Committee Reports::Report No. 15 - Pollution of Bathing Water (Quality Objectives)::02 July, 1975::Report

TUARASCÁIL

1. Brollach

Rinne an Comhchoiste breithniú ar thogra an Chomisiúin i leith Treoir ón gComhairle maidir le truailliú sáile agus úr-uisce le haghaidh folctha (cuspóirí cáilíochta). Tá an togra sin á chur ar aghaidh de bhun cuspóirí Chlár Gníomhaíochta Comhthimpeallachta na gComhphobal a cheadaigh Comhairle na nAirí an 22 Samhain 1973.


An bhaint atá ag uisce folctha truaillithe le galair aicídeacha a leathadh féachtar air mar ábhar is cúram don Chomhphobal mar go minic leanann iarmhairtí idirnáisiúnta as. D’fhéadfadh go ngabhfadh an truailliú féin trasna teorainneacha náisiúnta agus go bhfágfadh sé drochdheasca ar dhaoine ó Stáit éagsúla, go háirithe cuairteoirí, mar gheall ar iarsmaí an truaillithe sna háiteanna a mbíonn siad nóinar gnáchiad a bheith ar cuairt.


2. Forálacha na Treorach Beartaithe

Bainfidh an Treoir le sáile agus le húr-uisce a n-údaraíonn nó a gceadaíonn údaráis inniúla na mBallstát folcadh ann. Ní mór do Bhallstáit caighdeáin a leagan síos d’uisce folctha a fhreagróidh do pharaiméadair a bheidh leagtha amach sa dréacht. Beidh ceanglais ar leith ann do sháile agus ceanglais ar leith d’úr-uisce. Ní foláir na caighdeáin a cheapfar a bheith de réir na luachanna paraiméadracha a leagfaidh an Treoir bheartaithe amach mar luachanna oibleagáideacha ach féadfaidh Ballstáit luachanna níos déine a leagan síos de réir treoir-luachanna sonraithe agus iarrfar orthu é sin a dhéanamh, cibé uair is féidir, i gcás uiscí folctha ina ndéantar folcadh a údarú nó a cheadú den chéad uair tar éis an Treoir do theacht i bhfeidhm.


Ceanglóidh an Treoir bheartaithe go ndéanfar uiscí folctha a choinneáil faoi bhreithniú go rialta i gcaitheamh an tséasúir fholctha; beidh minicíocht na samplála ag brath ar an meán-líonmhaireacht ionnaltóirí an ciliméadar trá nó muirí eile sa limistéar folctha agus ar ghnáth-theas an uisce. Ní foláir scrúdú micribhitheolaíochta a dhéanamh ar na samplaí le fáil amach an bhfuil méideanna d’ábhar múnlaigh nó feartha san uisce thar mar atá ceadaithe.


Beidh ar Bhallstáit forálacha na Treorach a thabhairt i ngníomh laistigh de dhá bhliain ón dáta a bheidh fógra faighte acu ina thaobh agus beidh ocht mbliana acu ó theacht i bhfeidhm don Treoir chun cáilíocht an uisce folctha a thabhairt cothrom leis na caighdeáin is gá.


Lamhálfaidh an Treoir bheartaithe go maolófar a forálacha i gcúinsí áirithe agus cumasóidh sí go bhféadfaidh an Coimisiún leasuithe a dhéanamh ar a forálacha teicniúla tar éis dul i gcomhairle le coiste teicniúil atá le bunú.


3. Uiscí folctha na hÉireann

Tá an fhadhb lena mbaineann an Treoir bheartaithe le fáil i bhfoirm níos measa i bhformhór na mBallstát eile ná mar atá sé sa tír seo. A mhéid a bhí an Comhchoiste in ann é a dhéanamh amach tá formhór uisce folctha na hÉireann cheana féin ar chaighdeán cáilíochta níos airde ná an caighdeán is cuspóir don Treoir bheartaithe. Mar sin féin tá roinnt truailliú ann. Cuireadh in iúl don Chomhchoiste, mar shampla, nach bhfuil an t-uisce ag Balla Chluain Tarbh, Baile Átha Cliath, de réir na luachanna atá ordaithe le paraiméadair na Treorach agus go bhfuil Bá Chill Iníon Léinín faoin gcaighdeán atá leagtha síos ag treoir-luachanna na bparaiméadar. Táthar ag súil leis go nglanfaidh an truailliú sin nuair a bheidh críoch curtha le roinnt scéimeanna séarachais nua i gCathair Bhaile Átha Cliath agus sa Chontae.


Is cuma cibé fairsinge atá san fhabhb faoi láthair creideann an Comhchoiste gur dócha do thruailliú áiteanna folctha méadú, mura gcuirtear bac leis. Tá cuid mhaith forbairt nua-aimsire ar siúl feadh an chósta. I ndáilleis sin b’ionadh leis an gComhchoiste fios a fháil nach bhfuil againn ach 342 míle de thrá gainimh ar fad feadh cósta 3,498 míle, agus gach uile limistéar inbhir a chur san áireamh. Tá formhór na limistéar folctha le fáil i dtuairim 20 faoin gcéad de na limistéir trá go léir ar feadh cósta tuairim 80 míle ar fad san iomlán. Ábhar maoine náisiúnta an limistéar sin mar aon fós le go leor dár gcuid uiscí intíre agus is cuspóir fiúntach náisiúnta féachaint chuige go ndéanfar iad sin a chaomhnú agus a chosaint.


4. Tuairimí an Chomhchoiste

Go ginearálta fáiltíonn an Comhchoiste roimh fhorálacha na Treorach beartaithe. De thoradh breathnú baileach leanúnach a dhéanamh ar áiteanna folctha ba chóir go bhféadfaí aon rian truaillithe a thabhairt faoi deara go luath agus go n-áiritheofaí dá chionn meas cruinn a thabhairt i gcónaí ar mhéid na faidhbe. Ba chóir, de dhroim an colais a ghefoaí ar an gcuma sin, go mb’fhusaide bearta éifeachtúla leighis a chur i bhfeidhm go luath.


Tá roinnt amhrais ar an gComhchoiste, áfach, an mbeadh aon chall in ár gcás féin leis an ngrinn-shampláil a bhfuil an Coimisiún ag dréim leis, ag féachaint don chostas a bhainfeadh leis, costas a gcaithfimís féin é go léir a íoc. Tá sé curtha in iúl ag an gCoimisiún gur chóir fiche sampla, agus iad sin roinnte amach feadh séasúr iomlán saoire, a scrúdú mar líon íosta i dtosach báire. Glacann sé leis go bhféadfaí minicíocht na samplála a laghdú ina dhiaidh sin, má fhanann an scéal gan athrú, ach tá sé le rá go bhféadfaí bheith ag súil leis nach mbeadh iontaofacht staidrimh na measúnachta deiridh ró-dhearbh dá mba nach scrúdófaí ach líon samplaí ba lú ná deich. Níl aon limistéir in Éirinn ina bhfuil folcadh “údaraithe” a mhéid a bhaineann le húdaráis phoiblí agus má ghlactar ina chruinnchéill leis an tagairt do limistéir ina “gceadaítear” folcadh is é is dóiche go mbeadh an-chuid samplála á dhéanamh go deimhin agus go leor de ina shaothar gan tairbhe. Ba mhaith leis an gComhchoiste dá ndéanfaí maolú éigin ar na ceanglais sin ionas go bhféadfaí an dícheall ba mhó a dhíriú ar aon áit ina mbeadh cosúlacht truaillithe dáiríre.


Glacann an Comhchoiste leis go mba chóir gurbh as cistí náisiúnta a d’íocfaí an costas a bhainfeadh leis an Treoir bheartaithe a chur i ngníomh cé go n-adhmhaíonn sé go bhfuil cás ann le haghaidh cúnamh a thabhairt i leith costas faireacháin mura bhfaighfear aon mhaolú ar na forálacha a bheartaítear. Creideann sé go bhfuil na cásanna truaillithe chomh héagsúil sin lena chéile sna Stáit dhifriúla nárbh iomchuí ranníoc Comhphobail a fháil a mhéid a bhainfeadh sé le bearta leighis.


Tá an Comhchoiste tar éis a thabhairt dá aire gur chinn Coiste Pharlaimint na hEorpa um Shláinte Phoiblí agus Comhthimpeallacht gur chóir toirmeasc foirmiúil a chur le folcadh in uisce ina mbeidh lei bhéal truaillithe níos airde ná mar a bheidh foráilte sa dréacht. Ní shíleann an Comhchoiste gurb é sin an bealach ceart chun tabhairt faoi anseo. Measann sé go mba éifeachtaí féachaint chuige go gcuirfí aon chás dainséarach truaillithe in iúl don phobal trí leor-phoiblíocht a thabhairt dó.


Ag breathnú dó ar an gcor fabhrach ina bhfuilimid faoi láthair creideann an Comhchoiste gur cheart dúinn ár ndíchealll a dhéanamh chun go mbeadh ár láithreacha folctha go léir ag cloí leis na treoirluachanna is déine a bheidh leagtha síos sna paraiméadair iomchuí. Molann sé foráil dá réir sin a cur in aon reachtaíocht baile ina dtabharfar feidhm don Treoir.


Ar an ásc deiridh tugann an Comhchoiste dá aire nach bhfuil linnte snámha ar áireamh i dtéarmaí na Treorach beartaithe. Chítear dó má táthar le córas faireacháin láithreacha folctha ar bhonn náisiúnta a bhunú gur chóir a réim a leathnú chun bheith bainteach le linnte snámha go speisialta más ó limistéir ina bhfuil baol dearfa truaillithe a thagann uisce chun na linnte sin.


5. Admháil

Ba mhaith leis an gComhchoiste buíochas a ghabháil le Bord Fáilte agus leis An Taisce as ucht na cabhrach a fuair sé uathu agus an togra seo á bhreithniú aige.


(Síniú) CATHAL Ó hEOCHAIDH,


Cathaoirleach an Chomhchoiste.


2 Iúil, 1975.