Committee Reports::Report No. 13 - Credit Institutions::02 July, 1975::Report

TUARASCÁIL

1. Brollach

Chríochnaigh an Comhchoiste a scrúdú ar thogra do Threoir ón gComhairle i dtaobh chomhchuibhiú dlíthe maidir le gnó institiúidí creidmheasa a thosú agus a sheoladh (R/3592/74). Bhreithnigh sé freisin togra gaolmhar do Chinneadh ón gComhairle chun Coiste Comhtheagmhála a bhunú idir na húdaráis de chuid na mBallstát atá freagrach i maoirsiú Institiúidí Creidmheasa (R/3544/74).


Rinne Treoir 73/183/CEE ón gComhairle, 28 Meitheamh 1973, foráil le haghaidh neamhniú srianta ar shaoirse bhanc agus institiúidí eile airgeadais chun iad féin a bhunú agus bheith ag gabháil dá ngníomhaíochtaí sna Ballstáit. Áiríodh é sin mar chéad chéim i dtreo cómhargadh sa bhaincéireacht a chur ar bun. Céim eile sa treo sin is ea an togra do Threoir nua ón gComhairle i dtaobh chomhordú dlíthe náisiúnta a rialaíonn na hinstitiúidí sin. Féachtar ar an togra do Chinneadh ón gComhairle mar bheart eatramhach go dtí go nglactar leis an Treoir bheartaithe, agus tuigtear nach gcuirfidh an Coimisiún dlús leis an togra sin má bhítear ag dul chun cinn i dtreo ghlacadh na Treorach.


2. Buíochas

Bhí deis ag an gComhchoiste na tograí a phlé le hionadaithe ó Chónaidhm Bhaincéirí na hÉireann, ó Chomhlachas Chumainn Fhoirgníochta na hÉireann, ó Chomhchumann na gComhar Creidmheasa in Éirinn agus ón mBanc Ceannais. Is maith leis an gComhchoiste a chur ar breacadh go bhfuair sé ardchúnamh ó na comhlachtaí sin agus a bhuíochas a chur in iúl dóibh.


3. Institiúidí Creidmheasa

Is é sainmhíniú atá ar institiúid chreidmheasa “gnóthas arb é a ghnáthghnó taiscí nó airgead inaisíoctha eile a fháil, go díreach nó go hindíreach, ón bpobal agus creidmheasaí a dheonú i gcomhair a chuntais féin.” Mar sin, de réir mar atá na tograí faoi láthair, bainfidh an Treoir atá beartaithe ní amháin le bainc ach fós le bainc choigiltis iontaobhais, le cumainn fhoirgníochta agus le comhair chreidmheasa chomh maith leis an gCorparáid Chairde Talmhaíochta agus leis an gCuideachta Chairde Tionscail. Tá socrú le déanamh, áfach, chun go n-eisiafar ó théarmaí na Treorach bainc cheannais, Institiúidí Gíreo Postoifige agus Institiúidí chun forbairt réigiúnach a chur ar aghaidh.


4. Treoir Bheartaithe

Áirítear ar fhorálacha na Treorach atá beartaithe.


(a)Údarú roimh ré ag údaráis náisiúnta inniúla.


Ní foláir d’institiúidí a bheidh ag tosú ar ghnó, agus brainsí d’institiúidí a oibríonn i mBallstáit eile san áireamh, údarás a fháil. Ní fhéadfar údarás a dheonú mura rud é (i) go bhfuil leorchistí ag an institiúid agus (ii) go bhfuil sí á bainistí ag daoine creidiúnacha le cáilíochtaí leormhaithe, agus féadfar ceanglais eile a shonrú. Má shásaíonn siad na coinníollacha sin, measfar institiúidí a bhfuil gnó á sheoladh acu cheana féin a bheith údaraithe;


(b)maoirsiú ag údaráis inniúla Bhallstát ar chothabháil chóimheasanna criticiúla idir


(i)cistí dílse na n-institiúidí féin agus taiscí; sócmhainní iomlána agus sócmhainní neamhleachtacha; agus


(ii)dliteanais reatha agus sócmhainní leachtacha;


(c)údarás a tharraingt siar in imthosca a bheidh ordaithe;


(d)feidhmiú na Treorach ar bhrainsí d’institiúidí a bhfuil a bPríomhoifigí lasmuigh den Chomhphobal;


(e)achomharc chun na gCúirteanna ag institiúidí (e.g. mar gheall ar neamhúdarú);


(f)Coiste Comhtheagmhála a bhunú ar a mbeidh ionadaithe ó na húdaráis náisiúnta mhaoirseachta, chun feidhmiú caighdeán comhionann ar fud an Chomhphobail a éascú; agus


(g)an Treoir a chur i ngníomh laistigh de 24 mhí.


5. Cinneadh Beartaithe

Tá d’aidhm leis an gCinneadh beartaithe Coiste Comhtheagmhála a bhunú ar a mbeidh ionadaithe ó údaráis náisiúnta atá freagrach i maoirsiú institiúidí creidmheasa. Mar atá curtha in iúl roimhe seo is amhlaidh atá an Cinneadh sin le bheith oirchilleach ar chinneadh i dtaobh na Treorach beartaithe agus tharlódh nach rachfaí chun cinn leis.


6. Dearcadh Ginearálta an Chomhchoiste

Measann an Comhchoiste gur togra réasúnach an dréacht-Treoir i bhfianaise forálacha an Chonartha. Tugann sé dá aire go raibh ar intinn ag an gCoimisiún i dtosach báire dréacht-Treoir a chur ar fáil a bhainfeadh le mórghnéithe uile na reachtaíochta i leith baincéireachta. De thoradh a bhfuil de phlé déanta ag an gComhchoiste féin le páirtithe leasmhara, creideann sé gur beart críonna é an cinneadh chun dul ar aghaidh leis an gcomhchuibhiú ina chéimeanna. Fáiltíonn sé ó phrionsabal roimh an dréacht-Treoir atá faoi léirmheas anois mar chéim amháin, ach tá agúis le cur in iúl aige i dtaobh a feidhme ar institiúidí áirithe sa tír seo.


7. Bainc

Cheana féin tá córas reachtúil ceadúnúcháin agus maoirseachta Éirinn agus é á riaradh ag an mBanc Ceannais. Ní léir go mbaineann aon deacracht leis an gcóras sin a chur in oiriúint don dréacht-Treoir. Tá Cónaidhm Bhaincéirí na hÉireann i bhfabhar an togra ach léirigh siad cúpla pointe ina thaobh ar mian leis an gComhchoiste tagairt dóibh.


Tá an Chónaidhm go láidir ar thaobh Coiste a bhunú, ar leibhéal an Chomhphobail, de bhaincéirí tráchtála le feidhmeanna ar chomhfhairsinge leis na cinn atá beartaithe don Choiste Comhtheagmhála. Creideann an Chónaidhm go n-éascódh coiste den sórt sin gnóthú cuspóirí na dréacht-Treorach de bhrí go mbeadh sé le leas na mbanc tráchtála comhchuibhiú éifeachtach a thabhairt i gcrích. Tá súil ag an gComhchoiste go ndéanfar breithniú báúil ar an moladh sin.


Thabharfadh Airteagal 6 den dréacht-Treoir cumhacht don Choimisiún, tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Comhtheagmhála, athrú a dhéanamh ar liosta na gcóimheasanna baincéireachta atá le coimeád faoi athbhreithniú. Is dóigh leis an gCónaidhm go dtugann an togra seo an iomarca cumhachta don Choimisiún agus molann sí go mbeadh sé riachtanach comhaontú a fháil ón gCoiste Comhtheagmhála, agus go deimhin ó choiste baincéirí, má bhunáitear a leithéid, sula bhféadfadh an Coimisiún gníomhú. Dealraíonn sé go bhfuil réasún leis an moladh sin agus tacaíonn an Comhchoiste leis.


Sa dóigh go bhféadfaí ní amháin saoriomaíocht a ghnóthú ach fairis sin iomaíocht ar théarmaí comhionanna, taobhaíonn an Chónaidhm leis an dréacht-Treoir a chur chun feidhme gan na heisceachtaí atá sonraíthe inti, agus ba mhaith léi freisin go leathnófaí réim a forálacha chun go mbainfidís le haon institiúid a ghlacann taiscí nó a thugann iasachtaí. Cé gur chuir an Chónaidhm a gcás i gcion go héifeachtach, ní féidir leis an gComhchoiste tacú leis an moladh sin.


8. Cumainn Fhoirgníochta

Feictear don Chomchoiste go bhfuil d’aidhm leis an dréacht-Treoir córas comhionann údarúcháin agus maoirseachta a chur chun feidhme ar na hinstitiúidí creidmheasa go léir a thig faoi réim a téarmaí. Tá socrú le déanamh, áfach, chun moill dhá bhliain a bheith ann sula gcuirfí an Treoir i bhfeidhm ar institiúidí nach bhfuil faoin rialúchán céanna leis na bainc; tá sin amhlaidh ionas go bhféadfaí fadhbanna teicniúla a shárú.


In Éirinn baineann cód reachtaíochta dá gcuid féin le cumainn fhoirgníochta, agus is gá dá réir iad a bheith cláraithe ag Cláraitheoir na gCara-Chumann. Formhór a bhfuil de chaipiteal acu is féidir le taisceoirí é a tharraingt amach; agus níl ina sochair fhaibhrithe—agus is dóigh gurb ionann iad sin agus “a gcistí dílse féin” chun críche na Treorach—ach cion an-mhion dá gcaipiteal iomlán. Is follas nár chuí caighdeáin a bhainfeadh le bainc a chur chun feidhme orthu. Dá bhrí sin d’fhéadfadh sé bheith deacair go maith iad a thabhairt faoi chuimsiú na Treorach. San am céanna tuigeann an Comhchoiste ó Chomhlachas Chumainn Fhoirgníochta na hÉireann go bhfuil suim ag a chomhaltaí i gcistí a lorg lasmuigh den tír, agus uime sin rachadh sé chun leasa dóibh comhchuibhiú dlíthe náisiúnta a bheith á chur chun cinn.


Tuigtear don Chomhchoiste go bhfuill an dréacht-Treoir faoi bhreithniú i gcónaí ag meitheal oibre agus mholfadh sé go láidir go ndéanfaí gach dícheall chun freastal do riachtanais speisialta na gcumann foirgníochta. D’fhéadfadh sé, go deimhin, gur chóir, nuair a bheidh an Treoir i bhfeidhm, a héifeacht a chur siar go ceann tamaill chun a áirithiú go bhféadfaí cumainn fhoirngíochta a thabhairt isteach go héasca sa chóras nua.


9. Comhair Chreidmheasa

Comharchumainn a bpáirtíonn a gcomhaltaí comhcheangal dá sonraítear san Acht um Chomhair Chreidmheasa, 1966, is ea Comhair Chreidmheasa. Is é is cuspóir dóibh fearachas a chur chun cinn i measc a gcomhaltaí, foinsí creidmheasa a chur ar fáil dóibh, a gcoigiltis a úsáid agus a rialú chun sochair dá chéile, agus oideachas i gcúrsaí airgeadais a thabhairt dá gcomhaltaí. Dealraíonn sé nach bhfuil a macasamhail ar Mhórroinn na hEorpa, mar a n-oibríonn comharchumainn chreidmheasa gnó is mar a chéile beagnach agus baincéireacht.


Tá gníomhaíochtaí na gcomhar creidmheasa faoi smacht daingean ag reachtaíocht bhaile. Is féidir iomlán a gcaipitil a tharraingt amach. Féadfaidh siad iasachtaí a thabhairt go feadh 100 faoin gcéad dá gcaipiteal nó fiú amháin airgead a fháil ar iasacht chuige sin. Glacann comhaltaí le 5 faoin gcéad nó cuid is lú ná sin de bhrabach ar a gcoigiltis. Ní dhéileálann siad ach lena gcomhaltaí féin.


Chuir Comhchumann na gComhar Creidmheasa in Éirinn faoi bhráid an Chomhchoiste gur cheart comhair chreidmheasa in Éirinn a díolmhú go sonrach ón Treoir bheartaithe. Níl rún ar bith acu féachaint le ceart bunaíochta a úsáid in aon tír eile.


Feictear don Chomhchoiste gur ceapadh an dréacht-Treoir chun déileáil le hinstitiúidí a bhíonn, i bhfocail an Choimisiúin, “ag gníomhú mar chuing cheangail idir coigilteas agus infheistíocht”. Dealraíonn sé nach féidir glacadh leis go bhfuil feidhm ar bith dá leithéid sin á comhlíonadh ag na comhair chreidmheasa in Éirinn. Ní bainc ná forais taisce iad ar dhóigh ar bith agus ní luífeadh sé leis an reachtaíocht atá anois ann a bhfeidhmeanna a leathnú isteach sa réim sin. Ní féidir baint a bheith leo ag aon rud dá mbaineann le sócmhainneacht agus le cóimheasanna leachtachta sa bhaincéireacht. Is dóigh leis an gComhchoiste, dá réir sin, go mbeadh sé míchiú ar fad an cineál ceanann céanna rialúcháin a chur i bhfeidhm ar chomhair chreidmheasa agus ar bhainc. Mar sin, is áil leis tacú go láidir le héileamh na gcomhar creidmheasa ar dhíolúine shonrach ó fhorálacha na dréacht-Treorach.


(Síniú) CATHAL Ó hEOCHAIDH,


Cathaoirleach an Chomhchoiste.


2 Iúil, 1975.