Committee Reports::Report No. 14 - European Monetary Co-operation Fund::02 July, 1975::Report

TUARASCÁIL

1. Brollach

Tá an Comhchoiste tar éis scrúdú a dhéanamh ar thogra i leith Rialachán ón gComhairle [R/3594/74 (FIN 876)] ag leasú Rialachán (CEE) Uimh. 907/73 ón gComhairle 3 Aibreán 1973 ag bunú Ciste Chomhar Airgeadaíochta na hEorpa (CCAE).


2. Bunú agus Cuspóirí CCAE

Bunaíodh CCAE in Aibreán 1973 de réir Rún ón gComhairle an 22 Márta 1971 ar aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta a bhunú de réir a chéile agus Dearbhú Mullaigh an 20 Deireadh Fómhair 1972. Cuspóirí an Chiste na nithe seo a leanas a chur chun cinn:-


(i)cúngú comhleanúnach ar mharghain imathrúcháin na n-airgeadraí Comhphobail in aghaidh a chéile a chuí-fheidhmiú;


(ii)idirghabháil in airgeadraí Comhphobail ar na margaí malairte; agus


(iii)comhshocraíochtaí idir Bainc Ceannais as a dtiocfadh beartas comhbheartaithe ar chúltacaí.


Tá an Ciste faoi stiúradh agus bainistí Bhord Gobharnóirí, atá comhdhéanta de chomhaltaí Choiste Gobharnóirí Bhainc Ceannais na mBallstát agus comhalta amháin den Choimisiún.


3. Cúram CCAE go dtí seo

Is é príomhshaothar an Chiste go dtí seo córas malairte an Chomhphobail a riaradh. Is dá chúram dá bhrí sin scéim chúngú na marghan a chur ar aghaidh. “An phéist sa tollán” a bhíonn á thabhairt ar an scéim sin agus bíonn sé ag dréim le claonadh uasta 2.25% a choinneáil idir rátaí malairte airgeadraí aon dá thír. Tugadh an scéim isteach in Aibreán 1972.


Faoi láthair tá cúig thír den Chomhphobal páirteach sa chóras comhshnámha seo. Na tíortha eile—An Iodáil, An Fhrainc, an RA agus Éire— ligeann siad sin dá gcuid airgeadraí snámh go neamhspleách. Socraíonn CCAE comhbheartú maidir le hidirghabháil ar na margaí malairte idir na tíortha sa chomhshnámh. Aon iarmhéideanna a thig ó idirghabháil in airgeadraí Comhphobail déantar iad a thaifeadadh sna leabhair Chiste le haghaidh socrú ina dhiaidh sin.


Ina theannta sin oibríonn CCAE an scéim tacaíochta airgeadaíochta gearrthéarma a chuireann creidmheas ar fáil do bhalltír ag a mbíonn deacrachtaí sealadacha maidir le comhardú íocaíochtaí. Is é an méid iomlán tacaíochta atá ar fáil faoin scéim anois 4,225 milliún aonad cuntais, a bhfuil Banc Ceannais na hÉireann tar éis a ghabháil air féin uasmhéid 70 milliún aonad cuntais de a sholáthar. Níor bhain aon tír go dtí seo leas as an áis sin ach amháin an Iodáil.


4. Togra do Rialachán Leasaitheach

Faoin Rialachán Leasaitheach atá beartaithe ní amháin go leanfadh CCAE de bheith freagrach i leith riaradh agus maoirsiú an chórais mhalairte Comhphobail ach chaithfeadh sé freisin comhordú beartas airgeadaíochta inmhéanach agus eachtrach Ballstát a chur chun cinn. Is iad na feidhmeanna a bheadh aige san ábhar sin is déanaí atá luaite socrú le haghaidh comhchomhairlí leanúnacha roimh ré, faoi bheartais airgeadaíochta agus cheidmheasa, go háirithe faoi leachtas banc, rátaí úis, gluaiseachtaí caipitil, rátaí malairte, margaí caipitil idirnáisiúnta agus margaí airgid reatha coigríche. Dhéanfadh sé socruithe le haghaidh malartú rialta eolais maidir le hoibríochtaí ar na margaí sin agus dhéanfadh sé moltaí i dtaobh bearta leighis a bheadh le cur i bhfeidhm ag Bainc Ceannais. Bheadh Ard-Stiúrthóir buan ag an gCiste chun cabhrú leis ina chuid freagrachtaí nua agus cheapfadh seisean foireann saineolaithe mar chúnamh dó féin.


5. Lochtúchán ar an Togra

Tuigtear go bhfuil cuid mhaith lochtúcháin déanta ar an togra cheana féin. Go bunúsach is athrú nós imeachta atá beartaithe, agus ní athrú substainteach, agus is é príomhchuspóir an athraithe sásra a sholáthar le haghaidh comhchomhairlí leanúnacha roimh ré. Cheana féin tá an Coiste Airgeadaíochta ann agus Coiste Gobharnóirí na mBanc Ceannais agus feidhmeanna acu sa réimse eacnamaíoch agus airgeadais. Ní mheastar, áfach, gur sásúil an cor atá ar chomhordú bheartais airgeadaíochta na mBallstát ach bhíothas á áiteamh go tréan gur cúiseanna polaitiúla agus nach easnaimh institiúideacha is mó is bonn leis. Tá a dhealramh air gur cúis an-trom ina aghaidh é sin agus tá sé curtha in iúl don Chomhchoiste nach dócha go mbeidh an Coimisiún ag tathant go gcuirfí i bhfeidhm an Rialachán leasaitheach cheal tacaíochta agus gur ródhócha dó é a tharraingt siar. Beidh an Comhchoiste á gcoinneáil féin ar an eolas i gcónaí faoi rudaí a tharlóidh amach anseo sa réim seo.


(Síniú) CATHAL Ó hEOCHAIDH,


Cathaoirleach an Chomhchoiste.


2 Iúil 1975.