Committee Reports::Interim Report - Appropriation Accounts 1972 - 1973::13 February, 1975::Orders of Reference

ORDUITHE TAGARTHA

29 Eanáir, 1975:—Ordaíodh: Go ndéanfar, de bhun Buan-Ordú Uimh. 126 de na Buan-Orduithe i dtaobh Gnó Phoiblí, an Coiste um Chuntais Phoiblí a cheapadh; agus


Go ndéanfar na Cuntais Leithreasa, maille le Tuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste don bhliain dar chríoch 31 Márta, 1973, a chur faoi bhráid an Choiste chun iad a scrúdú agus tuarascáil a thabhairt orthu.


11 Feabhra, 1975:—Ainmníodh Coiste dar comhaltaí na Teachtaí Seosamh Mac Fheorais, Ciarán Ó Crotaigh, Vivion de Valera, Aodh Mac Giobúin, Deasún Mac Goibheannaigh, Breandán Ó Gríofa, Réamann Mac Searraigh, Seán Ó Mórdha, Ciarán Ó Murchú, Séamus Mac Páidín, Breandán Ó Tuathail agus Séamus Ó Tonnaigh.