar sin féin thug pobal na hÉireann a dtacaíocht go lánfhairsing don chinneadh gabháil leis an gComphobal ar na téarmaí a réitíodh. Orthu sin tá beagán thar 5% d’ionadaíocht i bParlaimint na hEorpa (10 suíochán as 198). Táthar a bheartú anois é sin a laghdú go dtí tuairim 3.7% (13 suíochán as 355). Gan amhras táthar ag coinneáil leis an bprionsabal go bhfuil comhréir níos fearr comhaltaí i ndáil leis an daonradh á thabhairt do stáit bheaga ná do stáit mhóra. Tráth a ghlactar leis an bprionsabal sin ba chóir a aithint go dteastaíonn an oiread comhaltaí ó gach tír agus is gá chun go bhféadfadh sí a dualgas a chomhlíonadh go hiomlán, go háirithe i gCoistí. Is é cleachtadh na hÉireann go bhfuil deichniúr comhalta sa Pharlaimint faoi láthair i bhfad ró-bheag má tá sí le í féin a chur in iúl mar is ceart i ngach coiste ina bhfuil teideal éisteachta aici. Measann an Comhchoiste dá réir sin go bhfuil fáthanna láidre ann leis an méid ionadaíochta atá againn, ar a laghad, a choinneáil mar atá sé agus tá sé á thathant go ndéanfaí gach uile iarracht chun 18 suíochán, ar a laghad, a fháil faoin gCoinbhinsiún beartaithe.


9. An Córas Toghcháin

1,783,604 daoine an toghlacht iomlán i gcás Olltoghchán 1973 agus chaith 1,366,474 acu sin vótaí. Is léir gur fadhb ró-dheacair 13-18 ionadaí a thoghadh as toghlacht den mhéid sin.


Dá bhféadfaí teacht ar an réiteach ab fhearr chinnteodh sé go mbeadh an dlúthchaidreamh céanna idir an ionadaí i bParlaimint na hEorpa agus a lucht Dáilcheantair agus a bhíonn idir na Teachtaí Dála agus lucht a nDáilcheantar féin. Toisc go gcreideann an Comhchoiste go mba dheacair é sin a dhéanamh, fiú mura mbeadh le cur san áireamh ach cúrsaí loighistice, measann sé é bheith riachtanach go mbeadh agus go mba léir go mbeadh dlúthchaidreamh ag na hionadaithe Éireannacha i bParlaimint na hEorpa le struchtúr polaitíochta na tíre seo agus go n-urasódh an córas toghcháin leis an dlúthchaidreamh sin a chothabháil. Ní bheidh sé de rogha againn, áfach, ár gcóras toghcháin féin a bheith againn go dtí an chéad toghchán i 1978 (de réir na bpleananna faoi láthair): tá sé á bheartú ag an dréacht-Choinbhinsiún córas toghcháin comhionann a bheith ag na Ballstáit go léir tar éis 1980. B’fhearr dá bhrí sin an córas a roghnófar don chéad toghchán a bheith gar don chóras is dóichí lena nglacfar do thoghcháin ina dhiaidh sin.


Le linn a chuid plé bhreithnigh an Comhchoiste na córais toghcháin seo a leanas a bhfuil eolas maith orthu:


(i)Ionadaíocht Chionúireach ar mhodh an Aonghutha Inaistrithe i nDáilcheantair Ilchomhaltaí. Tá de bhua ag an gcóras sin go bhfuil eolas an-mhaith air agus go bhfuil an toghlacht sásta i bprionsabal leis mar a bhaintear feidhm as i dtoghcháin náisiúnta. Mar gheall ar ollmhéid aon dáilcheantair a roghnófaí, áfach, dar leis an gComhchoiste, bheadh sé doifheidhme amach is amach le haghaidh toghcháin do Pharlaimint na hEorpa.


(ii)Díriolarthacht i nDáilcheantair Aon-Chomhalta.


Tá diúltaithe dhá uair i reifrinn faoin gcóras toghcháin náisiúnta don mhodh sin a dhlíonn toghadh don duine is túisce thar sprioc. An argóint ina leith go gcuidíonn sé le rialtas fosaidh a bhunú níl feidhm leis i gcomhthéacs toghchán do Pharlaimint na hEorpa agus, dar leis an gComhchoiste, ní féidir glacadh leis i bprionsabal mar gheall ar an gclaonadh atá ann le toradh a shroichint a chruthódh difear idir vóta an phobail agus an ionadaíocht a chinnfí agus freisin le daoine a thoghadh ar mhionlach de na vótaí a caitheadh (i gcás níos mó ná beirt iarrthóirí a bheith ann).


(iii)An Vóta Faibhríoch i nDáilcheantair Aon-Chomhalta.


Sin é an córas trína ndéantar corrthoghcháin a chinneadh sa tír seo. Is dóigh leis an gComhchoiste nach mbeadh sé oiriúnach le haghaidh toghcháin do Pharlaimint na hEorpa toise go mbeadh comhairimh agus aistriú ar anmhéideanna vótaí ag gabháil leis ós rud é go mbeadh na Dáilcheantair chomh mór sin. Mura ndéanfaí srianú dian ar ainmniú iarrthóirí d’fhéadfadh go mbeadh an t-uafás saothair ag baint leis an ngnó sin. I gcorrthoghchán Seanaid a bhí ann le déanaí níor mhór 13 comhaireamh a dhéanamh chun an t-iarrthóir buaiteach a thoghadh.


Ó bhí an Comhchoiste deimhin de go mbeadh na córais toghcháin is eol do dhaoine sa tír seo mí-oiriúnach, rinne sé fiosrú in áiteanna eile féachaint an bhfaigheadh sé treoir agus ó thuig sé go gcinnfí ar chóras toghcháin comhchoiteann tar éis 1980 rinne sé fiosrú ar ndóigh ar Mhór-Roinn na hEorpa. Creideann sé gurb é an modh is fearr chun ár gComhaltaí do Pharlaimint na hEorpa a thoghadh modh éigin cosúil leis an liost-chóras vótála a bhfuil foirmeacha éagsúla de á n-úsáid ar an Mór-Roinn.


Go bunúsach is é atá sa liost-chóras vótáil do liostaí iarratasóirí páirtí agus ní do dhaoine aonair. Is de réir iomlán an vóta a fhaigheann páirtí a chinntear cé mhéid suíochán a bheidh ag dul dó agus líontar na suíocháin sin ó liosta an pháirtí de réir an oird inar chuir an páirtí na hainmneacha ar an liosta. Ar choigeartuithe a dhéantar ar an gcóras sin áirítear forálacha le haghaidh ionadaíocht do mhionlaigh, “vótaí barrachais” a dhiúscairt, agus, an rud is tábhachtaí, athrú ag na vótálaithe ar ord an liosta. Ach is tar éis an coigeartú deiridh sin a luaitear a bheith déanta air ba mhaith leis an gComhchoiste an liost-chóras a fheiceáil ag obair sa tír seo. Is mar seo a leanas a d’oibreodh an córas.


Bheadh vóta amháin ag gach vótálaí agus á úsáid dó chuirfeadh sé marc os coinne ainm duine de na hiarrthóirí ar liosta an pháirtí. Is é an céatadán d’iomlán na vótaí bailí a caitheadh agus a fuair an páirtí go huile a chinnfeadh cé mhéid suíochán a bhuaigh sé. Líonfaí na suíocháin sin le hiarrthóirí as liosta an pháirtí de réir ord an líon vótaí a tharraingíodar chun a liosta féin. Le go gcáileodh grúpa mar pháirtí níor mhór an grúpa a chlárú mar a dhéantar le haghaidh toghcháin Dála, geall leis, ach lamhálfaí liostaí d’iarrthóirí singil agus dá bhrí sin d’fhéadfadh neamhspleáigh dul in iomaíocht sa toghchán. Ní bheadh corrthoghcháin ar bith ann; dá dtarlódh folúntas le linn ré Parlaiminte líonfaí é leis an gcéad iarrthóir eile ar liosta an pháirtí agus bheadh comhaltaí a toghadh ar liostaí iarrthóirí singil i dteideal ionadaithe a ainmniú chun aon chorrfholúntais a líonadh a tharlódh ar na liostaí sin idir toghcháin.


Measann an Comhchoiste go mbeadh de bhuntáiste le córas éigin den sórt sin (a) go gcoinneodh sé ceangal idir Comhaltaí Pharlaimint na hEorpa agus cúrsaí polaitíochta náisiúnta agus (b) go mbeadh sé gar don chóras is dóichí lena nglacfar do na naoi dtíortha. Bheadh an córas chomh hoiriúnach céanna i ndáilcheantar singil náisiúnta nó i ndáilcheantair réigiúnacha ach ag féachaint don líon cuíosach beag a bheadh le toghadh tá an Comhchoiste i bhfabhar dáilcheantair singil náisiúnta.


10. Dé-Chomhaltas

Ní foláir, faoi na Conarthaí faoi láthair, do chomhaltaí de Pharlaimint na hEorpa bheith ina gcomhaltaí dá bParlaimintí náisiúnta. Forálann an dréacht-Choinbhinsiún go mbeidh comhaltas i bParlaimint na hEorpa ag luí le comhaltas i bParlaimint Bhallstáit. De réir chleachtadh chomhaltaí an Chomhchoiste atá freisin ina gcomhaltaí de Pharlaimint na hEorpa faoi láthair thuigfí go mbeidh sé deacair dé-chomhaltas a choinneáil suas go háirithe nuair a leathnófar cumhachtaí Pharlaimint na hEorpa. Le gabháil dá bhrí sin leis an gcuspóir atá luaite aige, is é sin, dlúthcheangal a choinneáil idir comhaltaí Pharlaimint na hEorpa agus an struchtúr polaitíochta sa bhaile, measann an Comhchoiste gur chóir go mbeadh tairbhe eolais agus taithí na gcomhaltaí sin ar chúrsaí na hEorpa ar fáil i gcónaí ag Tithe an Oireachtais. Dá bhrí sin molann sé, mura mbíonn comhalta de Pharlaimint na hEorpa ina chomhalta den Oireachtas, gur chóir ceart éisteachta a thabhairt dó sa Dáil agus sa Seanad agus i gCoistí iomchuí den dá Theach. Creideann sé gur féidir an cuspóir sin a bhaint amach trí fhorálacha oiriúnacha a dhéanamh i mBuan-Orduithe an dá Theach.


San aguisín a ghabhann leis an tuarascáil seo tá achomaireacht, mar eolas, ar phríomh-fhorálacha an dréacht-Choinbhinsiúin maidir le díor-thoghcháin.


(Síniú) CATHAL Ó hEOCHAIDH,


Cathaoirleach an Chomhchoiste.


4 Meitheamh, 1975.