Committee Reports::Report No. 06 - Fertilisers, Approximation of Laws on Content: Pigmeat Prices::04 June, 1975::Report

TUARASCÁIL

1. Rinne an Comhchoiste breithniú ar na trí dréacht-ionstraimí Comhphobail seo a leanas a thagann faoi réim na Roinne Talmhaíochta agus lascaigh:—


(i)Togra le haghaidh Treoir ón gComhairle faoi chomhfhogasú dlíthe na mBallstát maidir le leasacháin (R/1030/75).


(ii)Togra le haghaidh Rialachán (CEE) ón gComhairle d’fhorlíonadh Rialachán CEE Uimh. 121/67 maidir le bearta a bheidh le déanamh i gcás mór-laghdú ar phraghsanna muiceola (R/2406/74).


(iii)Togra le haghaidh Rialachán (CEE) ón gComhairle ag leagan síos na rialacha ginearálta a bheidh le feidhmiú i gcás mórlaghdú ar phraghsanna muiceola (R/3554/74).


2. Treoir Bheartaithe maidir le leasacháin


Is é bun-chuspóir na Treorach beartaithe seo a áirithiú nach gcuirfear bacainní ar mhargú leasachán sa Chomhphobal mar gheall ar dhlíthe náisiúnta éagsúla maidir le comhdhéanamh, aithint, lipéadú agus pacáistiú. Aon leasachán a bheidh de réir na Treorach beartaithe agus na nIarscríbhinní a ghabhfaidh leis tabharfar “Leasachán CEE” air agus, a mhéid a bhaineann le marcáil agus lipéadú, ní gá ach iad a bheith de réir na bhforálacha a shonraítear ansin. Beidh d’oibleagáid ar Bhallstáit a áirithiú trí shampláil agus taifeach go ndéanfar de réir cheanglas na Treorach beartaithe. Beidh foráil freisin le haghaidh athruithe de bharr dul ar aghaidh teicniúil le déanamh i bhforálacha na Treorach ag an gCoimisiún ag gníomhú dó trí chomhaontú le coiste teicniúil atá le bunú.


Níltear in oirchill go mbeidh sé deacair ag Éirinn an togra sin a chur i bhfeidhm. Féadfar leanúint den chleachtas atá ann faoi láthair lena ndéantar ábhair chothaitheacha a thaispeáint trína sonrú i bhfoirm eilimintí. Maidir lena chinneadh cé mhéid is cead cion tomhaiste ábhair chothaithigh d’imeacht óna chion luaite, tabharfaidh na lamháltais a shonrófar sa Treoir bheartaithe go mbeidh caighdeáin roinnt éigin níos déine ann ná mar bhí go dtí seo ach tá curtha in iúl don Chomhchoiste gur chóir go bhféadfadh an trádáil freastal ar an gcor sin gan ró-dheacracht.


Fáiltíonn an Comhchoiste roimh an togra dá réir sin agus ba mhaith leis é a fheiceáil á chur i bhfeidhm chomh luath agus is féidir. De bharr go bhfuil sé beartaithe gás aiceanta a úsáid sa tionscal, d’fhéadfadh méadú a theacht ar thrádáil onnmhairiúcháin na tíre seo i gcúrsa leasachán agus ba chóir go mba thairbhe aon bhearta a chabhródh le trádáil idir-Chomhphobail a chur ar aghaidh.


3. Rialacháin Bheartaithe i dtaobh praghsanna muiceola


Is é an chéad togra (R/2406/74) réim *Rialachán CEE/121/67 (arb é an ionstraim Comhphobail bhunaidh é ar chomheagraíocht an mhargaidh sa mhuiceoil) a leathnú ionas go bhféadfaí na bearta a shonraítear sa dara togra a dhéanamh i gcás mórlaghdú a theacht ar phraghsanna muiceola.


Mínítear sa dara togra (R/3554/74) go dtarlaíonn mórlaghdú nuair a thiteann an meánphraghas faoi bhun an bhonnphraghais, agus sonraítear ann treoirlínte lena fháil amach an cosúil go leanfaidh na praghsanna ag laghdú. Sonraítear ann freisin na bearta a fhéadfar a dhéanamh, agus is iad seo a leanas iad:—


(i)cabhrú le caitheamh muiceola trí fhógraíocht agus poiblíocht a mbeidh deontas cúnaimh ina leith agus


(ii)muiceoil a dhíol ar phraghsanna laghdaithe go háirithe le tomhaltóirí tearcphribhléide i dtíortha CEE.


Níl “tomhaltóirí tearcphribhléide” mínithe sa Rialachán beartaithe.


Ní mór a chur in iúl go bhféadfar bearta idirghabhála a ghlacadh faoi Rialachán CEE/121/67 nuair a bhíonn an meánphraghas margaidh do chonablaigh mhuc faoi bhun an bhonnphraghais agus gur dócha dó fanúint faoina bhun.


Faoi láthair is airde go mór praghas na muiceola ar mhargadh na hÉireann ná an bonnphraghas, agus níl dóthain muc le freastal ar an éileamh. Dá bhrí sin, is ar éigin a bheidh aon éifeacht ag na Rialacháin bheartaithe anseo faoi láthair ar aon nós.


(Síniú) CATHAL Ó hEOCHAIDH,


Cathaoirleach an Chomhchoiste.


4 Meitheamh, 1975.


*(I. O. Eagrán Speisialta 1967, leathanach 46 et seq.).