|
TUARASCÁIL1. Brollach.Ó d’eisigh sé a thuarascáil faoi dháta 4 Meitheamh 1975 tá an Comhchoiste tar éis ceithre ionstraim eile a scrúdú a rinneadh faoi alt 3 d’Acht na gComhphobal Eorpach, 1972. Ba mhaith leis an gComhchoiste na tuairimí seo a leanas a chur i láthair ar na cheithre ionstraim sin. A. RIALACHÁIN NA gCOMHPHOBAL EORPACH (SÍOLTA), 1974 (I.R. UIMH. 200 de 1974).2. Réim na hIonstraimeMaidir leis na síolta a shonraítear i Rialachán 2 den ionstraim seo a dheimhniú agus a chur ar an margadh sa CEE tá sé sin faoi rialú na dTreoracha atá ar liosta sa sceideal a ghabhann le Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Catalóg Náisiúnta de Chineálacha Plandaí Talmhaíochta), 1972 (I.R. Uimh. 339 de 1972) arna leasú le Rialachán 4 de Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Síolta) (Leasú), 1973 agus Rialachán 13 den ionstraim atá faoi bhreithniú anois. Is é cuspóir na hionstraime sin forálacha de na Treoracha a chur i bhfeidhm. Cuireann an ionstraim toirmeasc le síolta sonraithe áirithe a chur ar an margadh mura mbeidh siad deimhnithe, séalaithe, marcáilte agus lipéadaithe de réir cheanglais na dTreoracha. Bunaíonn sí an tAire Talmhaíochta agus Iascaigh mar údarás oifigiúil le haghaidh an deimhnithe agus áirítear inti forálacha maidir le scrúdú ar an bhfód agus sampláil. Forordaíonn sí caighdeáin díola do shíolta áirithe agus údaraíonn sí táillí bhaint amach. 3. TáillíSa tuarascáil uaidh faoi dháta an 4 Meitheamh a luaitear thuas chuir an Comhchoiste in iúl gur bheartaigh sé aird ghrinn a thabhairt ar fhorálacha maidir le táillí in ionstraimí reachtúla faoi alt 3 d’Acht na gComhphobal Eorpach, 1972. Is é barúil an Chomhchoiste nach féidir i gcónaí forchur táillí ar an bpobal a áireamh mar ábhar foghabhálach, forlíontach agus iarmartach de réir brí alt 3(2) d’Acht 1972. Forálann Rialachán 12(1) den ionstraim atá faoi bhreithniú anois mar a leanas:— “Déanfar cibé táillí a chinnfidh an tAire le toiliú an Aire le Airgeadais a mhuirearú i leith seirbhísí a dhéanfaidh an tAire nó oifigeach don Aire i ndáil le hábhair lena mbainfidh na Rialacháin seo.” Dar leis an gComhchoiste is foráil í sin a bhaineann feidhm mhíréasúnach as an gcumhacht reachtaíochta atá tarmligthe chun an Aire. Níl sé sásta gur chóir go bhféadfadh Airí athrú a dhéanamh mar is rogha leo ar mhéid na dtáillí ar an bpobal a thiocfadh de dhroim fo-reachtaíochta faoi Acht 1972. Má tá táillí le forchur sna hionstraimí sin ba chóir na méideanna a shonrú ionas go bhféadfaidh na Tithe ag gníomhú dóibh ar mholadh ón gCoiste seo na hionstraimí a chur ar ceal má bhíonn siad míshásta leis na táillí. Measann an Coiste nach leor de chúis foráil ar nós Rialachán 12(1) chun an ionstraim a neamhniú. Tá sé tar éis a chinneadh gan moladh den sórt sin a dhéanamh sa chás seo toisc go bhfuil sé sásta de thoradh fiosruithe a rinneadh nach bhfuil táillí míréasúnacha á mbaint amach. Baintear amach ó 5p go 25p an cmn. faoi láthair i leith síol féir a dheimhniú. I gcás síol gránaigh is í an táille i leith samplála agus lipéadaithe 7p an 50 cilo, i leith samplála £1 an sampla agus i leith scrúdú ar an bhfód 50p an heachtár, nó, ar achomharc, £1 an heachtár. Mar atá an dlí faoi láthair, áfach, is féidir na táillí sin a ardú tráth ar bith gan aon urlámh a bheith ag Tithe an Oireachtais ar chinneadh dá leithéid. Dá bhrí sin tá sé á mholadh ag an gComhchoiste go leasófaí na Rialacháin an chéad deis chaothúil a gheofar trí Rialachán 12(1) a scriosadh agus foráil a chur ina ionad ag leagan amach méideanna na dtáillí is iníoctha. Mheas an Comhchoiste freisin go raibh an fhoráil i dtaobh táillí míshásúil i slí amháin eile nach bhfuil chomh tábhachtach sin. Féadfar táillí a bhaint amach “i leith seirbhísí a dhéanfaidh an tAire nó oifigeach don Aire i ndáil le hábhair lena mbainfidh na Rialacháin seo”. Toisc nach amháin le seirbhísí a dhéanfar thar ceann daoine a dteastaíonn uathu síolta a mhargú a bhaineann an tagairt do sheirbhísí a dhéanamh, dealraíonn an fhoráil sin a bheith leathan go leor chun bheith bainteach le seirbhísí feidhmithe a dhéanfaidh oifigigh údaraithe thar ceann an Aire. Tá sé curtha in iúl don Chomhchoiste gurb é atá ar intinn táillí a bhaint amach i leith seirbhísí a bhaineann le deimhniúchán, scrúdú ar an bhfód agus sampláil. Measann sé go raibh sé ceart an intinn sin a lua go soiléir sna Rialacháin. 4. Míniú ar ShíoltaIs é Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Catalóg Náisiúnta de Chineálacha Plandaí Talmhaíochta), 1972, an ionstraim a chinneann cad is “treoir sceidealta” ann chun críche na Rialachán atá faoi bhreithniú anois ach tugann an Comhchoiste dá aire nach bhfuil na mínithe ar “síolta” mar a chéile sa dá ionstraim. Tá “síolta gránaigh”, “síolta plandaí farae”, agus “síolta plandaí ola agus plandaí snáithíneacha” i Rialacháin 1974 san áit a bhfuil “grán síl”, “síolta barr foráiste” agus “síolta plandaí olúla agus snáithíneacha” i Rialacháin 1972. Tá an Roinn Talmhaíochta agus Iascaigh tar éis a dhearbhú gurb iad na síolta céanna atá i dtrácht agus dúirt siad gur malairt leaganacha sna haistriúcháin Bhéarla is cúis leis an téarmaíocht éagsúil. Tá na focail chéanna sa leagan Béarla in ionstraim 1974 agus atá sna leaganacha Béarla de Threoracha CEE agus molann an Comhchoiste gur chóir Rialacháin 1972 a leasú go cuí nuair a gheofar caoi chuige. 5. MaolúCeanglaíonn Rialachán 4(1) (b) go gcaithfidh síolta bunaidh a bheith de réir na gcoinníollacha, inter alia, “a bheidh forordaithe ag an Aire do na síolta sin de bhun na treorach”. Ós rud é go dtuigtear gurb é gnáth-chiall an bhriathair “forordú” mar a úsáidtear é go ginearálta in Achtanna an Oireachtais, “foráil ina leith a bheith in ionstraim reachtúil”, chuir an Comhchoiste ceist i dtaobh brí na forála. Fuair sé amach go bhfuil sé ann lena chumasú don Aire maoluithe ar an Treoir iomchuí a údarú, rud a bhfuil teideal aige é a dhéanamh. Déanfar údarú mar sin ar mhodh riaracháin, ar iarratas ón trádáil is dóigh, agus ní bheidh sé ina ábhar d’ionstraim reachtúil eile. 6. Éifeacht ar Reachtaíocht Roimhe sinTá reachtaíocht réamh-CEE le fáil i sé Acht ón Oireachtas agus i roinnt ionstraimí reachtúla a rinneadh faoi údarás na nAchtanna sin. Tá an reachtaíocht a chuireann Treoracha CEE go dtí seo chun feidhme le fáil i seacht n-ionstraím reachtúla a rinneadh faoi Acht na gComhphobal Eorpach, 1972. Ní féidir a rá cá mhéid atá éifeacht ag na hionstraimí deiridh sin agus ag na Treoracha ar an reachtaíocht roimhe sin ach tuigtear don Chomhchoiste go bhfuil an scéal á scrúdú ag an Roinn Talmhaíochta agus Iascaigh. Tá súil ag an gComhchoiste gur féidir go luath ionstraim chomhdhlúthúcháin a achtú ina gcorprófar an dlí go léir a bhaineann le síolta agus a aisghairfidh an dlí réamh-CEE nach bhfuil feidhm leis a thuilleadh. RIALACHÁIN NA gCOMHPHOBAL EORPACH (ÁBHAIR BHEATHA) (BREISEÁIN), 1974 (I.R. UIMH. 302 de 1974).7. Réim na hIonstraimeIs chuige an ionstraim seo chun forálacha na dTreoracha ó CEE maidir le húsáid breiseán i mbianna ainmhithe a chorprú i ndlí na hÉireann. Sa phríomh-Threoir 70/524/CEE mínítear breiseáin mar shubstaintí ar dóigh dóibh, ar iad a chorprú in ábhair bheatha, éifeacht a bheith acu ar a n-airíona nó ar tháirgeadh beostoic. Úsáidtear breiseáin in ábhair bheatha toisc feidhm chothaitheach a bheith leo agus déantar a n-úsáid a rialú ar mhaithe le táirgiúlacht ainmhithe agus éanlaith clóis agus ar mhaithe le sláinte na dtomhaltóirí. Is é críoch atá leis na Treoracha ó CEE dlíthe náisiúnta a dhéanann rialú amhlaidh a chomhchuibhiú ionas go bhféadfar an Comhbheartas Talmhaíochta a chur ar aghaidh. 8. Treoir 70/524/CEEDéanann an Treoir dhá earnáil de na breiseáin, eadhon, (a) iad sin a cheadaítear le haghaidh ábhair bheatha sna Ballstáit go léir (larscríbhinn I) agus (b) iad sin a bhféadfaidh Ballstáit a údárú go gceadófaí iad lena n-úsáid in ábhair bheatha d’ainmhithe ina gcríocha féin go dtí deireadh Nollag 1975 (Iarscríbhinn II). Ina theannta sin ceadaíonn sí do Bhallstáit a údarú, de mhaolú, go n-úsáidfí substaintí eile ar feadh tréimhsí sonraithe nó tréimhsí neamhtheoranta. Tá roinnt leasuithe déanta ar na hIarscríbhinní le Treoracha ón gCoimisiún le go gcuirfí san áireamh forbairt ar eolas eolaíochta agus teicniúil, e.g. corpraíodh sna hIarscríbhinní substaintí nua agus úsáidí nua as substaintí a bhí ceadaithe roimhe sin. Fairis sin, ta sé fágtha faoi rogha na mBallstát féin substaintí áirithe a údarú a bhí ceadaithe roimhe sin ar leibhéal Comhphobail (Iarscríbhinn I), trí na substaintí sin a aistriú go dtí Iarscríbhinn II. 9. Dlí réamh-CEEAr an 22 Nollaig 1972 rinne an tAire Talmhaíochta agus Iascaigh na Rialacháin um Ábhir Bheatha Chumaiscthe d’Ainmhithe agus d’Éanlaith, Clóis (Frithbheathaigh a Rialú), 1972, faoi Alt 6 den Acht um Leasacháin Ábhair Bheatha agus Meascáin Mhianrúla, 1955. Leis an ionstraim sin toirmisceadh aon ábhair bheatha chumaiscthe de shubstaintí áirithe a mhonarú le haghaidh díola ar substaintí iad a bhfuil sé ceadaithe le Treoracha CEE iad a úsáid go teoranta mar bhreiseáin. Forálann an Conraidh Aontachais go bhféadfaidh Rialacháin 1972 leanúint i bhfeidhm go dtí deireadh 1977 agus tugann na Rialacháin atá faoi bhreithniú anois an cead sin go sonrach. Ar leithligh ó Rialacháin 1972 atá luaite thuas ní raibh aon ionstraim Éireannach réamh-CEE eile faoin ábhar sin ann ach amháin na Rialacháin um Ábhair Bheatha agus Meascáin Mhianrúla d’Ainmhithe agus d’Éanlaith Clóis (Airsnic a Rialú), 1972 [I.R. Uimh. 124 de 1972], a rinneadh faoi Acht 1955 freisin. Toirmisctear leis an ionstraim sin airsnic agus cumaisc airsneacha a úsáid i monarú ábhar beatha, cumaiscthe agus meascán mianrúil lena ndíol. Tá sé i bhfeidhm i gcónaí. Níl aon bhaint le hairsnic ag na Treoracha ó CEE atá faoi bhreithniú anois; tá feidhm ag Treoir ar leithligh. Cé go ndéanann Treoir 70/524/CEE Ballstáit a thoirmeasc ó shrianta a chur le húsáid breiseán nach bhfuil foráil ina leith sa Treoir, tuigtear nach bhfuil an Coimisiún ag cur in aghaidh na Rialachán Airsnice seo againne. Tuigtear go bhfuil an Comisiún faoi láthair ag déanamh scrúdú ar úsáid airsneacha neamhorgánacha in ábhair bheatha. 10. Daoine lena mbaineannDéanann Rialachán 3 den ionstraim atá faoi bhreithniú anois achoimriú ar phríomh-cheanglais Threoir 70/524/CEE agus cuireann sé d’oibleagáid ar “gach duine lena mbaineann” iad a chomhlíonadh. Má sháraíonn duine aon cheanglas áirithe féadfar fíneáil £200 nó sé mhí príosúnachta nó iad araon a chur air. Ní dhearna na rialacháin Éireannacha réamh-CEE rialú ar úsáid breiseán ach amháin i monarú ábhar beatha le haghaidh díola. Díreach ar nós na dTreoracha, tá feidhm ag Rialacháin 1974 i gcás “gach duine lena mbaineann”. Mar is léir, tá feirmeoirí ar áireamh orthu sin agus measann an Comhchoiste go bhfuil sé de fhreagracht ar an Roinn Talmhaíochta agus Iascaigh féachaint chuige go gcuirfear an méid sin in iúl go leorchruinn don phobal. 11. Treoir 75/296/CEETháinig an Treoir sin ag leasú Treoir 70/524/CEE i bhfeidhm le déanaí. Tá na forálacha seo a leanas ann:— (a)Déantar foráil chun an earnáil in Iarscríbhinn II a choinneáil i bhfeidhm go ceann tréimhse éiginnte. Bhí sé ar intinn an earnáil sin a chéimniú amach faoi dheireadh 1975 ach is follas ó chleachtadh go bhfuil sé fóinteach mar áis chéimniú-isteach agus chéimiú-amach. Áiríodh i gcéaduair in larscríbhinn II ábhair nua nó úsáid nua a beartaíodh ó eisíodh an Treoir bhunaidh, agus b’fhéidir roinnt breiseán a fhágáil as Iarscríbhinn I ar an toisc sin amháin go bhféadfaí tréimhse chéimniú-amach a thabhairt dóibh in Iarscríbhinn II: shásaigh sé sin roinnt éigin den agóideacht ó lucht trádála. (b)Mínítear ainmhithe mar “Ainmhithe de chineál a bhíonn de ghnáth á gcothú agus á gcoinneáil nó á gcaitheamh mar bhia ag an duine”. Bhí cuid de na Ballstáit a ghlac leis gur bhain an Treoir bhunaidh le hábhair bheatha gach uile ainmhí. Ach chuir ceann de na Ballstáit nua ina aghaidh sin go foirmiúil; teastaíonn uaidh nach gcuirfí an Treoir i bhfeidhm ach amháin i gcás beostoic a chothaítear ar mhaithe le gnóchan. D’iarr sé go bhfágfaí as an áireamh peataí ar nós madraí, cait, canáraithe agus iasc ornáideach. Áirítear “peataí” sa mhíniú lena bhfuil glactha anois ach tá se ráite sa réamhrá “go gcaithfear scrúdú a dhéanamh ar ball féachaint ar chóir glacadh le Treoir speisialta le haghaidh ábhair bheatha do na hainmhithe sin”. (c)Táthar tar éis fadú ó 5 go dtí 8 mbliana ó dháta eisithe na Treorach bunaidh a chur leis an tréimhse a bhféadfaidh Ballstáit mar mhaolú, a údarú go bhféadfar breiseáin a úsáid seachas iad sin atá ar liosta sna hIarscríbhinní. D’fhonn freastal do Bhallstáit nua é sin. (d)Táthar tar éis glacadh le critéir leasaithe le haghaidh airíona breiseán. Is d’fhonn dul ar aghaidh in eolas eolaíochta agus teicniúil a chur san áireamh a rinneadh sin. (e)Tá leasuithe teicniúla eile déanta sa Treoir bhunaidh. Leis an Treoir seo a chur i bhfeidhm ní foláir Rialacháin Éireannacha 1974 a leasú. Ní foláir cuid d’fhorálacha na Treorach teacht i bhfeidhm faoin 1 Iúil 1975 agus an chuid eile faoin 1 Iúil 1976. C. RIALACHÁIN NA gCOMHPHOBAL EORPACH (TREALAMH LEICTREACH ÍSEALVOLTAIS), 1975. (I.R. Uimh. 62 de 1975).12. Réim na RialachánDéanann Treoir 73/23/CEE iarracht ar chomhchuibhiú a dhéanamh ar dhlíthe Ballstát i dtaobh na gcaighdeán sábháilteachta is infheidhme maidir le trealamh leictreach áirithe d’fhonn trádáil sa Chomhphobal sa trealamh sin a urasú. Tugann na Rialacháin seo feidhm don Treoir sa tír seo amhail ón 1 Lúnasa 1975. Níl feidhm ag na Rialacháin maidir leis an trealamh atá sa liosta sa Sceideal a ghabhann leis na Rialacháin ach baineann siad le réimse fhairsing fearas a bhíonn á n-úsáid ag úsáidirí tís, tráchtála agus tionscail. 13. Dréachtú agus Struchtúr na hIonstraimeI gcás ionstraimí réachtúla a chuireann reachtaíocht thánaisteach CEE chun feidhme is léir gur mhaith an rud é na hionstraimí a bheith intuigthe iontu féin gan tagairt d’ionstraimí CEE. Tá an Comhchoiste tar éis scrúdú a dhéanamh ar ionstraimí a dhéanann reachtaíocht go mór mór faoi theoir na bun-reachtaíochta Comhphobail. Ar an ábhar gur ghabh sé air féin sa dara tuarascáil uaidh (Pr. 3841) moladh ginearálta a dhéanamh faoin bpointe sin bhí aird ar leith á thabhairt aige ar chásanna den sórt sin. Tá cúiseanna éagsúla tugtha i dtaobh cén chúis nach féidir le hionstraimí baile gan bheith ag tagairt d’ionstraimí CEE agus níl a dhóthain cleachtadh ag an gComhchóiste go fóill chun teacht ar chinntí ginearálta. Cé go mbeidh an tuarascáil ag fáil locht ar an ionstraim i slí eile feictear don Chomhchoiste, maidir le Treoir CEE a aistriú go huile agus go hiomlán, go bhfuil na Rialacháin sin dréachtaithe ar fheabhas. Dar leis gur mhaith an rud é iad a bheith mar threoirlíne do dhreachtóirí i gcoitinne agus iad ag déileáil le Treoracha in ionstraimí reachtúla. Tá pointe eile ann i ndáil leis an ionstraim seo a bhfuil baint aige le hábhar. In ionstraimí reachtúla faoi Acht na gComhphobal Eorpach, 1972, ba mhaith an rud é dá n-úsáidfeadh dréachtóirí téarmaí a bhíonn á ngnáthúsáid sa dlí reachtúil seo againne, a mhéid is féidir é, fiú má chaitear dá dhroim sin imeacht ó theanga na reachtaíochta Comhphobail. Dúradh leis an gComhchoiste go mbeadh sé baolach sin a dhéanamh, mar mura gcuirfí in iúl go beacht an rud a bhí á airbheartú san ionstraim Chomhphobail go mbeadh an ionstraim baile ultra vires Alt 3 (1) d’Acht na gComhphobal Eorpach, 1972. Ó shampla na hionstraime atá faoi bhreithniú anois dhealródh sé don Chomhchoiste go bhféadfaí róthábhacht a chur leis an mbaol sin. Cuireann Treoir 73/23/CEE d’oibleagáid ar Bhallstáit a áirithiú nach ndéanfar trealamh leictreach a chur ar an margadh mura mbeidh sé de réir téarmaí na Treorach. Is abairt choitianta i dTreoracha den sórt sin an abairt “cur ar an margadh” agus tá sé tugtha dá aire ag an gComhchoiste nach ndéantar ach abairt an Chomhphobail a athrá i roinnt ionstraimí reachtúla a chuireann Treoracha an Chomhphobail i ngníomh. Sa chás seo, áfach, ghlac an dréachtóir de rogha an téarmaíocht a úsáid a bhíonn á húsáid de ghnáth i reachtaíocht baile, is é sin, earra a allmhairiú, a dhiol nó a ligean ar léas nó é a thairiscint lena dhíol nó lena ligean ar léas. Á dhéanamh sin dó d’fhéadfadh go ndeachaigh sé ar réim níos fairsinge ná an Treoir mar tá ciall tráchtála lena téarmaíocht agus dhealródh sé go mbainfeadh an briathar “allmhairiú” le hallmhairiú le haghaidh úsáide chomh maith agus a bhainfeadh sé le hallmhairiú le haghaidh díola. Measann an Comhchoiste, áfach, go bhfuil bonn cirt leis an leathnú réime, más leathnú é, ós rud é go n-áirítear ar chumhacht am Aire faoi Alt 3 (2) d’Acht na gComhphobal Eorpach, 1972 “cibé forálacha … forlíontacha … is dóigh leis an Aire … a bheith riachtanach chun críocha na rialachán.” 14. PionóisDhealródh sé gurb é bunchuspóir na Rialachán toirmeasc a chur le trealamh leictreach áirithe nach bhfuil de réir caighdeáin shonraithe a allmhairiú, a dhíol, a ligean ar léas nó a thairiscint chun a dhíolta nó a ligthe ar léas. Ach níl aon fhoráil san ionstraim le haghaidh pionós a chur ar dhuine nach gcomhlíonann a téarmaí. Féadfann an Comhchoiste glacadh leis gurb é is dóichí nach sárófar na forálacha ach go fánach ach d’éagmais pionóis is deacair leis a thuiscint cén fheidhm atá leis na Rialacháin mar ionstraim dhlíthiúil ach amháin go mb’fhéidir baint éigin a bheith acu le himeachtaí sibhialta. Tá an Comhchoiste á mholadh go ndéanfaí athscrúdú ar an ionstraim ón taobh sin. 15. DíospóidíForálann Airteagal 8(2) den Treoir go bhféadfaidh an monaróir nó an t-allmhaireoir, i gcás dúshláin, tuarascáil a bheidh tarraingthe suas ag comhlacht scrúdúcháin údaraithe a chur isteach. Forálann Airteagal 7(2) de na Rialacháin go bhféadfaidh allmhaireoir nó monaróir tuarascáil den sórt sin a chur isteach má bhíonn díospóid ann i dtaobh an trealamh leictreach a bheith, nó gan a bheith, de réir Rialachán 4 de na Rialacháin sin. Forálann sé freisin go bhféadfaidh an tAire aon tuarascáil den sórt sin a chur san áireamh má iarrtar air eadráin a dhéanamh faoi aon díospóid den sórt sin. Tuigtear don Chomhchoiste ó fhiosruithe a rinne sé gur foráil í sin atá ceaptha á urasú do pháirtithe díospóidí a shocrú eatarthu féin. Mura féidir leo teacht ar chomhaontú beidh siad ábalta an t-ábhar a chur faoi bhráid comhlacht réitigh, a bhunófar de réir riaracháin chun críche na Treorach. Má leanann an t-easaontú féadfar a iarraidh ar an Aire eadráin a dhéanamh idir na páirtithe. Más foráil í atá ceaptha baint le himeachtaí eadrána amháin b’fhearr leis an gComhchoiste é sin a bheith curtha in iúl go soiléir agus na bearta áirithe a bheadh le glacadh ag na díospóidithe a thaispeáint. D. RIALACHÁIN NA gCOMHPHOBAL EORPACH (TREALAMH COIMHDEACH DO MHÉADAIR LEACHTA), 1975 [I.R. Uimh. 32 de 1975].16. Ionstraim í seo ag tabhairt feidhme do Threoir 71/348/CEE ar chomhfhogasú dlíthe na mBallstát maidir le trealamh coimhdeach do mhéadair le haghaidh leachtanna seachas uisce. Is é atá inti leagan focal an fhocal geall leis den Treoir féin agus níl aon ní le rá ag an gComhchoiste ina taobh. (Síniú) CATHAL Ó hEOCHAIDH, Cathaoirleach an Chomhchoiste. 2 Iúil 1975. |
||||||||||||