Committee Reports::Interim and Final Report - Appropriation Accounts 1972 - 1973::10 April, 1975::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

Proceedings of the Committee

Déardaoin, 10 Aibreán, 1975.

Thursday, 10th April, 1975.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta de Valera (i gCeannas), na Teachtaí S. Mac Fheorais, A. Mac Giobúin, Ó Gríofa, Mac Searraigh agus C. Ó Murchú.


3. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1972-73.


Athchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1972-73. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:— Oifig an tSoláthair, Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim, Tionscail agus Tráchtáil.


4. Finnéithe a Ceistíodh.


Ceistíodh S. Mac Armóin (Ceannasaí, Oifig an tSoláthair), S. Ó Duibhgeannáin (Cathaoirleach na gCoimisinéirí Ioncaim), P. Ó Slatarra (Rúnaí, An Roinn Tionscail agus Tráchtála) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


5. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 1.35 p.m. go dtí 11 a.m. Déardaoin seo chugainn.