|
IMEACHTAÍ AN CHOISTEProceedings of the CommitteeDéardaoin, 4Nollaig, 1975.Thursday, 4th December, 1975.1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m. 2. Comhaltaí i Láthair. Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:— An Teachta de Valera (i gCeannas), na Teachtaí A. Mac Giobúin, Ó Gríofa, Mac Searraigh, Ó Mórdha agus C. Ó Murchú. 3. Breithniú na gCuntas Leithreasa 1973-74. Athchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1973-74. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:— An Dánlann Náisiúnta, An Phríomh-Oifig Staidrimh, Coimisiún na Státseirbhíse, Aoisliúntais agus Liúntais Scoir, Oifig Aire na Seirbhíse Poiblí, Oibreacha agus Foirgnimh Phoiblí. 4. Finnéithe a Ceistíodh. Ceistíodh an Dochtúir S. de Faoite (Stiúrthóir, An Dánlann Náisiúnta), T. Ó Luineacháin (Stiúrthóir, An Phríomh-Oifig Staidrimh), S. Ó Conaill (Rúnaí, Roinn na Seirbhíse Poiblí), C. Ó Fearghail (Cathaoirleach, Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste. 5. Athlá. Chuaigh an Coiste ar athló ar 12.40 p.m. go dtí 11 a.m. Déardaoin seo chugainn. |
||||||||||||